DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Samó, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Samó

Má tá tú ag taisteal go Samó, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Eolas breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach i Samó.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal go Samó. Ba cheart go mbeadh íosbhailíocht sé mhí ag pasanna Éireannacha tar éis an dáta imeachta atá beartaithe. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig Samó treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh Ambasáid na hÉireann sa Nua-Shéalainn a leanúint ar na meáin shóisialta (Twitter @IrelandinNZ agus Facebook) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i Samó ach scairt a chur ar 911 nó má tá tú ag glaoch ó d'fhón póca, glaoigh ar +685 911.

I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith tá:

  • Na Póilíní: 911 nó má tá tú ag glaoch ó d'fhón póca, glaoigh ar +685 911.
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 911 nó má tá tú ag glaoch ó d'fhón póca, glaoigh ar +685 911.
  • An tOtharcharr: 911 nó má tá tú ag glaoch ó d'fhón póca, glaoigh ar +685 911.

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i Samó, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le h​Ambasáid na hÉireann sa Nua-Shéalainn​, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Mionchoireacht

Tá an choiriúlacht i Samó íseal ach tá an mhionchoireacht coitianta.

Molaimid duit réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh agus tú ag taisteal chuig Samó:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná bain úsáid as Uathmheaisíní Bainc sa dorchadas, go háirithe má bhíonn tú i d’aonar. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do ghiuirléidí agus bíodh greim agat orthu in áiteanna poiblí amhail caiféanna idirlín, agus stáisiúin bus agus traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir do bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin

Léirsithe

D’fhéadfaí go dtarlódh cruinnithe poiblí agus léirsithe ó am go ham.

Molaimid go bhfanann tú amach ó léirsithe agus go leanann tú comhairle na n‑údarás áitiúil.

An Dúlra agus an Aeráid

Creathanna talún agus bolcáin

Tá Samó suite i gcrios atá gníomhach go seismeach, rud a d'fhéadfadh creathanna talún agus gníomhaíocht bholcánach a bheith mar thoradh air.

Stoirmeacha trópaiceacha agus Cioclóin

I Samó, táthar ag súil le gaotha láidre ó thús mhí na Samhna go dtí deireadh mhí Aibreáin, agus is féidir le cuid acu éirí ina gcioclóin. I rith an ama seo, ceaptar go mbeidh dianbháisteach agus tuilte ann agus sciorrthaí talún ina dhiaidh sin.

Tá an aeráid trópaiceach. Maireann séasúr na báistí ó Shamhain go hAibreán agus tarlaíonn na séasúir thirime the ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair

Moltar duit monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta ón Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta (EDM), ​suíomh gréasáin Rannán Meitéareolaíochta Samó nó ó ​shuíomh gréasáin Sheirbhís Meitéareolaíochta Fidsí​.​

Snámh

Is féidir le hathruithe taoide feachtaí cumhachtacha a chruthú i murlaigh aigéin. Glac le comhairle áitiúil sula dtéann tú ag snámh. Tharla timpistí marfacha ag tránna a bhfuil tóir orthu. 

LADTAI+ Taisteal

Déanann dlí Shamó coir as an homaighnéasacht agus as caidreamh homaighnéasach. Má chiontaítear thú, d’fhéadfaí príosúnacht a ghearradh ort.

D'fhéadfaí leatrom a dhéanamh freisin ar thaistealaithe LADTAI+ nó iad a choinneáil bunaithe ar a ngnéaschlaonadh, a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne, nó a saintréithe gnéis. D’fhéadfaí iad a chúiseamh i gcoireanna in aghaidh leas an phobail.

Ba cheart do thaistealaithe LADTAI+ na rioscaí a bhaineann le taisteal go Samó a mheas go cúramach.

Taisteal ar bhóithre

D'aistrigh Samó chuig a bheith ag tiomáint ar thaobh na láimhe clé sa bhliain 2009, ach tá an roth stiúrtha fós ag go leor feithiclí ar thaobh na láimhe clé den fheithicil. Ba cheart duit a bheith cúramach agus tú ag tiomáint ar na bóithre, ag cloí le teorainneacha luais.

Ba cheart duit tiomáint san oíche laistigh de limistéir fhoirgnithe a sheachaint. Ní dhéantar rialacháin sábháilteachta feithiclí a fhorfheidhmiú go seasta agus tarlaíonn sáruithe tráchta go rialta.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Eolas breise

Eolas breise

Eolas breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mór do shealbhóirí pas na hÉireann na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh le go mbeidh siad in ann dul isteach i Samó:

  1. Ticéad ar aghaidh (nó ticéad fillte) a bheith acu chuig tír a bhfuil víosa nó cead bailí agat dul isteach inti;
  2. Pas a bheith acu atá bailí ar feadh sé (6) mhí ar a laghad tar éis an dáta imeachta atá beartaithe ó Shamó;
  3. Socruithe lóistín a bheith acu;
  4. Fianaise dhoiciméadaithe a bheith acu maidir le cistí leordhóthanacha le bheith beo orthu;
  5. Gan aon taifead díbeartha ó thíortha eile a bheith acu;
  6. Gan aon fhadhbanna sláinte a bheith acu a chuirfeadh Samó i mbaol;
  7. Gan aon stair a bheith acu maidir le cúisimh choiriúla a bhfuil pianbhreith bliana ar a laghad mar thoradh orthu; agus
  8. Gan a bheith le feiceáil ar aon liostaí foláirimh nó rabhaidh.

Eiseofar Cead Cuairteora 90 lá do náisiúnaigh Éireannacha a chomhlíonann na critéir thuas nuair a shroichfidh siad Samó.

Sláinte

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo. Molaimid duit árachas taistil cuimsitheach a ghlacadh roimh thaisteal duit.

Víreas Zika

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib agus in áiteanna eile, lena n-áirítear Samó. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC).

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +64 4 4712252. If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at 00353-1-4082000.

Physical Address
Level 10, Technology One House
86 Victoria Street
Wellington 6011
New Zealand

Postal Address
Embassy of Ireland, Wellington
PO Box 11498
Manners Street
Wellington 6142
New Zealand

Tel: + 64 4 4712252

Contact us