DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSúdáin Theas, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSúdáin Theas

Má tá tú ag taisteal chun na Súdáine Theas, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tá staid na slándála sa tSúdáin Theas luaineach agus dothuartha, mar gheall ar choinbhleacht armtha, foréigean fo-náisiúnta agus leibhéil arda de choireacht fhoréigneach. D’fhéadfadh an staid slándála in Juba dul in olcas gan mórán foláirimh. Tá tuairiscí laethúla ar throid ar fud an chuid eile den tír. Tá réigiún an Equatoria agus na limistéir teorann leis an tSúdáin agus leis an Aetóip thar a bheith éagobhsaí. Tá ár nuashonruithe is déanaí ar fáil ar @DFATravelwise agus ar an suíomh Gréasáin seo. Má tá aon imní ort ba chóir duit dul i dteagmháil le hAmbasáid na hÉireann in Addis Ababa, nó lenár nAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.

Molaimid gan taisteal chuig an tSúdáin Theas, lena n-áirítear an phríomhchathair Juba. Mura bhfuil aon ghá práinneach agat le fanacht, molaimid duit imeacht má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh. Ba cheart do náisiúnaigh na hÉireann a roghnaíonn fanacht sa tSúdáin Theas fanacht san airdeall ar an staid slándála áitiúil, monatóireacht a dhéanamh ar na meáin agus fanacht in áit shábháilte. Má tá tú lasmuigh de Juba, ba chóir duit do bhreithiúnas féin a fheidhmiú, bunaithe ar an eolas atá agat ar an gcás áitiúil, maidir le cibé an bhfuil sé níos sábháilte iarracht a dhéanamh teacht ar Juba nó fanacht san áit a bhfuil tú.

Chun tuilleadh eolais a fháil léigh an mhír maidir le sábháilteacht agus slándáil ar an leathanach seo.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSúdáin Theas nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Toisc nach bhfuil aon Ambasáid Éireannach sa tSúdáin Theas, moltar duit freisin clárú go háitiúil le Ambasáid na Breataine i Juba.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin tSúdáin Theas sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Mar gheall nach bhfuil aon Ambasáid ná Consalacht Éireannach sa tSúdáin Theas, táimid teoranta sa mhéid cúnaimh is féidir linn a thairiscint i gcás éigeandála. Ach, má theastaíonn cúnamh uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Addis Ababa, an Aetóip, nó le hAmbasáid na Breataine i Juba.  

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht leis na sonraí seo a leanas:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le Ambasáidí nó le Consalachtaí thíortha AE eile chun cúnamh, comhairle agus tacaíocht consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ag cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Faigh tuilleadh eolais faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Réigiúin na teorann

Moltar duit gach taisteal chuig na réigiúin ar theorainn na Súdáine (an Níl Uachtair, Unity, na Stáit Bar el Ghazal ó Thuaidh agus san Iarthar). Tá codanna den teorainn idir an tSúdáin agus an tSúdáin Theas nach bhfuil leagtha amach ar léarscáil fós, agus níl stádas roinnt de na grúpaí armtha feadh na teorann beartaithe go fóill. Mar thoradh air sin bhí diantrodaíocht ann le roinnt míonna sna réigiúin atá faoi dhíospóid, chomh mar le buamáil ón aer.

Moltar duit freisin gan taisteal chuig réigiúin atá ar an teorainn le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC) agus le Poblacht na hAfraice Láir (CAR). Toisc Arm Frithbheartaíochta an Tiarna (LRA) a bheith i láthair laistigh den DRC agus CAR bíonn ionsaithe trasteorann isteach sa tSúdáin Theas. In 2012, rinne Aontas na hAfraice ionsaí míleata i gcomhar in aghaidh an LRA. Is é an toradh a bhí le hionsaí i gcomhar a rinneadh roimhe seo gur ionsaigh an LRA  an daonra sibhialtach i sráidbhailte atá lonnaithe sna ceantair teorann san iarthar. Tá baol níos airde go dtarlódh ionsaithe agus fuadach san réigiún sin.

Stát Jonglei

Moltar gan taisteal go Stát Jonglei. Is é an toradh a bhí le foréigean idir phobail mar gheall ar úinéireacht talún agus fuadach eallaigh roimhe seo gur fuadaíodh daoine agus go ndearnadh bearta díoltais. Tuairiscíodh na céadta a bheith maraithe agus na mílte daoine a bheith á n-aslonnú mar gheall ar throideanna idir an ‘tArm Bán’ agus grúpaí Murle.

Moltar duit gan taisteal in aon chor chuig na ceantair eile sa tír ach amháin má tá géarghá leis.

