DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSlóvaic, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSlóvaic

Má tá tú ag taisteal chun na Slóvaice, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSlóvaic nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin tSlóvaic sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na Slóvaice. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid na Slóvaice.

Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má theastaíonn cúnamh agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann sa Bhratasláiv.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Cé gur beag an bhagairt sceimhlitheoireachta sa tSlováic, tá baol domhanda ann fós go ndéanfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, a d’fhéadfadh a bheith i gcoinne targaidí shibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna ina mbíonn turasóirí agus eisimircigh. 

Coireacht

Tá an choireacht fós sách íseal sa tSlóvaic ach ba chóir duit réamhchúraimí ciallmhara a dhéanamh. Ba chóir a bheith aireach go háirithe in áiteanna plódaithe amhail clubanna oíche, beáir agus caiféanna.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Ní mór duit do phas a iompar leat mar cháipéis aitheantais i gcónaí. Coinnigh slán é i bpóca a bhfuil zip air nó i mála sábháilte, agus coinnigh na sonraí ar leithligh ar eagla go gcaillfidh tú é.  Ba cheart duit cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) a fhágáil le do theaghlach nó le cairde sa bhaile freisin.
  • Bí ar an airdeall go bhféadfadh grúpaí turasóirí a bheith tarraingteach do pheasghadaithe agus mar sin cinntigh go bhfuil do chuid earraí luachmhara á stóráil go sábháilte agat. D’fhéadfá a bheith i do thargaid agus pasanna nó sparáin á stóráil i bpócaí nó in áiteanna eile inar féidir iad a fheiceáil. Ba chóir duit a bheith an-aireach ag aerfoirt, stáisiúin bus agus stáisiúin traenach ach freisin i dtithe tábhairne, clubanna oíche agus bialanna mar is iad seo na suíomhanna is coitianta ina ndíríonn peasghadaithe ar dhaoine
  • Má tá sé i gceist agat dul chuig club oíche, bí ar d’aire go bhféadfadh cathracha atá thar a bheith sábháilte a bheith contúirteach san oíche fiú. Níl gach club oíche eagraithe go maith. Tá sé de theist ag roinnt preabairí grúpaí iomlána a chur amach ar an tsráid ar an gcéad chomhartha d’aon trioblóid agus d’fhéadfadh sé seo tú a chur i mbaol fiú má tá tú ar an láthair gan aon chiontacht sa scéal. Má fheiceann tú trioblóid ar bith, cibé an mbaineann sé leat féin nó le do chairde, tabhair tús áite do do shábháilteacht féin agus imigh láithreach.
  • Bíonn tuairiscí an in amanna faoi chártaí a úsáidtear chun airgead a fháil go calaoiseach. Cinntigh go bhfuil do chárta le feiceáil agat i gcónaí agus d’uimhir PIN i bhfolach le tú féin a chosaint. Má insítear duit nár ceadaíodh d’íocaíocht, iarr admháil agus seiceáil más mar sin atá an scéal, ná lean ort ag ceadú íocaíochtaí agus an cárta agus an cód céanna in úsáid toisc go gceadófá ilíocaíochtaí gan fhios duit féin.
  • Má tá tú ag stopadh i seomra roinnte i mbrú, déan cinnte go bhfuil do chuid earraí luachmhara slán i dtaisceadán. Bhí cásanna ann ina bhfuair turasóirí amach ar dhúiseacht dóibh gur robáladh a bpasanna, a gcuid airgid agus earraí luachmhara eile thar oíche.
  • Déan cinnte go bhfuil dea-cháil ar an gcomhlacht tacsaí a úsáideann tú. Is féidir leat iarraidh ar óstáin nó ar sholáthraithe lóistín eile glaoch ar tacsaí ó chomhlacht creidiúnach nó mar mhalairt air sin, is féidir leat cuardach idirlín a dhéanamh chun uimhreacha do chomhlachtaí tacsaí seanbhunaithe a bhfuil Béarla acu a aimsiú, a oibríonn go háitiúil ar féidir leat glaoch orthu chun tú a thabhairt chuig do cheann scríbe. Sa Bhratasláiv, ní hamháin go mbíonn sé níos sábháilte glaoch ar thacsaí ó chuideachta chreidiúnach ach bíonn sé níos saoire ná tacsaí a fháil ar an tsráid freisin.
  • Agus tú ag taisteal ar bhusanna agus ar thraenacha, seiceáil an gcaithfidh tú do thicéad a bhailíochtú. Más gá bailíochtú a dhéanamh agus mura ndéantar é, beidh fíneálacha suntasacha mar thoradh air agus ní dhéanfar aon eisceacht d’eachtrannaigh;
  • Bí ar d’airdeall go bhfuil cosc ar ól ar an tsráid sa Bhratasláiv ach amháin i limistéir atá leagtha amach go soiléir amhail lochtán i rith an tsamhraidh. Tá cosc ar challán freisin sa Bhratasláiv tar éis 10 i.n. Ní bheidh drogall ar bith ar phóilíní na Slóvaice pionóis a ghearradh ar thacadóirí a bhriseann an dlí.
  • Má shocraíonn tú dul chuig cóisir, ná téigh i d’aonar agus cinntigh go bhfuil a fhios agat cá mbeidh tú agus go bhfuil sé d’acmhainn agat teacht abhaile go neamhspleách agus go sábháilte.

