DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Gána, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Gána

Má tá tú ag taisteal go Gána, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Ghána nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Ghána sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

The Embassy has been informed of a number of attempts to defraud Irish citizens through email scams. Please contact us if you are offered a deal which seems to be too good to be true or if an internet friendship results in requests for money.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Mar gheall nach bhfuil aon Ambasáid Éireannach i nGána, táimid teoranta sa mhéid cúnaimh is féidir linn a thairiscint i gcás éigeandála. Ach, má theastaíonn cúnamh uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Éireannach in Abuja san Nigéir.

Ambasáidí AE eile

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le hAmbasáidí nó le Consalachtaí thíortha AE eile chun cúnamh, comhairle agus tacaíocht consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ag cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Faigh tuilleadh eolais faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Moltar duit gan freastal ar thionóil polaitíochta mar go dtarlaíonn mí-ord sibhialta acu go minic.

Bí ar an eolas go seasta síoraí maidir le cad atá ag tarlú i do thimpeall sna meáin áitiúla agus fan i dteagmháil le d’óstáin agus leis an duine atá ag eagrú do thuras

Sceimhlitheoireacht

Cé gur beag bagairt atá i nGána ó chúrsaí sceimhlitheoireachta, tá an baol domhanda ann ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamhidirdhealaitheach, agus d'fhéadfadh siad sin a bheith in aghaidh spriocanna sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina mbíonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Is beag cuairteanna ar Ghána a mbíonn trioblóidí ar bith ag baint leo. Ach, tarlaíonn coireanna, go háirithe in Accra agus thart ar Accra agus sna príomhlimistéir uirbeacha eile agus go háirithe tar éis thitim na hoíche. Mar sin ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis titim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

During 2014, a small number of Irish citizens were victims of fraud. If a friend you have met online starts to ask you to transfer money to them or you receive an email with an offer to purchase gold which seems too good to be true please contact the Embassy of Ireland in Abuja, Nigeria and under no circumstances should you transfer money.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má tharlaíonn aon choir duit agus tú i nGána, téigh agus cuir é sin in iúl do na póilíní áitiúla láithreach. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an Ambasáid Éireannach in Abuja má theastaíonn cúnamh uait.

Ag tiomáint

Tá an líonra bóithre idirchathrach i nGána i riocht maith de réir caighdeáin réigiúnacha, ach ní bheadh siad ar chomhchéim leis na caighdeáin atá in Éirinn.  Ach, ba chóir duit a bheith fíor-chúramach, go háirithe i gceantair faoi tuath, mar go bhfuil drochbhail ar fhormhór na mbóithre.  Bíonn sé in ann a bheith fíor-chontúirteach ag taisteal ar na bóithre mar gheall ar dhrochshoilse nó gan aon soilse tráchta.  Más mian leat a bheith ag tiomáint, ní mór duit na nithe seo a leanas a chinntiú

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Ghána, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Moltar duit gan taisteal ar an mbóthar lasmuigh de na príomhbhailte tar éis titim na hoíche, mar gurb é sin an tráth is mó a dtarlaíonn timpistí agus robálacha.

Iompar poiblí

Tá na caighdeáin sábháilteachta ar bhusanna agus ar thacsaithe íseal go maith.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Ag snámh

Bíonn patrúin na dtonn agus na dtaoidí dainséarach go minic agus tá sé contúirteach a bheith ag snámh amach ó na tránna.  Níor chóir duit dul ag snámh ach amháin má fhaigheann tú comhairle ó na daoine áitiúla go bhfuil sé sábháilte sin a dhéanamh.

Spórt uisce

Má bhíonn tú ag glacadh páirte i spórt guaisbheartaíochta (raftú bánuisce, cadhcáil, léimeanna buinsí, etc), cinntigh go bhfuil na gníomhaíochtaí sin clúdaithe ag do pholasaí árachais.  Ba chóir duit a bheith ar an eolas go minic nach mbíonn oibritheoirí na spórt gníomhaíochta sin faoi rialáil, agus mar sin bí cúramach agus tú ag roghnú tionscnóirí turais creidiúnacha.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr áitiúil

Is tír choimeádach agus reiligiúnach í Gána agus ba chóir duit a bheith ciallmhar agus meas a bheith agat ar chustaim áitiúla. Fág éadaí an trá don trá, agus d’fhéadfá a bheith maslach mura gcaitear dóthain éadaí go poiblí nó aird nach bhfuil uait a tharraingt ort féin.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Hómaighnéasachas

Tá hómaighnéasachas in aghaidh an dlí i nGána agus d’fhéadfaí pionós suas le seacht mbliana príosúin a ghearradh ar chiontóirí. Moltar a bheith cúramach agus a bheith discréideach an t-am ar fad.

