DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An India, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An India

Má tá tú ag taisteal chun na hIndia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun na hIndia

Srianta iontrála COVID-19 a bhaineann le taistealaithe ó Éirinn

Moltar go láidir do phaisinéirí súil a choimeád ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na hIndia agus rialtais an stáit le haghaidh an eolais is déanaí maidir le taisteal chuig an India. Féadfaidh rialacháin náisiúnta agus ag leibhéal stáit a bhaineann le daoine a thagann isteach ó thíortha eile athrú faoi ghearrfhógra.

Eisíonn an Aireacht Sláinte agus Leasa Teaghlaigh na treoirlínte a rialaíonn daoine a thagann isteach chun na hIndia ó thíortha eile.

Ba cheart do gach taistealaí:

  • An fhoirm féin-fhógartha a chomhlíonadh ar an tairseach Air Suvidha ar líne sula dtaistealaíonn siad, lena n-airítear sonraí maidir le taisteal a rinneadh le 14 lá anuas.
  • Toradh diúltach ar RT-PCR COVID-19 a uaslódáil (ba cheart go ndéanfaí an tástáil laistigh de 72 uair an chloig sula dtabharfar faoin aistear) nó teastas maidir le sceideal bun-vacsaínithe iomlán COVID-19.
  • Ba cheart do gach paisinéir fógra maidir le húdaracht an eolais a cuireadh ar fáil a chur isteach agus beidh siad faoi dhliteanas ionchúisimh choiriúil má fhaightear amach a mhalairt.

Víosaí

Tá víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha chun taisteal chun na hIndia. Má théann tú chun na hIndia gan víosa, diúltófar duit dul isteach. Má dhéanann tú ró-fhanacht ar an víosa, gearrfar fíneáil ort agus d’fhéadfaí tú a ionchúiseamh nó a choinneáil agus tú a dhíbirt ina dhiaidh sin. Má chailleann tú do phas, beidh ort víosa fágála a fháil sular féidir leat an India a fhágáil.

Má bhíonn tú ag taisteal tríd an India, seans go mbeadh víosa idirthurais de dhíth ort má chaithfidh tú bagáiste a bhailiú chun é a aistriú chuig aerlíne eile nó má bhíonn tú ag taisteal ar níos mó ná áirithint amháin. Bíonn na limistéir bhailithe málaí sna haerfoirt san India ann i ndiaidh duit dul tríd an bpróiseas imirce de ghnáth.

Mura mbíonn tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don India, lena n-áirítear sonraí víosa, an bhfuil víosa idirthurais de dhíth ort agus eolas eile maidir le himirce, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hIndia i mBaile Átha Cliath, nó féachaint ar shuíomhanna gréasáin Bhiúró ImirceOifig Réigiúnach Cláraithe Eachtrannaigh.

Taisteal laistigh den India

Ceadaítear taisteal idir-stát; mar sin féin féadfaidh na rialacháin COVID-19 a rialaíonn taisteal ó stát amháin chuig stát eile a bheith difriúil ar fud na hIndia. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha san India súil a choimeád ar fhoinsí nuachta áitiúla agus suíomhanna gréasáin oifigiúla chun na nuashonruithe is déanaí maidir le taisteal idir-stát a fháil. 

COVID-19

Tá eolas maidir le COVID-19 san India le fáil ar na naisc seo a leanas: 

An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Aireacht Sláinte agus Leasa Teaghlaigh na hIndia

Ionad um Shrianadh Galar na hIndia

Iarthuaisceart

Molaimid gan taisteal chuig Jammu agus Kashmir in aon chor, cathracha Srinagar agus Jammu san áireamh. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha i bhFearann Aontais Ladakh a bheith ar an airdeall, comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint, agus súil a choimeád ar fhorbairtí sna meáin áitiúla agus Indiacha. Molaimid gan taisteal i ngiorracht don teorainn leis an bPacastáin in aon chor, seachas an trasbhealach teorann ag Wagah.

Oirthuaisceart

Molaimid gan taisteal chuig Manipur agus Tripura in aon chor, agus gan aon taisteal neamh-riachtanach a dhéanamh chuig Nagaland.

Moltar do shaoránaigh Éireannacha atá ag taisteal i nó trí chnoic Darjeeling, Sikkim nó ceantar Cooch Behar Bengal Thiar ardleibhéal cúraim a ghlacadh, comhairle na n-údarás áitiúla a leanúint, súil a choimeád ar na meáin áitiúla agus aon léirsithe nó cruinnithe a sheachaint.

