DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Pholainn, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Pholainn

Má tá tú ag taisteal chun na Polainne, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tá An Roinn Gnóthaí Eachtracha ag déanamh dlúth-mhonatóireacht ar chúrsaí san Úcráin in éineacht lenár gcomhpháirtithe san EU agus ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Molann muid gan a bheith ag taisteal chun na hÚcráine.  Tá muid ag moladh do gach saoránach Éireannach atá san Úcráin faoi láthair dul ar foscadh in áit shábháilte. Ba cheart go smaoineodh saoránaigh ar imeacht ón Úcráin má mheasann siad gur féidir é a dhéanamh go sábháilte, ag brath ar a suíomh agus ar na cúinsí atá ann. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Má tháinig tú isteach sa Pholainn ón Úcráin agus tá cabhair ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le hAmbasáid Vársá anseo.

Spreagann muid gach saoránach Éireannach sa Pholainn a chuid sonraí a chlárú leis an Ambasáid agus monatóireacht a dhéanamh ar ár gcainéil mheáin shóisialta chun na nuashonruithe is déanaí a fháil.

Taisteal chun na Polainne

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Polainne ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha sa Pholainn treoir áitiúil a leanúint. Is féidir eolas iomlán ar COVID-19 sa Pholainn a fháil ag na leathanaigh seo a leanas:

Suíomh Gréasáin Oifigiúil an Rialtais um COVID-19 (Polainnis)

Suíomh Gréasáin Oifigiúil an Rialtais um COVID-19 (Béarla)

Gardaí Teorann na Polainne 

Liosta vacsaíní ceadaithe san AE

Is féidir an liosta oifigiúil reatha de 300+ saotharlann ar fud na Polainne a dhéanann tástáil ar COVID-19 a fháil anseo

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Coireacht

Tá an leibhéal coireachta fós réasúnta íseal sa Pholainn. Féadfaidh peasghadaíocht a bheith mar fhadhb in áiteanna poiblí agus ar iompar poiblí, go háirithe i gcásanna ina mbíonn sluaite ann.

Ná fág deochanna nó bia gan duine a bheith ag coimeád súil orthu agus seachain a bheith ag glacadh le deochanna ó strainséirí nó ó dhaoine ar bhuail tú leo le déanaí. Bhí líon beag tuairiscí maidir le spíceáil deochanna i mbeáir agus i gclubanna oíche.

Bí cúramach agus cárta dochair nó cárta creidmheasa á úsáid agat i mbeáir agus i gclubanna oíche. Bhí roinnt tuairiscí maidir le suimeanna móra airgid á dtógáil ó chártaí bainc i roinnt beár agus clubanna oíche sa Pholainn. Seiceáil do bhille go cúramach agus cuimhnigh ar íoc le hairgead tirim. Tuairiscigh aon ghníomhaíocht ar do chuntas bainc a bhfuil tú in amhras faoi do do bhanc agus do na póilíní láithreach bonn.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Pholainn, déan é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid má theastaíonn cúnamh uait.

Cailliúint/goid pas

Tuairiscigh cailliúint nó goid do phas do na póilíní toisc go mbeidh Ráiteas Caillteanais de dhí ort sular féidir leis an Ambasáid i Vársá cáipéisí taistil ionadaíocha a eisiúint.

Tiomáint

Glactar le ceadúnais tiomána Éireannacha sa Pholainn. Is riachtanas dlíthiúil é do cheadúnas tiomána iomlán, buncháipéisí cláraithe d’fheithicle, cáipéisí úinéireachta agus cáipéisí árachais a bhreith leat agus tú ag tiomáint.

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Pholainn ba cheart a bheith cúramach. Tá drochbhail ar roinnt bóithre, féadfaidh tiomáint a bheith dainséarach agus bíonn timpistí cairr marfacha coitianta. Má bhíonn cuairt á tabhairt agat le linn an gheimhridh, bíodh a fhios agat go bhféadfadh na coinníollacha tiomána a bheith dian agus gur cheart do charr a bheith feistithe le boinn gheimhridh.

Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Polainne. Mura bhfuil cónaí ort sa Pholainn, beifear ag súil agus go ndíolfaidh tú fíneálacha le hairgead tirim láithreach in airgeadra na Polainne don phóilín a eisíonn an fhíneáil. Tá toirmeasc ar thiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí agus is féidir pionós suas le dhá bhliain a ghearradh dá bharr.

Foghlaim tuilleadh faoina bheith ag tiomáint sa Pholainn leis an Leabhrán Sábháilteachta Bóithre ó Údarás Bóithre na Polainne (PDF).

