DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Fidsí, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Fidsí

Má tá tú ag taisteal go Fidsí, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Fhidsí nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Fhidsí sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.   

Déan teagmháil leis an ambasáid
De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i bhFidsí, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i gCanberra, san Astráil.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí  Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá cúrsaí polaitíochta i bhFidsí sách cobhsaí, ach ba chóir a thabhairt ar aird gur le foraithne a rialaítear Fidsí, rud a thugann cumhacht fairsing do na póilíní agus don mhíleata.

Tá baol ó chorraíl shibhialta ann agus ba chóir duit léirsithe polaitiúla a sheachaint agus gan a bheith ag caint go hoscailte faoi cheisteanna polaitiúla. Ba chóir duit ionaid mhíleata, gníomhaíocht mhíleata agus cruinnithe de phearsanra míleata a sheachaint, go háirithe thart ar Suva.

Bíonn na meáin áitiúla i bhFidsí faoi chinsireacht, mar sin más mian leat monatóireacht a dhéanamh ar an bhfíor-staid polaitiúil le linn do chuairte, féach an tIdirlíon i gcomhair nuacht ó na meáin idirnáisiúnta.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na gcuairteoirí Éireannacha ar Fhidsí ag fanacht in ionaid saoire agus bíonn siad thar a bheith sábháilte de ghnáth. Más mian leat aistriú amach as áiteanna saoire, bí ar an airdeall faoina bhfuil timpeall ort agus déan réamhchúram breise:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Cuir glas ar do chuid bagáiste ionas nach bhféadfar cur isteach air nó é a ghoid.

Pas caillte nó goidte

De bharr go bhfuil an Ambasáid is gaire de chuid na hÉireann i bhfad ar shiúl, i gCanberra na hAstráile, bíonn míchaoithiúlacht an-mhór ag baint le pas caillte nó goidte agus bíonn go leor ama i gceist leis an bhfadhb a réiteach. I gcásanna éigeandála, féadfaidh tú cúnamh consalachta teoranta a fháil ó chomhpháirtithe AE a bhfuil Ambasáidí acu i Suva.

Mná ag taisteal

Ba chóir do mhná a bhíonn ag taisteal leo féin réamhchúram a dhéanamh dá sábháilteacht phearsanta.

Coiriúlacht

Fulaingíonn líon ard turasóirí eachtracha robáil foréigneach, go háirithe i ndiaidh thitim na hoíche, i Suva agus i mbailte eile.  Bí thar a bheith cúramach is tú ag taisteal leat féin, go háirithe má thugann tú cuairt ar áiteanna iargúlta.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i bhFidsí, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCanberra má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i bhFidsí, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Ní thiomáintear le disciplín, is minic gan bóithre a bheith lasta go maith agus is guais iad ainmhithe ar na bóithre. Tá sé contúirteach a bheith ag tiomáint san oíche idir Nadi agus Suva ach go háirithe. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Fhidsí, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Tacsaithe/mionbhusanna

Má bhíonn tú ag úsáid tacsaithe nó mionbhusanna, moltar duit na cinn le plátaí cláraithe buí a úsáid. Léiríonn sin gur chloígh an fheithicil le rialacháin an Údaráis Iompair Talún (LTA) ní i bhfad ó shin. Ní bhíonn ceadúnas ón Údarás Iompair Talún (LTA) ag gach mionbhus atá i bhfeidhm i bhFidsí faoi láthair agus gach seans nach mbeidh árachas ag mionbhusanna gan ceadúnais.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Gníomhaíochta Faoin Spéir

Ní gá go mbeadh caighdeáin sábháilteachta thionscnóirí turais i bhFidsí inchomparáide le cinn in Éirinn, go háirithe maidir le spóirt eachtraíochta (tumadh san áireamh) nó ar bháid ar uisce cósta agus idir oileáin. Seans nach mbeadh go leor seaicéad tarrthála ann do bháid, raftaí agus cadhcanna.  Seiceáil dintiúir an oibritheora agus an trealamh sábháilteachta roimh ré agus bí cinnte go gclúdaíonn do pholasaí árachais na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat a dhéanamh.

Spóirt uisce

Tabhair ar aird go mbíonn sruthanna taoide contúirteacha ar feadh go leor de scairbheacha agus inbhir aibhneacha Fhidsí, mar sin bí ar an airdeall faoina bhfuil romhat sula dtéann tú isteach san uisce. Bíodh an trealamh sábháilteachta iomchuí agat i gcónaí sula dtéann tú amach ar na scairbheacha nó sula ndéanann tú spóirt uisce agus glac le comhairle áitiúil maidir le sábháilteacht.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada. Gearrtar pianbhreith éigeantach de thrí mhí i bpríosún ar marijuana a bheith i do sheilbh.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí a bheith faoi thionchar an óil ag aerfort. Féadfaidh na póilíní taistealaithe ar mian leo dul ar bord eitleáin agus a bhíonn faoi thionchar an óil a choimeád.

Cultúr Áitiúil

D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt duit a bheith páirteach sa searmanas áitiúil ina óltar kava. Tabhair ar aird go mbíonn droch-thionchar aige sin ar an ae, i gcásanna fíor-annamha.

Forfheidhmiú an dlí

Tá cosc ar snámh gan brollach a bheith clúdaithe agus ar a bheith nocht go poiblí.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas dlíthiúil i bhFidsí.  Moltar a bheith discréideach agus measúil ar íogaireachtaí áitiúla, go háirithe má thugtar cuairt ar phobail faoin tuath.

