Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Overview
- Safety and Security
- Local Laws and Customs
- Natural Disasters and Climate
- Additional Information
- Embassy Contact
Overview
Overview
Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le COVID-19
Don nuashonrú is déanaí léigh an Chomhairle Taistil Ghinearálta COVID-19>
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas slándála
Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar Óman, moltar duit réamhchúram a dhéanamh.
Foláireamh Taistil
Mar gheall ar an mbaol leanúnach ó fhoghlaithe mara, moltar gan taisteal neamhriachtanach a dheánamh i luaimh nó in árthaí áineasa ar an mórmhuir (níos mó ná 12 muirmhíle amach ón gcladach) i Murascaill Áidin, ar an Muir Arabach agus ar an gcuid den Aigéan Indiach leis na teorainneacha seo a leanas ó thaobh domhanleithid agus domhanfhaid: 15°N sa Mhuir Rua, 23° N sa Mhuir Arabach, 78° E agus 15°S san Aigéan Indiach.
Cláraigh linn
Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Óman nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.
Comhairle Uainne
Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Óman sula dtéann tú ann.
Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.
Cúnamh Éigeandála
Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.
Déan teagmháil leis an Ambasáid
De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann in Óman, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair agus comhairle uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Chonsalacht Oinigh in Ruwi nó le hAmbasáid na hÉireann in Riyadh ins an Araib Shádach.
Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:
- D'ainm
- An cineál faidhbe atá agat
- An áit a bhfuil tú anois
- Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)
Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.
Ambasáidí AE eile
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.
Conas is féidir linn cabhrú leat
Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.
Safety and Security
Safety and Security
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Corraíl shóisialta
Tá staid pholaitiúil Óman réasúnta seasmhach ach d’fhéadfadh corraíl shóisialta briseadh amach anois is arís. Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ag tarlú thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar mheáin áitiúla agus fan i dteagmháil le bainistíocht d’óstáin nó le do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus áiteanna poiblí ina gcruinníonn daoine, a d’fhéadfadh a bheith achrannach uaireanta.
Sceimhlitheoireacht
Bíonn formhór na gcuairteanna a thugtar ar Óman saor ó thrioblóid. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go bhfuil baol ginearálta, áfach, ó ionsaithe sceimhlitheoireachta sa cheantar. D’fhéadfadh ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha a bheith ann, agus in aghaidh sainleasanna thíortha an Iarthair, mar a tharla i réigiúin eile.
Coiriúlacht
Bí airdeallach go háirithe in áiteanna poiblí. Seachain áiteanna ina mbíonn grúpaí móra cruinnithe agus gach léirsiú agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí chun tú féin a chosaint ó choiriúlacht:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Óman, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Riyadh má tá cabhair uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat tiomáint in Óman, ba chóir duit a bheith cúramach. Tiomáintear ar thaobh na láimhe deise agus tá caighdeáin mhaithe tiomána ann, de réir caighdeán réigiúnacha, ach tá faisean ag tiománaithe go leor siúil agus dranntiomáint a dhéanamh. Cuimhnigh go gcuirtear dlíthe tráchta Óman i bhfeidhm go dian. Más mian leat a bheith ag tiomáint:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá an leibhéal dleathach alcóil san fhuil in Óman gar de náid agus tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí. Tá íosmhéid de 48 huair sa phríosún d’aon choir tráchta ina bhfaightear toradh dearfach ar thástáil alcóil ó aon tiománaí
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Óman, a chuirtear i bhfeidhm go dian
- Tá na luasteorainneacha postáilte go soiléir ar na príomhbhóithre
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
- Ná húsáid fón póca riamh agus tú ag tiomáint (d’fhéadfaí fíneáil ar an láthair a ghearradh ort)
Taisteal áitiúil
Tá bóithre maithe in Muscat agus idir Muscat agus bailte móra inmheánacha. Is féidir le tiomáint san oíche a bheith dainséarach, áfach, lasmuigh de Muscat, mar tá an baol ann go mbuailfidh tú camaill a théann ar strae amach ar an mbóthar. Ba chóir taisteal eisbhóthair a dhéanamh le dhá fheithicil ar a laghad feistithe go feiliúnach i gcásanna éigeandála. Má tá sé i gceist agat a leithéid de thaisteal a dhéanamh, ba chóir duit árachas dóthanach a thógáil amach chun na costais a bhainfeadh le feachtas mór tarrthála a sheasamh.
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Tá feithiclí cuideachta agus feithiclí ar cíos go háirithe i mbaol ó robálacha i gceantar Thumrait, Marmul agus Nimr de Dheisceart Óman. Má fhaigheann tú carr ar cíos, ba chóir duit comhairle slándála a fháil ón gcuideachta fruilithe sula dtéann tú ag taisteal.
