DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Táidsíceastáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Táidsíceastáin

Má tá tú ag taisteal chun na Táidsíceastáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Táidsíceastáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Táidsíceastáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Dóiteáin: 01

Póilíní: 02

Otharcharr: 03

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Táidsíceastáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Moscó i gCónaidhm na Rúise má tá cabhair uait.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá cúrsaí slándála sa Táidsíceastáin cobhsaí faoi láthair.  Ach, ba chóir duit a bheith ar an airdeall mar sin féin in áiteanna poiblí agus maidir le haon fhógraí ó na póilíní maidir le slándáil.

Moltar go láidir gan taisteal in aon chor chuig réigiún Gorno-Badakhshan, lena n-áirítear cathair Khorog. Tá réigiún Gorno-Badakhshan suite tuairim is 500km soir ó dheas de Dushanbe, príomhchathair na Táidsíceastáine. There are ongoing clashes between the security forces and militants in this area, and the security of foreign nationals cannot be guaranteed.

Moltar go láidir freisin gan taisteal in aon chor chuig Fothar Kamarob i réigiún Rasht.

Tá eachtraí armtha ar leanúint idir fórsaí teorann agus gáinneálaithe drugaí feadh teorainn na hAfganastáine. D'fhéadfadh tíortha comharsanachta teorainneacha a dhúnadh go haontaobhach ar bhonn sealadach.

Léirsithe

Ba chóir duit aon léirsithe ná tionóil mhóra daoine a sheachaint. Má fhaigheann tú eolas faoi aon fhoréigean i ngar duit, fág an áit láithreach. Coinnigh tú féin ar an eolas maidir le forbairtí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus bí ar an airdeall.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol leanúnach ó sceimhlitheoireacht sa Táidsíceastáin chomh maith le tíortha eile san Áise Láir. Bí ar an airdeall in áiteanna poiblí agus bí ag faire amach d’aon fhógraí slándála ó na póilíní. Tá ionsaithe neamh-idirdhealaithe déanta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear in áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Fuadach

D’fhéadfadh náisiúnaigh eachtracha a bheith ina dtargaidí fuadaigh ionchais sa Táidsíceastáin, dá bhrí sin lean na réamhchúraim bhunúsacha seo:

  • Faigh comhairle ó do theagmhálacha áitiúla maidir le coinneáil sábháilte
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe idir chathracha
  • Seachain taisteal asat féin
  • Déan cinnte go bhfuil doirse uile an chairr faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Athraigh na bealaí a thógann tú agus na hamanna a fhágann tú – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú

Tabhair aird ghéar ar na meáin áitiúla do thuairiscí ar ghníomhaíochtaí fuadaigh

Mianaigh talún

Ná himigh den bhóthar in gceantair atá díreach le hais teorainneacha na hAfganastáine, na hÚisbéiceastáine agus na Cirgeastáine, mar go bhfuil loig mhianach marcáilte agus neamh-mharcáilte araon iontu. Faigh comhairle áitiúil i réigiún Tavildara i lár na Táidsíceastáine mar go bhfuil cúpla log mianach sna sléibhte ó aimsir an chogaidh cathartha.

Idirchaidreamh áitiúil

Níl infreastruchtúr turasóireachta forbartha fós sa Táidsíceastáin, agus dá bhrí sin ba chóir duit socrú a dhéanamh le gnólacht áitiúil fhreagrach, NGO, eagraíocht turasóireachta nó eile casadh leat nuair a bhainfidh tú an áit amach agus a bheith mar threoraí agat.

Coiriúlacht

Tarlaíonn mugáil agus mionchoiriúlacht in aghaidh eachtrannach uaireanta, ach tá Dushanbe, príomhchathair na Táidsíceastáine réasúnta sábháilte agus is beag fianaise atá ann maidir le coiriúlacht dírithe ar eachtrannaigh ar fud na tíre. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Ná fág deochanna gan duine ina mbun i mbeáir ná i mbialanna áitiúla agus ná glac le deochanna ó strainséirí
  • Níor chóir do chuairteoirí aonair ach go háirithe, síob a ghlacadh ó strainséirí

