DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Iodáil, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Iodáil

Má tá tú le taisteal chun na hIodáile, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Sláinte
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Taisteal chun na hIodáile

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na hIodáile ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar dul go dtí an Iodáil an t-eolas is déanaí a sheiceáil maidir le riachtanais do phaisinéirí idirnáisiúnta ag teacht chuig an tír. Is féidir a thuilleadh sonraí a fháil anseo.

Roimh imeacht duit ar thuras chun na hIodáile, déan cinnte nach bhfuil bearta breise i bhfeidhm sa réigiún ina mbeidh tú ag fanacht. Má tá a thuilleadh eolais uait, tá roinnt teagmhálacha réigiúnacha úsáideacha ar fáil. Is féidir teacht ar eolas ar na riachtanais sláinte phoiblí atá i bhfeidhm san Iodáil ar an táb ‘Sláinte’.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála san Iodáil trí ghlaoch a chur ar 112. Na huimhreacha éigeandála ná:

Póilíní 113

Seirbhís Otharcharr: 118

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus slándáil

Corraíl Shóisialta

Tá an cás polaitiúil san Iodáil socair ach féadfaidh léirsithe poiblí tarlú go rialta, go háirithe i lár mórchathracha a bhfuil an dóchúlacht ann go mbeidh turasóirí iontu. Bíonn siad dea-eagraithe de ghnáth agus is annamh, más amhlaidh riamh, go n-éiríonn siad foréigneach. Mar sin féin ba cheart iad a sheachaint agus leas a bhaint as gnáthchiall má bhíonn tú i gar do chruinniú mór poiblí.

Coinnigh tú féin ar an eolas maidir lena bhfuil ag tarlú timpeall ort i gcónaí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí theagmháil rialta a dhéanamh le d’óstán nó leis an té a d’eagraigh do thuras.

Sceimhlitheoireacht

Cé gur beag an bhagairt sceimhlitheoireachta san Iodáil, tá baol domhanda ann fós go ndéanfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, a d’fhéadfadh a bheith i gcoinne targaidí sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna ina mbíonn turasóirí agus eisimircigh ag tarraingt orthu. 

D’fhéadfadh go mbeadh ionsaithe gan idirdhealú ann, lena n-áirítear ionsaithe in áiteanna ina mbíonn eachtrannaigh go minic. I láthair na huaire tá measúnú déanta ag Rialtas na hIodáile ar an leibhéal baoil i dtaca le hionsaithe sceimhlitheoireachta san Iodáil agus tá “meánleibhéal/leibhéal ard” (leibhéal 2) ann. D’fhéadfadh go bhfeicfeadh cuairteoirí chuig an Iodáil láithreacht póilíní agus seiceálacha slándála méadaithe, go háirithe i gcathracha níos mó ar nós na Róimhe agus Milano. Níor cheart go mbeadh aon tionchar ar leith aige seo ar thurasóirí ach ba ceart cúram as an gnáth a chleachtadh agus comhairle slándála na n-údarás áitiúil a leanúint.

Coireacht

Tá an choireacht fós sách íseal san Iodáil ach ba chóir duit réamhchúraimí ciallmhara a dhéanamh: 

  • Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna inar briseadh isteach i gcarranna turasóirí agus inar goideadh a raibh sna carranna le roinnt míonna anuas. Moltar do shaoránaigh Éireannacha gan rudaí luachmhara, lena n-áirítear pasanna, a fhágáil i bhfeithiclí gan duine éigin ann.
  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Bí ar an eolas go mbíonn mionchoireacht (peasghadaíocht, sciobadh málaí srl.) comónta, go háirithe ar iompar poiblí agus in áiteanna turasóireachta. Ba cheart a bheith ar an airdeall maidir le giuirléidí pearsanta i stáisiúin traenach (go háirithe Stáisiún Termini sa Róimh), in áiteanna poiblí in aerfoirt, ag suíomhanna turasóireachta agus nuair a bhíonn úsáid á baint as seirbhísí bus, meitreo nó tram, lena n-áirítear nuair a bhíonn bagáiste á thógáil amach as cóistí atá ag taisteal chuig/ó aerfoirt.  Sábháilteacht phearsanta
  • Cuireadh ar an eolas muid maidir le méadú ar líon na gcásanna inar tugadh drugaí do thaistealaithe trí substaintí a cuireadh i ndeochanna, agus gur goideadh airgead, cártaí creidmheasa agus gutháin phóca uatha ina dhiaidh le déanaí. Molaimid go mbíonn tú airdeallach i mbeáir, agus a bheith amhrasach maidir le deochanna a thairgeann strainséirí in áiteanna oíche agus in áiteanna ina gcruinníonn turasóirí sna tráthnónta.

