DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSualainn, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSualainn

Má tá tú ag taisteal chun na Sualainne, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Taisteal chun na Sualainne

Níl riachtanais sláinte phoiblí COVID-19 ann faoi láthair maidir le taisteal chun na Sualainne. D’fhéadfaí go leanfaidh aerlínte cruthúnas ar vacsaíniú nó ar théarnamh a iarraidh agus molaimid an t-eolas sin a bheith ar fáil. Ní mór do gach paisinéir doiciméad taistil bailí a bheith acu ar theacht isteach dóibh sa tSualainn.

Ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar thaisteal chun na Sualainne seiceáil a dhéanamh ar an eolas is déanaí ó na húdaráis áitiúla maidir le riachtanais do phaisinéirí idirnáisiúnta atá ag teacht isteach sa tír. Tá tuilleadh eolais maidir le taisteal chun na Sualainne ar fáil anseo agus thíos:

1177 Cúram Sláinte sa tSualainn - Gréasán Béarla

Gníomhaireacht Iompair na Sualainne

Aerfort Arlanda Stólcólm

Aerfort Landvetter Gothenburg

Aerfort Malmö

Má tá tú i ndeisceart na Sualainne, d’fhéadfaí gur mhaith leat monatóireacht a dhéanamh ar Ambasáid na hÉireann i gCóbanhávan chun comhairle taistil a fháil. 

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ár Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte

  • Ceannaigh árachas cuimsitheach taistil a chumhdaíonn gach gníomhaíocht atá i gceist agat a dhéanamh.
  • Faigh Cárta Árachais Sláinte Eorpach
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Tá pas bailí de dhíth ort chun cuairt a thabhairt ar an tSualainn agus molaimid duit roinnt fótachóipeanna de do phas a bhreith leat. Ba cheart duit fótachóip de do phas a bhreith leat i gcónaí le linn d’fhanachta. 

Foghlaim níos mó faoi na rudaí ar féidir a dhéanamh má chaillfear/ghoidfear do phas.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa tSualainn trí scairt a chur ar 112. Cuir scairt ar 114 14 maidir le ceisteanna eile a bhaineann leis na póilíní. Tá tuilleadh eolais faoi Phóilíní na Sualainne ar fáil anseo.

Cuireann an Ambasáid comhairle chonsalachta éigeandála ar fáil. Cuir glaoch ar an Ambasáid ar +46 8 54504040.

Má chuirfear glaoch lasmuigh d’uaireanta oifige, iarrfar ort teachtaireacht a fhágáil. Déan taifead de do theachtaireacht, tar éis bhuile an toin, agus luaigh d’ainm, déan mionchur síos ar chúrsaí agus fág uimhir teagmhála. Cuirfidh an tOifigeach Dualgais glaoch ar ais ort.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Ar an 18 Samhain 2015, d’ardaigh údaráis na Sualainne leibhéal an bhaoil sceimhlitheoireachta náisiúnta. Is féidir le cuairteoirí chun na Sualainne a bheith ag súil le níos mós póilíní in áiteanna poiblí amhail aerfoirt agus stáisiúin traenach.

Bíodh agus gur beag an baol sceimhlitheoireachta sa tSualainn, tá riosca fós ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ar fud an domhain, rud a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann eachtrannaigh go minic. 

Coireacht

Tá an leibhéal coireachta réasúnta íseal sa tSualainn go fóill ach ba cheart duit réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Ná bíodh do phas á iompar agat mura gá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná húsáid Uathmheaisíní Bainc sa dorchadas, go háirithe má bhíonn tú i d’aonar. Seiceáil nár lean aon duine thú i ndiaidh duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coimeád súil ghéar ar do chuid giuirléidí agus beir greim orthu agus tú in áiteanna poiblí ar nós caiféanna idirlín, agus stáisiúin traenach agus busanna.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan solas, déan socrú go mbaileofaí tú nó go bhfágfaí amach tú chomh gar don tslí isteach chuig d’óstán nó d’árasán agus gur féidir.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa tSualainn, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má bhíonn cabhair de dhíth ort.

