DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhotsuáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

an Bhotsuáin

Má tá tú ag taisteal chun na Botsuáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an mBotsuáin nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin mBotsuáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Bhotsuáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i bPretoria. Tá Consalacht Oinigh na hÉireann in Gabarone, an Bhotsuáin chomh maith.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear

Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála

Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil

Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht sa Bhotsuáin, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa Bhotsuáin i gcónaí, i gcomparáid leis na tíortha máguaird, cé go bhfuil ardú beag tagtha air le déanaí. De ghnáth ní bhíonn aon trioblóid ag daoine ag taisteal chun na Botsuáine, ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhotsuáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i bPretoria nó leis an gConsal Oinigh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhotsuáin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá bóithre maithe tarmac ar fud fhormhór na Botsuáine ach bí cúramach má bhíonn tú ag tiomáint easbhóthair.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Botsuáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Tiomáint in áiteanna tuaithe

Tá fiadhúlra agus beostoc fáin in ann guais mhór a chruthú ar na bóithre, mar sin seachain a bheith ag tiomáint faoin tuath san oíche. Is tír an-mhór í an Bhotsuáin ina bhfuil daonra sách beag. Bíonn achar fada idir áiteanna uirbeacha mar sin agus ní bhíonn mórán seirbhísí ar fáil ar an mbealach, mar shampla breosla, bia, cóiríocht agus clúdach fón póca. Bí cinnte go bhfuil go leor uisce óil agat, chomh maith le roinnt bia agus an dara bonn spáráilte má tá tú ag dul píosa fada ar dhrochbhóithre.    

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo

Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Déan teagmháil le Ambasáid na Botsuáine chun na hÉireann i Londain sula dtéann tú ag taisteal chun riachtanais iontrála agus eolas faoi inimirce a fháil.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Botsuáine.

Maláire

Bíonn maláire ann i dtuaisceart na Botsuáine, go háirithe i rith shéasúr na báistí. Sula dtéann tú ag taisteal, faigh comhairle liachta cothrom le dáta maidir le leigheas frith-mhaláire. Agus déan réamhchúram nuair a shroichfidh tú an Bhotsuáin le muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

VEID agus SEIF

Tá ceann de na rátaí ionfhabhtaithe is airde ar domhan sa Bhotsuáin maidir le VEID agus SEIF. Má mheasann tú gur nochtadh tú do na víris, faigh comhairle liachta láithreach.

Einceifilíteas sceartán-iompartha

Má tá sé i gceist agat a bheith ag campáil nó ag siúl sa mhongach, bí ar an airdeall faoi ghreamanna sceartán.

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
2nd Floor
Parkdev Building
Brooklyn Bridge Office Park
570 Fehrsen Street
Brooklyn 0181
Pretoria
South Africa


Tel: Tel: + 27 12 452 1000

Fax: Fax: + 27 12 342 4752

Monday to Thursday 09:00-12:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Plot 50, Section 1,
Gaborone International Commerce Park
P O Box 502555
Gaborone
Botswana

Tel: +267 3905807

Email: Email us