DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Siarra Leon, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Siarra Leon

Má tá tú ag taisteal go Siarra Leon, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cúram sláinte

Is bocht an fháil atá ar sheirbhísí liachta i Siarra Leon agus is bocht é caighdeán na seirbhísí sin. Ba chóir do shaoránaigh a bheith ar an eolas go bhféadfadh deacracht a bheith acu i ndáil le teacht ar fiú seirbhísí bunúsacha liachta, go háirithe i gceantair iargúlta. Más gá cóir leighis a chur ort, seans go n-iarrfar ort íoc aisti roimh ré. Má tá riocht sláinte ar bith ort nó bunábhar imní ar bith agat i dtaobh do shláinte, molaimid duit gan cuairt a thabhairt ar an tír seo ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeidh fáil agat ar dhrugaí cuí ná ar chóir leighis chuí le linn do chuairte. Má bheartaíonn tú taisteal, tabhair leat an oiread cógas a sheasfaidh ar feadh do chuairte.

Galair uisce-iompartha

Tá calar agus galair uisce-iompartha eile cosúil le buinneach, giairdiáis, dinnireacht agus tíofóideach an-choitianta freisin, mar sin cloí leis an dea-shláinteachas, ná hól aon uisce seachas uisce buidéil agus ná scuab do chuid fiacla le haon uisce seachas uisce buidéil, agus ná hith glasraí, sailéid, muirbhia agus feoil nach bhfuil cócaráilte.

Cúrsaí iompair

Má tá brath agat a bheith ag tiomáint i Siarra Leon, ba chóir duit a bheith an-chúramach, mar gur minic a tharlaíonn timpistí tráchta. Moltar leas a bhaint as feithicil faoi thiomáint ceithre roth lasmuigh de Freetown. Níor chóir duit a bheith ag taisteal lasmuigh de cheantair uirbeacha tar éis thitim na hoíche.

D'fhéadfadh tacsaithe príobháideacha, tacsaithe gluaisrothair nó feithiclí 'poda-poda' (mionbhusanna) atá ar fáil d'iompar poiblí a bheith contúirteach mar gur minic nach ndéantar feithiclí a chothabháil mar is ceart, go mbíonn caighdeán na tiomána íseal agus go mbíonn na feithiclí plódaithe.

Airgead

Tá geilleagar Shiarra Leon bunaithe ar airgead tirim agus ba chóir duit do dhóthain airgid a thabhairt leat chun do chuid costas a chlúdach a fhad is a bheidh tú anseo. Is annamh a ghlactar le cártaí creidmheasa agus seiceanna taistil agus níor chóir duit a bheith ag brath orthu. Is é an Leone airgeadra na tíre.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Shiarra Leon nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Shiarra Leon sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turais nó le bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí Éigeandála

Ní féidir brath ar sheirbhísí éigeandála i Freetown, ar féidir teacht orthu faoi láthair ar 112 nó 900 ar líonra fón póca Shiarra Leon, agus níl aon seirbhísí éigeandála lasmuigh den phríomhchathair.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Má tá cabhair uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Siarra Leon.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí thíortha eile AE, chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl Shibhialta

Tá Siarra Leon cobhsaí a bheag nó a mhór ó tháinig deireadh leis an gcogadh cathartha in 2002, agus reáchtáladh toghcháin uachtaránachta agus pharlaiminte shíochánta in 2012. Ach tá teannas éigin ann i gcónaí agus moltar duit cruinnithe móra, slógaí polaitiúla agus léirsithe a sheachaint, a d’fhéadfadh a bheith achrannach.

Taisteal réigiúnach

Roinneann SiarraLeonteorainneacha leis an nGuine agus leis an Libéir agus féadfaidh sé seo a bheith ina ábhar imní slándála. Má tá tú ar cuairt i gceantair teorann ba chóir duit comhairle áitiúil a fháil agus coinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí polaitiúla.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol na sceimhlitheoireachta i Siarra Leon íseal, cé go bhfuil an eagraíocht sceimhlitheoireachta Shomálach Al-Shabaab tar éis bagairt a dhéanamh ar Shiarra Leon ag éirí as a rannpháirtíochta i misean síochánaíochta de chuid na NA/Aontas na hAfraice sa tSomáil. Tá baol domhanda ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha ann freisin ar féidir leis díriú ar cheantair a thaithíonn turasóirí iasachta.

