DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Leosóta, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Leosóta

Má tá tú ag taisteal go Leosóta, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Leosóta nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Leosóta sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má theastaíonn cúnamh agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Maseru.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitíochta

Tá comhrialtas i bhfeidhm ó reáchtáladh toghcháin náisiúnta Leosóta i mBealtaine 2012, agus tá síocháin agus cobhsaíocht sa tír. Ach ba chóir duit a bheith ar an airdeall mar sin féin. Uaireanta, tarlaíonn léirsithe polaitíochta ar an toirt i Maseru agus moltar duit léirsithe, slógaí agus tionóil mhóra phoiblí a sheachaint mar réamhchúram.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht i Leosóta íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal i Leosóta ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Ná siúil i Maseru tar éis thitim na hoíche agus seachain tiomáint i gceantair thuaithe san oíche.
  • Coinnigh doirse faoi ghlas, fuinneoga dúnta agus nithe luachmhara as amharc agus tú ag tiomáint i lár cheantair uirbeacha, go háirithe Maseru.

Mionghadaíocht

Díríonn mugálaithe i lár Maseru ar náisiúnaigh eachtracha uaireanta. Moltar duit gan siúl i d’aonar i gceantair iargúlta nó tar éis thitim na hoíche agus gan tiomáint i gceantair thuaithe san oíche.  Ná bíodh ach nithe riachtanacha ar iompar agat agus coinnigh nithe luachmhara as amharc.

Gadaíocht ó fheithiclí

Coinnigh doirse faoi ghlas, fuinneoga dúnta agus nithe luachmhara as amharc agus tú ag tiomáint i lár cheantair uirbeacha, go háirithe Maseru. Páirceáil in áiteanna le go leor solais agus ná pioc suas strainséirí. Bí cúramach agus tú ag déanamh ar phríomhbhealaí trasna na dteorainneacha, go háirithe san oíche. Tá líon na n-eachtraí goidte carranna armtha ag dul i méid freisin.

Sábháilteacht phearsanta

Tá roinnt eachtraí tarlaithe le déanaí inar rinneadh ionsaí ar choisithe. Mura bhfuil aon rogha agat ach siúil timpeall Maseru, seachain an bealach céanna a thógáil go minic agus bí ar an airdeall. Má dhéantar tú a ionsaí nó do charr a ghoid agus tú ann, ná déan iarracht cur in aghaidh.

Tacsaithe

Tá iompar poiblí/seirbhís tacsaithe i Leosóta, ach ní féidir sábháilteacht a ráthú. Moltar duit tacsaithe teileafóin a úsáid. Deimhnigh an táille roimh ré agus ná glac le síob ó strainséir.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Leosóta, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Maseru má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Leosóta, ba chóir duit a bheith an-chúramach mar go bhfuil sábháilteacht ar bhóithre i Leosóta an-dona.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat –  caithfidh tú ceadúnas tiomána áitiúil a fháil tar éis trí mhí
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Leosóta, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Coinnigh súil amach d’ainmhithe a bhíonn ar bhóithre , go háirithe san oíche
  • Is minic nach ndéantar tacsaithe áitiúla ar mionbhusanna iad a chothabháil go maith agus nach mbíonn árachas orthu, agus a ndéantar neamhaird go rialacha sábháilteachta ar bhóithre

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Go minic sroicheann an teocht 30⁰C i Maseru agus na hísealchríocha mórthimpeall air.

Tá sé in ann a bheith fuar sa gheimhreadh, tá an teocht in ann -7⁰C a shroicheadh sna hísealchríocha agus teocht chomh híseal le -18⁰C sna hardchríocha uaireanta. Tá sneachta coitianta sna hardchríocha idir Bealtaine agus Meán Fómhair. Tabhair aird ar thuar na haimsire sula dtéann tú chuig na hardchríocha i rith na míonna sin.

Leis an aeráid ilghnéitheach i Leosóta, bíonn cineálacha éagsúla triomaigh, tuilte, drochshneachta agus aon chineálacha eile de ghuaiseacha a bhaineann le haimsir. Faoi láthair, baineann tuairim is trí cheathrú de thubaistí nádúrtha sa tír leis an aimsir, an aeráid agus uisce agus lena ngnéithe foircneacha.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Leosóta, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Leosóta.

Pasanna

Ní mór do do phas a bheith bailí ar feadh íostréimhse de 90 lá ón dáta a fhágann tú Leosóta. Ní mór duit dhá leathanach le spáráil a bheith i do phas le go mbeidh údaráis inimirce in ann stampaí víosa a ghreamú dóibh.

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad le linn do chuairte.

Riachtanais iontrála na hAfraice Theas

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Afraic Theas roimh nó i ndiaidh Leosóta, ba chóir duit a bheith ar an eolas cé go luann údaráis na hAfraice Theas go hoifigiúil nach dteastaíonn ach leathanach bán pas amháin le dul isteach sa tír, tuairiscítear go gcuireann roinnt oifigeach de chuid na hAfraice Theas faoi deara go dteastaíonn dhá leathanach bhána.  

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Leosóta. Bí ar an eolas go bhfuil easpa dea-saoráidí liachta i Leosóta.

VEID agus SEIF

Tá leibhéal ard VEID agus SEIF i Leosóta agus dá bhrí sin ba chóir duit an cúram riachtanach a dhéanamh má tá baint agat le gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh tú a nochtadh d'ionfhabhtú féideartha.

Airgead

Ba chóir duit seiceanna taistil nó Rand na hAfraice Theas mar airgead tirim a thabhairt leat, a fheidhmíonn mar airgeadra oifigiúil i Leosóta chomh maith leis an Maloti (airgeadra áitiúil). Ní ghlactar le Maloti de ghnáth san Afraic Theas.

ATManna

Tá an tsaoráid i roinnt ATManna i Leosóta glacadh le cártaí ATM idirnáisiúnta (First National Bank, Nedbank agus Standard Bank). Glactar go forleathan le cártaí creidmheasa (Visa/Mastercard) i bhformhór na siopaí agus bialanna i Maseru. Ach, b’fhéidir nach nglacfadh áiteanna i gceantair thuaithe leis na cártaí sin.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Lesotho, please contact Embassy of Ireland to South Africa on the information below.

Embassy of Ireland
2nd Floor, Building A
238 Florence Ribeiro Avenue
Nieuw Muckleneuk
Pretoria
South Africa

Tel: + 27 12 452 1000
Fax: + 27 12 342 4752

Monday to Thursday 09:00-12:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Ms. Mannete Malethole Ramaili
Cathedral Area
Main South 1 Road
P.O. Box 7159
Maseru 100
Lesotho

Tel: + 266 223 24182

Email: Email us