DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go Ireland.ie/ga/dfa/taisteal-thar-lear/seirbhisi-consalachta/doicimeid-a-fhiordheimhniu. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/taisteal-thar-lear/seirbhisi-consalachta/doicimeid-a-fhiordheimhniu/.

Christmas Opening Hours

The Authentication and Apostille Office Public Office Opening Hours in Dublin:

Dublin Office

Friday 22nd December

Open 9.30 am – 12.30 pm

Saturday 23rd December – Wednesday 27th December  

Closed 

Thursday 28th December – Friday 29th December

Open 9.30 am – 12.30 pm

1st January

Closed 

Tuesday 2nd January

Business as Usual

Cork Office

Friday 22nd December

Open 9.30 am – 12.30 pm

Saturday 23rd December – Monday 1st January

Closed 

Tuesday 2nd January

Business as Usual

 

Doiciméid a fhíordheimhniú

Tiocfaidh an Rialachán AE maidir le Doiciméid Phoiblí i bhfeidhm ar an 16 Feabhra 2019 agus ní theastóidh reachtaíocht ná an fhoirmiúlacht apastaile i leith roinnt doiciméad poiblí laistigh den Aontas Eorpach a thuilleadh dá bharr. Níl feidhm ag an díolúine seo ach i gcás doiciméad poiblí a eisíonn údaráis Bhallstáit agus a chuirtear faoi bhráid údaráis aon Bhallstát eile.  Bainfidh na riachtanais laghdaithe seo le teastais breithe agus deimhnithe báis, pósta agus páirtnéireachta sibhialta a eisíonn Oifig an Ard-Chláraitheora in Éirinn agus leis an Teastas Saoirse chun Pósta a eisíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála nuair atáthar ag pósadh nó ag tabhairt faoi pháirtnéireacht shibhialta i mBallstát eile. Má tá apastaile á lorg agat i leith ceann de na doiciméid thuasluaite a eisíonn Oifig an Ard-Chláraitheora le húsáid i mBallstát AE eile agus mura bhfuil tú cinnte maidir leis na riachtanais a bhaineann leis, féach ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar Thairseach an AE don Cheartas nó déan teagmháil le hoifigí na Rannóige um Fhíordheimhniú Doiciméad i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh ag na sonraí thuasluaite. I gcás ceisteanna a bhaineann le Teastas Saoirse chun Pósta, déan teagmháil leis an bhfoireann a bhíonn ag plé le Pósadh agus Páirtnéireacht Shibhialta Thar Learar an bhfón nó líon isteach an fhoirm fhiosraithe atá ar fáil anseo.

Cuirfear foirmeacha caighdeánacha ilteangacha ar fáil ar iarratas ó Oifig an Ard-Chláraitheora i leith teastas breithe agus deimhnithe báis, pósta agus páirtnéireachta sibhialta ionas nach gcaithfear aistriúchán a dhéanamh ar an oiread doiciméad laistigh den AE. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Ard-Chláraitheora

Éilíonn rialtais eachtracha agus eagraíochtaí uaireanta go ndéanfaí doiciméid a  fhíordheimhniú sula nglacfaidh siad leo. Sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, is féidir linn doiciméid a cruthaíodh in Éirinn a fhíordheimhniú agus doiciméid a cruthaíodh thar lear a dhlisteanú chun go mbeidh siad inghlactha le húsáid in Éirinn.

Na Seirbhísí Consalachta á n-athlonnú:

Ar an Luan, an 22 Feabhra, beidh na Seirbhísí Consalachta, lena n-áirítear an oifig phoiblí ina n-eisítear fíordheimhnithe agus fíorú doiciméad, á n-athlonnú go dtí Áras Chnoc Muáin freisin.

Leanfar leis na seirbhísí consalachta gan aon bhriseadh i rith an athlonnaithe.

Féadfar ceist ar bith a chur faoin tseirbhís sin ach glao a chur ar 01 408 2174.

Fíorú Apastaile agus Fíordheimhniúchán a Ríomhchlárú

Cuireann an clár leictreonach ar líne ar do chumas barántúlacht an Apastaile nó Fíordheimhniúcháin arna eisiúint ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a fhíorú in Éirinn.