Coiriúlacht

Tá leibhéil na coireachta i Siarra Leon íseal ar an iomlán agus is mionchoiriúlacht mar pheasghadaíocht is mó riosca do chuairteoirí gearrthéarma.  Ach tarlaíonn mugálacha agus ionsaithe freisin, go háirithe aimsir na Nollag (ó Shamhain go dtí an Bhliain Nua). Déan réamhchúraim chiallmhara i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná hiompar nithe luachmhara nó suimeanna móra airgid
  • Bí thar a bheith cúramach i sluaite móra nó nuair a bhíonn tú amuigh istoíche, go háirithe i lárFreetownnó i gceantar na trá, nó i dtithe tábhairne nó clubanna oíche. Is minic go mbíonn ceolchoirmeacha agus imeachtaí spóirt ag an staid náisiúnta ró-phlódaithe agus dainséireach, agus bíonn peasghadaíocht coiteann.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. 
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Cinntigh go bhfuil do chóiríocht agus d’fheithicil slán, glas ar dhoirsí agus ar fhuinneoga i gcónaí.

Caimiléireacht agus calaois

Tá caimiléireacht coitianta i Siarra Leon. Is fadhb í freisin calaois ghnó in aghaidh eachtrannach. Má tá tú ag cuimhneamh ar infheistíocht a dhéanamh nó conradh a thabhairt i gcrích, moltar duit taighde a dhéanamh faoin duine nó faoin gcuideachta ábhartha sula ndéantar aon cheangaltas. Bí an-chúramach nuair is de thoradh teagmháil gan iarraidh an deis ghnó nó go ngealltar gnóthachan tapa airgeadais.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Siarra Leon, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann sa Siarra Leon

Ambasáid na hÉireann, Siarra Leon
8 St Joseph’s Avenue, 
off Spur Road, 
Freetown, 
Sierra Leone
Phone: +232 79 250623

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint i SiarraLeonba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach mar go dtarlaíonn timpistí go minic. Tá clár mór tógála agus deisiúcháin ar siúl ar fud na tíre, ach tá drochstaid ar bhóithre go ginearálta, lena n-áirítear i Freetown, agus éiríonn siad níos measa i rith an tséasúir báistí ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair mar go ndéanann báisteach throm damáiste do dhromhchla bóithre agus go gcruthaítear poill mhóra. Níl aon soilse sráide nó marcanna péinteáilte ar fhormhór na mbóithre. Moltar feithicil ceithre roth lasmuigh deFreetown. Ná taistil tar éis titim na hoíche. 

Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána iomlán Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Shiarra Leon, teorainneacha luais mar shamplas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, le sciobadh faille málaí a chosc agus tú stoptha ag soilse tráchta

Ceantair thuaithe

Feictear bacainní bóthair neamhoifigiúla go minic ar bhóithre tuaithe, agus leanaí nó ógánaigh ina mbun, ag iarraidh nó ag éileamh íocaíochta ó thaistealaithe ar an mbóthar.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh 

Iompar poiblí

Féadfaidh tacsaithe príobháideacha, tacsaithe rothair ghluaiste nó ‘poda-podas’ (mionbhusanna) atá ar fáil don iompar poiblí a bheith dainséarach toisc gur minic go mbíonn cothabháil na feithicle agus an caighdeán tiomána go dona agus go mbíonn feithiclí ró-phlódaithe.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Dlíthe áitiúla   

Agus tú i Siarra Leon tá tú faoi réir dhlíthe agus rialachán áitiúla agus féadfaidh coinne a bheith ag aon saoránach Éireannach a dhéanann cionta coiriúla go ndéanfar é a ionchúiseamh agus é a chur sa phríosún nó go gcuirfear amach as an tír é. Tá tosca sa phríosún thar a bheith deacair

Reiligiún

Is Moslamaigh iad formhór an daonra i SiarraLeoncé go bhfuil pobal suntasach Críostaí ann freisin. Ní théann daoine thar fóir ó thaobh cúrsaí creidimh i SiarraLeonde ghnáth, agus tá an teannas idir reiligiúin thar a bheith íseal. Ba chóir duit ómós a thabhairt do thraidisiúin, do ghnásanna, do dhlíthe agus do reiligiúin áitiúla. Gléas go coimeádach, bí eolach ar a bhfuil ar siúl agat agus bí cúramach nach maslaíonn tú cultúir nó creidimh eile go háirithe i rith mí bheannaithe Ramadan nó féilte reiligiúnacha eile, nó má tá fút cuairt a thabhairt ar cheantair naofa. 