Grianghrafadóireacht

Tá cosc ar ghrianghraif a thógáil in aice le foirgnimh rialtais, ionaid mhíleata agus aerfoirt agus ní cheadaítear ach oiread grianghraf a ghlacadh de phearsanra míleata agus forfheidhmithe dlí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Tá aeráid thrópaiceach i nGána; is féidir leis an teocht a bheith an-ard agus bíonn titim throm báistí ann. Mar gheall ar an teas, tá sé tábhachtach go mbíonn go leor uisce glan le hól agat i gcónaí. Bíonn an meán-teocht idir 21°C – 32°C. Ó mhí Aibreáin – an Mheithimh agus ó Mheán Fómhair - Samhain a thiteann an bháisteach i nGána, ach amháin i dtuaisceart na tíre. Bíonn báisteach éadrom ó thuaidh ó mhí an Mhárta agus Aibreán agus ó Lúnasa - Meán Fómhair.

Tuile

Tuilte na príomhthubaistí nádúrtha i nGána, agus maraítear go leor daoine dá mbarr. I rith séasúr na báistí, bíonn tuilte mar thoradh ar bháisteach throm agus is minic nach féidir na bóithre a úsáid. Ba chóir duit a bheith fíor-chúramach agus tú ag taisteal i rith séasúr na báistí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó náisiúnaigh na hÉireann chun taisteal go Gána. Ní féidir leat víosa a fháil ag an teorainn, agus mar sin ní mór duit é sin a eagrú sula dtéann tú ag taisteal. Bí i dteagmháil leis an Ambasáid nó an consalacht is gaire duit de chuid Ghána chun tuilleadh eolais a fháil maidir le riachtanais iontrála, lena n-áirítear an t-achar ba chóir don phas a bheith bailí.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. I rith do thréimhse fanachta, ba chóir duit fótachóip de na phas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad sula dtéann tú ag taisteal an bhfuil gá le haon vacsaínithe do Ghána. Tá an caighdeán cúraim leighis atá ar fáil i nGána go maith ó thaobh caighdeáin réigiúnacha ach níl sé chomh hard leis an gcaighdeán atá ar fáil in Éirinn. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh aslonnú liachta chun na hEorpa  de dhíth i gcás timpiste nó tinneas tromchúiseacha.

Maláire

Is galar é Maláire atá eindéimeach do Ghána, tá sé in ann a bheith marfach mura bhfaightear an chóir leighis chuí. Sula dtéann tú ag taisteal, faigh comhairle leighis cothrom le dáta faoi an gá duit cógas leighis frith-mhaláire a thógáil. Agus déan réamhchúram nuair a shroichfidh tú Gána le muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Fiabhras Buí

Tá gá le vacsaíniú don fhiabhras buí agus Leabhar Vacsaínithe bailí arna cheadú ag WHO sula dtéann tú isteach go Gána - mura bhfuil tú in ann fianaise a sholáthar go bhfuil vacsaíniú agat don fhiabhras buí, d’fhéadfaí tú a dhíbirt as an tír.

VEID agus SEIF

Tá VEID agus SEIF an-fhorleathan i nGána. Sa chás go mbeifeá i mbun gníomhaíochtaí as a bhféadfá ionfhabhtú SEIF a fháil, cinntigh go nglacann tú na réamhchúramaí cuí. Sa chás go gceapann tú go bhfuil seans ann go bhféadfadh an galar a bheith tolgtha agat, faigh comhairle leighis láithreach.

Calar

Tá ráig leanúnach den Chalar i nGána.  Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin ngalar sin ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Uisce

Bíonn fadhbanna móra acu i nGána maidir le galair uisce-iompartha agus ba chóir duit a chinntiú go bhfuil soláthar dóthanach d'uisce glan i mbuidéil agat i gcónaí.

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on + 353 (0) 1 408 2000.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 4620611
Fax: + 234 9 4131805

Monday to Thursday 9am to 4pm; Friday 9am to 12pm

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Len Comerford
Block B - Polo Views
13 Airport Bypass Road, GL-143-8064
PO Box CT2475, Cantonments
Accra,
Ghana

Tel: + 233 302 518112 - 6

Email: Email us