Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Overview
- Safety and Security
- Local Laws and Customs
- Health
- Additional Information
- Embassy Contact
Overview
Overview
Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le COVID-19
Don nuashonrú is déanaí léigh an Chomhairle Taistil Ghinearálta COVID-19>
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas Slándála
Má tá tú ag pleanáil cuairt ar Bheirmiúda, moltar duit réamhchúram a dhéanamh.
Cláraigh linn
Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Bheirmiúda nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.
Comhairle uainne
Níl Ambasáid ná Consalacht ag Éire i mBeirmiúda agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a fhíorú lena chinntiú go bhfuil sí cruinn, cuí agus cothrom le dáta.
Is féidir leat do chuid taighde féin a dhéanamh, áfach; tá naisc chuig tuilleadh comhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile le fáil sa rannán Eolas Breise.
Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.
Cúnamh éigeandála
Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.
De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann i mBeirmiúda, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsal Oinigh i Hamilton, Beirmiúda.
An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath
Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.
Conas is féidir linn cabhrú leat
Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.
Safety and Security
Safety and Security
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Coiriúlacht
Tá ráta coiriúlachta sách íseal i mBeirmiúda ach tá leibhéal measartha miongadaíochta agus coiriúlacht sráide ann mar sin, ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
- Bí cúramach agus tú ag fánaíocht tar éis thitim na hoíche nó ag tabhairt cuairte ar áiteanna iargúlta
Coir a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú i mBeirmiúda, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsal Oinigh i Hamilton má tá cabhair uait.
Tiomáint
Níl cead ag turasóirí carranna a thiomáint i mBeirmiúda.
Local Laws and Customs
Local Laws and Customs
Dlíthe agus gnásanna áitiúla
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an chomhairle taistil uile agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
- Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
- Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí
Drugaí neamhdhleathacha
Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.
Health
Health
Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
Comhairle phraiticiúil
- Má tá tú ag taisteal go Beirmiúda, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
- Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
- Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach
Séasúr Spéirlingí
De ghnáth, maireann an séasúr spéirlingí ó Mheitheamh go Deireadh Fómhair. Ba chóir duit aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta agus comhairle na n-údarás áitiúil a dhéanamh.
Additional Information
Additional Information
Eolas Breise
Riachtanais iontrála (víosa/pas)
Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Bheirmiúda, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Bheirmiúda.
Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.
Pasanna
Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.
Sláinte
Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Beirmiúda.
Tuilleadh comhairle taistil
Mar gheall nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht againn i mBeirmiúda, ní féidir linn comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt.
Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar na haireachtaí eachtracha seo a leanas, áfach, chun eolas níos mionsonraithe a fháil:
Embassy contact
Embassy Contact
If you are in need of emergency assistance, please contact the Embassy at + 1-202-462-3939 and leave a message on the answering machine.
Embassy of Ireland
2234 Massachusetts Ave NW
Washington DC 20008
USA
Tel: +1 202 462 3939
Fax: +1 202 232 5993
Monday to Friday 09.00-13.00 and 14.00-16:00
Honorary Consulate Contact
Mr. John R Kane
Honorary Consul of Ireland
3rd Floor, Windsor Palace
22 Queen Street
Hamilton HM 11
Bermuda
Tel: + 1 441 295 6574
Email: Email us