I rith Ramadan, níl cead ag Moslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh i rith uaireanta an lae. Chun nach dtabharfaí masla ní cóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama sin. 

Drugaí neamhdhleathacha

Tá pionóis throma ar úsáid nó ar mhangaireacht dhrugaí, nó ar iad a bheith i do sheilbh agus ní cóir duit bheith bainteach le drugaí ar aon slí.

Hómaighnéasachas

Tá gníomhaíocht hómaighnéasach neamhdhleathach. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Seoda agus mianraí lómhara

Cuireann údaráis chustaim Shiarra Leon rialacháin dhochta i bhfeidhm faoi onnmhairiú mianraí agus seoda lómhara mar dhiamaint agus ór. Ba chóir d’aon duine a onnmhairíonn earraí dá leithéid dlí Shiarra Leon a chomhlíonadh.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Aeráid

Tá an aeráid i Siarra Leon te agus bogthais go seasta ar feadh na bliana. I rith an tséasúir thirim, ó Shamhain go Aibreán, bíonn an teocht agus an bhogthaise níos airde.

Séasúr na báistí

Seasann séasúr na báistí ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair agus bíonn báisteach thar a bheith trom agus stoirmeacha toirní ann. Bí cúramach ag taisteal i rith séasúir na báistí mar go mbíonn baol ó mhaidhmeanna tuile agus baol ó smionagar ag titim.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn pas bailí, víosa agus teastas vacsaínithe don fhiabhras buí ó shaoránaigh Éireannacha le dul isteach i Siarra Leon. Féadfaidh tú eolas níos mionsonraithe a fháil ó Ard-Choimisiún Shiarra Leon sa RA, a dhéileálann le hiarratais ar víosa ó chónaitheoirí na hÉireann.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal go SiarraLeonagus ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith leat ar feadh an ama le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir go maith roimh thaisteal duit féachaint an dteastaíonn aon vacsaínithe do ShiarraLeon.

Cúram Sláinte

Tá caighdeán agus teacht ar sheirbhísí liachta i SiarraLeoníseal, agus de ghnáth ní féidir ach bunchúram a fháil. Má tá gá agat le cóireáil d’fhéadfadh go n-iarrfaí ort íoc as ar dtús. Má tá riocht sláinte nó imní sláinte ort cheana, moltar duit gan cuairt a thabhairt ar an tír seo toisc go bhféadfadh nach mbeadh sé indéanta drugaí nó cóireáil chuí a fháil le linn do chuairte. Má roghnaíonn tú taisteal tabhair go leor cógas leat d’fhad do chuairte.

Ráig den Ghalar Víris Ebola

Ar an 7 Samhain 2015, d'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh deireadh tagtha leis an ráig Ebola i Siarra Leon, toisc go raibh 42 lá imithe tharainn ó adhlacadh corp an duine ba dheireanaí ar deimhníodh sa tsaotharlann go raibh Ebola air nó uirthi. Mar sin féin, ba chóir do shaoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu taisteal go dtí Siarra Leon a bheith ar an eolas go bhfuil ráigeanna Ebola fós ag tarlú sa Ghuine, tír chomharsanachta léi, rud a fhágann go bhfuil baol mór fós ann go bhféadfadh daoine a bhfuil an víreas Ebola orthu teacht go dtí Siarra Leon.

Tá tuilleadh eolais ar Ebola ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte.

Cé gur fíor-bheag é an baol go dtolgfadh taistealaithe Ebola, tá an seans ann go fóill go bhféadfaí Ebola a thabhairt ar ais isteach sa tír. Má bhuailtear tú le fiabhras, tuirse gan mhíniú, buinneach nó aon droch-airíonna sláinte eile sna seachtainí tar éis duit Siarra Leona a fhágáil, ba chóir duit: glao a chur ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar an Aonad Timpistí agus Éigeandála agus do chuid airíonna agus do stair taistil a lua leo, toisc go bhféadfadh do chuid fadhbanna sláinte a bheith ina dtoradh ar ionfhabhtú ar nós maláire a dteastaíonn scrúdú agus cóir leighis láithreach ina leith.