Creathanna Talún

Tá neart codanna den Iodáil ar mhór-éasclíne sheismeach. Tarlúint laethúil, geall le bheith, a bhíonn i gceist le mionchreathanna talún.

Bhuail creathanna talún a raibh rangú 5 agus 6 ar scála Richter acu réigiún Emilia na hIodáile i mí Bealtaine na bliana 2012 agus lean creathanna agus iarchreathanna ar aghaidh sna míonna ina dhiaidh. Déanadh damáiste suntasach do chinn scríbe turasóireachta mór le rá lena n-áirítear Modena, Mantova agus cathracha eile i gCúige Ferrara. Meastar nach bhfuil roinnt foirgneamh sábháilte fós agus rinneadh damáiste don infreastruchtúr.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais (in Iodáilis) ar na suíomhanna seo a leanas: 

www.provincia.fe.it ; www.provincia.modena.it ; www.provincia.re.it .

Tuilte

Ba cheart do dhaoine a thugann cuairt ar an Veinéis suntas a dhéanamh de go mbíonn codanna den Veinéis tugtha do thuilte ag amanna áirithe den bhliain, go háirithe ag deireadh an fhómhair agus ag tús an earraigh.

Sciáil

Má bhíonn cuairt á tabhairt agat ar ionad saoire sciála ba cheart glacadh le comhairle maidir le coinníollacha aimsire agus maidhmeanna sléibhe sula dtaistealaíonn sú agus tú féin a chur ar an eolas maidir le dlíthe agus rialacháin sciála áitiúla.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara ag dul le húsáid drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Alcól

Ba cheart do chuairteoirí chuig an Iodáil a bheith feasach gur gnáth go ndíoltar biotáillí alcólacha i dtomhais i bhfad níos mó i mbeáir agus i mbialanna san Iodáil ná mar a dhíoltar in Éirinn.

Bíodh agus go n-ólfaidh Iodálaigh fíon lena mbéilí de ghnáth, tá geis agus éadulaingt chultúrtha ann i dtaca le meisciúlacht phoiblí agus go háirithe maidir le hiompar frithshóisialta mar thoradh ar an iomarca alcóil a ól.

Iompraíocht Phoiblí

I gcathracha ar nós Flórans agus na Veinéise, ba cheart aird a thabhairt ar fhógraí i dtaca le hiompraíocht phoiblí. I roinnt áiteanna, in aice le séipéil agus i roinnt piazzas, tá toirmeasc ar ithe nó ól ar chéimeanna nó ar leachta. Éilítear ar chuairteoirí gléasadh go modhúil i séipéil agus in ionad adhartha eile, lena n-áirítear Basilica Naomh Peadar.

Ba cheart do thurasóirí a bheith ar an eolas go mbíonn cosc ar fholcadh i scairdeáin i gcónaí.

Pósadh san Iodáil

Caithfidh gach saoránach Éireannach ar mhian leo pósadh san Iodáil nulla osta (teastas saoirse chun pósta) a fháil. Tá tuilleadh eolais maidir le conas iarratas a dhéanamh le fáil ar ár suíomh idirlín sa chuid Taisteal.

Faisnéis Bhreise

Iompar

Tiomáint

Má bhíonn sé de phlean agat tiomáint san Iodáil, ba cheart duit cúram a chleachtadh toisc gur féidir le luas na tiomána a bheith níos tapúla mar atá in Éirinn agus toisc go bhfuil nósanna tiomána difriúla acu. I gcathracha agus i mbailte, éilíonn úsáid forleathan gluaisrothair agus móipéidí ar thiománaithe a níos mó aird agus cúraim a ghlacadh.

Más mian leat tiomáint:

•Beir leat do cheadúnas tiomána Éireannach nó idirnáisiúnta iomlán agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus cuí agat.

•Má bhíonn tú ag tiomáint carr atá cláraithe in Éirinn cinntigh go bhfuil árachas iomlán air agus bíodh do logleabhar, cruthúnas árachais agus teastas Tástála Náisiúnta Carranna (más cuí) agat leat.

•Bí ar an eolas go mbíonn tús áite ag coisithe a bhíonn ag trasnú an bhóthair a bhfuil tú ag casadh isteach ann má bhíonn tú ag casadh ar dheis ag acomhail.

•Caithfidh gach tiománaí veist fhrithchaiteach a chaitheamh agus comharthaí rabhaidh triantáin fhrithchaiteacha a úsáid más gá dóibh stopadh ar thaobh an bhóthair.

