DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Montainéagró, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Montainéagró

Má tá tú ag taisteal go Montainéagró, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Mhontainéagró nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Mhontainéagró sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

  • Póilíní: 122
  • Roinn dóiteáin: 123
  • Otharcharr: 124

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i Montainéagró, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i mBúdaipeist san Ungáir nó leis an gConsal Oinigh i mBéalgrád sa tSeirbia má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil formhór na gcuairteanna ar Mhontainéagró saor ó thrioblóid, tá baol bunúsach ann ó sceimhlitheoireacht, a d’fhéadfadh a bheith a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá an ráta coiriúlachta íseal, ach tarlaíonn coiriúlacht shráide, go háirithe i mbailte móra, dá bhrí sin déan réamhchúram ciallmhar:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Coinnigh súil amach do pheasghadaithe in áiteanna poiblí mar aerfoirt agus ar iompar poiblí

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Montainéagró, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBúdaipeist má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Montainéagró, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tarlaíonn líon timpistí bóthair níos airde ná an meán i Montainéagró mar gheall ar dhroch-choinníollacha bóthair agus droch-chaighdeáin tiomána. Drochbhóthar amach is amach is ea an Ibarska Magistrala (a nascann an tSeirbia le Montainéagró): is féidir leis a bheith contúirteach mar gheall ar dhroch-choinníollacha agus plódú. Tiomáineann an trácht ar thaobh na láimhe deise.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mhontainéagró, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Tiomáin go cosantach, seachain achrann le tiománaithe eile agus seachaint a bheith ag tiomáint san oíche lasmuigh de cheantair uirbeacha
  • Bíodh do cheannsoilse maolaithe ar siúl agat i rith an lae
  • Ná húsáid fón póca agus tú ag tiomáint

Doiciméid Chairr

Má tá tú ag tabhairt do chairr leat go Montainéagró, tabhair leat do chuid doiciméad cláraithe/úinéireachta feithicle agus polasaí árachais atá bailí go háitiúil. Iarrfar ar thiománaithe carranna cláraithe le plátaí eachtracha gan árachas bailí cuí árachas a cheannach ag an áit a rachfar trasna na teorann. Tá an cárta glas Eorpach bailí i Montainéagró.

Taisteal áitiúil

Tá eolas maidir le bóithre áitiúla dúnta ar fáil ó Chumann Gluaisteán Mhontainéagró nó trí ghlaoch teileafóin a chur ar  19807, +382 20 234 999 nó +382 63 239 987. Is féidir leat na huimhreacha sin a úsáid freisin le cúnamh cois bóthair a iarraidh.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Sléibhteoireacht

Tá cuid den tír-raon is gairbhe san Eoraip i sléibhte Mhontainéagró, agus iad níos airde ná 2,000 méadar ar an meán. Déan réamhchúram speisialta agus tóg treoraí sléibhe leat le timpistí a sheachaint sna sléibhte.  Má tá turas sléibhteoireachta á phleanáil agat ina gcaithfear dul trasna teorainneacha in áiteanna seachas pointí oifigiúla trasna teorainneacha, déan teagmháil leis an Eagraíocht Turasóireachta Náisiúnta le comhairle a fháil.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Homaighnéasachas

Níl aon dlíthe in aghaidh homaighnéasachais i Montainéagró agus glactar tríd is tríd le lánúineacha comhghnéis. Mar sin féin, moltar a bheith discréideach agus b’fhéidir gurb fhearr gan gean a léiriú go poiblí.

Grianghrafadóireacht

Seachain pictiúir a thógáil de shuiteálacha, pearsanra nó feithiclí míleata agus póilíní, mar go bhféadfadh deacrachtaí leis na húdaráis leanúint as.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Téann an mheánteocht i Montainéagró ó 5°C sa gheimhreadh go 28°C sa samhradh.

Crith Talún

Tá Montainéagró suite i gcrios seismeach gníomhach agus déantar creatháin bheaga a thaifeadadh go rialta. Ní tharlaíonn creathanna talún tromchúiseanna chomh minic sin, ach tarlaíonn siad. Má tá tú ag taisteal go Montainéagró nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Ní theastaíonn víosa uathu sin a bhfuil pas de chuid na hÉireann acu le dul go Montainéagró do chuairteanna suas le 90 lá. Más mian leat fanacht níos faide ná 90 lá, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar víosa fadfhanachta (D) nó cead cónaithe sealadach ag tráth nach déanaí ná seachtain amháin sula mbeidh an tréimhse 90 lá thart. Téigh chuig láithreán gréasáin Aireacht Eachtrach Mhontainéagró le haghaidh tuilleadh eolais. `

Pasanna

Níor chóir aon damáiste a bheith déanta do do phas agus ba chóir dó a bheith bailí ar feadh tréimhse bheartaithe do chuairte.