Authenticating Documents

  • Forbhreathnú
  • Modhanna
  • Doiciméid
  • Conas iarratas a dhéanamh

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Fíoraíonn fíordheimhniú doiciméad bunadh an doiciméid trína dheimhniú go bhfuil síniú, séala nó stampa a bhíonn ar dhoiciméad fíorcheart.

Ba chóir go mbeadh síniú, séala nó stampa bunaidh ó oifigeach poiblí nó ó eagraíocht phoiblí a chleachtann in Éirinn ar gach doiciméad a bhíonn le fíordheimhniú.

Cén uair a mbeadh gá dom doiciméad a fhíordheimhniú?

Má bhíonn ort doiciméad na hÉireann a úsáid thar lear, ar mhaithe le cúrsaí gnó nó pearsanta, d'fhéadfaí a iarraidh ort na doiciméid sin a fhíordheimhniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Más saoránach Éireannach tú atá ag filleadh ar Éirinn nó más náisiúnach eachtrach tú atá ag iarraidh oibriú nó cónaí in Éirinn, d’fhéadfadh údaráis na hÉireann a iarraidh ort na doiciméid a thabhairt d’fhoireann na hAmbasáide lena bhfíordheimhniú.

Cé atá in ann doiciméid a fhíordheimhniú?

In Éirinn

Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála doiciméid a chruthaítear in Éirinn a bheidh le húsáid i dtíortha eile a fhíordheimhniú.

Thar lear

Féadfaidh an fhoireann inár nAmbasáidí, inár gConsalachtaí agus inár gConsalachtaí Oinigh thar lear doiciméid a chruthaítear thar lear a dhéanamh de réir an dlí chun go mbeidh siad inghlactha lena n-úsáid in Éirinn.

Tá sé de chumhacht ag foireann ár nAmbasáidí faoi dhlí na hÉireann daoine a chur faoi mhionn agus dearbhaisc agus dearbhuithe reachtúla a thabhairt.   

Táthar in ann cóipeanna de dhoiciméid bhunaidh i nGaeilge nó aistriúcháin a dheimhniú freisin. Cinntigh a sheiceáil go mbeidh fótachóipeanna inghlactha do na húdaráis a mbeidh tú ag déileáil leo.  

Cuimhnigh...

Ní ionann doiciméad a fhíordheimhniú agus a rá go bhfuil an t-ábhar ann cruinn agus ní ionann sin agus a rá go bhfuiltear ag faomhadh an ábhair ach oiread.

Modhanna

Modhanna

Mar a dhéanaimid doiciméid a fhíordheimhniú

Seo a leanas an dá chineál fíordheimhnithe is coitianta:

Fíordheimhniú

Is ionann doiciméad a fhíordheimhniú agus a fhíorú go bhfuil an síniú, an stampa nó an séala fíorcheart.

Apastaile

Is modh eile chun doiciméad a fhíordheimhniú apastaile a eisiúint, agus d’fhéadfadh sin a bheith de dhíth ó thíortha a d’aontaigh le Coinbhinsiún na Háige. Áirítear leis deimhniú a chur leis an doiciméad féin, é sin a bheith stampáilte nó ceangailte leis an doiciméad.

Dlisteanú

Is ionann doiciméad a dhlisteanú agus síniú nó séala údarás eachtrach a fhíordheimhniú nó a dhéanamh infheidhme chun go mbeidh siad inghlactha do chúirt na hÉireann.

Cuimhnigh...

Faigh amach cén cineál fíordheimhniúcháin a theastaíonn uait ó na húdaráis a mbeidh tú ag déileáil leo.

Doiciméid

Doiciméid

Doiciméid a fhíordheimhnítear

  • Deimhniú bunaidh (e.g. deimhniú breithe, pósta, báis) 
  • Doiciméid chuideachta arna eisiúint ag an Oifig um Chlárú Cuideachtaí
  • Doiciméid arna síniú ag na Comhlachais Tráchtála in Éirinn
  • Doiciméid na cúirte, cumhacht aturnae, agus achtanna nótaireachta eile
  • Deimhnithe oideachais agus cáilíochtaí arna aithint ag an Roinn Oideachais
  • Tuairiscí liachta arna síniú ag dochtúir atá cláraithe le Comhairle na nDochtúirí Leighis.
  • Litreacha Imréitigh an Gharda Síochána (ní mór iad a bheith eisithe ó Oifig Cheannfort an stáisiúin Gardaí san áit inar chónaí tú go deiridh in Éirinn agus caithfidh stampa bunaidh agus síniú an Gharda Síochána a bheith san áireamh).

