DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do an Chóiré Thuaidh, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (an Chóiré Thuaidh)

Má tá tú ag taisteal go DPRK (an Chóiré Thuaidh), gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Nuair is féidir cuairt a thabhairt ar an gCóiré Thuaidh arís, ba chóir duit réamhchúraimí a ghlacadh agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla chun an scéal is déanaí a fháil. Má tá sé i gceist agat taisteal ar aghaidh go dtí an tSín, bí cinnte go seiceálfaidh tú an chomhairle taistil don tSín, atá ar fáil anseo.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Go luath in 2018, tháinig maolú mór ar an teannas a d'eascair as na tástálacha núicléacha agus diúracáin a rinne an Chóiré Thuaidh in 2017 agus thosaigh tréimhse é ina raibh síocháin i dtaca le holc ar leithinis na Cóiré. Ó mhí Iúil 2019 i leith, áfach, tá roinnt tástálacha diúracán déanta ag an gCóiré Thuaidh, rud a leagann béim ar dothuarthacht bhunúsach an cháis. Tá an Ambasáid i Seoul ag déanamh monatóireachta ar an scéal agus ag tabhairt comhairle do shaoránaigh Éireannacha sa Chóiré a bheith ar an eolas faoi fhorbairtí agus iad a leanúint agus a chinntiú go bhfuil tú cláraithe leis an Ambasáid.

Tá an cheannaireacht pholaitiúil sa Chóiré Thuaidh ina dian-ábhar eagraithe d'urraim agus ní ghlactar le heaspa cúirtéise nó abairtí a mheastar a bheith ina maslaí do chóras polaitiúil agus ceannaireacht na Cóiré Thuaidh, nó scéalta grinn faoi. Ná tóg grianghraif de shaighdiúirí nó d'oifigigh nó d'fhoirgnimh atá faoi chosaint nó faoi ghardáil. Is é iompar forchoimeádta an gnáthrud in áiteanna poiblí.

Go fiú roimh dhúnadh theorainneacha na Cóiré Thuaidh, níorbh fhéidir taisteal go díreach idir an Chóiré Theas agus an Chóiré Thuaidh.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach sa Chóiré Thuaidh, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid i Seoul má theastaíonn cúnamh uait.

Molaimid duit an méid is mó gur féidir leat a fhoghlaim faoin gCóiré Thuaidh ó ghníomhairí taistil, ó thionscnóirí turais agus ó threoirleabhair sula rachaidh tú ar do thuras. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má bhíonn fadhbanna agat agus tú sa Chóiré Thuaidh, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

Ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, tá leithinis na Cóiré deighilte.  Ag deireadh Chogadh na Cóiré sa bhliain 1953, forfheidhmíodh an dheighilt seo nuair a cruthaíodh saincheantar dímhíleata (DMZ) 4 chiliméadar ar leithead chun an Chóiré Thuaidh agus Theas a scaradh óna chéile. Coinníodh an tsíocháin faoi Chomhaontú Sosa Cogaidh, ach ardaíonn agus titeann an teannas ó am go ham mar sin féin.

De bharr gur lámhachadh agus gur maraíodh turasóir as an Chóiré Theas a tuairiscíodh a chuaigh ar strae isteach in áit shrianta mhíleata agus an té sin ar cuairt sa Chóiré Thuaidh in Iúil 2008, moltar duit fanacht in áiteanna ceadaithe i gcónaí agus géill láithreach d’aon threoracha ó údaráis na Cóiré Thuaidh.

Tástálacha Núicléacha

Rinne an Chóiré Thuaidh tástáil núicléach faoi thalamh in 2009 agus in 2013. Níl aon fhianaise gur sceith radaíocht ó na tástálacha seo.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol íseal ó sceimhlitheoireacht sa Chóiré Thuaidh ach tá baol forleathan fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha in áit ar bith ar fud an domhain. 

