DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Araib Shádach, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Araib Shádach

Má tá tú ag taisteal chun na hAraibe Sádaí, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha i gcoinne gach taistil laistigh de 80km ó theorainn na hAraibe Sádaí - Éimin.

Dhearbhaigh údaráis na hAraibe Sádaí an chríoch feadh na teorann thuaidh agus idir an Hafr Al-Latin agus Khafji i gCúige an Oirthir mar theorainneacha toirmiscthe agus ba cheart a bheith cúramach gan dul isteach sna criosanna seo má tá tú ag taisteal sa cheantar.

Taisteal chun na hAraibe Sádaí

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na hAraibe Sádaí ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Ní mór do gach cuairteoir an Fhoirm Eolais um Clárúcháin Imdhíonta ar Thairseach Muqeem a chomhlánú sula dtaistealaíonn siad chuig an Araib Shádach chun ligean dóibh a gcuid sonraí imdhíonta a chlárú. Cuirfidh sé seo ar a gcumas Aip Tawakkalna a úsáid ar a bhfón agus iad san Araib Shádach i gcás go gcaithfidh siad a stádas vacsaínithe a thaispeáint ag staid ar bith.

Caithfidh árachas leighis a bheith ag gach cuairteoir a bhfuil sé ar intinn aige nó aici taisteal chun na hAraibe Sádaí (seachas cónaitheoirí) a chlúdaíonn costais chóireála COVID-19 i gclinicí othar seachtracha, éigeandálaí agus ospidéil.

Rinne údaráis na hAraibe Sádaí roinnt beart a thabhairt isteach d’fhonn leathadh Covid-19 a laghdú. Ba chóir monatóireacht a dhéanamh ar chomhairle ​Sláinte agus taistealarna heisiúint ag na húdaráis áitiúla san Araib Shádach. Ba chóir duit cloí le haon bhearta scagthástála breise a chuireann na húdaráis áitiúla i bhfeidhm.

Víosaí

Tá víosa ag teastáil ó gach cuairteoir chun dul isteach Araib Shádach.

Is féidir le saoránaigh na hÉireann iarratas a dhéanamh ar víosa turasóireachta ar theacht i dtír dóibh chuig aon cheann de na haerfoirt idirnáisiúnta san Araib Shádach nó ar líne roimh a dturas tríd an nasc seo a leanas:  Visit Saudi Arabia | Suíomh Gréasáin Turasóireachta Oifigiúil Visit Saudi - Suíomh Gréasáin Oifigiúil Visit Saudi

Tá víosaí turasóireachta bailí ar feadh 360 lá ó dháta a n-eisiúna. Is féidir le saoránaigh na hÉireann fanacht suas le huasmhéid de 90 lá in aghaidh an víosa. Ní féidir síneadh ama a chur le víosaí agus gearrfar fíneáil laethúil má shárófar tréimhse víosa. 

Is féidir le turasóirí Moslamaigh iarratas a dhéanamh ar an víosa turasóireachta le Umrah a dhéanamh. Tá víosa ar leith ag teastáil le Hajj a dhéanamh. 

Ba chóir do shaoránaigh Éireannacha a bhfuil sé i gceist acu taisteal chun na hAraibe Sádaí tríd an gcabhsa ó Bairéin téarmaí víosa na hAraibe Sádaí a sheiceáil sula dtaistealaíonn siad.  Ba chóir do dhuine ar bith a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar víosa comhairle a lorg (m.sh. ó do ghníomhaire víosa, ó Ambasáid na hAraibe Sádaí nó ó d'fhostóir) faoi na roghanna víosa atá ar fáil duit. D'fhéadfadh go gceadófaí víosaí na hAraibe Sádaí isteach sa tír thú ar eitleán amháin agus d'fhéadfadh siad cosc a chur ort dul isteach thar theorainn talún, lena n-áirítear tríd an gcabhsa ó Bhairéin.

Beidh ar shaoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí san Araib Shádach cead bailí fágála nó athiontrála a fháil ó Aireacht Intíre na hAraibe Sádaí chun an tír a fhágáil agus a athiontráil.

Bailíocht pas

Má tá tú ag dul isteach san Araib Shádach, ba chóir go mbeadh do phas bailí ar feadh íostréimhse sé mhí ón dáta a thagann tú i dtír.

Seiceáil le do sholáthraí taistil lena chinntiú go gcomhlíonann do phas agus doiciméid taistil eile a gcuid riachtanais.

