DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Neipeal, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Neipeal

Má tá tú ag taisteal go Neipeal, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Neipeal nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Neipeal sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhb agat labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turas nó le bainistíocht d’óstáin. 

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Consalacht Oinigh na hÉireann i Neipeal agus féadfaidh siad cabhrú leat i gcás práinne. An ambasáid is gaire ná Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua san India, teil. +91(11)49403200.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat 
  • An áit ina bhfuil tú anois 
  • Do chuid sonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat. Má tá fadhb thar a bheith práinneach agat, glaoigh ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath, teil. +353(1)4780822.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó le Consalachtaí de thíortha eile AE, chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ionsaithe sceimhlitheoireachta i Neipeal, go háirithe i gceantair a mheallann easaoránaigh agus taistealaithe eachtrannacha. Leanann eachtraí aonaracha d’ionsaithe buamála (gairis phléascacha sheiftithe bheaga), lámhach agus foréigean polaitiúil i gcónaí ar fud Nicearagua lena n-áirítear Kathmandu. Ba chóir a bheith aireach in áiteanna poiblí agus comhairle áitiúil a fháil.
In Aibreán 2012, phléasc buama le linn agóide polaitiúla i Janakpur, in oirdheisceart Neipeal, in ar maraíodh ceathrar.

Phléasc buama ag an mbealach isteach go dtí an Nepal Oil Corporation (NOC) iKathmandui bhFeabhra 2012, gar d’oifigí na Cúirte Uachtaraí, an Phríomh-Aire agus ranna eile rialtais. Tuairiscítear gur maraíodh triúr agus gur gortaíodh seachtar.

Pléascadh ceithre ghaireas phléascach i Márta 2011 ar bhusanna poiblí i réigiún Terai inar maraíodh duine amháin agus ar bhain gortú do 44.

Coiriúlacht

Bíonn saoire saor ó thrioblóid ag formhór na gcuairteoirí go Neipeal. Tá coireanna mar ionsaí agus gadaíocht i leith eachtrannach áfach, ag dul i méid i gcónaí  i Kathmandú agus ar fud na tíre. Ba chóir réamhchúram ciallmhar a dhéanamh: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. 
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Cuimhnigh ar airgead a mhalartú i mbainc agus in óstáin amháin

Pas Caillte

Má chailleann tú do phas i Neipeal, féadfaidh formhór na dtaistealaithe doiciméad taistil éigeandála a fháil a thabharfaidh cead dóibh filleadh ar Éirinn.  Mura gcónaíonn tú in Éirinn, beidh ort cur isteach ar phas éigeandála ag Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua. D’fhéadfadh 7 go 10 lá a bheith i gceist chun sin a eagrú. Má chailleann tú do phas i Neipeal, beidh ort víosa fágála a fháil agus d’fhéadfadh roinnt ama a bheith i gceist leis sin.

Mionghadaíocht

Tá peasghadaíocht agus málasciobadh coitianta go maith iKathmandu, go háirithe i gceantair thurasóireachta.

Coiriúlacht thromchúiseach

Díríonn coirpigh ar aerfoirt, ar bhusanna agus ar sheomraí in óstáin agus tá líon na málaí a sciobann daoine ar rothair ghluaiste, go háirithe i gceantair atá réasúnta ciúin i nGleannKathmandu, ag dul i méid. Tá tuairiscí faoi eachtrannaigh a gortaíodh le linn na n-eachtraí seo ag dul i méid freisin.

Is minic go dtarlaíonn ionsaithe agus robálaithe tráthnóna i gceantair nach bhfuil mórán soilse iontu. Ba chóir a bheith an-aireach istoíche.

Camscéimeanna turasóireachta

Ba chóir a bheith aireach ag dul isteach i ‘dtábhairní damhsa’ mar gur ciapadh agus gur imríodh caimiléireacht ar eachtrannaigh i roinnt de na háiteanna seo, Bí aireach i gcónaí agus deochanna á nglacadh ó strainséirí, agus ná fág do dheochanna gan duine ina mbun. 