Coiriúlacht

Tá ráta íseal coiriúlachta in aghaidh eachtrannach sa Chóiré Thuaidh agus bíonn cuairteoirí níos sábháilte ó choiriúlacht má bhíonn siad ag taisteal i ngrúpaí a ndéantar dianmaoirseacht orthu. Ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Camscéimeanna

Chonacthas samplaí de chamscéimeanna ina raibh ‘margaí maoine’ i gceist sa Chóiré Thuaidh. Ba chóir go gcuirfeadh sé seo amhras ar dhuine láithreach mar tá sé beagnach dodhéanta ag eachtrannaigh maoin sa tír a bheith ina seilbh. 

Ar chamscéimeanna eile áirítear daoine a bheith á gcoinneáil ag aerfoirt idirnáisiúnta faoi shárú airgeadra; daoine á gcoinneáil in aghaidh a dtola; daoine a bhíonn páirteach i dtimpiste bhóthair (laistigh nó thart ar an aerfort go minic); íocaíochtaí táillí cúirte nó íocaíochtaí dlí nach raibh súil leo a bheith ag teastáil; nó daoine á gcur sa ospidéal. 

Ba cheart gnáth-réamhchúram a dhéanamh: bí ciallmhar  agus ná haistrigh aon airgead chuig strainséirí. Má tá aon amhras ort, cuir an duine ar aghaidh chuig an Ambasáid nó oifig chonsalachta chuí is gaire.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chóiré Thuaidh, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Súl má tá cabhair uait.

Tiomáint

Tá infreastruchtúr na Cóiré Thuaidh bocht agus in anchaoi, rud a chiallaíonn gur dúshlán é taisteal ar thuras fada. Má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint sa Chóiré Thuaidh, ba chóir duit na treoirlínte bunúsacha seo a leanúint:

  • Teastóidh ceadúnas áitiúil uait, a bheidh le fáil trí thástáil áitiúil tiomána a phasáil. Níl ceadúnais idirnáisiúnta tiomána bailí sa Chóiré Thuaidh
  • Bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ná tiomáin faoi thionchar an óil nó drugaí
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Cóiré Thuaidh, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Tacsaithe

Bíonn líon teoranta tacsaithe ar fáil uaireanta ó óstáin nó lasmuigh de shiopaí ilrannacha. Go minic, áfach, bíonn drogall orthu glacadh leat gan ateangaire/treoraí áitiúil.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr áitiúil

Is ginealaigh de chuid na Mongóile iad muintir na Cóiré, ar nós daoine eile ó Oirthuaisceart na hÁise. Tá siad thar a bheith cúirtéiseach agus flaithiúil.   Cé go bhfuil stair na Cóiré fite fuaite i stair na Síne agus na Seapáine, tá muintir na Cóiré difriúil óna gcomharsan go heiticiúil agus go cultúrtha mar go bhfuil a dteanga féin (agus aibítir, hangalach), noirm shóisialta agus gnásanna acu.  Tá stair fhada dhá mhíle bliain, chomh maith le tréimhse cúig chéad bliain de “ríocht dhíthreabhach”, atá curtha le chéile le pobal aonchineálach géiniteach, tar éis comhtháthú mór millteach agus neart dá mothú féinaithne a thabhairt do phobal na Cóiré.

Cleachtar ceannasaíocht pholaitiúil sa Cóiré Thuaidh agus tá daoine bródúil as a gcóras staire agus sóisialach. Ní ghlactar le heaspa cúirtéise nó masla nó magadh faoi, chóras polaitiúil na Cóiré Thuaidh agus a gceannaireacht. Ní go ró-mhinic a tharraingíonn eachtrannaigh trioblóid orthu féin de bharr nár léirigh siad, mar a breathnaíodh air, a ndóthain measa.

Taisteal áitiúil

Tá taisteal laistigh den Chóiré Thuaidh an-teoranta go deo. Beidh treoraí mórán i gcónaí in éineacht le cuairteoirí agus beidh cead acu dul chuig áiteanna a cheadóidh an treoraí. Is do threoraí a bhíonn freagrach as an gcead is gá a fháil le dul ag taisteal lasmuigh de Pyongyang. Bíonn gá le céannacht a fhíordheimhniú ag seicphointí míleata ag dul isteach nó amach as cúige, contae nó baile go hiondúil sula dtugtar cead taisteal ar aghaidh.