Taisteal chuig Iosrael roimhe seo

D'fhéadaí cead isteach san Araib Shádach a dhiúltú do phaisinéirí má tá fianaise ina bpas gur thaistil siad go hIosrael roimhe sin nó má thugann sé le fios gurb é Iosrael a n-áit bhreithe.

Comhairle Taistil Ghinearálta 

Ó cuireadh tús leis an gcogadh in Éimin, seoladh diúracáin bhalaistíocha ó Éimin isteach in iardheisceart na hAraibe Sádaí, a ndearnadh a bhformhór a stopadh agus a scriosadh ag fórsaí na hAraibe Sádaí. Scaoileadh diúracáin bhalaistíocha roinnt uaireanta chomh maith ar phríomhchathair na Araibe Sádaí, Riyadh, a ndearnadh iad a stopadh agus a scriosadh mar an gcéanna.

I gcás ionsaí diúracáin, ba chóir duit fanacht taobh istigh, monatóireacht a dhéanamh ar soláthraithe móra nuachta agus ar fhoinsí oifigiúla rialtais amhail Gníomhaireacht Preasa na hAraibe Sádaí agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint. Is féidir a bheith ag súil le tuilleadh ionsaithe diúracáin.

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe; déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin. D'fhéadfá teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Riyadh freisin má theastaíonn cúnamh nó comhairle uait, ach ar dtús léigh trí gach cluaisín den chomhairle taistil seo mar d'fhéadfadh sé go mbeadh freagra ar do cheist cheana féin.

Is féidir le saoránaigh Éireannacha a bhfuil fíor- chás éigeandála acu teachtaireacht a fhágáil le hAmbasáid na hÉireann in Riyadh lasmuigh d'uaireanta oifige. Bí cinnte go bhfágfaidh tú d'ainm, d'uimhir mhóibíleach, do shuíomh reatha agus nádúr na héigeandála. Tabharfaidh Oifigeach na hAmbasáid ar Dualgas glaoch ar ais ort.

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

Tá an staid pholaitiúil san Araib Shádach leochaileach. Féadfaidh rudaí dul in olcas go tapa agus féadfaidh teagmhais dainséaracha tarlú. Coinnigh tú féin ar an eolas faoina bhfuil ar siúl thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí fhanacht i dteagmháil le d’óstán nó leis an tionscnóir turais.

Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí, ar féidir leo éirí achrannach ar uairibh agus fan amach ó láithreáin mhíleata – d’fhéadfadh go bhfuil cosc ar ghrianghraif a ghlacadh ag nó gar do d’ionaid mhíleata nó slándála , mar aon le roinnt foirgneamh poiblí.

Ceantar Qatif

Ta corraíl áitiúil leanúnach i gceantar Qatif agus bhí tuairiscí gur maraíodh beirt ar a laghad agus gur gortaíodh roinnt daoine eile i gcaismirtí idir lucht agóide agus fórsaí slándála an rialtais i bhFeabhra agus i Márta 2012.

An teorainn Shádach-Éimineach  

Tá baol teannais i gceantar teorann na hAraibe Sádaí-Éimin mar gheall ar gháinneáil neamhdhleathach ar dhaoine agus earraí agus mar gheall ar ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta.

Tharla roinnt caismirtí idir fórsaí míleata na hAraibe Sádaí agus reibiliúnaigh Éimineacha ar theorainn na hAraibe Sádaí-Éimin. Maraíodh ceathrar póilíní agus cúigear sceimhlitheoirí i gcaismirtí ag an trasnú teorainn ag Widi’ya agus i mbaile Sharurah an 4 Iúil 2014. Ba cheart do chuairteoirí a bheith thar a bheith cúramach i ngach ceantar gar do theorainn na hAraibe Sádaí-Éimin.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ginearálta ón sceimhlitheoireacht san Araib Shádach agus leanann údaráis na hAraibe Sádaí orthu sa tóir go gníomhach ar bhuíonta sceimhlitheoireachta a fheidhmíonn sa Ríocht.

Is féidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta a bheith neamh-idirdhealaitheach agus dírítear ar dhaoine ón Iarthar agus ar áiteanna plódaithe a mheallann easaoránaigh. Is spriocanna ionchasacha sceimhlitheoireachta iad leasanna eitleoireachta agus bonneagar ola i gcónaí. Ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach agus pé nithe is gá a dhéanamh chun tú féin a chosaint.