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Moltar duit gan taisteal chuig ceantair tuaithe Jammu agus Kashmir ach amháin chuig Ladakh agus ná déan aon taisteal ach amháin taisteal riachtanach chuig Srinagar. Tá leibhéal ard coimhlinte agus foréigean sceimhlitheoireachta sa réigiún agus tá baol ard ó fhoréigean neamh-intuartha, lena n-áirítear buamálacha, ionsaithe granáide, eachtraí lámhaigh agus fuadach.

Moltar duit freisin gan aon taisteal ach amháin taisteal riachtanach a dhéanamh chuig Imphal agus ná taistil in aon áit sa chuid eile de Manipur ná de Tripura. Tá baol ard ó aindleathacht agus ó fhoréigean sa chuid thoir-thuaidh den tír, lena n-áirítear in Assam, áit a bhfuil baol níos mó arís mar gheall ar an bhfeachtas leanúnach foréigin atá ar bun ag míleataigh de chuid an ULFA.

Bhí agóidí forleathana ann tar éis don Rialtas a fhógairt go rabhthas chun an stát a dheighilt ina dhá leath, rud a chruthóidh an 29ú stát in India, Telangana.  Tá léirsithe agus corraíl fánach fós ar siúl.

Tá roinnt réigiún i lár agus i ndeisceart na hIndia i mbaol ó fhoréigean ó antoiscigh míleatach Naxalite den eite chlé atá gníomhach i roinnt áiteanna faoin tuath. Ba chóir do chuairteoirí a bheith airdeallach i gcónaí in aghaidh baol ó choiriúlacht agus ó sceimhlitheoireacht.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard ó sceimhlitheoireacht san India. D’fhéadfadh foirgnimh shuntasacha, iompar poiblí, áiteanna adhartha agus áiteanna tráchtála agus poiblí ar fad a bheith ina spriocanna d’ionsaithe sceimhlitheoireachta. 

Moltar duit a bheith thar a bheith cúramach agus a bheith airdeallach faoi do thimpeallacht. Bí ar an airdeall, go háirithe in áiteanna gnóthacha poiblí ar nós ionaid siopadóireachta, margaí agus ar an gcóras iompair poiblí. Seachain aon léirsithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus déan monatóireacht ar na meáin agus ar fhoinsí áitiúla eolais eile chun eolas a fháil faoi aon bhaol nua sábháilteachta nó slándála a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ón am ar tharla na pléascanna in Mumbai ar 13 Iúil 2011, táthar thar a bheith airdeallach  i nDeilí, Kolkata, Chennai agus Bangalore agus tá slándáil bhreise sna háiteanna sin. D’fhéadfadh áiteanna turasóireachta ar nós Sean Deilí agus áiteanna eile ina gcruinníonn eachtrannaigh a bheith ina spriocanna. 

Glacann fórsaí slándála na hIndia leis go bhfuil an baol ó ionsaithe sceimhlitheoireachta ardaithe nuair a bhíonn féilte móra náisiúnta ann ar nós Lá na Poblachta (26 Eanáir), an Lá Neamhspleáchais (15 Lúnasa) agus ócáidí a mbíonn féilte móra eile ann.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san India ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san India, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Beidh ort FIR (chéad tuairisc ar an eachtra) a chomhdú agus ní mór do na póilíní an choir a chlárú. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua má tá cabhair uait.

Sábháilteacht phearsanta

Seachain a bheith ag taisteal asat féin ar an gcóras iompair poiblí, nó in tacsaithe nó in uath-ricseánna, go háirithe san oíche. Má bhíonn ort tacsaí a úsáid faigh ceann ó stadanna tacsaithe óstán agus úsáid tacsaithe réamhíoctha ag aerfoirt. Ná cuir fios ar thacsaí ná ar uath-ricseá ón tsráid. Bíonn Meru Cabs agus Mega Cabs ar fáil go forleathan sna cathracha san India. Is féidir iad a chur in áirithint ar líne nó ar an teileafón.

Taistealaithe ban

Ba chóir do mhná a bheith ar an airdeall agus iad ag taisteal san India. Léiríonn na hionsaithe gnéis a rinneadh ar chuairteoirí ban in áiteanna turasóireachta agus i gcathracha go mbíonn mná eachtrannacha i mbaol. Rinneadh ionsaithe gnéis ar thurasóirí in Agra, Goa, Delhi, Bangalore, Madhya Pradesh, Kolkata agus Rajasthan. Is minic a thugtar aird nach bhfáiltítear roimpi ar mhná a bhíonn ag taisteal san India, i bhfoirm ciapadh fisiciúil agus ó bhéal ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí fear. Tá nósanna cultúir na hIndia thar a bheith difriúil ó chinn na hÉireann. Rud neamhghnách é do mhná a bheith ag taisteal leo féin san India. Ba chóir do mhná a bheith cúramach go háirithe sa tráthnóna agus san oíche. Ba chóir do mhná smaoineamh ar thaisteal mar ghrúpa san India.

