DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSaimbia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSaimbia

Má tá tú ag taisteal chun na Saimbia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Riachtanais Iontrála
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSaimbia nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin tSaimbia sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Lusaka.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl Shóisialta

Seachain slógaí, léirsithe nó cruinnithe móra daoine. Bíonn léirsithe mac léinn ar siúl ó am go chéile in Ollscoil na Saimbia ar Bhóthar an Great East (an príomhbhóthar chuig an aerfort). Cuir tú féin ar an eolas faoin méid atá ag tarlú thart ort agus trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le d’eagraí turas.

Taisteal réigiúnach

Bí cúramach má bhíonn tú ag taisteal in áiteanna iargúlta i gcúigí an Iarthuaiscirt, Copperbelt, Luapula agus sa chúige Láir in gar don teorainn le Poblacht Daonlathach an Chongó (DCR).  Tá trasbhealaí teorann dlisteanacha sábháilte ach molaimid gan taisteal sa mhongach.

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht sa tSaimbia, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Mianaigh talún

Tá baol ann ó mhianaigh talún i ngar do theorainneacha na Saimbia le Poblacht Daonlathach an Chongó agus Mósaimbíc, agus ar an taobh Angólach de theorainn na Saimbia/Angóla. Fan ar na príomhbhealaí in áiteanna iargúlta agus seiceáil le do thionscnóir turas sula dtéann tú ag taisteal chuig na réigiúin lena mbaineann.

Coiriúlacht

Tarlaíonn peasghadaíocht agus gnáthghadaíocht i roinnt mbialann agus café Idirlín in gar de na stáisiúin bus agus traenach i Lusaka agus Livingstone. Déan réamhchúram ciallmhar i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Ná úsáid ach bainc nó bureaux de change creidiúnacha amháin chun airgead a mhalartú agus ná úsáid ATManna mar tá nótaí góchumtha i gcúrsaíocht
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. Ná téigh ag siúl leat féin san oíche go háirithe sna gnócheantair
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Bí ar an eolas go bhfuil céatadán ard den phobal sibhialta armtha

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSaimbia, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Lusaka má tá cabhair uait.

Tiomáint

Tá tiomáint in ann a bheith dainséarach sa tSaimbia. Áirítear ar na dúshláin atá ann tá feithiclí tréigthe nó feithiclí nach bhfuil cothabháil déanta orthu, droch-chaighdeáin tiomána agus drochbhóithre. Bí an-chúramach i rith séasúr na báistí (Samhain go dtí Aibreán) toisc go bhféadfadh bóithre agus droichid a bheith imithe le sruth. Molaimid gan dul ag tiomáint san oíche lasmuigh de na príomhbhailte.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Saimbia, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Tarlaíonn robálacha armtha agus eachtraí armtha goidte feithiclí ó am go chéile. Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Is cion é fón póca a úsáid le linn tiomána

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Bíonn mionbhusanna i gceantair uirbeacha plódaithe agus á dtiomáint go dona.

Ainmhithe fiáine

Tá ainmhithe fiáine lena n-áirítear nathracha nimhiúla ina bhagairt leanúnach do thurasóirí agus do chónaitheoirí sa Saimbia. Lean rialacháin áitiúla i gcónaí agus lean treoracha mhaoirseoir an safari. 

Spóirt eachtraíochta

Tá go leor oibreoirí spórt eachtraíochta in Easanna Victoria agus tarlaíonn timpistí agus maraítear daoine ó am go chéile. Seiceáil go gclúdóidh d’árachas taistil tú i gcás báis nó díobhála duit féin nó do thríú páirtí.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá dianchosc ar thámhshuanaigh a bheith i do sheilbh agat, a smuigleáil agus/nó a úsáid, lena n-áirítear marijuana, sa tSaimbia. Bíonn an pionós an-ghéar sna príosúin sin a bhfuil droch-choinníollacha iontu.

Pornagrafaíocht

Tá seilbh pornagrafaíochta neamhdhleathach sa tSaimbia.  

Homaighnéasacht

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí sa tSaimbia agus d’fhéadfaí téarmaí fada príosúnachta a ghearradh ar dhuine. Moltar duit a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Grianghrafadóireacht

Bí cúramach ag tógáil grianghraf de láithreáin a mheasann na húdaráis a bheith íogair, ar nós cumhachtstáisiúin, beairic airm, foirgnimh rialtais, cumair agus aerfoirt. B’fhearr i bhfad gan grianghraf ar bith a thógáil.

Páirceanna Náisiúnta

Ba chóir do chuairteoirí ar Pháirceanna Náisiúnta na Saimbia a bheith ar an eolas gur gabhadh cuairteoirí ar thug nithe amach as an bPáirc, mar shampla, píosa de chnámh ainmhí.  Le do thoil, bíodh meas agat ar na dlíthe áitiúla agus ná tóg rud ar bith as páirceanna náisiúnta.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Bíonn mí na Nollag go dtí mí Aibreán te agus fliuch le duartain throma san iarnóin. Bíonn mí na Bealtaine go dtí mí Lúnasa tirim agus réasúnta fionnuar. Bíonn mí Mheán Fómhair go dtí mí na Samhna tirim ach ag éirí níos teo.