I Lúnasa 2010, bhagair rialtas na Stát Aontaithe go bhféadfadh go raibh ionsaithe á bpleanáil ag sceimhlitheoirí ar dhaoine ón Iarthar a bhí ag obair agus ina gcónaí in Al Qasim, san Araib Shádach.

I Lúnasa 2012, d’éirigh le fórsaí slándála na hAraibe Sádaí oibríocht mhíleata a chur i gcríoch chun bac a chur ar bhuíon sceimhlitheoireachta a bhí i mbun pleanála le hionsaithe a dhéanamh arRiyadh; aimsíodh naisc le buíon eile i Jeddah freisin. Leanann údaráis na hAraibe Sádaí orthu ag ciontú daoine i rannpháirtíocht i ngníomhaireacht sceimhlitheoireachta.

Coiriúlacht

Tá an ráta coiriúlachta foriomlán íseal san Araib Shádach agus ní chuireann sí isteach ar thaistealaithe de ghnáth. Bíonn peasghadaíocht éigin ann, áfach, agus ba chóir duit gnáth-réamhchúram a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/agus go dtí chomh gar agus is féidir do dhoras d’óstáin nó d’árasáin

Taistealaithe mná

Más bean tú ag taisteal san Araib Shádach ní cóir duit taisteal ach i dtacsaithe atá curtha in áirithe roimh ré ar eol iad a bhí sábháilte agus seachain tacsaí a ghlaoch ar an tsráid.

Sábháilteacht phearsanta

Ba chóir duit ardleibhéal slándála pearsanta a bheith agat i gcónaí san Araib Shádach. Moltar duit gan aird a tharraingt ort féin agus bheith an-aireach in áiteanna a mheallann náisiúnaigh iasachta mar óstáin, bialanna agus ionaid siopadóireachta. Cinntigh go bhfuil d’fheithicil slán i gcónaí.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Araib Shádach, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Riyadh má bhíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint san Araib Shádach, ba chóir duit a bheith an-aireach mar go bhfuil na caighdeáin tiomána go dona agus go bhfuil líon na ndaoine a maraítear ar bhóithre na hAraibe Sádaí an-ard. Bíonn feidhm áfach leis an gcuid is mó le ghnáthrialacha an bhóthair.

Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta leat agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAraibe Sádaí, teorainneacha luais mar shampla
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Níl cead ag mná tiomáint san Araib Shádach
  • D’fhéadfadh go mbeadh tiomáint san Araib Shádach deacair do thiománaithe fir toisc go bhféadfadh gur san scríobh Arabach amháin a bheadh na comharthaí bóthair.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe/carranna á dtiomáint ag Chauffeur

Agus costas réasúnta íseal i gceist, bainfidh an chuid is mó de chuairteoirí úsáid as tacsaithe nó carranna á dtiomáint ag chauffeur.

Sábháilteacht Mhuirí

Tá cuid mhór ceantar den Mhurascaill an-íogair agus tá cuid acu faoi réir ag agóidí faoi chúrsaí dlínse. Coinníodh árthaigh a bhí ag teacht isteach sna ceantair seo agus rinneadh iad a iniúchadh agus corr uair gabhadh daoine. Thairis sin tá an líon foghlaithe mara i ndeisceart na Mara Rua agus i Murascaill Áidin ag dul i méid.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar píonóis throma ar mhangaireacht drugaí neamhdhleathacha nó iad a bheith id sheilbh agat, lena n-áirítear píonós an bháis i gcásanna áirithe.  

An cultúr Muslamach

Is tír Ioslamach í an Araib Shádach agus ba chóir duit ómós a thabhairt do thraidisiúin, do ghnásanna, do dhlíthe agus do reiligiúin áitiúla. Gléas go coimeádach, bí eolach ar a bhfuil ar siúl agat agus bí cúramach nach maslaíonn tú cultúir nó creidimh eile go háirithe i rith mí naofa Ramadan nó féiltí creidimh eile, nó má tá fút cuairt a thabhairt ar cheantair naofa.  

I rith Ramadan, níl cead ag Muslamaigh ithe, ól nó tobac a chaitheamh faoi sholas an lae. Chun nach dtabharfaí masla ní cóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama sin.  

Aon duine a dhéanann iarracht daoine a iompú ar reiligiúin eile seachas Ioslam d’fhéadfaí go gcaithfí i bpríosún é nó go guirfí thar tír amach é.

