DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Tuircméanastáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Tuircméanastáin

Má tá tú ag taisteal chun na Tuircméanastáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach 

Foláireamh Taistil is Déanaí

Moltar duit ceantar teorann na Tuircméanastáine/na hAfganastáine a sheachaint.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Tuircméanastáin nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Tuircméanastáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turas nó le bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Is é 03 coibhéis áitiúil na líne cabhrach 999.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Tuircméanastáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair uait áfach féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Moscó i gCónaidhm na Rúise

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí thíortha eile AE chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Sainíodh codanna áirithe den Tuircméanastáin mar chodanna ‘srianta’ agus teastaíonn ceadanna speisialta ón Aireacht Ghnóthaí Eachtracha le taisteal ann. Seiceáil cúrsaí le do threoraí áitiúil roimh thaisteal lasmuigh den phríomhchathair.

Moltar duit ceantar teorann na Tuircméanastáine/na hAfganastáine a sheachaint.

Seachain aon léirsithe agus cruinnithe poiblí. Bí an-aireach faoi do shlándáil phearsanta i gcónaí. Coinnigh ar an eolas faoina bhfuil ar siúl thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí fhanacht i dteagmháil le d’óstán nó leis an tionscnóir turais.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Tuircméanastáin íseal, tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i gcónaí ann a bhféadfadh a bheith dírithe ar spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna a mheallann turasóirí agus easaoránaigh. Ba chóir duit a bheith airdeallach go háirithe in áiteanna poiblí agus tabhair aird ar aon fhógraí slándála ó údaráis na Tuircméanastáine.

Coiriúlacht

Tá an choiriúlacht sa Tuircméanastáin íseal go maith ach ba chóir duit réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh i gcónaí:  

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Coinnigh nithe luachmhara as radharc agus ná tabhair leid go bhfuil airgead agat, go háirithe i gceantair thuaithe
  • Fan amach as ceantair iargúlta nó nach bhfuil solas a ndóthain iontu
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mná ag Taisteal

Ba chóir do mhná réamhchúraim shábháilteachta pearsanta bhunúsacha a dhéanamh mar shampla gan dul amach leo féin go deireanach istoíche. 

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Tuircméanastáin, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Moscó má bhíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Tuircméanastáin, ba chóir duit a bheith aireach. Tá cuid mhór bóithre go dona agus gan solas maith orthu. Ní mholtar tiomáint istoíche. Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort 
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Tuircméanastáine, teorainneacha luais mar shamplas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

Ná taistil i dtacsaithe neamhoifigiúla, go háirithe istoíche agus tú leat féin, nó má bhíonn paisinéir eile sa charr cheana. Moltar duit carr príobháideach agus tiománaí nó tacsaí ceadúnaithe go hoifigiúil a fhruiliú trí d’óstán nó do ghníomhaireacht taistil.

Sábháilteacht aeir

Ní féidir linn a bheith cinnte go dtugtar aird cheart ar nósanna imeachta cothabhála ar aerárthaí a úsáidtear d’eitiltí inmheánacha, mar sin más féidir ná taistil ar aerlínte atá liostaithe faoi chosc oibriúcháin an AE.  Nuair is féidir, úsáid eitilt dhíreach a thionscnaíonn ó lasmuigh d’Oirthear na hEorpa agus Lár na hÁise.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá seilbh agus úsáid drugaí neamhdhleathach.

Iompar gnéasach

Tá an hómaighnéasachas neamhdhleathach faoi dhlí na Tuircméanastáine agus ní aontaítear leis mórán go sóisialta.  Tá saincheist an chaidrimh idir fir eachtrannacha agus mná áitiúla íogair freisin. Moltar duit a bheith aireach agus discréideach i gcónaí agus seachain léirithe poiblí geana.

Grianghrafadóireacht

Tá cosc ar ghrianghraf a thógáil de chuid mhór de na foirgnimh oifigiúla (lena n-áirítear an Pálás Uachtaránachta) agus is fearr seiceáil le póilín áitiúil ar dtús.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Crith talún

Tá an Tuircméanastáin lonnaithe i gcrios seismeach gníomhach agus tarlaíonn creatháin talún inti. Tharla crith talún a thomhais idir 4.2 and 4.6 ar scála Richter in aice le cathair Balkanabad in iarthar na Tuircméanastáine in 2011. Níor tuairiscíodh gur cailleadh nó gur gortaíodh aon duine. Má tá tú ag taisteal nó id chónaí sa Tuircméanastáin, cinntigh go bhfuil fhios agat céard atá le déanamh i gcás creatha talún.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance. If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy Duty Officer at +7 985 928 7615

Embassy of Ireland to the Russian Federation
Grokholski Perulok 5
Moscow 129010
Russia

Tel: +7 495 937 5911
Fax: +7 495 680 0623

Monday to Friday 09:30-13:00 and 14:30-17:30

Contact us