Go hiondúil  bíonn eachtrannaigh atá ina gcónaí in Pyongyang in ann taisteal ina rogha áit laistigh d’áiteanna ainmnithe den chathair, ach teastaíonn cead chun taisteal lasmuigh de Pyongyang.

Ní féidir leat taisteal díreach chuig an Chóiré Theas ón Chóiré Thuaidh, mura dtabharfaidh tú cuairt oifigiúil ar Choimpléacs Tionsclaíoch Kaesong.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin.

Grianghrafadóireacht

Tá ísliú beag tagtha ar shrianta ó thaobh úsáid ceamaraí, cé go moltar duit i gcónaí cead a fháil ón treoraí sula nglacfaidh tú grianghraf. Ní cheadaítear grianghraif a ghlacadh d’oifigigh ná d’fhoirgnimh chosanta nó d’fhoirgnimh fálaithe.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá aeráid ilchríochach ag an Chóiré Thuaidh ina bhfuil geimhreadh an-fhuar agus tirim agus samhradh an-te agus bogthais, lena n-áirítear séasúr báistí in mí Iúil (a leanann ar aghaidh go Lúnasa uaireanta). Tá an fómhar agus an t-earrach an-chineálta ach tá siad in ann a bheith gearr.

Tuilte

De bharr dí-fhoraoisiú forleathan agus de bharr báisteach throm agus/nó tíofúin, is féidir leis an Chóiré Thuaidh a bheith buailte go dona ag tuilte agus níl sé neamhchoitianta tuairiscí a fháil faoi dhaoine ag fáil bháis, chomh maith le damáiste a bheith déanta do thithíocht, d’infreastruchtúr agus do bhairr. Tá na meicníochtaí déileála agus freagartha do thuilte teoranta.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mórán náisiúnach de chuid na hÉireann a thugann cuairt ar an Chóiré Thuaidh agus go hiondúil bíonn siad siúd a thugann mar chuid de thuras eagraithe. Teastaíonn urraitheoir agus cead ó Aireacht Gnóthaí Eachtracha na tíre ó thaistealaithe aonaracha. De ghnáth ní cheadaítear é seo ach do thaistealaithe gnó, oifigigh rialtais agus NGOanna. Déan teagmháil le hAmbasáid na Cóiré Thuaidh in Londain má tá tuilleadh eolais uait faoi riachtanais iontrála na Cóiré Thuaidh. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chuig an Chóiré Thuaidh. Bí chóir go mbeadh a fhios agat go bhfuil an cúram liachta an-teoranta.

Teanga

Níl Béarla ach ag treoraithe oifigiúla agus oifigigh sinsearacha rialtais.

Fóin phóca

Go ginearálta ní cheadaítear do chuairteoirí fón póca a iompar agus tá gach seans go mbeidh ort do fón póca a thabhairt ar lámh nuair a thagann tú chun na Cóiré Thuaidh. Tabharfar ar ais duit é nuair a bheidh tú ag fágáil na tíre. D’fhéadfadh sé go gcoinneofaí fearais a mbeadh cumas GPS acu.

Go ginearálta is féidir leat glaochanna gutháin a dhéanamh, ar tháille, ó óstáin chuig uimhreacha lasmuigh den Chóiré Thuaidh, ach amháin uimhreacha sa Chóiré Theas.

Airgead

Is é Won na Cóiré Thuaidh an t-airgeadra áitiúil ach teastóidh airgeadra láidir uait ar nós an euro, dollair, renminbi agus yen chun íocaíochtaí a dhéanamh sa tír.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in the Democratic People's Republic of Korea, please contact Embassy of Ireland Republic of Korea Embassy at (822) 721-7200 where you will be given a separate number to call. This will put you in touch directly with an Embassy official.

If necessary, you can also make direct contact with the Consular Assistance Unit at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Leema Bldg. 13F
42, Jongro 1-gil
Jongro-gu
Seoul
Korea 110-755

Tel: +82 2 721 7200
Fax: +82 2 774 6458

Monday to Friday 09:00-12:30 and 13:30-17:00

Contact us