Táirgí toirmeasctha

Tá iomportáil agus ól alcóil, iomportáil mhuiceola agus ábhair phornagrafaíochta toirmeasctha san Araib Shádach agus d’fhéadfaí go gcuirfí i bpríosún tú ach aon cheann de na hearraí sin a bheith i do sheilbh agat.  

Cultúr áitiúil

Go poibli ba chóir do mhná Abaya a chaitheamh, forbhall lánfhada dubh. Tá sé inmholta freisin scarbh le caitheamh ar do chloigeann a bheith agat cé nach dteastaíonn sé i ndáiríre. Tá fir ceaptha gléasadh go modhuil freisin i mbrísti fada agus i léinteacha a bhfuil muinchillí iontu, cé gur féidir leo siúd a bheith gearr.

Hómaighnéasachas

Tá iompar hómaighnéasach neamhdhleathach san Araib Shádach. Moltar aireachas agus discréid i gcónaí.

Ag dul ag pósadh

Faoi ghnásanna na hAraibe Sádaí, ar phósadh le náisiúnach de chuid na hAraibe Sádaí, tá cumhacht láidir ag an teaghlach ar an duine aonair. Má theastaíonn ó bhean a ceart chun taistil a dhaingniú ní mór di seasamh ar shocrú réamhphósta, a leagann síos an ceart seo. Tá socrú dá leithéid  ceangailteach agus féadtar é a úsáid sa chúirt le haighneas ionchasach a réiteach.

Gníomhaíocht ghnó 

Is féidir go gcuirfí cosc ar lucht gnó atá bainteach le haighnis tráchtála le cuideachta de chuid na hAraibe Sádaí an tír a fhágáil go mbeidh an t-aighneas réitithe.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádurtha agus aeráid

Tuile

Le blianta beaga anuas bhí báisteach throm athfhillteach ann idir Samhain agus Feabhra i Jeddah agus sna ceantair máguaird. Maraíodh roinnt daoine agus rinneadh drochdhamáiste do réadmhaoin de bharr na tuile seo. I rith na tréimhse seo ba chóir duit seiceáil go rialta leis an réamhaisnéis áitiúil agus le tuairiscí ar na meáin áitiúla, agus réamhchúraim dá réir a dhéanamh.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanis iontrála na hAraibe Sádaí, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire de chuid na hAraibe Sádaí.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ní mór d’eachtrannaigh a gcárta cónaitheora (iqama) nó a bpas a bheith leo i gcónaí. Tá an ceart ag údaráis na hAraibe Sádaí céannacht a sheiceáil agus féadfaidh sé seo tarlú go minic de bharr líon mór na seicphointí slándála sna cathracha agus ar na bóithre idir na cathracha. 

Sláinte

Tá áiseanna cúraim sláinte sna cathracha móra ar chaighdeán an-ard. Tá na háiseanna liachta i mbailte beaga nó i gcathracha beaga, áfach, leordhóthanach do ghnáthchúraim leighis amháin.

Seiceáil le do dhochtúir go maith roimh imeachta duit cad iad na vacsaínithe a theastaíonn don Araib Shádach.

Novel coronavirus

I mBealtaine, 2013, tuairiscíodh 40 cás de novel coronavirus ar fud an domhain, lena n-áirítear 20 duine a fuair bás. Tá cásanna bainteach le taisteal i Leithinis na hAraibe agus an Iordáin. Níl aon srianta taistil nó trádála molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le novel coronaviruses. Ach má bhíonn tú ag taisteal go dtí Leithinis na hAraibe agus go tíortha comharsanacha bí ar an eolas go bhféadfadh baol beag ionfhabhtaithe a bheith ann. Lean cleachtadh maith sláinteachais caighdeánach lena n-áirítear na lámha a ní le huisce agus le gallúnach tar éis a bheith i dteagmháil le hainmhithe. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ón Health Protection Surveillance Centre.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen and require emergency out of hours assistance you can contact the Duty Officer at +966 550 543 386.

If your call is not answered or you are unable to make a voice call please send a text message with your name, contact information for you and your sponsor and details of your emergency. The Duty Officer will respond to you as soon as possible.

Embassy of Ireland
Diplomatic Quarter
Riyadh
Saudi Arabia

Tel: +966 11 407 1530
Fax: +966 11 488 0927

Sunday to Thursday 09:00-16:00

Contact us