Tubaistí nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Cioclóin

Tá cioclóin trópaiceacha coitianta i bhFidsí ó thús na Samhna go deireadh Aibreáin. Tá córas rabhaidh ann ach ní bhíonn sin leordhóthanach i gcónaí.

Féadfaidh treo agus neart cioclón athrú gan rabhadh. Cuireann Seirbhís Mheitéareolaíoch Fhidsí eolas cothrom le dáta ar fáil faoi choinníollacha aimsire i bhFidsí agus féadfaidh tú eolas a fháil freisin ó Ionad na hÁise-an Aigéin Chiúin um Éigeandáil agus Tubaiste agus ó Ionad Eolais Crua-Aimsire na hEagraíochta Meitéareolaíche Domhanda.

I gcás go dtiocfaidh cioclón i do threo, aimsigh an foscadán áitiúil. Lean treoracha na n-údarás áitiúil agus déan monatóireacht ar na meáin i gcomhair an nuacht is déanaí. Bíodh do dhoiciméid taistil (i.e. pas, céannacht le grianghraf) ar iompar agat nó cuir iad in áit sábháilte agus uiscedhíonach. Más féidir, déan teagmháil le do theaghlach agus do chairde in Éirinn go rialta lena chur in iúl dóibh go bhfuil tú sábháilte.

D’fhéadfadh moill a bheith ar eitiltí isteach is amach as na háiteanna faoi thionchar an chioclóin nó d’fheadfaí iad a chur ar ceal agus ba chóir duit a thabhairt ar aird go mbeidh an-éileamh ar aon eitilt a bheidh ar fáil.  Seans gan go leor foscadáin ó dhroch-chioclón a bheith ar fáil do na daoine a roghnaíonn fanacht in áiteanna áirithe.

Crith talún

Tá Fidsí suite i gcrios ina mbíonn creathanna talún agus tarlaíonn creathanna ó am go ham. Tugtar foláirimh faoi súnámaí mar gheall orthu, uaireanta. Cuir tú féin ar an eolas faoi nósanna imeacht sábháilteachta i gcás creatha talún agus éist le treoracha maidir le crith talún nó súnámaí ó d’óstán nó ó na húdaráis áitiúla.

Tuile

Féadfaidh maidhmeanna tuile as a leanann sciorradh talún agus blocáil bóthair tarlú i rith na bliana ar Oileáin Fhidsí. Seiceáil le do thionscnóir turais nó leis an ionad saoire roimh thaisteal i rith tréimhsí báistí troma, go háirithe má bhíonn tú ag taisteal de bhóthar.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Fidsí, lena n-áirítear maidir le víosaí agus cúrsaí inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire duit de chuid Fidsí.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Fidsí.

Saoráidí Liachta

Tá saoráidí cúraim sláinte i bhFidsí dóthanach do ghnáthchóireáil liachta, ach tá siad teoranta maidir le raon cóireála agus seans nach mbeidh fáil orthu i roinnt réigiún. I gcás éigeandála liachta, tharlódh go ndéanfar tú a aslonnú i gcomhair cóireála agus ba chóir duit a chinntiú go gclúdaíonn do pholasaí árachais é sin. Tabhair ar aird gur minic go mbíonn ospidéil agus dochtúirí ag súil go n-íocfaí láithreach iad le hairgead tirim as seirbhísí sláinte.

Fiabhras deinge

Tarlaíonn ráigeanna galar arna iompar ag muiscítí (lena n-áirítear fiabhras deinge agus fioláiriáis) go minic, ráigeanna tromchúiseanna ó am go ham.  Sula dtéann tú ag taisteal, faigh comhairle liachta cothrom le dáta maidir le leigheas frith-mhaláire. Agus déan réamhchúram nuair a shroichfidh tú Fidsí le muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Galair eile

Bíonn galair arna n-iompar ag uisce agus bia, chomh maith le galair ionfhabhtaíocha eile (lena n-áirítear tíofóideach, heipitíteas, leiptispioróis, bruitíneach agus leicneach) coitianta, agus briseann ráigeanna tromchúiseacha amach ó am go ham. Tá cásanna tíofóidigh in Suva agus ar fud na tíre tuairiscithe ag údaráis Fhidsí.

Uisce

Moltar duit uisce óil a fhiuchadh nó uisce buidéalaithe a ól, agus ciúbanna leac oighir, bia amh agus bia tearcbhruite a sheachaint.

Airgead

Sula n-imíonn tú, socraigh roinnt bealaí ina mbeidh tú ábalta teacht ar airgead agus tú thar lear; mar shampla cártaí creidmheasa, seiceanna taistil, airgead tirim, cártaí dochair nó cártaí airgid tirim. Faigh amach ó do bhanc cad é an t-airgeadra is fearr le tabhairt leat agus cibé an n-oibreoidh do chárta ATM ann.  

Clúdach fóin phóca

De ghnáth oibríonn an líonra fóin phóca go maith i gcathracha agus i mbailte móra ach ní bhíonn ach clúdach teoranta nó ní bhíonn clúdach ar bith i roinnt áiteanna tuaithe agus ar na hoileáin. D’fhéadfá gan a bheith ábalta a bheith i dteagmháil leis an mbaile ar feadh tréimshí fada mar gheall air sin.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +61 2 62140000.

If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

Embassy of Ireland
20 Arkana Street
Yarralumla
ACT 2600
Australia

Tel: +61 2 6214 0000
Fax: +61 2 6273 3741

Monday to Friday 9:30am – 12:30pm and 2pm – 4pm

Contact us