DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Libia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Libia

Má tá tú ag taisteal chun na Libia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Libia nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Libia sula dtéann tú ann. 

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Libia, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má theastaíonn cúnamh uait áfach, is féidir teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann sa Róimh san Iodáil.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Aonad um Chúnamh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tá imní ort faoi chúrsaí sa Libia, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Chúnamh Consalar ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Tráchtála i mBaile Átha Cliath ag  +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Mar gheall ar an staid slándála sa Libia, moltar duit gan dul ann ag an am seo. I Meán Fómhair 2012, rinneadh ionsaí ar Chonsalacht SAM i Benghazi inar maraíodh daoine agus tá seans ann go dtarlóidh tuilleadh eachtraí foréigneacha ar fud na tíre.

Tá seirbhísí riachtanacha lena n-áirítear seirbhísí sláinte agus slándála srianta ar fud na tíre go fóill. Ní chóir taisteal ar bhóthair chun na Libia ach amháin má tá sé dosheachanta agus ní mór a bheith an-chúramach.

Léirsithe

Tá forbairtí réigiúnacha in ann corraíl phobail a spreagadh. Ba chóir duit a bheith an-chúramach agus léirsithe agus cruinnithe poiblí a sheachaint. D’fhéadfadh coimhlintí foréigneacha tarlú idir grúpaí armtha ar fud na tire, go háirithe san oíche, agus fiú sna háiteanna sin ar éirigh leo coimhlint a sheachaint roimhe seo. Bí ar an eolas i gcónaí faoin méid atá ag tarlú thart ort trí súil a choinneáil ar na meáin áitiúla agus fanacht i teagmháil le d’óstán nó le d’eagraí turas.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ginearálta ó sceimhlitheoireacht sa Libia mar aon leis an gcuid eile de réigiún na hAfraice Thuaidh. D’fhéadfadh ionsaithe a bheith neamh-idirdhealaitheacha agus dírithe ar dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn eachtrannaigh. Rinne grúpaí armtha ionsaí ar Chonsalacht na Stát Aontaithe i Meán Fómhair 2012, inar maraíodh daoine agus d’fhéadfadh eachtraí eile a bhaineann le leasanna an iarthair tarlú. I Lúnasa 2012, rinneadh ionsaithe arm tine troma agus éadroma ar champún cónaithe Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge i Misrata.

Coiriúlacht

Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar in aghaidh coiriúlachta a dhéanamh sa Libia: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Libia, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann sa Róimh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Libia, ba chóir duit a bheith an-chúramach agus cloí leis na treoirlínte bunúsacha seo a leanas:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Libia, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Léiríonn dlíthe áitiúla gur tír Moslamach í an Libia. Ba chóir duit meas a bheith agat ar ghnásanna agus íogaireachtaí áitiúla, go háirithe i rith na míosa naofa Ramadan. Moltar duit éadaí coimeádacha a chaitheamh i gcónaí, a chlúdaíonn do ghéaga, do ghuaillí agus do chosa.

Le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh ithe, ól nó tobac a chaitheamh le linn uaireanta an lae. Lena chinntiú nach maslóidh tú iad, ní chóir dui tithe, ól nó tobac a chaitheamh go poiblí le linn an ama seo.

Maireann an tseachtain oibre ón Domhnach go dtí an Déardaoin.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis dhiana ar choireanna drugaí sa Libia lena n-áirítear pionós an bháis agus príosúnacht saoil.

Alcóil

Tá díol agus ól alcóil in aghaidh an dlí agus gearrtar píonóis dhiana as alcóil a úsáid nó a bheith i do sheilbh agat. Ní chóir duit, i gcás ar bith, iarracht a dhéanamh alcóil a thabhairt isteach sa tír.

Céannacht phearsanta

Ní mór duit cáipéisí céannachta a bheith ar iompar agat an t-am ar fad.

Forfheidhmiú an dlí

Gearrtar pionóis ghéara má dhéantar cáineadh ar an tír, ar an gceannaireacht nó ar an creideamh.

Iompar gnéasach

Meastar gur cion coiriúil é homaighnéasachas sa Libia. Is féidir pionós a ghearradh ar chaidreamh gnéis taobh amuigh den phósadh faoin dlí. Moltar duit a bheith discréideach agus cúramach i gcónaí.

Grianghrafadóireacht

Tá grianghrafadóireacht i ngar do láithreáin nó pearsanra míleata mídhleathach agus d’fhéadfaí tú a ghabháil nó a choimeád mar thoradh air sin.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Weather text removed

Embassy contact

Embassy Contact

If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy at (+39) 06 5852 381 and leave a message on the answering machine.

The answering machine is monitored regularly, and the Duty Officer will contact you as soon as possible

Embassy of Ireland
Villa Spada
Via Giacomo Medici
1-00153 Roma
Italy

Tel: +39 06 585 2381
Fax: +39 06 581 3336

Monday – Friday 9:15am to 1:00pm & 2:15pm to 5:30pm

Contact us