DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Iorua, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Iorua

Má tá tú ag taisteal chun na hIorua, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

An 24 Iúil 2014, d’fhógair údaráis na hIorua go raibh eolas faighte acu faoi bhagairt inchreidte ach a bhí neamhshonrach maidir le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta san Iorua, ó ghrúpa a bhfuil ceangal aige leis an tSiria. An 31 Lúnasa 2014, d’fhógair na húdaráis go raibh an bhagairt maidir le ionsaí a bheith ar tí tarlú anois thart, ach go raibh an Iorua fós faoi ‘chás dianbhagartha’. Ba chóir duit fanacht ar d’airdeall maidir le haon ghníomhaíochtaí nó le haon imeachtaí neamhghnácha fad atáthar sa tír.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Iorua nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Iorua sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na hIorua. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid na hIorua.

Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Má theastaíonn cúnamh liachta éigeandála uait le linn do thurais, diailigh 112 agus iarr otharcharr.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Osló.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Tá ardleibhéal slándála san Iorua tríd is tríd, go háirithe i bhforgnimh rialtais agus tógann rialtas na hIorua bearta riachtanacha le dul i ngleic leis an mbaol sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta.

Coiriúlacht

Tarlaíonn mionghadaíocht san Iorua, ach ag leibhéal íseal i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. Ba chóir duit a bheith ar an airdeall mar sin féin maidir le mugáil, goid málaí agus peasghadaíocht, go háirithe ag aerfoirt agus stáisiúin traenach timpeall ar Osló agus déan réamhchúram ciallmhar.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Mná ag taisteal

Cé go bhfuil rátaí coiriúlachta in Osló sách íseal, tá líon na n-ionsaithe in aghaidh ban ag dul i méid. Déan réamhchúram ciallmhar; ná siúl asat féin trí pháirceanna in Osló san oíche, seachain aicearraí agus fan in áiteanna ag bhfuil go leor solais.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Iorua, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cabhair uait.

Tiomáint

Tá rialacha an bhóthair san Iorua cosúil le cinn na hÉireann tríd is tríd, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus á gcothabháil go maith. Ach, tá an t-achar idir bailte an-fhada i roinnt codanna den tír agus go minic tógann sé níos faide ná mar a mheastar tiomáint áiteanna. Agus ní mór duit a bheith an-chúramach sa gheimhreadh, tá bóithre caola i gceantair thuaithe nó bhruachbhailteacha in ann a bheith contúirteach agus b’fhéidir nach bhféadfaí iad a thaisteal.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort. Bíonn seicphointí alcóil ar an mbóthar go minic, agus tá sé éigeantach dul faoi thástáil anála. Is é 0.20/ml an uasteorainn alcóil do thiománaithe.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hIorua, mar shampla luasteorainneacha, atá níos déine ná cinn na hÉireann agus a chuirtear i bhfeidhm go dian
  • Tá boinn gheimhridh éigeantach ó thuairim is an 1 Samhain go 15 Aibreán
  • Ba chóir duit ceannsoilse a bheith ar siúl i gcónaí agus tú ag tiomáint, ar feadh na bliana
  • Caith crios sábhála i gcónaí

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Seachain drugaí d’aon chineál agus tú san Iorua. Gabhadh roinnt turasóirí eachtrannach le déanaí agus cát, substaint atá neamhdhleathach san Iorua agus in Éirinn ach atá dleathach i roinnt tíortha Eorpacha eile, ina seilbh acu. Tá dianchosc ar fiú méideanna beaga d'aon druga a bheith i seilbh duine agus cuirtear dlíthe i bhfeidhm go dian.

CBL

Níl an Iorua mar bhall den AE agus dá bhrí sin d'fhéadfadh go mbeifeá in ann aisíocaíocht a fháil ar an CBL ar earraí a cheannaigh tú sa tír, faoi réir ag íoschaiteachas agus coinníollacha áirithe. De ghnáth, déantar CBL a aisíoc leat ag an aerfort sula bhfágann tú an Iorua. Oibrítear córas siopadóireachta le haisíocaíocht CBL le haghaidh neamhchónaitheoirí in go leor siopaí. Tuilleadh eolais faoi aisíocaíochtaí CBL.

 

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Cuairt sa samhradh

Moltar duit éarthach feithidí a chaitheamh i míonna an tsamhraidh, go háirithe má tá sé i gceist agat dul chuig foraoisí, lochanna nó réigiúin sléibhe. Faigh eolas go háitiúil faoi choinníollacha aimsire agus trealamh speisialaithe sula n-imíonn tú de na príomhbhealaí.

Cuairt sa gheimhreadh

Tá an geimhreadh fada san Iorua (is féidir leis maireachtáil go maith isteach san Aibreán) agus tá an teocht in ann titim i bhfad faoi bhun an reophointe. Tabhair éadaí teolaí agus bróga praiticiúla leat le déileáil le bóithre agus cosáin reoite. Is féidir greamáin speisialta a cheannach go háitiúil le cur ar bhróga le déanamh níos fearr in aimsir oighreata. Faigh eolas go háitiúil faoi choinníollacha aimsire agus trealamh speisialaithe sula dtéann tú i mbun aon ghníomhaíochtaí allamuigh.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn pas bailí le cuairt a thabhairt ar an Iorua agus moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad le linn do chuairte.

Airgead

Is é krone na hIorua (NOK) airgeadra na hIorua.

Tá meaisíní airgid ar fáil go forleathan ach bí ar an eolas nach nglactar le cártaí creidmheasa eachtrannacha de ghnáth mar mhodh íocaíochta in ollmhargaí ná i stáisiúin pheitril san Iorua.

Cuairt ar an Artach

Tá níos mó agus níos mó tóir ag turasóirí ar thaisteal Artach, agus téann a bhformhór ar long. Ós rud é go bhféadfadh sé nach bhfuil na ceantair is iargúlta den Artach taiscéalaithe, ba chóir duit taithí oibríochta na dtionscnóirí cúrsála a sheiceáil sula dtaistealaíonn tú agus déan cinnte go bhfuil saoráidí liachta dóthanacha ar bord.

Má tá tú ag taisteal go neamhspleách, moltar duit tacaíocht éigeandála a phleanáil, ar eagla go dtéann aon rud mícheart.

Embassy contact

Embassy Contact

If you need emergency assistance outside normal working hours, please dial the Embassy switchboard at +47 2201 7200. The mobile telephone number of the officer on duty will be available on the answering machine. Alternatively, you can contact the 24-hour duty officer in Dublin at +353 1 478 0822.

Embassy of Ireland
5th Floor
Haakon VII's Gt.1
0244 Oslo
Norway

Tel: +47 2201 7200
Fax: +47 2201 7201

Monday to Friday 09:00-16:30

Contact us

Consulate Contact

Consulate of Ireland, Bergen, Norway
Mr Gavin Collins
Honorary Consul of Ireland
Christies gate 3A
5014, Bergen
Norway

Tel: +47 46788912

Email: Email us