Coireacht a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa tSlóvaic, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Is é 112 uimhir na seirbhísí éigeandála sa tSlóvaic. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBratasláivmá bhíonn cabhair de dhíth ort.

Tiomáint

Tá na bóithre sa tSlóvaic nua-aimseartha agus dea-bhail orthu. Má tá sé ar intinn agat tiomáint, déan cinnte go bhfuil tú eolach go hiomlán ar rialacha an bhóthair chomh maith le trealamh feithicle éigeantach agus riachtanais chothabhála amhail boinn gheimhridh.

Má tá sé i gceist agat tiomáint:

  • Beir leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus cuí agat
  • Tá tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí in aghaidh an dlí agus tá an baol ann go gcoinneofar thú, go ngearrfar fíneáil ort nó go gcuirfear cosc ort tiomáint má ghabhtar tú. Is é nialas an teorainn tiomána faoi thionchar dí
  • Ba cheart cúram ar leith a ghlacadh ar bhóithre tánaisteacha nach mbeadh saor ó shneachta agus oighear sa gheimhreadh

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má tá tú ag ceadú fótachóip a dhéanamh de do phas, coinnigh i d’fheiceáil i gcónaí é.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Cáipéis aitheantais phearsanta

Ba chóir duit do phas nó do chárta pas a iompar ort mar aitheantas i gcónaí agus mar sin molaimid duit fótachóip ar leith de do phas agus aitheantas eile a choinneáil ar eagla go gcaillfidh tú é.

Iompar Poiblí

Agus iompar poiblí á úsáid, go háirithe busanna nó tramanna, ní mór ticéid a bhailíochtú láithreach ar dhul isteach ar an mbus nó ar an tram. Mura ndéantar amhlaidh, d’fhéadfaí fíneálacha ar an láthair de €50 a tharraingt agus éileoidh cigirí go n-íocfar an fhíneáil beag beann ar na cúinsí.

Alcól

Tá cosc ar alcól a ól in áiteanna poiblí neamhcheadaithe amhail cearnóga agus páirceanna i gceantar an tSeanbhaile sa Bhratasláiv. D’fhéadfadh go mbeadh eisceachtaí ann do mhargaí séasúracha (cosúil le Margadh na Nollag) agus láithreacha suí lasmuigh de bhialanna agus beáir.  Ach d’fhéadfaí fíneáil €33 a ghearradh as alcól a ól (mar shampla a cheannaítear in ollmhargadh) i limistéir phoiblí eile.

Iompar frithshóisialta

Tá sé in aghaidh an dlí barraíocht calláin a dhéanamh idir 10 i.n agus 6 r.n. D’fhéadfadh iompar clamprach aird na bpóilíní a tharraingt. Bíonn tarraingt mhór ar an Bhratasláiv mar áit saoire ag cóisirí na bpoc agus gearradh fíneáil nó príosúnacht ar thurasóirí mar gheall ar núis phoiblí a chruthú.

Drugaí mídhleathacha

Ná bíodh baint agat le drugaí ar bhealach ar bith. Tá na pionóis as smuigleáil, sealbhú agus úsáid drugaí an-dian.

Sláinte

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Níl gach polasaí mar an gcéanna, agus d’fhéadfadh go mbeadh an ceann is saoire saor de dheasca droch-chúis. Déan cinnte de go gclúdaíonn do pholasaí gach gníomhaíocht atá beartaithe agat ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 milliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostais eile a bhaineann le fanacht thar ama nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéantar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais caillte agus goidte.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht breise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt guaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gclúdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go n-athnuann tú do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní ionann an CEAS agus árachas taistil cuí arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Caithfear pas Éireannach bailí atá inléite ag meaisín a bheith agat agus tú ag teacht isteach agus ag fágáil na Slóvaice agus caithfidh tú do phas a iompar leat mar aitheantas i gcónaí. Coimeád slán é agus coimeád na sonraí in áit eile ar eagla go gcaillfeá é.  Más turasóir thú nó má tá tú ar cuairt ghairid, molaimid go bhfágfá cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.

Embassy contact

Embassy Contact

In the event of a genuine emergency involving an Irish citizen, call Embassy of Ireland on + 421 (2) 3233 8700 and leave a detailed message including a contact number at which you can be reached. Note that this service is strictly for emergencies. Queries or requests that can wait until normal office hours cannot be taken out of hours.

Embassy of Ireland
Carlton Savoy Building, 3rd Floor
Mostová 2
811 02 Bratislava
Slovak Republic

Tel: (+421) 2 32338700
Fax: (+421) 2 54430690

Monday to Friday 09:00-12:30

Contact us