Fótachóipeanna
Féadfaimid fótachóipeanna chineálacha áirithe doiciméad a Fhíordheimhniú/Apastaile a eisiúint ina leith ach iad sin a bheith deimhnithe ag Aturnae Éireannach cleachta nó Nótaire Poiblí in Éirinn.  Ach ba chóir duit ar an gcéad dul síos a dheimhniú leis an údarás a mbeidh tú ag cur an doiciméid ina láthair go mbeidh cóip dheimhnithe inghlactha dóibh.

Conas iarratas a dhéanamh

Conas iarratas a dhéanamh

In Éirinn

Lasmuigh d'Éirinn

In Éirinn

Tar isteach chuig ár n-oifigí (Baile Átha Cliath agus Corcaigh)

Má tá doiciméad agat a cruthaíodh in Éirinn, agus go gcaithfear é a fhíordheimhniú nó apastaile a thabhairt, tar isteach chuig ár n-oifigí poiblí i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh.

Déan coinne má bhíonn líon mór doiciméad agat nó má tá sainchomhad uchtaithe eachtrach iomlán le próiseáil.

Baile Átha Cliath

Tá oifigí nua ag an Rannóg um Fhíordheimhniú Doiciméad sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath.

Is é seo an seoladh nua:

Authentication Section
Ground Floor
Knockmaun House
42-47, Lower Mount Street,
Dublin 2, D02 TN83

Teil: 01 408 2174

Uaireanta oscailte (commencing Monday, 12 January 2015):

Luan – Aoine (gan laethanta saoire bainc san áireamh)

9.30 – 12:30 & 2:30 - 4:00pm

Tabhair ar aird le do thoil: De bharr srianta ar ár n-oifig phoiblí ní féidir linn ráthaíocht a thabhairt go bhfaighidh tú seirbhís aon lae.

Corcaigh

An Rannóg Seirbhísí Consalachta

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

1A An Meal Theas

Corcaigh

Teil: 021 4944765

        021 4944766

Uaire Oscailte:

Luan - Aoine (gan laethanta saoire bainc san áireamh)
9.30am – 1pm
2.30pm – 4pm

Tríd an bpost:

Má bhíonn tú ag seoladh doiciméid tríd an bpost, cuir litir chlúdaigh ghearr leis agus bíodh an t-eolas seo a leanas san áireamh:

  • d'ainm
  • seoladh fillte
  • uimhir theileafóin
  • ainm na tíre ina mbeidh an doiciméad (na doiciméid) le húsáid
  • an táille oiriúnach

Agus seol ar aghaidh chuig:

Consular Division,
Department of Foreign Affairs & Trade,
80 St Stephen’s Green,
Dublin 2,
Ireland.

Táillí

Féach táillí reatha ár gconsalachta chun eolas a fháil ar tháillí maidir le fíordheimhniú agus apastaile‌.

Modhanna íocaíochta

Féadfaidh tú íoc ar na bealaí seo a leanas:

  • Airgead tirim
  • Dréacht bainc (agus sin a bheith iníoctha leis an ‘Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála’)
  • Ordú poist
  • Cárta creidmheasa/dochair

Ní ghlactar le seiceanna pearsanta a thuilleadh.

Ní ghlactar le Ríomhaistriú Táillí.

Ón 19 Meán Fómhair 2014 ní féidir táillí ar iarratais a fhaightear ar an dáta agus ón data sin a íoc ach i gceann de na modhanna atá liostaithe thuas. Ní ghlacfar le seiceanna cuideachta níos mó.

Lasmuigh d’Éirinn

Má theastaíonn aon cheann de na seirbhísí seo uait, téigh i dteagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht Éireannach is gaire duit.

Caithfear gach iarratas Apastaile a phróiseáil trí Rannóg Consalachta i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh. Ní féidir le hAmbasáidí thar lear iarratais Apastaile a phróiseáil.

Táillí

Féadfaidh tú na táillí do na seirbhísí seo a fháil san airgeadra áitiúil ar láithreán gréasáin na hAmbasáide nó na Consalachta Éireannaí iomchuí.