Má tá tú i do chónaí sa tSúdáin Theas nó ag taisteal ann, coinnigh súil ar an gcás slándála is déanaí agus bí ullamh fágáil ar ghearrfhógra. Cinntigh go bhfuil do víosa agus na cáipéisí taistil cothrom le dáta i gcónaí.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol sceimhlitheoireachta i ngach réigiún sa tSúdáin Theas.

Coiriúlacht

Bíonn ropairí fairsing sa tSúdáin Theas agus an choiriúlacht ag dul i dtreise ann, sna lárionaid daonra agus i gceantair faoin tuath araon. Tá gunnaí i seilbh formhór den daonra. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Tabhair leat roinnt fótachóipeanna de do phas ar fhaitíos go ngoidfí nó go gcaillfí do phas.  Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí, go háirithe má bhíonn tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Má bhíonn tú ag dul isteach i mbanc, bí ar an airdeall faoin méid atá ar siúl thart timpeall ort agus ar aon duine a bheadh ag faire ort. Má bhíonn tú ag aistarraingt airgid nó ag athrú airgid, d’fhéadfadh robálaithe faoi airm díriú ort agus tú ag fágáil.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Bí ag faire amach ar fhaitíos go mbeadh daoine ag leanúint d’fheithicil agus bí cúramach agus tú ag fágáil na feithicle
  • Má thagann ionsaitheoirí faoi airm amach romhat, fág an ceantar láithreach, má bhíonn sé sábháilte sin a dhéanamh. Mura bhfuil, ba chóir duit a dhéanamh mar a ordaíonn na hionsaitheoirí agus gan diúltú dóibh

Juba

Tá cathair Juba ag dul i méid go tapa agus tá éagsúlacht mhór idir saibhreas na n-eachtrannach agus formhór den daonra.  Ná téigh amach san oíche ach amháin más gá agus ná siúl in aon áit tar éis thitim na hoíche. Tá gunnaí fairsing agus ba chóir duit a bheith ar an eolas go mbíonn airm ar iompar ag coirpigh.

Tá leibhéal ard slándála in Juba, go háirithe san oíche, agus go háirithe ag acomhail bóithre agus ag foirgnimh rialtais. Tiocfaidh tú ar sheicphointí slándála agus ba chóir duit a bheith ullamh freagairt dóibh go socair, foighneach agus ar shlí mheasúil.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSúdáin Theas, cuir é sin in iúl do na póilíní áitiúla láithreach. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Addis Ababa, san Aetóip má theastaíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé beartaithe agat tiomáint agus tú sa tSúdáin Theas, ba chóir duit a bheith fíor chúramach. Tá coinníollacha agus caighdeáin na tiomána sa tSúdáin Theas i bhfad níos ísle ná iad sin atá i bhfeidhm in Éirinn. Is beag bóthar a bhfuil dromchla orthu agus a ndéantar cothabháil orthu. San oíche, is beag príomhbhóthar a bhfuil soilse sráide orthu agus is beag gluaisrothar, carr agus leoraí a bhfuil soilse orthu.  D'fhéadfadh bóithre a bheith comhdhéanta de bhealach garbh agus i go leor ceantar, ní bhíonn sin féin ann sa séasúr fliuch. Má théitear ar thurais nach leanann mórbhealach nó mórbhóthar, ba chóir go mbeadh treoraí áitiúil ann a mbeadh taithí acu ar an áit. Má tá sé i gceist agat tiomáint, ba chóir duit cloígh leis na nithe seo a leanas:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Súdáine Theas, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Ganntanais breosla

Bí ag súil go mbeidh ganntanas mór breosla ann cibé uair a bhíonn teannas ard idir an tSúdáin agus an tSúdáin Theas.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Tá baol mór ann go mbeifeá i dtimpiste bóthair agus tú ar iompar poiblí, mar nach bhfuil do leor de na feithiclí sábháilte.

Sábháilteacht aeir

Ní féidir linn a bheith cinnte go gcloítear le nósanna imeachta cothabhála ar aerárthaigh a úsáidtear d’eitiltí inmheánacha agus nuair is féidir níor chóir duit taisteal ar eitleáin atá ar liosta na n-eitleán atá toirmiscthe ag an AE

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis tromchúiseacha ar gháinneáil drugaí sa tSúdáin Theas. 

Iompar gnéis

Ní ghlactar le caidrimh lasmuigh den phósadh i gcultúr na tíre. Tá hómaighnéasachas neamhdhleathach. Moltar a bheith cúramach agus a bheith discréideach an t-am ar fad.