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Neipeal, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é nó do Phóiliní na dTurasóirí i  Kathmandu ag (+377) (0)1 4700750 nó do cheanncheathrú Phóilíní na dTurasóirí ag  (+377) (0)1 4247041. Agus féadfaidh tú dul i dteagmháil linn ag Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua má bhíonn cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint agus tú i Neipeal, ba chóir duit a bheith an- chúramach. Tiomáineann an trácht ar thaobh na láimhe clé, mar a dhéantar in Éirinn, ach tá riosca ag baint le taisteal ar na bóithre go ginearálta. Lean na treoirlínte bunúsacha seo:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta leat chomh maith. Má fhanann tú níos faide ná 15 lá caithfidh tú cur isteach ar cheadúnas áitiúil.
  • Bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort má bheirtear ort 
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Neipeal
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Sábháilteacht ar bhóithre

Tá an caighdeán tiomána go dona ar an iomlán ar fud na tíre agus é rialáilte go dona. Bíonn brú tráchta ar na bóithre i Kathmandu, tá cuid mhór tiománaithe ann nach bhfuil ceadúnas ceart acu, ná oiliúint ná árachas agus ní dhéantar na feithiclí  a chothabháil go maith. Is beag cosán atá ann lasmuigh de lárKathmanduagus ní ghéilleann gluaisteánaithe ceart slí do choisithe.

I rith séasúir an mhonsúin (Meitheamh go Meán Fómhair) bíonn cuid mhaith bóithre lasmuigh de ghleann Kathmandu tugtha do sciorrthaí talún agus bíonn siad dothrasnaithe.

Iompar poiblí

Tá taisteal ar bhus an-dainséarach agus is minic go dtarlaíonn tionóiscí marfacha. Seachain an taisteal ar bhusanna thar oíche.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Sábháilteacht aeir

Féadfaidh taisteal aeir intíre i Neipeal a bheith dainséarach mar gheall ar nádúr sléibhtiúil na tíre, bealaí isteach deacra ar aerstráicí agus aimsir shléibhe nach féidir a thuar. Bhí roinnt tionóiscí marfacha i Neipeal le blianta beaga anuas a raibh aerlínte intíre bainteach leo.

In 2012, thuairteáil eitilt le Agni Air a raibh 21 paisinéir ar bord gar d’Aerfort Jomson i dtuaisceart Neipeal. Maraíodh 15 duine.

In 2011, thuairteáil eitilt fámaireachta Shliabh Everest de chuid Buddha Air i gceantar Lalitpur, ó dheas deKathmandu. Fuair 19 duine bás sa tionóisc. Tharla tionóiscí dá leithéid in 2010 agus in 2008 freisin.

Seiceáil cúrsaí aimsire sula dtaistealaíonn tú le haerlínte intíre. Féadfaidh drochaimsir riosca a mhéadú agus cur le moilleanna fada. In 2011, bhí aerfort Lukla (an pointe rochtana do cheantar Shliabh Everest/Khumbu)as feidhm ar feadh seachtaine de bharr drochaimsire, rud a d’fhág cuid mhaith turasóirí ar an trá fholamh agus gan iad ábalta an nasc ar aghaidh a bhaint amach.  

Tá eolas ar shábháilteacht aerlíntí domhanda ar fáil ó iniúchadh ar mhaoirseacht sábháilteachta eitlíochta de chuid an International Civil Aviation Organisation agus ó líonra Aviation Safety.

Fálróid

Cumarsáid

Baineann taisteal go ceantair iargúlta go minic leis an bhfálróid i Neipeal, áit a bhfuil seirbhísí teileafóin agus idirlín an-teoranta ar fad. Is minic go dtógann sé cúpla lá níos mó ná mar a bhítear ag súil leis chun na fálróidí seo a dhéanamh agus bíonn gaolta agus cairde imníoch nuair nach bhfaigheann siad scéala ó fhálródaí nuair a bhíonn coinne leis.

Árachas

Má tá sé i gceist agat fálróid a dhéanamh i Neipeal tá sé thar a bheith tábhachtach go gclúdaíonn d’árachas tú don airde a bhfuil tú ceaptha siúl inti.

Treoraithe

Bain úsáid i gcónaí as cuideachta fálróide chreidiúnach mar go bhfuil roinnt treoraithe bradacha ann a robáil lucht fálróide más fíor. Fostaigh treoraí agus cinntigh go bhfuil do threoraí fálróide nó an chuideachta cláraithe le Trekking Agency Association of Nepal, agus go bhfuil siad tar éis d’fhálróidse a chlárú le Córas Bainistithe Eolais Fálródaithe.

Moltar duit go láidir fanacht ar bhealaí seanbhunaithe, agus siúl i ngrúpaí. Ná téigh ag siúl leat féin agus seachain nach scarfar ó do ghrúpa tú.

Cúrsaí taistil

Tabhair cóip de do chúrsa taistil do chara agus/nó do dhuine den teaghlach agus d’Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua freisin. Ná himigh ón gcúrsa taistil sceidealaithe gan chara/ball den teaghlach a chur ar an eolas maidir le do phleananna nua. Cinntigh go bhfuil tú ar an eolas faoi chomharthaí na géar-míbhaile airde (AMS).