Ba chóir do mhná a bhíonn ag taisteal a bheith thar a bheith cúramach agus iad ag roghnú lóistín agus seomra a roinnt nuair is féidir sin. Ba chóir do mhná a bheith cúramach faoi eolas mar uimhir a seomra nó a seoladh a roinnt le daoine nach bhfuil mórán aithne acu orthu.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint san India, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach. D’fhéadfadh tiomáint ar bhóithre na hIndia a bheith guaiseach, go háirithe san oíche in áiteanna faoin tuath. Is iad na príomhchúiseanna go dtarlaíonn timpistí ná busanna agus leoraithe nach bhfuil soilse sách maith orthu, droch-thiomáint agus feithiclí nach bhfuil coinnithe go maith.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hIndia, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tá sé níos coitianta san India car agus tiománaí a úsáid seachas tiomáint tú féin.

Fálróid

Má tá tú ag fálróid thalamh an-ard, bí cinnte go gclúdóidh do pholasaí árachais tú d’áiteanna os cionn 2,400 méadar. Ba chóir go mbeadh tú ar an eolas freisin nach bhfuil sé ar chumas aon seirbhísí tráchtála tarrthála sléibhe feidhmiú in áiteanna os cionn 3,000 méadar.

Tá codanna de na ceantair teorann nach bhfuil cead ach ag Fórsa Aeir na hIndia tarrthálacha aeir a dhéanamh iontu. Níl aon oibleagáid orthu tarrthálacha aeir a dhéanamh agus tá acmhainní teoranta acu lena dhéanamh.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin. Ciallaíonn an próiseas mall breithiúnach gur gnáthrud é athchuir fada faoi choimeád, go hiondúil roinnt blianta.

Maoin a cheannach

Moltar duit comhairle dlí a fháil sula ndéanann tú infheistíocht in maoin nó in gnóthaí san India. Bíonn rialacha diana ann go minic a chuireann cosc ar náisiúnaigh nach de bhunú na hIndia iad ó mhaoin a cheannach (mar shampla in Goa). Má mheastar go sáraíonn an ceannach dlíthe áitiúla (mar shampla, má cheannaíonn tú agus tú san India ar víosa turasóra), tá seans go gcaillfidh tú an t-airgead ar fad a chuir tú isteach sa cheannach, agus d’fhéadfaí fiú amháin go gcúiseofaí tú.

Hómaighnéasachas

Tá iompar hómaighnéasach neamhdhleathach san India. Moltar aireachas agus discréid i gcónaí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Is tír ollmhór, ilchineálach í an India. D’fhéadfadh fadhbanna a bheith le taisteal in áiteanna áirithe mar gheall ar choinníollacha sonracha áitiúla, agus mar sin ba chóir neart pleanála agus taighde a bheith déanta faoi thurais.

Bhí éifeacht mhór ag súnámaí na hÁise Theas a tharla i mí na Nollag 2004 ar chuid de dheisceart na hIndia. Tharla tuile ollmhór i Stát Uttarakhand i mí Meitheamh 2013 mar thoradh ar bháisteach mhonsúin.

Tuilte

Ba chóir do thaistealaithe a bheith ar an airdeall maidir leis an mbaol ó mhaidhmeanna tuile agus sciorrthaí talún, go háirithe i gceantair sléibhe. Méadaíonn an baol i rith séasúr an mhonsúin. Maraíodh breis agus 100 duine agus gortaíodh go leor leor daoine nuair a tharla maidhmeanna tuile sa cheantar sléibhe Leh i Lúnasa 2010.  Maraíodh roinnt turasóirí eachtrannacha a bhí ar saoire fálróide ann.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Ní mór do shaoránaigh na hÉireann iarratas ar víosa a dhéanamh ag an Ambasáid áitiúil de chuid na hIndia. Ní cháilíonn siad don scéim Víosa Turasóireachta ar iontráil.

