DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Oileáin Mhaildíve, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Oileáin Mhaildíve

Má tá tú ag taisteal go hOileáin Mhaildíve, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Taisteal chun na nOileán Maildíve

Faoi láthair, ní cheanglaítear ar thaistealaithe atá ag dul chun na nOileán Maildíve toradh diúltach ar thástáil RT-PCR COVID-19 a thaispeáint ar theacht isteach dóibh. D’fhéadfadh leis seo a athrú ar gearrfhógra. 

Ní mór do phaisinéirí Foirm um Dhearbhaithe Sláinte Taistealaithe a chomhlánú laistigh 96 uair an chloig dá n-eitiltí ar theacht isteach agus ar fhágáil dóibh.

Tá tuilleadh eolais maidir le treoirlínte COVID-19 do thurasóirí ar na hOileáin Mhaildíve ar fáil anseo.

Má tá tú ar na hOileáin Mhaildíve, ba cheart duit monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí go rialta, dul i gcomhairle le lucht bainistíochta d’ionad saoire/d’óstáin agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint. Má thagann COVID-19 ort agus tú ar na hOileáin Mhaildíve, d’fhéadfaí go mbeadh ort coraintín a dhéanamh i d’ionad saoire, i d’óstán nó ag saoráid rialtais, agus d’fhéadfaí go mbeadh tú faoi dhliteanas i leith na gcostas breise suntasacha a thagann chun cinn dá bharr. Tá sé tábhachtach go ndéanann tú an cumhdach le do sholáthraí árachais taistil a sheiceáil roimh thaisteal.

D’fhéadfadh ceanglais iontrála agus srianta COVID-19 a athrú ar gearrfhógra, moltar go láidir duit monatóireacht a dhéanamh ar fhoinsí rialtais agus ar na meáin áitiúla. Féach ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil:

Inimirce na nOileán Maildíve

Aireacht Turasóireachta na nOileán Maildíve

Aireacht Sláinte na nOileán Maildíve

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá saoráidí leighis teoranta ag na hOileáin Mhaildíve. Tá dhá ospidéal i Malé a phléann le gnáthfhadhbanna leighis, ach d’fhéadfadh ionaid saoire oileáin ar leith a bheith roinnt uaireanta de thaisteal ó Malé. D’fhéadfadh gá a bheith le haslonnú leighis, rud is féidir a bheith an-chostasach, i gcás tinnis nó gortú dáiríre, mar sin déan cinnte go gcumhdaíonn d’árachas taistil é seo sa deireadh.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Corraíl

Ba cheart a bheith cúramach ar Oileán Malé, áit a mbíonn agóidí polaitiúla ag tarlú agus áit a bhfuil féidearthacht fós ann de chorraíl shibhialta.

Moltar do shaoránaigh Éireannacha atá ag taisteal laistigh d’Oileáin Mhaildíve aire bhreise a thabhairt dóibh féin, comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint agus aon bhailiúcháin mhóra, agóidí nó slógaí a sheachaint.

Coireacht

Is annamh an rud é an mhionchoireacht; tá tuairiscí ann de ghadaíocht earraí pearsanta ó thránna agus i seomraí óstáin.

Tá méadú tagtha ar choir a bhaineann le dronga i limistéir ina bhfuil daonra, lena n-áirítear coir scine, Mále san áireamh; níl tuairisciú ann ar aon choir den saghas sin ar oileáin saoire.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol sceimhlitheoireachta ann sna hOileáin Mhaildíve. Molaimid duit a bheith ar an eolas maidir le do thimpeallacht, aon léirsiú is féidir a tharlú a sheachaint agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin agus ar fhoinsí áitiúla eile le haghaidh eolas ar rioscaí sábháilteachta nó slándála a d’fhéadfadh a bheith ann.

Sábháilteacht

D’fhéadfadh nach mbeidh seirbhísí tarrthála i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. Gortaíodh agus maraíodh roinnt daoine a bhí ag tumadóireacht mar gheall ar threalamh dona agus droch-chomhlíonadh de chaighdeán sábháilteachta ó chomhlachtaí tumadóra áitiúla.

Bí cúramach agus tú ag snámh san fharraige, mar go mbánn roinnt daoine gach bliain mar gheall ar shruthanna láidre agus contúirteacha. 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo. Molaimid duit árachas taistil cuimsitheach a ghlacadh roimh thaisteal duit.

Tá saoráidí leighis teoranta ag na hOileáin Mhaildíve. Tá dhá ospidéal i Malé a phléann le gnáthfhadhbanna leighis, ach d’fhéadfadh ionaid saoire oileáin ar leith a bheith roinnt uaireanta de thaisteal ó Malé. D’fhéadfadh gá a bheith le haslonnú leighis, rud is féidir a bheith an-chostasach, i gcás tinnis nó gortú dáiríre, mar sin déan cinnte go gcumhdaíonn d’árachas taistil é seo sa deireadh.

Víreas Zika

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) ar Oileáin Mhaildíve san am atá thart. Nascadh ionfhabhtú an víris Zika le riocht breithe dáiríre darbh ainm micriceifealacht, rud a tharlaíonn nuair a bheirtear leanbh le ceann atá níos lú ná mar is gnách agus/nó le dochar inchinne. Má tá tú ag súil le leanbh nó ag pleanáil leanbh a bheith agat, agus go bhfuil sé i gceist agat taisteal chuig áiteanna a bhfuil an víreas Zika i bhfeidhm orthu, moltar duit do phleananna taistil a phlé le do sholáthróir cúraim sláinte agus smaoineamh ar do thaisteal chuig na háiteanna sin a mbaineann an Víreas Zika leo a chur ar athlá. Moltar do shaoránaigh Éireannacha comhairle An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte a leanúint.

 

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in the Maldives, please contact Embassy of Ireland India.

Embassy of Ireland
C17 Malcha Marg
Chanakyapuri
New Delhi 110 021
India

Tel: +91 11 4940 3200
Fax: +91 11 4059 1898

Monday to Friday 09:00-13:30 and 14:40-17:00

Contact us