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineáil urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cáipéis aitheantais phearsanta

De réir dlí na Polainne, má iarrann póilíní na Polainne ort, caithfear d’aitheantas a dhearbhú trí aitheantas fótagrafach a thaispeáint. Mar aon le do phas, rud a mholaimid duit gan a bhreith leat murach go bhfuil géarghá leis, ba cheart cineál aitheantais eile a bhreith leat agus tú sa Pholainn, ar nós ceadúnas tiomána nó Paschárta. Téann an Paschárta isteach i sparán go héasca agus is féidir é a úsáid laistigh den AE/LEE agus den Eilvéis. Tá sé ar fáil do shaoránaigh Éireannacha, 18 mbliana d’aois agus os a chionn, a bhfuil pas Éireannach bailí acu a bhfuil ar a laghad 6 mhí bailíochta fágtha air.

Airgeadra

Is é an Zloty airgeadra na Polainne. Tá sé seo ar fáil ó sholáthróirí malartaithe airgeadra sa Pholainn a nglaoitear ‘kantor’ orthu. Tá UMBanna ar fáil i ngach mórchathair agus mórbhaile. Is féidir le cuairteoirí íoc le cárta creidmheasa nó le cárta dochair i formhór siopaí, beár agus bialanna comh maith.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí alcól a ól in áiteanna poiblí sa Pholainn agus d’fhéadfaí fíneálacha a ghearradh dá bharr.

D’fhéadfadh údaráis na Polainne, a bhfuil an ceart acu daoine a choinneáil faoi choimeád thar oíche in ionaid díthocsainithe, plé go dian le meisciúlacht phoiblí (i.e. ar na sráideanna, ar iompar poiblí srl.). Má choimeádtar tú thar oíche in ionad díthocsainithe, caithfidh tú íoc as costas d’fhanachta.

Is é 20 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola an teorainn tiomána faoi thionchar an óil, teorainn atá níos lú ná mar atá in Éirinn (50 milleagram).

Iompar Poiblí

Is féidir ticéid iompair phoiblí a cheannach ag meaisíní ticéad ag na príomhstadanna bus agus tram nó ag formhór na mbothanna agus seastán nuachta. Caithfear ticéid a bhailiú ag tús aistir sa mheaisín beag buí ar an mbus nó ar an tram. Gearrfar fíneáil ort ar an bpointe má bheirtear ort le ticéad neamhbhailí.

Tacsaithe

Bhí tuairiscí i Vársá, go háirithe san aerfort, maidir le róphraghas a bheith á ghearradh ag tiománaithe tacsaithe neamh-rialaithe. Ná húsáid ach tacsaithe oifigiúla, a bhfuil ainm agus uimhir ghutháin an chomhlachta tacsaí ar thaobh an dorais agus ar bharr an tacsaí (in aice le solas in úsáid/gan a bheith in úsáid). Is minic nach mbíonn tacsaithe a bhfuil suaitheantas orthu ach gan ainm comhlachta cláraithe go hoifigiúil.

Seachas sin, ba cheart glaoch gutháin a chur thacsaithe chun seirbhís a fháil seachas úsáid a bhaint as tacsaithe atá páirceáilte nó atá ag dul thar bráid a fhéadfaidh cuid mhaith níos mó a ghearradh ort. Bíonn comhlachtaí tacsaí a chuireann seirbhísí gutháin ar fáil mear agus iontaofa de ghnáth. Tá aipeanna tacsaithe ar fáil agus úsáidtear go rialta iad sa Pholainn.

Taistealaithe LADT

Tá homaighnéasacht dleathach sa Pholainn, ach tá roinnt éadulaingthe fós ann i measc roinnt codanna den daonra. Is féidir teacht ar chomhairle ghinearálta maidir le taisteal le haghaidh an phobail LADT+ anseo: https://www.dfa.ie/travel/assistance-abroad/lgbt

Ní aithníonn an Pholainn pósadh nó comhpháirtíochtaí sibhialta idir beirt a bhfuil an inscne chéanna acu. Féadfaidh sé seo impleachtaí a bheith aige má éiríonn tú féin nó do chéile tinn toisc go mb’fhéidir nach n-aithneofaí sibh mar neasghaol. Molaimid go bhfiosraíonn tú an fhéidearthacht toiliú scríofa a thabhairt duit féin agus do do chéile, chun rochtain a cheadú dóibh ar do chuid eolais leighis má éiríonn tú tinn nó más gá tú a chur san ospidéal. Féadfaidh an Ambasáid cabhrú leat dlíodóirí a labhraíonn Béarla a aimsiú sa Pholainn. 

Cóisir na bpoc/mbáb

Tá dea-cháil ar Éireannaigh sa Pholainn ach ní aithníonn lucht na Polainne iad mar Éireannaigh láithreach bonn. Roinnt bheag babhtaí, caitheadh go míchairdiúil le hÉireannaigh de bhar feiniméan cóisire na bpoc/mbáb (go háirithe i Kraków) ar bhraith na daoine áitiúla a bhí suaiteach agus gur crá a bhí ann. Is féidir cabhrú le dea-cháil na nÉireannach sa Pholainn trí tú féin a iompar go freagrach i gcaitheamh do thréimhse fanachta.  

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Dénáisiúnaigh

Faoi dhlí na Polainne caitear le dénáisiúnaigh ar nós Polannaigh agus iad sa Pholainn, fiú má bhíonn pas de chuid tír eile acu.