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann le taisteal chun na hIndia. Má thagann tú chun na hIndia gan víosa, ní thabharfar cead isteach chun na tíre duit. Má fhanann tú ar feadh tréimhse níos faide ná tréimhse do víosa, gearrfar fíneáil ort agus d’fhéadfaí tú a chúiseamh nó a chur faoi choimeád agus tú a dhíbirt as an tír ina dhiaidh sin. Má chailleann tú do phas, beidh ort víosa fágála a fháil sula bhféadfaidh tú an India a fhágáil.

Mhaolaigh rialtas na hIndia na rialacha maidir le dul isteach sa tír arís ar víosa turasóireachta. Níl an riail a bhíodh ann cheana maidir le dul isteach sa tír arís ar an víosa céanna ar feadh 2 mhí tar éis an India a fhágáil i bhfeidhm níos mó maidir le eachtrannaigh ag teacht chuig an India, ach amháin i gcás líon beag tíortha.  Ba chóir do thaistealaithe a chinntiú go bhfuil víosa iliontrála acu más mian leo cuairt a thabhairt ar thíortha eile fad a bhíonn siad san India.  Is d’iontráil amháin a bhíonn an gnáth-víosa turasóireachta.

Má bhíonn tú ar idirthuras tríd an India, d’fhéadfadh go mbeadh víosa idirthurais uait má bhíonn ort do bhagáiste a bhailiú chun é a aistriú go dtí aerlíne eile. Bíonn ionaid bhailiúcháin bhagáiste in aerfoirt Indiacha lasmuigh den láthair rialaithe inimirce de ghnáth. Seiceáil é seo roimh ré le hAmbasáid na hIndia san áit a bhfuil tú lonnaithe.

Ní mór do dhaoine a thaistealaíonn chuig an India chun máthairionadaíocht a choimisiúnú taisteal ar víosa liachta agus ní mór dóibh riachtanais Rialtas na hIndia a chomhlíonadh.

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hIndia, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Rannóg na Víosaí d’Ambasáid na hIndia i mBaile Átha Cliath.

Pas

Ní mór do phas a bheith bailí ar feadh sé mhí ar a laghad.

Clárú

Má thagann tú chun na hIndia ar víosa iliontrála fadtéarmach, caithfidh tú clárú leis an Oifigeach Clárúcháin Réigiúnach Eachtrach is gaire duit laistigh de 14 lá ar theacht chun na tíre duit. Mura gcláraíonn tú, seans nach mbeidh cead agat an India a fhágáil.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hIndia. Má tá tú ag taisteal ó thír ina bhfuil baol an fhiabhrais bhuí nó póilió, caithfidh tú cruthú vacsaínithe a bheith agat nó ní cheadófar isteach san India tú. Ní dhéantar aon eisceachtaí ar an riail seo.

Galair corrmhíol-iompartha

Tá maláire agus fiabhras deinge san India agus mar sin seachain greamanna ó chorrmhíolta trí tú féin a chlúdach agus éarthaigh corrmhíolta a úsáid. Tá cógais ar oideas ar fáil is féidir a thógáil leis an mhaláire a chosc. Labhair le do dhochtúir faoi seo. Níl aon chógais ann ar féidir a thógáil le fiabhras deinge a chosc. Níl de chosc air ach greim muiscíte a sheachaint.

Saoráidí liachta

Tá infhaighteacht saoráidí cúraim sláinte san India neamhréireach, go háirithe in áiteanna faoin tuath. Seiceáil le do chuideachta árachais liachta sula dtaistealaíonn tú lena fháil amach cad iad na hospidéil a mholann siad.

Máthairionadaíocht

Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann a bheith ar an eolas nach bhfuil aon reachtaíocht ann a chlúdaíonn máthairionadaíocht san India. D’eisigh Comhairle Taighde Liachta na hIndia treoirlínte ar shocruithe máthairionadaíochta ach níl siad ceangailteach de réir dlí.

Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi mháthairionadaíocht comhairle dlí neamhspleách a fháil in Éirinn agus san India.  Ba chóir d’iarratasóirí a bheith ar an eolas nach ndéantar rialáil ar mháthairionadaíocht san India agus mar sin gur tharla sé i roinnt cásanna nach raibh nasc géiniteach idir an páiste a rugadh mar thoradh ar an socrú agus na tuismitheoirí a choimisiúnaigh é. Ba chóir do thuismitheoirí Éireannacha a bheith ar an eolas nach mbíonn páistí a mbeirtear mar thoradh ar mháthairionadaíocht clúdaithe faoi pholasaithe árachais sláinte, de ghnáth. D’fhéadfadh costais liachta nach raibh súil leo a bheith le híoc ag tuismitheoirí coimisiúnaithe sa chás go mbeirtear an páiste roimh an am nó sa chás go mbeirtear é nó í le fadhbanna liachta. Tá roghanna an-mhaithe cóireála do pháistí san India ach is féidir costas ard a bheith ag baint leo.

