DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bheilís, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bheilís

Má tá tú ag taisteal chun na Beilíse, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.   

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun na Beilíse

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Beilíse ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

D’fhéadfadh ceanglais sláinte phoiblí athrú ar gearrfhógra. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Bhord Turasóireachta na BeilíseTaisteal i mBeilís nó Údarás Phort na Beilíse.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht Éireannach sa Bheilís, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála.  Má tá cás éigeandála ann, áfach, tá an Ambasáid Éireannach is gaire i gCathair Mheicsiceo.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Coireacht

Ba cheart duit réamhchúraim a dhéanamh in aghaidh coireacht sráide. Rinneadh eachtraí foréigneacha ó am go chéile in aghaidh turasóirí. Ba cheart duit aire a thabhairt go háirithe sa réigiún i nDeisceart Chathair Bheilís de thoradh coire ghunna agus foréigin a eascraíonn as dronga.

Séasúr na hairicíní

Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí an Mheithimh go mí na Samhna go hiondúil sa Bheilís. I rith shéasúr na hairicíní, ba cheart duit monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe ó údaráis áitiúla agus na meáin roimh thaisteal duit chun na Beilíse ná timpeall uirthi.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Víreas Zika 

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin  An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Beinin agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays.

If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +52 55 5520 5803.

Embassy of Ireland
Goldsmith 53
Piso 4
Polanco
Miguel Hidalgo,
Ciudad de México,
México

Tel: +52 55 5520 5803

Monday to Friday 09:30 to 13:30

Contact us