Taistealaithe mná

Ba chóir do mhná aonair seachaint dul amach astu féin san oíche i gceantair thuaithe, agus d’fhéadfaí iad a chiapadh fiú i rith an lae.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Táidsíceastáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Moscó má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Táidsíceastáin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Ní dhéantar bóithre lasmuigh de na príomhbhailte a chothabháil go maith agus is minic nach féidir rochtain a fháil orthu ach le 4WD. Ní dhéantar feithiclí áitiúla a chothabháil go maith agus tá na caighdeáin tiomána bunúsach. D’fhéadfadh stáisiúin pheitril a bheith teoranta lasmuigh de bhailte agus níl aon chuideachtaí ann le haghaidh carranna a bhriseann síos.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Táidsíceastáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Déan cinnte gach a theastaíonn uait le haghaidh do thuras a thabhairt leat agus fág do dhóthain ama do mhoilleanna
  • Moltar slite cumarsáide éigeandála mar fóin shatailíte do thaisteal ardchríche
  • Níor chóir taisteal ar bhóithre ach amháin le solas an lae

Bóithre

Bíonn coinníollacha thar a bheith contúirteach san earrach mar gheall ar an mbaol ó mhaidhmeanna sneachta agus sciorradh talún. Ní bhíonn go leor bóithre intíre, lena n-áirítear an príomhbhóthar ó Dushanbe go Khojand, oscailte ach le linn an tsamhraidh.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Sábháilteacht Aeir

Má tá sé i gceist agat taisteal chun na Táidsíceastáine, ón Táidsíceastáin agus/nó sa Táidsíceastáin, seachain taisteal ar aerlínte a liostaítear faoi thoirmeasc oibriúcháin an AE. Ní eitlíonn aon aerlíne ón Iarthar chun na Táidsíceastáine agus is leis an aerlíne Stáit, Tajik Air a bhíonn formhór na n-eitiltí idirnáisiúnta go Dushanbe.  Ní fios an gcloítear i gceart le nósanna imeachta cothabhála nó an bhfuil paisinéirí clúdaithe ag árachas. Níl Tajik Air ina bhall de IATA. Níl cead ach ag péire dá n-eitleáin reatha (Tupolev) eitilt in aerspás an AE (München). D’fhéadfaí eitiltí sa Táidsíceastáin a chur ar ceal ar ghearrfhógra nó moill mhór a chur orthu. Níl sé neamhchoitianta eitiltí áitiúla a bheith ró-ualaithe.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Ní mór duit cineál éigin de chéannacht le do ghrianghraf uirthi a bheith ar lámh agat i gcónaí agus ba chóir duit cóip de do víosa le haghaidh na Táidsíceastáine a bheith ar iompar agat i gcónaí freisin, mar go mbíonn na húdaráis áitiúla i mbun seiceálacha ar dhoiciméid go minic.  Moltar duit fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha i do phas a bheith ar iompar agat agus an pas bunaidh a choimeád in áit shábháilte.

Dé-náisiúntacht

Ní aithnítear dé-náisiúntacht i bPoblacht na Táidsíceastáine agus bítear ag súil nach mbeidh ag cuairteoirí ach pas amháin.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar téarmaí príosúin fada ar na daoine a fhaightear ciontach as drugaí a bheith ina seilbh agus/nó drugaí a úsáid.

Caitheamh Tobac

Tá sé neamhdhleathach tobac a chaitheamh in go leor foirgneamh poiblí.  

Grianghrafadóireacht

Seachain pictiúir a thógáil d’aon rud a d’fhéadfaí a mheas go mbaineann leas míleata nó slándála leis mar go bhféadfadh fadhbanna a bheith leis na húdaráis mar thoradh air sin.

Homaighnéasachas

Níl homaighnéasachas neamhdhleathach faoi dhlí na Táidsíceastáine, ach ní ghlactar leis go mór go sóisialta. Bí discréideach agus seachain gean a léiriú go poiblí.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Creathanna talún

Tá an Táidsíceastáin suite i gcrios creathanna talún gníomhach. Déan monatóireacht ar nuashonruithe áitiúla le linn do chuairte agus faigh amach cad ba chóir a dhéanamh i gcás crith talún ó do theagmhálacha áitiúla nó ó d'óstán. Lean treoracha na n-údarás áitiúil maidir le slándáil agus aslonnú i gcónaí.

Maidhmeanna sneachta

Is minic a bhlocálann maidhm sneachta agus sciorradh talún bóithre san earrach. Má tá sé i gceist agat taisteal, déan monatóireacht chúramach ar choinníollacha aimsire agus sábháilteachta áitiúla. Déan cinnte go bhfuil trealamh iomchuí agat agus inis do phleananna do dhuine éigin i gcónaí. Lean comhairle na n-údarás áitiúil agus cloí le foláirimh agus fógraí uile i scríbhinn.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance. If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy Duty Officer at +7 985 928 7615

Embassy of Ireland to the Russian Federation
Grokholski Perulok 5
Moscow 129010
Russia

Tel: +7 495 937 5911
Fax: +7 495 680 0623

Monday to Friday 09:30-13:00 and 14:30-17:30

Contact us