DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Albáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Albáin

Má tá tú ag taisteal chun na hAlbáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Albáin nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Albáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Seirbhísí Éigeandála

Seo a leanas uimhreacha teileafóin na seirbhísí éigeandála áitiúla san Albáin:

  • 129 do na póilíní
  • 126 do na póilíní bóthair
  • 127 d’otharcharr
  • 128 do bhriogáid dóiteáin

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht na hÉireann san Albáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann san Aithin.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le hAmbasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht san Albáin, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Albáin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil agus do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis titim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Tabhair ar aird go bhfuil gunnaí fairsing san Albáin

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Albáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann san Aithin má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáin san Albáin, ba chóir duit a bheith an-chúramach.  Is minic a bhíonn tiománaithe san Albáin ionsaitheach agus corrach. Tá na bóithre go dona, ach amháin na cinn a nascann na príomhchathracha le chéile agus níl soilse ann lasmuigh de na cathracha, mar sin moltar duit gan a bheith ag tiomáint san oíche.   Níl aon chóras náisiúnta aisghabhála ann, mar sin ba chóir do charranna a bheith féindóthanach, i.e. trealamh miondeisiúcháin, leabhar de nathanna cainte áitiúla, bosca garchabhrach agus uisce agus bia a iompar, má bhíonn tú in áiteanna iargúlta.

Más mian leat a bheith ag tiomáint

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAlbáine, mar shampla luasteorainneacha D’fhéadfaí fíneáil a chur ort mar thoradh ar mhionchionta
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Má bhíonn timpiste bóthair agat, fiú ceann beag bídeach, caithfidh tú fanacht go dtiocfaidh na póilíní
  • Cuimhnigh go mbíonn bóithre sléibhe faoi shneachta agus leac oighir sa gheimhridh
  • Is féidir leis an tarmac leá agus a bheith sleamhain le linn tréimhsí te.
  • Moltar duit gach freagairt d'iompar gríosaitheach ag úsáideoirí bóithre eile
  • Tabhair ar aird go mbíonn na Póilíní Tráchta ag breathnú go géar ar thiománaithe i bhfeithiclí a bhfuil ceadúnas eachtrach acu

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Forfheidhmiú an dlí

Ní chuireann údaráis na hAlbáine Ambasáid na hÉireann ar an eolas i gcónaí má ghabhtar náisiúnaigh de chuid na hÉireann. Má choinnítear tú, ba chóir duit an ceart atá agat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Consalachta Ambasáid na hÉireann a éileamh.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Tuile

Féadfaidh tuilte troma a bheith ann sa séasúr báistí idir Nollaig agus Feabhra, go háirithe i dtuaisceart na hAlbáine.

Crith talún

Tá an Albáin suite i gcrios seismeach gníomhach. Cé nach raibh aon chrith talún tromchúiseach ann le blianta beaga anuas, bíonn siad ag tarlú agus bíonn creatháin talún coitianta.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann le haghaidh cuairteanna gearra ar an Albáin. Ní mór duit a chinntiú, áfach, go mbeidh do phas bailí ar feadh sé mhí ar a laghad ón dáta a théann tú isteach san Albáin.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hAlbáine.

Saoráidí Liachta

Níl an leibhéal cúraim liachta ar chomhchéim lena bhfuil ar fáil in Iarthar na hEorpa agus tá fíor-dhroch-chaighdeán ar na saoráidí liachta (lena n-áirítear saoráidí timpiste agus éigeandála), go háirithe iad sin lasmuigh de Tirana.  Ní mholtar duit na saoráidí déidliachta a úsáid.

An Fliú Éanúil

Tá dearbhaithe ag údaráis na hAlbáine gur tharla roinnt ráigeanna fliú éanúil in éanlaithe chlóis i sráidbhaile Cuka gar do Mhurlach Butrint in iardheisceart na hAlbáine agus i sráidbhaile Peze-Helmes, 14 ciliméadar ón bpríomhchathair, Tirana. Níor tuairiscíodh aon ionfhabhtú ná bás i gcás daoine.Creidtear nach bhfuil ach baol an-íseal do dhaoine ann ón bhFliú Éanúil. Mar réamhchúram, ná tabhair cuairt ar mhargaí ainmhithe beo, ar fheirmeacha éanlaith ná ar áiteanna eile a bhféadfá dlúth-theagmháil a dhéanamh le héin chlóis, éin fhiáine nó éin in éanadáin; agus déan cinnte de go mbíonn uibheacha agus éineoil bruite go maith.

Heipitíteas

Tá ardleibhéal heipitítis ann san Albáin. 

Einceifilíteas sceartán-iompartha

Tuairiscíodh cásanna d’einceifilíteas sceartán-iompartha i dtuaisceart na tíre; tá vacsaíniú ar fáil. Coinnigh do chorp ar fad clúdaithe agus tú gar do thoir nó sceacha; agus déan scrúdú le haghaidh sceartán ort féin go rialta.

Confadh

Is ábhar imní é confadh freisin de bharr go bhfuil go leor madraí fáin ann, cé nach bhfuil tuairisc ar bith faoin ngalar in Tirana faoi láthair.  

Uisce

D’fhéadfá éirí tinn trí uisce buacaire a ól san Albáin. Níor chóir ach uisce as buidéal a ól. 

Cártaí Creidmheasa

Glactar leis na príomhchártaí creidmheasa/dochair sa chuid is mó de na bainc agus de na hóstáin idirnáisiúnta.  B’fhéidir gur fearr airgead tirim a úsáid mar sin féin, mar d’fhulaing cuairteoirí calaois chárta creidmheasa roimhe seo.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Albania, please contact Embassy of Ireland Greece.

Where emergency consular assistance is required for Irish citizens outside of opening hours, please leave a message at: +30 210 7232771. This mailbox is monitored regularly. Alternatively, you can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at: +353 1 478 0822.

Embassy of Ireland
7 Leoforas Vasileos
Konstantinou
106 74 Athens
Greece

Tel: +30 210 723 2771
Tel: +30 210 723 2772
Fax: +30 210 729 3383

Monday to Friday: 09:00 - 13:00

Contact us