DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Poblacht Dhaonlathach an Chongo, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Má tá tú ag taisteal chuig Poblacht Dhaonlathach an Chongó, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann in Poblacht Dhaonlathach an Chongó, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má theastaíonn cabhair agus comhairle uait, áfach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Pretoria ins an Afraic Theas.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá an staid polaitiúil in Poblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC) leochaileach. D’fhéadfadh cúrsaí dul i léig go tapa agus d’fhéadfadh eachtraí dainséaracha tarlú. Ar an gcúis seo, moltar taisteal neamhriachtanach chun na tíre a sheachaint, go háirithe taisteal chuig gach ceantar in oirthear, in oirthuaisceart agus sa Bas-Congó, lena n-áirítear baile Goma. 

Bíodh a fhios agat má éiríonn an chorraíl sa tír níos measa, go bhféadfadh eitiltí trádála a bheith ar fionraí agus go bhféadfadh pointí chun an teorainn a thrasnú a bheith dúnta.  Cuirfidh sé seo srianta ar do chumas an tír a fhágáil.

Ceantair ar an teorainn

Má tá tú ag taisteal chuig DRC, seachain a dul isteach nó amach os cionn talún ó Uganda, Rwanda nó Burundi ach amháin thrí Bukavu agus bí thar a bheith cúramach ag pointí trasnaithe. Caithfidh an doiciméadúchán ceart a bheith agat chun dul isteach chun na tíre, lena n-áirítear víosa arna eisiúint ag an Ambasáid DRC is gaire den tír ina gcónaíonn tú. Ní féidir pas gearrthéarmach a cheannach a thuilleadh ag an teorainn chun dul isteach chun na tíre. 

Léirsithe

Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí, a d’fhéadfadh a bheith achrannach uaireanta. Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoi athruithe ar an staid polaitiúil trí monatóireacht a dhéanamh ar mheáin áitiúla agus idirnáisiúnta agus fanacht i dteagmháil le bainistíocht d’óstáin nó le do thionscnóir turas.

Coiriúlacht

Tá ardú ag teacht ar choiriúlacht, go háirithe in Kinshasa, agus ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach, go speisialta ins an oíche agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht sráide

In Kinshasa, tá robálacha atá á ndéanamh ag buíonta leanaí sráide ag éirí níos coitianta agus ag éirí níos ionsaitheach. Ba chóir duit cloí leis na príomhbhóithre nuair atá tú ag tiomáint agus déan cinnte go bpáirceáileann tú i gceantar atá faoi mhaoirseacht.

Coiriúlacht a chur in iúl

Níl aon uimhir do sheirbhísí éigeandála in Poblacht Dhaonlathach an Chongó, atá cosúil leis an tseirbhís 999 in Éirinn. 

Má fhulaingíonn tú coir, cuir in iúl é don stáisiún póilíní nó don gendarmerie is gaire. Ba cheart go mbeadh tú ar an eolas, áfach, nach gcuirtear na dlíthe agus rialacháin i bhfeidhm go comhsheasmhach in DRC agus go bhfuil iontaofacht dlí teoranta i gcásanna gadaíochta agus robála. Má theastaíonn cabhair agus cúnamh uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Pretoria.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Poblacht Dhaonlathach an Chongó, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach. Tá drochbhail ar na bóithre go ginearálta, agus go minic i rith shéasúr na báistí ní féidir tiomáint orthu. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas iomlán de chuid na hÉireann agus do cheadúnas idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Ná húsáid fón póca riamh agus tú ag tiomáint
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Fan ar na príomhbhóithre agus páirceáil i gcónaí in áit atá faoi mhaoirseacht

Bacanna bóthair

Cuireann fórsaí slándála atá ar bheagán disciplín taistealaithe faoi choinneáil agus ceistnítear iad ag go leor bacanna oifigiúla agus neamhoifigiúla bóthair agus ag ionaid chun an teorainn a thrasnú ar fud na tíre. Tá iarratais ar bhreabanna i gcásanna den tsaghas seo coitianta, agus tuairiscítear anois is arís, gur ghortaigh nó gur mharaigh na fórsaí slándála daoine a dhiúltaigh iad a íoc.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Grianghrafadóireacht

Ní cheadaítear grianghraif a ghlacadh d’ionaid mhíleata nó shlándála ná de phearsana, ná gar díobh, ná d’fhoirgnimh phoiblí áirithe agus d’fhéadfaí tú a ghabháil agus a chur faoi choinneáil dá mbéarfaí ort.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Aeráid

Is aeráid trópaiceach atá in Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Go ginearálta bíonn sé te agus bogthais san abhantrach mheánchiorclach. Tá na hardchríocha ó dheas níos fionnuaire agus níos trioma. Tá na hardchríocha thoir fionnuar agus fliuch. 

Tá comhathrú aeráide ó thuaidh agus ó dheas, de bharr go bhfuil an tír lonnaithe ar an meánchiorcal. Ó thuaidh den mheánchiorcal bíonn séasúr na báistí ó Aibreán go Deireadh Fómhair, agus maireann an séasúr tirim ó Nollaig go Feabhra. Ó dheas den mheánchiorcal bíonn séasúr na báistí ó Shamhain go Márta, agus maireann an séasúr tirim ó Aibreán go Deireadh Fómhair.