Más rud é go raibh teagmháil dhíreach agat le haon sreabhán coirp ó dhuine nó ainmhí ar a raibh Ebola, bíodh siad beo nó marbh, lena n-áirítear teagmháil ghnéasach gan chosaint le hothair atá tagtha slán ó Ebola, ba chóir duit cúram leighis tapa a lorg agus do stair taistil á lua agat, agus teagmháil a dhéanamh leis an tsaoráid cúraim leighis ar an teileafón roimh do chuairt, ionas go mbeidh ar chumas na foirne liachta cosaint chuí a úsáid nuair a thabharfar isteach san aonad leighis tú.

An fiabhras buí

Is riachtanas iontrála do ShiarraLeoné vacsaíniú don fhiabhras buí agus lorgófar teastas vacsaínithe don fhiabhras buí uait ag rialú teorann ar shroicheadh na tíre duit.

An Mhaláire

Tá an Mhaláire, lena n-áirítear maláire cheirbreach ar féidir léi a bheith marfach laistigh de 72 uair an chloig, eindéimeach i Siarra Leon agus moltar go láidir duit próifiolacsas maláire a úsáid, mar aon le réamhchúraim eile mar líonraí leapa agus éarthach feithide a úsáid, agus bróga dúnta isteach, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh. Ba cheart duit freisin go leor cógas in aghaidh na maláire a thógáil d’fhad do chuairte.

Galair uisce-iompartha

Tá an calar agus galair eile uisce-iompartha mar an bhuinneach, giardia, an dinnireacht agus an tíofóideach an-choitianta freisin, mar sin cleachtaigh dea-shláinteachas, ól agus glan na fiacla le huisce beirithe amháin, agus ná hith sailéid, glasraí amha, bia mara ná feoil amh.

Galair ghinearálta

Bíonn galair eile lena n-áirítear confadh, VEID, heipitíteas A agus B, meiningíteas, polaimiailítis agus fiabhras Lassa ann, ach gan a bheith teoranta dóibh, i gcodanna áirithe de Shiarra Leon agus is féidir gur ábhar riosca iad.

Uisce

Fiuch uisce buacaire roimh é a ól. Tá uisce buidéalaithe ar fáil go héasca.

Airgead

Is geilleagar bunaithe ar airgead tirim atá ag SiarraLeonagus ba chóir duit do dhóthain airgid thirim a thabhairt leat le do chostais a chlúdach agus tú ann. Is annamh a nglactar le cártaí creidmheasa nó seiceanna taistil agus ní cóir duit brath orthu. Is é an Leone an t-airgeadra áitiúil.

ATManna

Cé go bhfuil roinnt ATManna iFreetown, ní ghlacann cuid mhaith acu cártaí ó bhainc iasachta ná cártaí creidmheasa agus ní féidir urra a thabhairt faoi shlándáil na n-idirbheart.

Allmhairiú airgeadra

Tá teorainn leis an méid airgid thirim ar féidir leat a thabhairt isteach sa tír agus ba chóir duit na riachtanais is deireanaí a fhíorú leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht de chuid Siarra Leon is gaire duine roimh thaisteal. Is minic go nglactar le dollair SA agus euro mar íocaíocht in óstáin, i mbialanna agus in ollmhargaí ardleibhéil, cé nach féidir glacadh le nótaí dollair a priontáladh roimh 2006. Féadtar airgeadra iasachta a mhalartú ar Leone i mbainc nó in oifigí malartú airgeadra oifigiúla.  Moltar duit trádálaithe sráide a sheachaint le hairgeadra a mhalartú. Bí cúramach i gcónaí agus airgead tirim ar iompar agat.

Teanga

Is é an Béarla teanga oifigiúil Shiarra Leon agus labhraítear é go forleathan i Freetown. Is e Krio, canúint chrióil bunaithe ar an mBéarla, lingua franca Shiarra Leon agus labhraítear go forleathan í ar fud na tíre.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Consular assistance in cases of genuine emergency can be sought from the Embassy of Ireland in Sierra Leone out-of-hours. If you require emergency assistance out-of-hours, you can contact the Duty Officer on +232 79 250623.

Embassy of Ireland,
8 St Joseph’s Avenue,
off Spur Road,
Freetown,
Sierra Leone

Tel: +232 79 250628

Monday to Thursday 09:00-17:00; Friday 09:00-13:00

Contact us