DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Túinéis, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Túinéis

Má tá tú ag taisteal chun na Túinéise, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn. 

Stádas slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Túinéis nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Túinéis sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Póilíní (Police Secours): 197

Otharcharr (SAMU): 190

Briogáid Dóiteáin: 198

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann sa Túinéis, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Rabat nó leis an Consal Oinigh sa Túinéis má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat. The phones of the Honorary Consulate are not monitored at the weekend.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil. 

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tunisia is undergoing a process of tense political transition following the “Jasmine Revolution” in 2011.  A state of emergency has been in place since 2011.There is an ongoing risk of strikes and protests, which could become violent. The assassination of a political leader in February 2013 led to a wave of unrest. This was followed by a second assassination of a leading politician on 25 July 2013. The country is now experiencing a period of political stalemate.

Léirsithe

Tunisia is experiencing frequent demonstrations. Travellers are advised to avoid protests and demonstrations. It may be advisable to avoid the centre of major cities on Friday afternoons, which is when most demonstrations take place. Always keep yourself informed of what’s going on around you by monitoring local media and staying in contact with your hotel or tour organiser.

While demonstrations are not normally aimed at foreigners, international events can trigger anti-western protests. Violent protests took place in front of the US Embassy in Tunis in September 2012 resulting in several deaths among protestors and significant damage to the US Embassy and American school.

Staid éigeandála

Tá staid éigeandála fós i bhfeidhm feadh na Túinéise agus d’fhéadfaí cuirfiúnna nó srianta sealadacha eile ar ghluaiseacht a chur i bhfeidhm nó a athrú ar bheagán fógra nó gan fhógra. Ba chóir duit na treoracha a thugann údaráis shlándála áitiúla agus/nó do thionscnóir turas a leanúint. Bíodh cóip de do phas nó de chineál eile céannachta le grianghraf ar iompar agat mar chruthúnas náisiúntachta agus céannachta.

Ceantair Teorann

Tá teorainn na Túinéise leis an Libia oscailte ach tá teannas i gceist le cúrsaí slándála. The war in Libya has had repercussions on the security of Tunisia’s border with Libya, with a significant increase in cross-border trafficking.  Border crossing points are occasionally temporarily closed without notice. There have been clashes between black market traders near the border with Libya. We recommend that you avoid travel to within 30km of the border with Libya. Do not travel to the Chaambi Mountain National Park, where a security operation is ongoing.

Bí ar an airdeall go háirithe in áiteanna in aice le teorainn na hAilgéire. Tá baol fuadaigh ann ó sceimhlitheoirí i ndeisceart na Túinéise, in aice leis an teorainn leis an Ailgéir. Ní mór duit cead a fháil ó údaráis na Túinéise (an Garda Náisiúnta) le dul isteach i limistéir fhásaigh áirithe in aice le teorainn na hAilgéire. Moltar go láidir duit taisteal le tionscnóir turas creidiúnach nó treoraí áitiúil ceadúnaithe má tá sé i gceist agat taisteal chuig an réigiún sin.

Sceimhlitheoireacht

As na tíortha san Afraic Thuaidh agus san Mheánoirthear, is sa Túinéis is lú a bhfuil tionchar ag sceimhlitheoireacht. That being said, there has been a recent increase in terrorist activity in Tunisia. A suicide bomb was detonated on the beach next to the Riadh Palm Hotel in the tourist town of Sousse on 30 October. The only reported casualty was the individual carrying explosives.

Coiriúlacht

Tá an leibhéal gadaíochta agus coireanna comhchosúla sa Túinéis sách íseal, ach bí ar an eolas go mbíonn peasghadaithe i mbun oibre i margaí plódaithe agus goidtear málaí i áiteanna a mbíonn turasóirí. Déan réamhchúram ciallmhar le tú féin agus do chuid stuif a chosaint:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach

Fuadach

Tá baol fuadaigh ann ó sceimhlitheoirí i ndeisceart na Túinéise, in aice leis an teorainn leis an Ailgéir.  Fuadaíodh beirt turasóirí ón Ostair sa réigiún sin agus coinníodh iad ar feadh roinnt míonna iad in 2008.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Túinéis, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsalacht Oinigh i dTúinis nó le hAmbasáid na hÉirinn i Maidrid má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Túinéis, ba chóir duit a bheith an-chúramach mar gur féidir le trácht a bheith tapa agus corrach. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Túinéise, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Coisithe

Ba chóir do choisithe a bheith an-chúramach, go háirithe agus iad ag dul trasna an bhóthair, cibé má tá comhartha ag ligean do choisithe dul trasna - ní stopann tiománaithe i gcónaí.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Ba chóir duit cineál éigin céannachta le grianghraf a bheith ar iompar agat (cóip de do phas mar shampla) i gcónaí.

Cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach í an Túinéis agus ba chóir duit a bheith measúil ar nósanna, ar thraidisiúin, ar dhlíthe agus ar reiligiúin áitiúla. Caith éadaí coimeádacha, bíodh fios do ghnóthaí agat agus bí cúramach gan cultúir ná creidimh reiligiúnda eile a mhaslú, go háirithe le linn mí bheannaithe Ramadan agus féilte beannaithe eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar áiteanna beannaithe .

Ní cheadaítear do Mhoslamaigh a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac i rith an lae le linn Ramadan. Níor chóir duit a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac go poiblí le linn an ama ionas nach maslófar aon duine.

Iompraíocht ghnéasach

Is cion coiriúil é homaighnéasachas agus gabhann pionós faoin dlí le caidreamh collaíochta lasmuigh den phósadh. Ba chóir a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá dianphionóis (téarmaí fada i bpríosún agus fíneálacha throma) as drugaí neamhdhleathacha a bheith i seilbh, lena n-áirítear méideanna beaga de dhrugaí 'boga’ neamhdhleathacha.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Bíonn an samhradh sa Túinéis te agus bogthais ar an gcósta agus níos teo intíre. Bíonn an geimhreadh fuar agus tais, go háirithe i gceantair ar an gcósta. Bíonn stoirmeacha dusta agus gainimh go minic sa Túinéis.

Tubaistí nádúrtha

Tá an Túinéis i gcrios seismeach gníomhach agus tarlaíonn creatháin talún. Is féidir eolas cothrom le dáta a fháil ón Seirbhís luathrabhaidh dhaonnúil agus déan monatóireacht chúramach ar na meáin áitiúla. Má tá tú ag taisteal chun na Túinéise nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

 

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Túinéise, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid na Túinéise i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Stampa Imeachta

Ón 1 Deireadh Fómhair 2014, ní mór d’eachtrannaigh neamhchónaitheacha cáin bhreise de 30 dinar an duine a íoc ag fágáil na Túinéise dóibh (tuairim is €13). Chun an cháin a íoc ba chóir stampa imeachta a cheannach, bíonn na stampaí ar díol sna hóstáin, sna gníomhaireachtaí taistil, sna hoifigí airgeadais, sna siopaí tobac, sna bainc agus sna hoifigí custaim (lena n-áirítear an t-aerfort agus teorainneacha eile). Cuirfear an stampa ansin i do phas le taobh do stampa iontrála.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na Túinéise. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Túinéise.

Uisce

Moltar duit gan ach uisce beirithe nó buidéalaithe a ól le linn do chuairte.

Airgead

Airgeadra na Túinéise

Tá onnmhairiú agus allmhairiú dinars na Túinéise toirmiscthe go sainráite.

Airgeadra Coigríche

Nuair a thiocfaidh tú chun na Túinéise, ní mór duit aon mhéideanna móra d’airgeadra coigríche atá á thabhairt leat agat a dhearbhú. Tá sé éigeantach suimeanna níos mó ná luach 5,000 Dinar na Túinéise a admháil. Mura ndearbhóidh tú é, d’fhéadfadh fadhbanna a bheith agat é a thógáil amach as an tír. D’fhéadfadh go mbeadh ort an dearbhú airgeadra a thaispeáint agus tú ag imeacht, chomh maith le hadmhálacha d’aon idirbhearta malartaithe airgeadra a rinne tú le linn do chuairte.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, you should call the duty officer on +212 666 933 599, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox is monitored regularly.

Embassy of Ireland
Centre Mahaj Riyad,
Batiment 8, 5eme Etage
Avenue Attine,
Rabat
Morocco

Tel: +212 05 30 13 40 82

Monday to Friday 09:00-18:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Moncef Mzabi
Honorary Consul of Ireland
Rue Lac Lochness
Immeuble RAPHAEL 2ème étage (2nd Floor)
Les Berges du Lac
Tunis 1053
Tunisia

Tel: +216 71 862823/862809
Fax: +216 71 188739

Email: Email us