DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhanglaidéis, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bhanglaidéis

Má tá tú ag taisteal chun na Banglaidéise, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an mBanglaidéis nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin mBanglaidéis sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Bhanglaidéis, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair  uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua san India.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitíochta

Reáchtáladh olltoghchán in Eanáir 2014. Níor ghlac páirtithe an fhreasúra páirt ann. Tá baol méadaithe stailceanna agus foréigin ann. Ba chóir duit léirsithe a sheachaint agus réamhchúram a dhéanamh agus tú ag taisteal sa Bhanglaidéis.

Má tá tú ag taisteal chun na Banglaidéise,  bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall trí monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas. Áirítear iad seo a leanas ar na craoltaí nuachta i mBéarla ATN Bangla (9am agus 6pm), Bangla Vision (6pm) agus BTV (10am, 4pm agus 10pm). Agus seachain léirsithe agus tionóil phoiblí, atá in ann éirí foréigneach uaireanta. 

Sceimhlitheoireacht

Tá baol leanúnach sceimhlitheoireachta sa Bhanglaidéis agus d’fhéadfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a dhéanamh ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa Bhanglaidéis ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  •  Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Ropairí

Tá sé sách rioscúil taisteal idir bailte tar éis thitim na hoíche ar thraen, ar bhus nó ar bhád farrantóireachta go háirithe mar gheall ar ropaireacht.

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhanglaidéis, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhanglaidéis, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá sábháilteacht ar bhóithre an-dona agus tá go leor tráchta i gceantair uirbeacha agus bíonn sé anordúili, agus bíonn sé ina chíor thuathail ag na timpealláin agus acomhail.  Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Banglaidéise, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Bíodh a fhios agat go mbíonn tiománaithe feithiclí móra ag súil dtabharfar ceart slí dóibh
  • Trasnaíonn coisithe agus roth-charranna an bóthar gan féachaint ar dheis ná ar chlé
  • Bíonn go leor feithiclí gan soilse san oíche nó bíonn a gceannsoilse arda air

Sábháilteacht ar Bhóithre

Bíodh a fhios agat gurb iad seo a leanas is cúis le tuairteanna a tharlaíonn agus a mharaíonn daoine go minic:

  • An iomarca luais
  • Scoitheadh an-chontúirteach agus ionsaitheach
  • Inlíochtaí tobanna gan chomhartha
  • Feithiclí ag taisteal sna lánaí míchearta nó in aghaidh an tsrutha tráchta
  • Feithiclí ag dul isteach in acomhail agus príomhbhóithre gan choinne

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.Gearrtar pionós an bháis nó príosúnacht saoil i ndáil le roinnt cionta a bhaineann le drugaí.

Cultúr Moslamach

Cloítear go daingean le cleachtais agus creideamh Ioslamach i ndlíthe, gnásanna agus i rialacháin na Banglaidéise. Bíodh do chuid iompair ciallmhar agus discréideach. Ba chóir do thurasóirí meas a léiriú lena gcuid éadaí agus ba chóir do mhná a nguaillí a chlúdach agus sciortaí fada nó brístí fada a chaitheamh.

Ba chóir duit meas a léiriú do thraidisiúin chreidimh agus shóisialta chun sárú nósanna áitiúla  a sheachaint.  Le linn Ramadan, níor chóir duit aon rud a ithe, a ól ná a chaitheamh go poiblí idir éirí agus luí na gréine.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí sa Bhanglaidéis.  Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Aeráid

Tarlaíonn tubaistí nádúrtha agus bíonn drochaimsir sa Bhanglaidéis, lena n-áirítear cioclóin agus tuilte.

Crith Talún

Tá an Bhanglaidéis i zón creathanna talún ard-riosca. Má tá tú ag taisteal chun na Banglaidéise nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Tuilte

Bíonn tuilte go forleathan i séasúr na monsún idir Meitheamh agus Meán Fómhair, a chuireann isteach ar thaisteal, go háirithe i gceantair thuaithe. Ba chóir duit seiceáil gur féidir bealaí a thaisteal sula dtéann tú ar thurais fhada.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann le taisteal chun na Banglaidéise. Is ionann an táille iarratais agus US$ 50, agus is féidir é sin a íoc ar an láthair le hairgead tirim in Dollar na Stáit Aontaithe nó a chomhionann i Taka na Banglaidéise. Déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Banglaidéise le haghaidh tuilleadh mionsonraí maidir le riachtanais iontrála.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Banglaidéise. Má bhíonn riocht sláinte agat a bhí ort roimhe seo, seiceáil leis an dochtúir sula dtéann tú ag taisteal.

Saoráidí liachta

Tá fíor-dhrochshaoráidí liachta ann agus ní féidir brath ar ghnáth-thástá(1)lacha agus X-ghathanna. Ní mór duit árachas liachta oiriúnach a bheith agat agus a bheith réidh taisteal lasmuigh den Bhanglaidéis le haghaidh cóir leighis.

Maláire

Tá maláire teoranta do cheantair thuaithe ar leith de ghnáth, go háirithe na Chittagong Hill Tracts. Ní thugann roinnt próifiolacsach thar an gcuntar cosaint ar bith. Seachain muiscítí trí tú féin a chlúdach suas agus éarthach muiscítí a úsáid.

Fiabhras Deinge

Tá fiabhras Deinge coitianta i mbailte, lena n-áirtítear Dhaka. Ní thugann roinnt próifiolacsach thar an gcuntar cosaint ar bith. Seachain muiscítí trí tú féin a chlúdach suas agus éarthach muicítí a úsáid. Is é an t-aon bhealach le cosaint ar an bhfiabhras deinge ná greamanna muiscíte a sheachaint trí tú féin a chlúdach agus éarthach muiscíte a úsáid.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on: +91 (11) 49403200.

If you call outside normal working hours, you will be asked to leave a message on the answering machine.

Embassy of Ireland
C17 Malcha Marg
Chanakyapuri
New Delhi 110 021
India

Tel: +91 11 4940 3200
Fax: +91 11 4059 1898

Monday to Friday 9:00 to 13:30 and 14:30 to 17:00

Contact us