DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ungáir, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ungáir

Má tá tú ag taisteal chun na hUngáire, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na hUngáire

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na hUngáire, beag beann ar shaoránacht. Ba cheart do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar thaisteal chun na hUngáire monatóireacht a dhéanamh ar na cúrsaí eipidéimeolaíocha.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Bí ar an eolas agus tú ag taisteal laistigh den Ungáir agus chuig tíortha nó ó thíortha máguaird, ballstáit Schengen san áireamh, gur dócha go mbeadh seiceálacha aitheantais níos minice ar siúl. Cuir san áireamh agus socruithe taistil á ndéanamh agat gur dócha go mbeadh moilleanna ag baint le taisteal trasteorann ar tír (traenacha san áireamh) agus cáipéisí taistil á seiceáil go dian.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála san Ungáir ach scairt a chur ar 112. Na huimhreacha éigeandála ná:

  • Briogáid Dóiteáin: 105
  • Otharcharr: 104

Bí an-chúramach

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Cé gur beag an bhagairt sceimhlitheoireachta san Ungáir, tá baol domhanda ann fós go ndéanfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, a d’fhéadfadh a bheith i gcoinne targaidí sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna ina mbíonn turasóirí agus eisimircigh ag tarraingt orthu.

Tá an Ungáir ag coinneáil meánleibhéal (rangú 3) foláirimh sceimhlitheoireachta i bhfeidhm sa tír, bíodh agus nár tuairiscíodh aon bhagairt sceimhlitheoireachta díreach. Ba cheart a bheith airdeallach maidir lena bhfuil timpeall ort, treoracha ar bith ó na póilíní (Rendörség) nó ó sheirbhísí slándála a leanúint.

Coireacht

Tá ráta coiriúlachta measartha i bhformhór na hUngáire. Mar sin féin, ba cheart go mbeifeá ar an eolas go bhfuil riosca i bhfad níos airde ag baint le peasghadaíocht agus mugáil i mBúdaipeist in áiteanna turasóireachta gnóthacha. Bíonn an-éileamh ag na turasóirí ar bheáir fothraigh Bhúdaipeist go háirithe. Bíonn na míonna ó Bhealtaine-Meán Fómhair fíorghnóthach le hidir-iarnródaíocht agus le taistealaithe eile. Bhí roinnt tuairiscí maidir le mionchoireacht agus imeaglú ó fhoireann i mbeáir. Molaimid a bheith airdeallach agus fanacht le grúpa nuair is féidir.

Molaimid an liosta réamhchúraim bhunúsacha seo a leanas:

  • Coimeád do phas in áit shlán agus shábháilte agus tú ag taisteal. Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna gnóthacha.
  • Bí airdeallach faoin mionchoireacht: baineann go leor de na cásanna a ndéileálaimid leo le pasanna agus sparáin a ghoidtear.
  • Úsáid soláthróir tacsaithe cláraithe i gcónaí. Bíonn na tacsaithe ar fad i mBúdaipeist buí agus beidh lógó/greamán comhlachta ar an doras ag na carranna. Nuair is féidir glaoigh ar thacsaí seachas ceann a ghlaoch ar an tsráid. Dearbhaigh an ceann scríbe leis an tiománaí agus bí cúramach agus tú ag íoc toisc go bhfuil réimse suimeanna difriúla i gceist le nótaí Ungáracha.
  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú san Ungáir, déan é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Is é 112 uimhir na seirbhísí éigeandála san Ungáir. Iarr ar Ungárach cabhrú leat má bhíonn deacrachtaí teanga agat leis an oibrí. Ag stáisiún na bpóilíní, is féidir ateangaire a iarraidh chun tuairisc póilíneachta a dhéanamh i mBéarla. Agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBúdaipeist má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Tiomáint

Má bhíonn sé de phlean agat tiomáint san Ungáir, bí ar an eolas gur éigeantach do phas, ceadúnas tiomána idirnáisiúnta agus árachas tríú páirtí a iompar leat agus tú ag tiomáint.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara ag dul le húsáid drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ceadaítear do shealbhóirí pas bailí Éireannach taisteal gan víosa a dhéanamh san Ungáir ar an gcoinníoll nach maireann fad a gcuairte níos faide ná 90 lá. I gcás tréimhse fanachta a mhairfidh níos faide ná an tréimhse sin, teastaíonn ceadúnas cónaitheachta.

Riachtanais Iontrála le haghaidh Peataí

Liostaítear na riachtanais ar na suíomhanna thíos:
www.pettravel.com

Sláinte

Ní bhíonn vacsaínithe de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha agus iad ag taisteal chun na hUngáire. Mar sin féin, ba cheart comhairle leighis a lorg maidir le hionacluithe chun fadhbanna sláinte a bhaineann le sceartáin (amhail einceifealaíteas a iompraíonn sceartáin), go háirithe má bhíonn sé de phlean agat cuairt a thabhairt ar locha nó ar áiteanna faoi chrainn.

Gairmithe a Labhraíonn Béarla

D’fhéadfadh go mbeadh ort teagmháil a dhéanamh le dlíodóir nó dochtúir a labhraíonn Béarla i gcaitheamh do chuid ama san Ungáir. Ar mhaithe lena leithéid a éascú tá liosta curtha le chéile ag an Ambasáid de ghairmithe a labhraíonn Béarla, a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit. Níor cheart glacadh leis mar theistiméireacht ón Ambasáid ar na daoine seo de bharr go bhfuil siad ar an liosta.

Seirbhísí leighis 24 uair an chloig
In Buda: II dstr. Ganz str. 13.
Guth: 202-1370
XII. dstr. Diósárok u. 1-3.
Guth: 06-30-2000-100

In Pest: V. Dstr. Semmelweis u.14.
Guth: 00-36-1-311- 6816

Cúram péidiatraice lasmuigh de ghnáthuaireanta
In Buda: Henger u. 1.
Guth: 00-36-1-212- 5979

In Pest: Gyöngyössi u. 29.
Guth: 00-36-1-320- 8403
Bethesda u.3.
Guth: 00-36-1-384-5150

Siopaí Poitigéara 24 uair an chloig:
In Buda:
XII. Dstr. Alkotás út 1/b.
Guth: 00-36-1-355-4691

In Pest:
V.dstr. Teréz krt. 41.
Guth: 00-36-1-311-4439

Seirbhísí Fiaclóra:www.budapest-tourist-guide.com

 

Embassy contact

Embassy Contact

For consular emergencies outside working hours please call the Embassy on +36 1301 4960 and leave a voicemail which is monitored by the Duty Officer.

Embassy of Ireland
Budapest 1054.
Szabadsag ter 7.
Bank Center, Platina Tower 2, VI. Floor
Budapest
Hungary

Tel: +36 1 301 4960
Fax: +36 1 302 9599

Monday to Friday 09.30 - 12.30 and 14.30 - 16.30

Contact us