Nuashonrú Comhairle Taistil Tábhachtach
Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le COVID-19
Don nuashonrú is déanaí léigh an Chomhairle Taistil Ghinearálta COVID-19>
Don nuashonrú is déanaí léigh an Chomhairle Taistil Ghinearálta COVID-19>
Cabhraíonn an chomhairle taistil seo leat cinntí a dhéanamh agus an t-eolas agat nuair a bhíonn turas thar lear á phleanáil. Tugann sé measúnacht oibiachtúil duit maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith romhat.
Naisc thapa leis na cinn scríbe is coitianta:
Úsáidimid an t-eolas is fearr atá ar fáil dúinn, lena n-áirítear tuarascálacha ó na foinsí seo a leanas:
Déanaimid ár ndícheall chun a chinntiú go bhfuil ár gcomhairle taistil cruinn agus cothrom le dáta, ach níor cheart duit glacadh leis mar fhoinse chríochnúil chuimsitheach.
Fiú mura bhfuil comhairle faoi leith ann faoi thír nó réigiún faoi leith, ní hionann é sin is a rá go bhfuil sé sábháilte dul ann. Is féidir le cúrsaí athrú go han-ghasta ó lá go lá agus in áiteanna éagsúla ar fud tíortha éagsúla.
Is tusa amháin atá freagrach maidir le cinntí a dhéanamh i leith do chuid taistil.
Ní féidir linne aon fhreagracht a ghlacadh as aon ghortú ná caillteanas a d’fhéadfadh tarlú duit agus tú ag brath ar ár gcomhairle taistil.
Molaimid do gach saoránach Éireannach a bhíonn ag taisteal thar leat bheith feasach maidir leis an saol thart timpeall orthu agus na réamhchúraimí riachtanacha a ghlacadh chun a sábháilteacht phearsanta agus giuirléidí a chosaint.