Má bhíonn déshaoránacht Éireannach-Pholannach agat, d’fhéadfadh údaráis na Polainne iarraidh ort pas nó aitheantas Polannach a thaispeáint, mar shampla, agus tú ag dul isteach nó ag fágáil na Polainne.

Mar dhéshaoránach Éireannach-Polannach, caithfidh údaráis na Polainne leat ar nós Polannach má ghabhtar tú nó má choimeádtar tú sa Pholainn. Beidh na cearta céanna agat le haon saoránach Polannach eile i gcásanna dá leithéid (lena n-áirítear an ceart ionadaíocht dlí a bheith agat.

Beidh an Ambasáid tiomanta cabhair a chur ar fáil do gach saoránach Éireannach sa Pholainn, ach seans nach mbeidís ábalta ach cúnamh consalachta teoranta a chur ar fáil duit más saoránach de chuid na Polainne tú chomh maith.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Bíonn pas nó Paschárta bailí de dhíth ort chun cuairt a thabhairt ar an bPolainn agus molaimid duit roinnt fótachóipeanna nó scana de leathanach eolais do phas a thabhairt leat. I gcaitheamh d’fhanachta ba cheart fótachóip nó scana de leathanach eolais do phas a bhreith leat i gcónaí.

Beidh víosa de dhíth ort chun dul isteach sa Bhílearúis ón bPolainn – bíonn gach duine a thaistealaíonn ar an traein ar shlí Vársá- Moscó.

Aeráid

Féadfaidh geimhrí na Polainne a bheith dian i gcomparáid le geimhrí na hÉireann. Bíonn an mheánteocht i mí Eanáir timpeall ar -4’C ach is féidir leis titim chomh híseal le -25’C. Tá sé riachtanach go ngléasfaí go cuí don aimsir má bhítear ag taisteal chun na Polainne i míonna an gheimhridh.

Féadfaidh samhraí na Polainne a bheith te, agus an teocht ag ardú níos airde ná 35’C. Is tábhachtach éadaí oiriúnacha a chaitheamh, lena n-áirítear feisteas cinn, agus uachtar gréine a chaitheamh i míonna an tsamhraidh. 

Árachas Taistil

Ní féidir leis an Ambasáid íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, ar choinníoll nár bhris tú na téarmaí agus coinníollacha.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Seans nach nglacfadh ranna Timpistí agus Éigeandála in ospidéil phoiblí na Polainne le cártaí ballraíochta árachas príobháideach agus d’fhéadfadh go mbeadh íocaíocht airgid tirim de dhíth mura féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a sholáthair.

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go ndéanann tú athnuachan ar do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil ceart arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Clárú sa Pholainn

Bíonn an ceart ag saoránaigh Éireannacha, agus iad ina náisiúnaigh de chuid an AE, cónaí, oibriú agus taisteal gan bhac sa Pholainn le haghaidh tréimhsí suas le trí mhí gan gá dóibh clárú le húdaráis na Polainne.

Mar sin féin, tá sé de dhualgas ar shaoránaigh Éireannacha a bhfuil de phlean acu tréimhse fhada a chaitheamh sa Pholainn – níos mó ná 90 lá – clárú leis an oifig voivode (Urząd Wojewódzki) áitiúil le go n-eiseofar Teastas clárúcháin cónaitheacht de chuid an Aontais Eorpaighorthu.

Is féidir teacht ar an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le clárú anseo: An duine nua tú sa Pholainn? – An Roinn Gnóthaí Eachtracha (dfa.ie)

Bóithre na Polainne 

Ó mhí an Mheithimh 2021, beidh córas nua ríomh-dhola i bhfeidhm ar bhóithre náisiúnta agus ar mhótarbhealaigh ar leith sa Pholainn. Tá gach eolas riachtanach a bhaineann leis an gcóras nua seo agus le gníomhaíochtaí ar gá a dhéanamh sula dtiomáintear ar bhóithre na Polainne le fáil i mBéarla ag etoll.gov.pl

 

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
ul. Mysia 5, 6th Floor
00-496 Warsaw
Poland

Tel: +48 22 564 2200
Fax: +48 22 849 8431

The Embassy’s public office is open from Monday to Friday between 09:30-12:30 and 14:30-16:30.
You can also follow the Embassy on Facebook (@AmbasadaIrlandii) and on Twitter (@IrlEmbWarsaw).

The Embassy operates a weekend out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance. If an Irish citizen is in need of emergency assistance, please call the main Embassy number +48 22 564 2200 and follow the recorded instructions to reach the Embassy Duty Officer. Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 (0)1 408 2000.

Contact us

Honorary Consulate Contact

Honorary Consul of Ireland
ul. Kramarska 1
61-764 Poznań
Poland

Tel: + 48 61 853 1894
Fax: + 48 61 853 1894

More information on Honorary Consuls can be found here: https://www.dfa.ie/travel/our-services/honorary-consuls/

Email: Email us