I gcás éigeandála is féidir leat glaoch a chur ar 112 agus is féidir a iarraidh chun labhairt leis na póilíní. Beidh an t-oibritheoir in ann Béarla a labhairt. I gcásanna nach bhfuil éigeandáil i gceist, is féidir leat coireacht a thuairisciú do stáisiún na bpóilíní nó is féidir glaoch a chur ar 114 14 chun tuairisc póilíní a sheoladh.

Tiomáint

Tá na rialacha bóithre sa tSualainn cosúil leis na rialacha in Éirinn, a bheag nó a mhór, agus bíonn na bóithre nua-aimseartha agus caomhnaithe go maith. Bí ar an eolas go bhféadfaí an aimsir a bheith contúirteach, go háirithe sa gheimhreadh, nuair ba cheart duit do ghluaisteán a fheistiú don aeráid chrua.

  • Bíodh do cheadúnas tiomána Éireannach leat agus bí cinnte go bhfuil árachas imleor agus oiriúnach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí agus bíonn tú i mbaol coimeádta, fíneála nó toirmeasc tiomána a bheith curtha ort má bheirtear ort. D’fhéadfadh príosúnacht d’uasmhéid 24 mí a fháil de thoradh leibhéil arb ionann 0.1 milleagram d’alcóil nó níos mó in aghaidh an lítir d’anáil.
  • Bí ar an eolas maidir le dlíthe tráchta na Sualainne, ar nós teorainneacha luais.
  • Is rud éigeantach é boinn gheimhridh ón 1 Nollaig go dtí an 1 Aibreán gach bliain, ach ní mór duit tiomáint le do cheannsoilse lasta i gcónaí ó cheann ceann na bliana. 
  • Tá sé de dhualgas ar thiománaithe tús áite a thabhairt do choisithe i gcónaí.
  • Nuair a thiomáintear sa tSualainn, go háirithe i dtuaisceart na tíre, d’fhéadfadh ainmhithe a théann ar strae ar bhóithre a bheith ina n-ábhair chontúirte bhreise. 
  • Coimeád doirse d’fheithicle faoi ghlas agus do mhálaí as radharc chun cosc a chur le daoine a thapaíonn an deis málaí a sciobadh má stopann tú ag soilse tráchta.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligeann tú leo fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Coisithe

Ba cheart duit a bheith ar an eolas go dtiocfaidh treo an tráchta a mhalairt de threo a dtagann sé in Éirinn. Bí an-chúramach is d’oíche nuair a shiúltar feadh bóithre nach bhfuil cosáin chearta acu agus nuair a thrasnaítear bóithre, ag áiteanna trasriain atá sainithe fiú.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Alcól

Is beag an chaoinfhulaingt atá ag údaráis na Sualainne ar mheisce phoiblí agus tá sé de cheart ag póilíní daoine a choimeád atá go hiomlán ar meisce, dar leo.

Sláinte

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn a íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

Is féidir le ceannach árachais shláinte chuimsithigh neart airgid a shábháil duit féin agus do do chlann má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le costas billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas Éireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram sláinte thar lear, lena n-áirítear aslonnú ar aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá i gceist agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú do Chárta Árachais Sláinte Eorpach (CÁSE) (an t-ainm nua don E111) nó go ndéantar é a athnuachan sula bhfágann tú, agus cuimhnigh, tá ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Cuir iarratas isteach do do CÁSE agus faigh tuilleadh eolais.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú ar bhonn sláinte, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí nach nglacfaidh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, agus mar sin ba cheart duit seiceáil a dhéanamh leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh de chuid na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar an tSualainn. Is féidir leat fanacht mar chuairteoir ar feadh suas le trí mhí, ach más mian leat fanacht níos faide, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hoifig an Bhoird Inimirce.

Airgead tirim/baincéireacht

Is é Krone na Sualainne airgeadra oifigiúil na Sualainne. Glacfar le príomhchártaí creidmheasa go forleathan, ach ní ghlacfar le seiceanna.

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, + 46 (0) 8 54504040 and leave an urgent message when prompted. This mailbox is monitored regularly and a duty officer will return emergency calls.

Embassy of Ireland
Hovslagargatan 5
111 48 Stockholm
Sweden

Tel: +46 8 5450 4040
Fax: +46 8 660 1353

Monday to Friday 09:30-12:00 and 14:00-16:30

Contact us