Pointí trasnaithe teorann

Ná téigh isteach go Montainéagró ach trí phointí trasnaithe teorann aitheanta. Má tá turas sléibhteoireachta á phleanáil agat ina gcaithfear dul trasna teorainneacha in áiteanna seachas pointí oifigiúla trasnaithe teorann, déan teagmháil leis an Eagraíocht Turasóireachta Náisiúnta le comhairle a fháil.

Nuair a théann tú isteach go Montainéagró, déan cinnte go bhfaighidh tú stampa iontrála ar do phas ó na póilíní teorann. Má dhéanann tú iarracht Montainéagró a fhágáil gan stampa iontrála, d’fhéadfaí cúiseanna inimirce neamhdhleathach a chur i do leith, fíneáil throm agus téarma príosúin a ghearradh ort.

Clárú

Caithfidh tú clárú leis na póilíní áitiúla laistigh de 24 uair an chloig duit teacht go Montainéagró, mura bhfuil tú ag fanacht in óstán nó i gcóiríocht oifigiúil do thurasóirí, áit a gclárófar tú go huathoibríoch nuair a sheiceálfaidh tú isteach. Mura gcláróidh tú, d’fhéadfaí tú a fhíneáil, a choinneáil nó a thabhairt os comhair cúirte. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat freisin an tír a fhágáil.

Má tá an chuideachta nó an duine a bhfuil tú ag tabhairt cuairte orthu ag cur cóiríocht phríobháideach ar fáil duit ar feadh tréimhse níos faide ná 24 uair an chloig, caithfidh siad iarratas a dhéanamh maidir le do chónaí leis na póilíní laistigh de 12 uair an chloig duit teacht agus é a chur ar ceal laistigh de 12 uair an chloig ón am a fhágann tú.

Má tá tú ag clárú ag stáisiún póilíní, beidh ort cárta clárúcháin a thabhairt leat, is féidir iad a cheannach ag aon siopa leabhar. I roinnt áiteanna, beidh tú in ann clárú ag gníomhaireachtaí taistil turasóireachta nó ag eagraíochtaí turasóireachta áitiúla, ag brath ar chomhaontuithe leis na póilíní. D’fhéadfadh go n-iarrfaí ort beagán cánach cónaithe a íoc.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Montainéagró.

Saoráidí liachta

Féach liosta d’ospidéil agus clinicí áitiúla i Montainéagró.

Galair

D’fhéadfadh baol a bheith ó na galair seo a leanas sa tír ar fad nó i gcuid den tír: heipitíteas A, heipitíteas B, confadh, teiteanas, einceifilíteas sceartán-iompartha

Airgead

Is é an Euro airgeadra oifigiúil Mhontainéagró. Glactar le cártaí creidmheasa go forleathan ar fud na tíre. Ní ghlactar le nótaí bainc Thuaisceart Éireann.

Aistriú airgid Western Union

Crnogorska Komercijalna Banka

Trg Od Oruzja Bb

Kotor, 85330

+381-11-3341190 

AtlasBankaAd Podgorica

Tabacina Bb

Kotor, 85330

+381-11-3341190

Riachtanais chustaim

Cé nach bhfuil teorainn leis an méid airgid is féidir a thabhairt isteach go Montainéagró, ba chóir duit aon suimeanna níos mó ná €2,000 (lena n-áirítear seiceanna taistil nó a chomhionann in airgeadra eile) a dhearbhú). Beidh ort cruthúnas a thaispeáint gur thug tú an t-airgead isteach má bhíonn tú ag iarraidh níos mó ná €2,000 a thabhairt amach as an tír. Do mhéideanna airgid níos mó ná €15,000, ba chóir duit doiciméad a fháil ina luaitear cá háit ar tháinig an t-airgead as. Mura gcloífidh tú leis na rialacha sin, d’fhéadfaí do chuid airgid a choigistiú.

Déan nithe luachmhara mar seodra costasach, trealamh grianghrafadóireachta agus ríomhaireachta a dhearbhú chun muirir chustaim a sheachaint. Tá sé ina cheanglas dlí gach cárta creidmheasa a dhearbhú ag teacht go agus ag fágáil Mhontainéagró. D’fhéadfaí tú a fhíneáil mura ndéanfaidh tú sin.

Eisíonn oifigigh chustaim ag gach pointe teorann foirmeacha dearbhaithe. Nuair a fhágfaidh tú, beidh ort cóip dheimhnithe den dearbhú sin a thabhairt ar ais do chustaim.

 

Embassy contact

Embassy Contact

This email is monitored during working hours only. For consular emergencies outside working hours please call the Embassy on +36 1301 4960 and leave a voicemail which is monitored by the Duty Officer. Alternatively you can call the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Budapest 1054.
Szabadsag ter 7.
Bank Center, Platina Tower 2, VI. Floor
Budapest
Hungary

Tel: +36 1 301 4960
Fax: +36 1 302 9599

Monday to Friday 09:30-12:30 and 14:30-16:30

Contact us