Céannacht phearsanta

Tabhair leat roinnt fótachóip de do phas agus bíodh fótachóip de do phas ar iompar agat i gcónaí i rith do thréimhse sa tSúdáin Theas.

Grianghrafadóireacht

Bíonn gá le cead grianghrafadóireachta foirmiúil ón rialtas chun dul i mbun na grianghrafadóireachta sa tSúdáin Theas. Is féidir leat cead a fháil trí iarratas a dhéanamh ar Aire Faisnéise GoSS. Moltar duit gan aon ghrianghraif a ghlacadh gar d’fhoirgnimh rialtais, ionaid mhíleata, áiseanna poiblí (stáisiúin pheitril) agus áiteanna íogair eile (e.g. droichid, aerfoirt, etc).

Beáir agus clubanna oíche

Tá sé socraithe ag an Aireacht Inmheánach go gcaithfidh beáir dúnadh ag 11pm agus clubanna oíche ag meán oíche i gcathair Juba. Bí ar an eolas maidir leis na hamanna dúnta sin mar d’fhéadfadh póilíní labhairt leat nó tú a ghabháil nó a choinneáil dá mbeadh tú i mbeár nó i gclub oíche tar éis na hamanna sin.

Sláinte

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Bíonn triomach agus tuilte gan choinne forleathan sa tSúdáin Theas.

Tuile

Má tá sé i gceist agat taisteal ar an talamh chuig ceantair iargúlta sa tSúdáin Theas i rith séasúr na báistí ba chóir duit a bheith ar an eolas nach bhféadfaí dul chomh fada le ceantair áirithe ar na bóithre mar gheall ar thuilte.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar an tSúdáin Theas. Mura bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tSúdáin Theas, cuir ceist ar an ngníomhaire taistil nó téigh i dteagmháil le Ambasáid na Súdáine Theas i Londain.  

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cé chomh fada agus a bhíonn ar do phas a bheith bailí.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóip de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na Súdáine Theas agus ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do thréimhse ann.

Sláinte

Sula dtéann tú chun na Súdáine Theas, ba chóir duit labhairt le dochtúir faoi na vacsaínithe a bheidh riachtanach.

Saoráidí liachta

Sa tSúdáin Theas, Juba san áireamh, níl caighdeáin na saoráidí liachta chomh ard agus atá siad san Iarthar. Bheadh gá le haslonnú chuig Nairobi (an Chéinia) nó chuig Kampala (Uganda) i gcás fadhbanna liachta tromchúiseacha. Tabhair ar aird go mbíonn ar eitiltí fanacht ar an talamh ar feadh uaireanta an chloig le linn shéasúr na báistí. Mar sin má bhíonn fadhbanna liachta agat ba chóir duit smaoineamh ar na srianta sin sula dtéann tú ag taisteal.

Galair feithid-iompartha

Tá galair feithid-iompartha coitianta sa tSúdáin Theas agus bíonn cineálacha frithsheasmhacha chloroquine de mhaláire plasmóidiam falciparum, léismeainiáis agus dracunculiasis fairsing ann. Bíonn cuileoga Nairobi coitianta ann i rith tréimhsí áirithe den bhliain, i ndiaidh titim mhór báistí.

Galair uisce-iompartha agus bia-iompartha

Bíonn galair uisce-iompartha agus bia-iompartha coitianta sa tSúdáin Theas. Áirítear orthu salmonella, calar, tíofóideach, shigella, giardia, heipíteas A agus amoebiasis.

Uisce

Ba chóir duit uisce buidéil nó uisce beirithe a ól agus ná glac le hoighear i ndeochanna.

Airgead

Ní féidir cártaí creidmheasa/dochair ná seiceanna taistil a úsáid sa tSúdáin Theas. Ní féidir leat airgead tirim a fháil le cártaí creidmheasa sna bainc agus ní ghlactar le cártaí creidmheasa ag óstáin chun billí a íoc. Agus ní ghlactar le seiceanna taistil ach oiread trí chóras baincéireachta áitiúil na Súdáine Theas.

Cinntigh go bhfuil dóthain airgeadra crua agat, dollair na Stát Aontaithe is fearr, chun costais a íoc le linn do thréimhse sa tír. Ní ghlacfaidh gnólachtaí sa tSúdáin Theas go ginearálta le dollair na Stát Aontaithe a bhíonn priontáilte roimh 2006, ná le nótaí a bhíonn gearrtha nó a mbíonn damáiste eile orthu. Seiceáil go bhfuil na nótaí a thugann tú leat nua go maith agus i riocht maith.