•Caithfear ceannsoilse maolaithe a úsáid i gcónaí agus tú ag tiomáint ar mhótarbhealaigh (Autostrada) agus ar mhórbhóithre.

Rochtain Shrianta ar lár cathracha Iodálacha

Feidhmíonn neart cathracha Iodálacha limistéir shrianta tiomána nach bhfuil rochtain ach ag carranna a bhfuil ceadúnais acu orthu. Eiseofar fíneálacha do gach carr a théann isteach sa limistéar seo gan ceadúnas. Marcálfar teorainneacha na limistéar srianta seo le comharthaí a deir “ZTL” (Zona Traffico Limitato / Limistéar Tráchta Srianta).

De bharr go bhféadfadh líon beag comharthaí a bheith ann, d’fhéadfadh nach mbeadh sé soiléir i gcónaí an bhfuil limistéar srianta i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, léitear plátaí ceadúnais carranna go leictreonach mar sin d’fhéadfadh nach mbeifeá ar an eolas gur gearradh fíneáil ort go dtí go bhfaigheann tú fógra sa phost roinnt míonna ina dhiaidh sin.

Moltar do thurasóirí comhairle áitiúil a lorg maidir le an bhfuil nó nach bhfuil limistéir shrianta tráchta i bhfeidhm, agus meas a léiriú ar na rialacháin ar fad. Má bhíonn d’óstán i lár na cathrach atá i gceist, d’fhéadfadh go mbeifeá ábalta pas sealadach a fháil don chathair sin; déan teagmháil le d’óstán chun tuilleadh sonraí a fháil.

Fíneálacha le haghaidh coireanna tráchta bóithre

D’fhéadfaí fíneálacha a ghearradh suas le bliain i ndiaidh gur déanadh an choir agus is féidir iad a mhéadú muna n-íoctar iad laistigh de 60 lá. Déanann Córas Slánródaíochta na hIodáile forálacha le haghaidh roinnt fíneálacha “ar an bpointe”. Muna mbíonn tú ábalta íoc, seolfar an fhíneáil chuig do sheoladh baile agus d’fhéadfaí é a mhéadú.

Mótarbhealaigh na hIodáile

Cuireann an t-údarás atá freagrach as córas mótarbhealach na hIodáile eolas úsáideach ar fáil i mBéarla ar a shuíomh idirlín

Coisithe

Ba cheart do choisithe cuimhneamh go mbeidh an trácht ag teacht óna mhalairt treo i gcomparáid le hÉirinn. Ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar an gcontúirt bhreise istoíche agus iad ag siúl le hais bóithre gan pábháil cheart orthu agus nuair a bhíonn bóithre á dtrasnú acu, fiú ag áiteanna trasnaithe ainmnithe.

Ní rialaíonn comharthaí formhór na dtrasrianta coisithe, agus in ionad sin tá siad ar nós trasrianta síogacha in Éirinn. Mar sin féin, ní léiríonn tiománaithe, iad siúd ar ghluaisrothair agus ar mhóipéidí go háirithe, meas orthu seo uaireanta, mar sin ba cheart cúram ar leith a dhéanamh.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil). Ba cheart do chonradh cíosa a bhreith leat i gcónaí chomh maith.

Tacsaithe

Bíonn ceadúnais ag tacsaithe san Iodáil agus bíonn comharthaí soiléire orthu. Feidhmíonn siad ar mhéadar, agus liostaítear liosta táillí breise (uaireanta déanacha, bagáiste srl.) laistigh. Is minic a mheallann Aerfoirt agus calafoirt tiománaithe gan cheadúnas a ligeann orthu gur tacsaithe iad agus ba cheart iad siúd a sheachaint toisc go ngearrann siad an iomarca ar thurasóirí go hiondúil. Molaimid nach bhfaighfí ach tacsaithe oifigiúla ar cíos.

Bí eolach, le do thoil, sa chás go nglaoitear ar thacsaí, go dtosaítear an méadar sa tacsaí nuair a fhágann an tacsaí i dtreo an áit ina bhfuil tusa. Mar shampla, má deir an riarthóir tacsaithe nó an taifead go bhfuil “Tacsaí X” chun a bheith leat i gceann 5 nóiméad, ba cheart duit a bheith ar an eolas go mbeidh luach 5 nóiméad de tháillí ar an méadar nuair a bhainfidh sé an áit amach.

Ar mhaithe le do shábháilteacht féin, ná téigh isteach i dtacsaí nuair a bhíonn duine eile leis an tiománaí agus ná haontaigh go bpiocfadh an tiománaí duine eile suas.

Bíonn roinnt comhlachtaí chauffeur i mórchathracha, a chuireann aistrithe ón aerfort chuig lár na cathrach agus vice versa ar fáil ar phraghsanna iomaíocha. Iarr orthu i d’óstán le haghaidh tuilleadh sonraí.