Sábháilteacht

Bhí tuairiscí ann gur robáladh lucht fálróide. Tuairiscíodh teagmhais aonaracha éignithe freisin ar bhealaí siúlóide agus ba chóir do thaistealaithe mná ach go háirithe a bheith aireach.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr áitiúil

Ba chóir duit ómós a bheith agat do ghnásanna áitiúla agus gléasadh go coimeádach. Ba chóir do mhná éadach gearr agus barréidí gan muinchillí a sheachaint in áiteanna poiblí áit ina gceapfaí b’fhéidir go raibh sé míchuí. Ba chóir bróga a bhaint roimh dhul isteach in áiteanna naofa áirithe. Níl cead isteach i dteampaill áirithe ag daoine nach Hiondúigh iad.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar dianphionóis ar choireanna bainteach le drugaí. Is féidir go ngearrfaí tréimhse phríosúin níos mó ná cúig bliana, tar éis próisis dhlíthiúil fhada chostasaigh, faoin méid is lú marijuana a bheith ina sheilbh ag duine.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Monsún

Féadfaidh taisteal i gceantair thuaithe le linn séasúir an Mhonsúin (Meitheamh – Meán Fómhair) a bheith dainséarach agus ní mór duit a bheith aireach. Bíonn tuile agus sciorradh talún de thoradh ar bháisteach na Monsún agus is féidir leo bailte agus sráidbhaile a scoitheadh amach ar feadh roinnt laethanta. Ba chóir duit bealaí rochtana a sheiceáil sula dtosaíonn tú ar thuras.

Maidhm shneachta/sciorradh talún

Tá creatháin talún coitianta go maith sa réigiún seo agus is féidir go mbeadh sciorrthaí talún agus maidhmeanna sneachta de thoradh orthu i réigiúin shléibhtiúla chnocacha. In 2012, ba mhaidhm shneachta/sciorradh talún ba chúis le maidhm thuile ar Abhainn Seti i réigiún Kaski ó thuaidh de Pokhara in ar maraíodh daoine.  Bí ar an airdeall faoi bhaol sciorrthaí talún agus maidhmeanna tuile i réigiúin shléibhtiúla agus feadh bruacha abhann.

Creathanna talún

Meastar go bhfuil baol ard i Neipeal go dtarlóidh crith talún ollmhór. I gcás creatha talún mór bheadh an cúnamh a d’fhéadfaí a thabhairt do shaoránaigh na hÉireann thar a bheith teoranta. Sa chás go ndéanfaí damáiste do bhóithre móra agus don aerfort idirnáisiúnta, d’fhéadfadh nach bhféadfaí daoine a aistriú amach as an áit ar feadh roinnt laethanta.

Tharla dhá chrith talún an-láidir i Neipeal i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2015, a d'fhág go ndearnadh damáiste forleathan do chodanna éagsúla den tír. Bhí na creathanna talún ina gcúis le damáiste bonneagair agus sciorrthaí talún agus d'fhág siad go leor bóithre i staid leochaileach.

Áirítear ar na réigiúin a molaimid gan dul chucu ach amháin má tá an taisteal riachtanach: campa bonn Shliabh Everest agus bealaí aistir réigiúnacha Shliabh Everest, Dhading, Dolakha, Dolpa, Gorkha, Humla, Kavrepalanchoka, Lamjung, Manang, Mugu, Mustang, Nuwakot, Okhaldhunga, Ramechhap, Rasuwa, Sankhuwasabha, Sindhupalchok, Solukhumbu agus Taplejung.

Molaimid freisin gur chóir do shaoránaigh a bheith fós an-chúramach agus iad ag tabhairt cuairte ar limistéir eile de Neipeal nach bhfuil tagairt shonrach dóibh thuas.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura mbíonn tú cinnte faoi riachtanais iontrála do Neipeal, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid Neipeal i Londain nó leis an Ambasáid nó an Chonsalacht de chuid Neipeal is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.  

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Neipeal.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Nepal, please contact Embassy of Ireland India.

Embassy of Ireland
C17 Malcha Marg
Chanakyapuri
New Delhi 110 021
India

Tel: +91 11 4940 3200
Fax: +91 11 4059 1898

Monday to Friday 09:00-13:30 and 14:40-17:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr Manoj Shrestha
Honorary Consul of Ireland
G.P.O box: 1665
New Everest Construction PvT. Ltd.
Naya Baneshwor, Kathmandu
Nepal

Tel: +977 1 4780518

Email: Email us