Crith talún

Tarlaíonn creathanna talún anois is arís in Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Tharla an ceann is deireannaí in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sa bhliain 2009 agus bhí neart thart ar 5.0 leis ar an scála Richter. Má tá tú ag taisteal nó i do chónaí in Poblacht Dhaonlathach an Chongó, bí cinnte go bhfuil a fhios agat céard is ceart a dhéanamh i gcás creatha talún.

Bolcáin

Is bolcán gníomhach é Mount Nyiragongo in oirthuaisceart na tíre (20 cileaméadar as Goma) agus tá na húdaráis áitiúla, na NA (UN) agus ENR (NGO’s) áitiúla ag déanamh monatóireacht leanúnach ar a ghníomhaíochtaí. Má tá tú sa cheantar (agus nár ghlac tú leis an gcomhairle gan taisteal ann) ansin ba chóir duit comhairle áitiúil a leanúint i gcás brúchta.

Triomach

Bíonn triomach ann anois is arís sa séasúr tirim.

Tuilte

Téann Abhainn an Chongó thar a cuid bruacha le linn shéasúr na báistí agus dá réir cuirtear isteach go mór ar an abhantrach.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa arna éisiúint ag an Ambasáid de chuid Phoblacht Dhaonlathach an Chongó is gaire ó gach saoránach de chuid na hÉireann.  Ní féidir pas gearr-théarmach a cheannach a thuilleadh ag an teorainn chun cuairt a thabhairt ar an tír. 

Féadfaidh tú seiceáil leis an Ambasáid freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chuig Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Saoráidí liachta

Tá an clinic Centre Prive d'Urgence (CPU) in Kinshasa in ann déileáil le fadhbanna bunúsacha sláinte agus othar a chobhsú tar éis formhór timpistí tromchúiseacha. Moltar aslonnú liachta chomh luath agus is féidir. Lasmuigh de Kinshasa, is ar éigean atá aon saoráidí liachta ar fáil a bheadh ar chaighdeán thíortha an iarthair.

Maláire

Tá maláire leitheadúil in Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Roimh thaisteal, faigh comhairle liachta atá cothrom le dáta faoi an dteastóidh cógas frith-mhaláire uait. Nuair a thagann tú chun na tíre, seachain greamanna ó chorrmhíolta trí líonta leapan agus éarthaigh a úsáid, agus caith bróga dúnta, muinchillí fada agus treabhsar.

Tinnis eile

Tá confadh, polaimiailítes, meiningíteas agus calar coitianta freisin. Tá an phlá luaite le Cúige Orientale ins an Oirthuaisceart. Bhí tuairiscí ann le gairid freisin go raibh ráig d’fhiabhras fuilreatha Ebola in Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

VEID agus SEIF (HIV/AIDS)

Tá VEID/SEIF (HIV/AIDS) leitheadúil in Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Ba chóir duit an réamhchúram a theastaíonn a dhéanamh má tá tú ag dul i ngleic le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tú a nochtadh d’ionfhabhtú. Má tá amhras ort go bhféadfadh sé gur nochtadh tú d’ionfhabhtú, ba chóir duit cúram liachta a lorg láithreach.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi Chlár Chúnamh Éireann ar VEID agus SEIF ins an Afraic fho-Shahárach agus ar fud an domhain.

Saoráidí éigeandála liachta

In Kinshasa:

  • Centre Prive d’Urgence (CPU), Corner of Avenue Commerce agus Bas-Congó, Kinshasa-Gombe, DRC, Teileafón: + 243 89 50 302. Oscailte 24 huair i gcomhair cóireála éigeandála.
  • Centre Medical de Kinshasa (CMK), Avenue Wagenia No 168, Kinshasa-Gombe, DRC, Príomhtheileafón: +243 89 50 300 nó +243 99 82 65004, Uimhir éigeandála: + 243 90 884 0277. Oscailte 24 huair. Seirbhísí éigeandála agus ginearálta liachta ar fáil.
  • CMM Emergency Medical Centre, Avenue 48 de la Mongala, Kinshasa, DRC, Teileafón: +243 81 884 1774, Seirbhísí ginearálta liachta ar fáil.

In Goma:

  • Maison Medicale Du Centre (MMC), 20 Avenue Kamina, Goma, DRC, Teileafón: +243 80 84 20 442 nó 99 77 57 226 or 80 85 92 778

Embassy contact

Embassy Contact

In cases of an emergency outside of regular office hours, the Embassy can be contacted by calling the Duty Officer directly on +255 754 783 455.

Embassy of Ireland
Toure Drive
Plot No. 353
Masaki
P.O.Box 9612,
Dar es Salaam
Tanzania

Tel: +255 22 221 3800
Fax: + 255 22 2602 362

Monday to Thursday 08:00 - 16:30, Friday 08:00 - 14:00

Contact us