Tá táille sheasta €30 euro socraithe ag údaráis na Róimhe do thurais chuig agus ó aerfort Ciampino agus lár na Róimhe (laistigh de bhallaí Aureliane) agus €48 do thurais ó agus chuig aerfort Fumincino agus lár na Róimhe (laistigh de bhallaí Aureliane). Sula dtaistealaíonn tú chun na Róimhe, seiceáil an bhfuil d’óstán i gceantar atá cuimsithe sa chomhaontú seo. Níor cheart aon táille eile a ghearradh le haghaidh bagáiste, paisinéirí breise srl.

Iompar Poiblí

Teastaíonn ticéid bhailí le haghaidh busanna, traenacha, tramanna agus an meitreo. Caithfear iad seo a cheannach roimh ré agus a bhailiú i meaisín bailithe sa stáisiún nó ar an mbus/tram. Mura mbíonn ticéad bailí (agus bailithe) agat gearrfar fíneáil ar an bpointe tuairim is €50 go dtí €60 an duine. Ní dhéanann na cigirí aon eisceacht le haghaidh turasóirí.

Is minic gur féidir ticéid a cheannach i gcaiféanna beaga, go háirithe iad siúd a dhíolann toitíní (bí ag faire amach le haghaidh comhartha T gorm a sheasann le haghaidh Tabaccheria (Siopa Tobac).

Tarlaíonn stailceanna Iompair Phoiblí go rialta san Iodáil agus bíonn seirbhísí laghdaithe nó stad iomlán dá dtoradh. Is gnáth go bhfógraítear iad roimh ré, agus ba cheart do thurasóirí coinneáil ar an eolas maidir le stailceanna féideartha agus maidir leis an tslí ina bhféadfaidís tionchar a bheith acu ar a gcuid pleananna. 

Sláinte

Sláinte

Riachtanais Sláinte Poiblí san Iodáil

Den chuid is mó, tá srianta tar éis a bheith scaoilte ar fud na hIodáile, ach moltar do thaistealaithe treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint. Moltar go láidir do shaoránaigh Éireannacha féachaint ar an eolas maidir le limistéir réigiúnacha COVID, ar shuíomh idirlín na hAireachta Sláinte (i mBéarla).

Spásanna agus seirbhísí poiblí

Tá na srianta COVID-19 seo a leanas i bhfeidhm san Iodáil:

  • Tá maisc FFP2 éigeantach agus cuairt á tabhairt ar áiseanna cúram leighis amhail ospidéil agus tithe altramais.
  • Tá Pas Glas/Teastas Digiteach COVID an AE de dhíth faoi láthair chun rochtain a fháil ar ospidéil agus ar ionaid cúram leighis eile san Iodáil. Laistigh den Iodáil meastar go bhfuil Teastas Digiteach Covid de chuid an AE/Pas Glas bunaithe ar an bpríomhvacsaíniú éagtha má bhíonn sé níos mó ná 6 mhí ón dáileog dheireanach den phríomhchúrsa vacsaínithe.

Caithfear cloí le rialacháin taistil áitiúla an réigiúin a bhfuil cuairt á tabhairt agat air – tá údaráis réigiúnacha agus áitiúla san Iodáil cumhachtaithe na bearta seo a choigeartú nuair is gá, rud a d’fhéadfadh tarlú ar gearrfhógra.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil ábhartha, cumhdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go ndéanann tú athnuachan ar do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil ceart arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Vacsaínithe

Níl aon vacsaín de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha chun taisteal chun na hIodáile. Má thagann tinneas ort agus tú san Iodáil agus má bhíonn tuilleadh comhairle uait maidir leis an tslí rochtain a fháil ar chúram sláinte, déan teagmháil leis an Ambasáid le do thoil.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates a weekend out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance.

If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy at (+39) 06 5852 381 and leave a message on the answering machine.

Embassy of Ireland
Villa Spada
Via Giacomo Medici
1-00153 Roma
Italy

Tel: +39 06 585 2381
Fax: +39 06 581 3336

Monday – Friday 9:15am to 1:00pm & 2:15pm to 5:30pm

Attendance at the Embassy’s public office is currently by appointment only. If you need to attend the Embassy’s public office, please click “Email us” below in order to make an appointment.

Contact us

Honorary Consulate Contact

Ms. Antonietta Marsaglia
Honorary Consul General of Ireland
Piazza S. Pietro in Gessate 2
20122 Milano
Italy

Tel: +39 02 551 87569
Fax: +39 02 551 87570

Email: Email us