DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Mhongóil, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Mhongóil

Má tá tú ag taisteal chun na Mongóile, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Mongóil nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Mongóil sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin. 

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Mhongóil, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i mBéising sa tSín.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Coiriúlacht

Tarlaíonn coiriúlacht fhoréigneach sa Mhongóil, i rith an lae fiú, agus ar shráideanna gnóthacha. Táthar ag díriú níos mó agus níos mó ar eachtrannaigh i gcoiriúlacht sráide, go háirithe in Ulaanbaatar agus i gcathracha móra eile agus i gceantair thurasóireachta. Déan réamhchúram ciallmhar i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat - fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Fan ar shráideanna gnóthacha le solas maith agus ná siúil asat féin tar éis thitim na hoíche

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Mhongóil, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBéising má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Mhongóil, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá an caighdeán tiomána agus cothabhála feithiclí go dona, agus tá drochphlódú tráchta in Ulaanbaatar agus tarlaíonn go leor timpistí tráchta. Níl mórán bóithre ar féidir taisteal orthu i ngach cineál aimsire, go háirithe lasmuigh de Ulaanbaatar. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Mongóile, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Taisteal áitiúil

D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat mar gheall ar infreastruchtúr tearcfhorbartha na Mongóile, dá bhrí sin bí ullmhaithe go maith. Tabhair soláthairtí leat agus déan pleananna teagmhais, má tá tú ag taisteal lasmuigh den phríomhchathair.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

De réir an dlí, tá de cheangal ort do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí agus tú ag taisteal sa Mhongóil, agus do chárta cónaithe más i do chónaí sa Mhongóil atá tú.

Dé-náisiúntacht

Ní aithnítear dé-náisiúntacht sa Mhongóil agus d’fhéadfadh sé sin ár gcumas cúnamh consalachta a thabhairt do dhé-náisiúnaigh de chuid na hÉireann/na Mongóile a ghabhtar nó a choinnítear a theorannú.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Bíonn teochtaí an-ísle agus an-arda sa Mhongóil a théann ó -35°C sa gheimhreadh go +35°C sa samhradh.

Crith Talún

Tá an Mhongóil suite i gcrios seismeach gníomhach. Má tá tú ag taisteal chun na Mongóile nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad le déanamh i gcás éigeandála agus go bhfuil a fhios agat seoladh agus uimhir theileafóin Ambasáid na hÉireann i mBéising, sa tSín.

Tuilte

Bíonn séasúr báistí gearr ann ó lár mhí Iúil go lár Mheán Fómhair.

Stoirmeacha deannaigh

Tarlaíonn stoirmeacha deannaigh idir Bealtaine agus Meitheamh.

 

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Mongóile, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Mongóile.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Clárú

Má tá sé i gceist agat fanacht sa Mhongóil ar feadh níos mó ná 30 lá nó mura bhfuil víosa iontrála/fágála agat, caithfidh tú do chuairt a chlárú le Gníomhaireacht Inimirce na Mongóile in Ulaanbaatar laistigh de sheachtain ón am a dtagann tú chun na Mongóile.

Víosa fágála

Más rud é go mbíonn tú sa Mhongóil ar feadh níos mó ná 90 lá, caithfidh tú víosa fágála a fháil leis an tír a fhágáil. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh trí oifig Ghníomhaireacht Inimirce na Mongóile – tógann sé 10 lá an t-iarratas a phróiseáil de ghnáth.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Mongóile.

Saoráidí liachta

Tá saoráidí liachta sa Mhongóil an-teoranta agus ní bhaineann siad formhór de chaighdeáin an Iarthair amach, go háirithe i gcás riachtanas cúram sláinte éigeandála. Tabhair soláthairtí liachta bunúsacha leat, lena n-áirítear aon ghnáthdhrugaí ar oideas.

Uisce

Níl sláintíocht i roinnt bialann leordhóthanach, go háirithe lasmuigh de Ulaanbaatar. Ól uisce buidéalaithe agus bain leas as gnáthbhearta sábháilteachta eile le do shláinte a chosaint.

Truailliú Aeir

Bíonn fadhb mhór le truailliú aeir i rith an gheimhridh, agus ba chóir duit pleanáil dá réir sin má tá fadhbanna análaithe nó fadhbanna sláinte eile agat.

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
3 Ritan Dong Lu
Chaoyang District
Beijing 100600
People's Republic of China

Tel: +86 10 8531 6200
Fax: +86 10 6532 6857

Monday to Friday 09:00-12:30 and 13:30-17.00.

Irish Citizens seeking emergency consular assistance outside office hours (including weekends and holidays) should contact the Embassy duty phone on +86 13801056774.

Contact us