Tá treoirlínte eisithe ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le saoránacht na hÉireann a fháil do pháistí a mbeirtear de bharr socruithe máthairionadaíochta. Is féidir teacht ar na treoirlínte anseo.

Is é sin an t-aon treoir is féidir a thabhairt do dhaoine atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi mháthairionadaíocht.

Más saoránach de chuid na hÉireann an t-athair géiniteach nár rugadh ar oileán na hÉireann, beidh ar aon leanbh a rugadh de bharr máthairionadaíochta iarratas a dhéanamh ar dtús ar Chlárú Breitheanna Coigríche. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo. D’fhéadfadh sin cur go mór leis an méid ama a bheadh i gceist chun iarratas a phróiseáil.

Ón 1 Samhain 2014 ar aghaidh, ní éascófar tástáil DNA ach ag an Ambasáid i nDeilí Nua. Ní féidir le Consalachtaí Oinigh san India tástáil DNA a éascú ná iarratais ar dhoiciméid taistil éigeandála do leanaí a rugadh de bharr máthairionadaíochta a phróiseáil. Is féidir taisteal d’aer san India le leanbh nua-bheirthe agus a theastas breithe chomh maith le pasanna na dtuismitheoirí a úsáid, ach ba chóir sin a sheiceáil leis an aerlíne an tráth a ndéantar áirithintí. Sa chás gur rugadh leanbh i bhfad roimh an am, seans nach dtabharfar cead dó taisteal d’aer. Cuirfidh sin leis an méid ama a bheidh i gceist chun iarratas a phróiseáil.

Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann a bheith ar an eolas go bhfuil rialacha sonracha maidir le víosaí do dhaoine is mian leo taisteal chuig an India chun críocha máthairionadaíocht a thabhairt i gcrích. Is féidir tuilleadh eolais maidir leis sin a fháil ó Ambasáid na hIndia i mBaile Átha Cliath. Má theastaíonn litir uait ag tacú le d’iarratas ar víosa, déan teagmháil linn, le do thoil.

Is féidir eolas ar conas doiciméad taistil a fháil do pháiste a bheirtear de bharr socruithe máthairionadaíochta a fháil anseo.

Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann a bheith ar an eolas gur rud casta é na hiarratais sin a phróiseáil. D’fhéadfadh suas le 4 seachtain a bheith i gceist chun gnáth-chás a phróiseáil. Ní féidir na cásanna sin a bhrostú, fiú má tá cóireáil liachta de dhíth ón bpáiste. Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann a chinntiú go bhfuil go leor acmhainní agus tacaíochta acu le fanacht san India fad a bhíonn an t-iarratas á phróiseáil.

D’fhéadfadh táillí seirbhísí consalachta a bheith i gceist.  Is féidir teacht ar eolas iomlán faoi tháillí seirbhísí consalachta anseo. Táillí sa bhreis ar na táillí doiciméid taistil iad sin.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen in need of emergency assistance outside of opening hours please call 011-49403200 and leave a message.

This mailbox is checked regularly.

Embassy of Ireland
C17 Malcha Marg
Chanakyapuri
New Delhi 110 021
India

Tel: +91 11 4940 3200
Fax: +91 11 4059 1898

Monday to Friday 09:00 to 13:30 and 14:30 to 17:00

Contact us

Consulate Contact

Ireland House,
TCG Financial Center,
3rd Floor, G Block,
Bandra Kurla Complex,
Mumbai 400051

Tel: +91 22 4905 5645

Contact us

Honorary Consulate Contact

Dr. Kiran Mazumdar-Shaw
Honorary Consul-General of Ireland
c/o Biocon Limited
20th K M Hosur Road
Electronics City PO
Bangalore 560 100
Karnataka
India

Tel: +91 80 2808 2006
Fax: +91 80 2852 1660

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Rajeev Mecheri
Honorary Consul of Ireland
Mecheri Centre
Number 49, Eldams Road
Teynampet
Chennai 600018
India

Tel: +91 44 6609 7700
Fax: +91 44 6609 7710

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Mayank Jalan,
Honorary Consul of Ireland,
KEVENTER AGRO LIMITED,
34/1 DIAMOND HARBOUR ROAD
KOLKATA 700027
India

Tel: +91 33 71056200
Tel: +91 33 71056201

Email: Email us