Riachtanais Iontrála

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Cinntigh go gclúdaíonn do víosa do thuras ar fad. Go hiondúil bíonn cead ag cuairteoirí fanacht sa tír don tréimhse a fhreagraíonn don fhaisnéis ar a dticéad aeir nuair a shroicheann siad an port iontrála. Is féidir víosaí shíneadh de rogha na roinne inimirce suas go dtí uasmhéid 90 lá.  Ná fan thar téarma do víosa nó d’fhéadfaí tú a thabhairt os comhair cúirte, tú a chur i bpríosún nó fíneáil a ghearradh ort agus/nó tú a dhíbirt as an tír.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na Saimbia agus ba chóir duit cóip de do phas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad. Ní aithníonn bunreacht na Saimbia dé-náisiúntacht.

Iriseoirí

Má theastaíonn uait trealamh taifeadta speisialtóireachta/gairmiúil a thabhairt leat ní mór duit iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú preasa chun taifead a dhéanamh sa tSaimbia. Caithfear cead sealadach a fháil do threalamh ceamara ó Roinn Nuachta agus Faisnéise na Saimbia. Ní mór na dátaí a mbeidh tú ag teacht agus imeacht a chur in iúl don Ambasáid le fógra trí seachtaine ar an laghad sula sroicheann tú an tír. Mura bhfuil an doiciméadú agus an t-imréiteach cuí  agat, d’fhéadfaí do threalamh a choigistiú ar shroicheadh duit.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Saimbia.

Áiseanna leighis

Tá beag áiseanna leighis atá sa tSaimbia, go háirithe i gceantair iargúlta. Ní bhíonn fiú drugaí bunúsacha agus snáthaidí glana ar fáil. Bí an-chúramach má bhíonn tú ag taisteal le leanaí.

Cógais ar oideas

Nuair a thagann tú, d’fhéadfadh oifigigh chustaim iarraidh ort na hoidis do na cógais a thug tú.

Maláire

Tá baol maláire sa tSaimbia. Sula dtéann tú ag taisteal, cuir ceist ar do dhochtúir faoi chógais frith-mhaláire. Nuair a thagann tú, seachain greamanna ó mhuiscítí trí eangacha leapa agus éarthach a úsáid, agus trí bróga dúnta, muinchillí fada agus brístí a chaitheamh.

Calar agus  dinnireacht

Tá calar agus dinnireacht coitianta, go háirithe le linn séasúr na báistí (Samhain – Aibreán). Molaimid gan ach uisce atá fiuchta nó uisce buidéalaithe a ól le linn do chuairte agus seachain oighear i do dheochanna. Seachain bia ó dhíoltóirí sráide. Má bhíonn buinneach ort le linn do chuairte ba chóir duit cóir leighis a lorg láithreach.

Confadh agus eitinn

Tá siad seo coitianta sa tSaimbia.

VEID agus SEIF

Tá VEID agus SEIF forleathan sa tSaimbia, leis na rátaí reatha measta ag 13.5% den daonra fásta. Má bhíonn tú i mbun gníomhaíochtaí a bhféadfá ionfhabhtú féideartha VEID a fháil uathu, cinntigh go dtógfaidh tú réamhchúraimí leordhóthanacha. Má mheasann tú gur nochtadh tú do na víris, ní mór duit cóir leighis a lorg láithreach. 

Airgead

Tá sé luaite ag reachtaíocht le déanaí nach mór gach sonrasc áitiúil a eisiúint i Kwacha na Saimbia rud a chiallaíonn nach féidir le roinnt soláthraithe seirbhíse ar nós lóistí sonrasc i ndollair SAM a thuilleadh.

Ó thús na bliana 2013, athbunaíodh airgeadra na Saimbia ag úsáid ráta 1,000 sean Kwacha = 1 Kwacha nua. Ón 1 Iúil ní aithnítear an sean Kwacha mar airgead dlíthairgthe. Seiceáil go bhfaigheann tú an sóinseáil cheart nuair a íocann tú as earraí nó seirbhísí toisc go mbaineann na sean-nótaí agus na nótaí nua úsáid as an siombail ‘K’ agus baineann roinnt de na nótaí nua úsáid as an scéim dathanna céanna leis na sean nótaí.

Embassy contact

Embassy Contact

Outside of office hours, emergency contacts can call the Embassy at +260 77 1387 887.
Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 1 408 2000.
The main contact details for the Embassy can be found below:

Embassy of Ireland
6663 Katima Mulilo Road
PO Box 34923
Lusaka
Zambia

Tel: +260 21 1426 900

Opening Hours: Monday – Thursday 08:00 to 16:30; Friday 08:00 to 12:30