DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go Ireland.ie/ga/dfa/saoranacht. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/saoranacht.

Saoránacht

Más saoránach Éireannach tú, ciallaíonn sé sin go n-aithnítear go foirmiúil tú mar náisiúnach de chuid na hÉireann agus mar shaoránach de chuid an Aontais Eorpaigh. Tugtar cearta áirithe duit leis, lena n-áirítear an ceart chun pas Éireannach a shealbhú, bheith i do chónaí agus ag obair in Éirinn agus san AE, agus cúnamh consalachta a fháil ó ambasáidí agus ó chonsalachtaí Éireannacha thar lear.

Tá an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais freagrach as breith a thabhairt i dtaobh cé atá i dteideal saoránacht Éireannach agus is é Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ), a bhaineann leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais,  a dhéileálann le gach iarratas agus ceist maidir le saoránacht.

Sa Roinn seo, ní dhéanaimid próiseáil ach amháin ar iarratais ar shaoránacht trí Chlárúchán breitheanna coigríche.

Clárú Breitheanna Coigríche

Próiseálann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála iarratais ar Chlárú Breitheanna Coigríche (saoránacht ó ghinealach).

Is próiseas mionsonraithe agus casta é le breith coigríche a chlárú, agus is minic a bhíonn ar dhaoine cáipéisíocht a bhaineann le trí ghlúin agus a eisíodh i ndlínsí éagsúla a bhailiú. Tháinig méadú ar líon na n-iarratas a fhaigheann an Roinn chuige seo ach tháinig méadú ar líon na n-iarratas neamhiomlán a fuarthas chomh maith. Bíonn an tréimhse próiseála níos faide nuair a theastaíonn soiléiriú ar an iarratas nó nuair a theastaíonn tuilleadh cáipéisí. Anuas air sin, cuireann próiseáil na n-iarratas neamhiomlán seo moill ar phróiseáil na n-iarratas iomlán.

Tógann sé idir 6 agus 12 mhí le hiarratais a phróiseáil ón dáta ar cuireadh gach ceann de na cáipéisí riachtanacha isteach chuig an bhfoireann do Chlárú Breitheanna Coigríche. Próiseáladh 88% d’iarratais ar Chlárú Breitheanna Coigríche laistigh de shé mhí sa bhliain 2018.

Chruthaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála foireann nua atá tiomnaithe do Chlárú Breitheanna Coigríche mar fhreagra ar an éileamh méadaithe seo, rinneadh athbhreithniú ar ár bpróisis agus athraíodh iad go mbeidís níos éifeachtaí, agus cuireadh feabhsuithe i bhfeidhm ar mhaithe le héifeachtúlacht agus slándáil chomh maith. Beimid in ann líon méadaithe na n-iarratas a bhainistiú ansin mar thoradh ar na próisis nua seo agus ar an éifeachtacht a chruthófar dá mbarr. Cuirfear na feabhsuithe sin i bhfeidhm sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.

Bhunaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Mol lárnach le deireanaí i gcomhair Seirbhísí do Chustaiméirí chun gach ceist a bhaineann le clárú breitheanna coigríche / saoránacht ó ghinealach, agus le hiarratais ar phas a fhreagairt. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach ar an teileafón amháin chun an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár gcustaiméirí a fheabhsú agus le cinntiú go gcomhlíonaimid reachtaíocht GDPR agus reachtaíocht um Chosaint Shonraí.

Ní phróiseálann ár nAmbasáid i Londain ná an Ard-Chonsalacht i nDún Éideann iarratais ar Chlárú Breithe Coigríche níos mó, mar cuirtear na seirbhísí sin ar fáil tríd an bhfoireann do Chlárú Breitheanna Coigríche i mBaile Átha Cliath amháin. Ba cheart ceisteanna faoi iarratais ar Chlárú Breitheanna Coigríche a sheoladh chuig an Mol um Sheirbhísí do Chustaiméirí agus déanfaidh an fhoireann sin na ceisteanna a fhreagairt ar an teileafón.