Sábháilteacht mhuirí
Tá limistéir go leor in Murascaill Áidin atá an-íogaireach. Cuireadh árthaí a chuaigh isteach sna limistéir seo faoi choinneáil agus déanadh cigireacht orthu, agus gabhadh roinnt daoine. Tá ardú ag teacht freisin ar líon na bhfoghlaithe mara san Aigéan Indiach agus i Murascaill Áidin, agus is baol suntasach iad.
Moltar duit gach taisteal a sheachaint ach amháin taisteal riachtanach ar luaimh agus ar árthaí fóillíochta ar fharraigí arda (níos mó ná 12 muirmhíle ón chladach) in Murascaill Áidin, sa Mhuir Arabach agus i gcuid den Aigéan Indiach faoi cheangal an domhanleithid agus an domhanfhaid seo a leanas: 15°N ins an Mhuir Rua, 23° N ins an Mhuir Arabach, 78° E agus 15°S ins an Aigéan Indiach.
Local Laws and Customs
Local Laws and Customs
Dlíthe agus gnásanna áitiúla
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
- Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
- Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.
Cultúr Moslamach
Stát moslamach é Óman agus cloítear go géar, go poiblí, le gnásanna Ioslamacha. Ba chóir duit meas a léiriú do reiligiúin, dlíthe, gnásanna agus do thraidisiúin áitiúla. Gléas tú féin go coimeádach, bí airdeallach ar do ghníomhartha agus bí cúramach gan cultúir nó creidimh eile a mhaslú, go háirithe i rith mhí bheannaithe Ramadan nó féilte beannaithe eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar cheantair reiligiúnacha.
I rith Ramadan, ní ceadaítear do Mhoslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh i rith uaireanta an lae. Níor chóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama seo ionas nach maslófar iad.
Mná ag Taisteal
Bítear ag súil go ginearálta le modhúlacht iompair agus feistis ó mhná in áiteanna poiblí. Ná caith bríste gearr ná éadach atá fáiscthe ort, go háirithe in áiteanna síos an baile, mar d’fhéadfadh sé go dtarraingeodh tú aird ort féin nach mbeadh aon fháilte agat roimhe. Tuairiscíodh roinnt cásanna gnéaschiaptha.
Drugaí Neamhdhleathacha
Níl cead támhshuanaigh a iompórtáil ná a úsáid agus d’fhéadfadh sé dá mbéarfaí ort leo go gcuirfí sa phríosún tú. Tá pionóis ghéara do choireanna drugaí lena n-áirítear i roinnt cásanna, pionós an bháis. Caitear chomh dian céanna le drugaí ‘boga’ agus a caitear le drugaí ‘crua’. Léiríodh le gairid go bhféadfaí téarma príosúin d’íosmhéid 12 mí a ghearradh agus duine a dhíbirt as an tír ina dhiaidh sin, má bheirtear ar dhuine agus cannabas ina seilbh, fiú amháin má tá níos lú ná gram amháin i gceist.
Alcól
Is féidir le daoine nach Moslamaigh iad alcól a iompórtáil agus is uasmhéid de dhá lítear in aghaidh an teaghlaigh atá ceadaithe. Is féidir é a cheannach ag siopa atá saor ó dhleacht ag an aerfort ar theacht chun na tíre duit, ach laistigh d’Óman, ní féidir leat alcól a cheannach ach le ceadúnas pearsanta nó ag óstáin agus bialanna ceadúnaithe.
Táirgí coiscthe
Tá táirgí muiceola ar fáil ag ionaid cheadúnaithe speisialta bia.
Homaighnéasachas
Tá iompar homaighnéasach in aghaidh an dlí in Óman. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.
Natural Disasters and Climate
Natural Disasters and Climate
Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
Comhairle phraiticiúil
- Má tá tú ag taisteal go hÓman, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
- Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
- Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach
Tuilte
Cé gur aeráid thirim atá in Óman go ginearálta, titeann báisteach throm freisin agus bíonn maidhm thuilte mar thoradh air sin. Gortaíodh agus maraíodh daoine de bharr maidhm thuilte den saghas seo. Seiceáil réamhaisnéis na haimsire go háitiúil agus lorg comhairle faoi choinníollacha taistil, go háirithe má tá tú ag cuimhneamh taisteal a dhéanamh agus tú imithe den bhóthar agus turasóireacht ghníomhaíochta.
Additional Information
Additional Information
Eolas Breise
Riachtanais iontrála (víosa/pas)
Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Óman, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid Óman is gaire. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.
Pasanna
Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.
Sláinte
Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chuig Óman.
Coróinvíreas mucúil
Má tá tú ag taisteal chuig Leithinis na hAraibe agus chuig tíortha sa limistéar céanna, ba chóir duit fios a bheith agat go bhfuil coróinvíreas mucúil sa réigiún agus go bhfuil baol beag ó ionfhabhtú. Tuairiscíodh 40 cás de coróinvíreas mucúil ar fud an domhain (Bealtaine 2013), lena n-áirítear 20 bás. Tá cásanna luaite le taisteal in Leithinis na hAraibe agus sa Iordáin, ach níl an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ag moladh aon srianta trádála ná taistil maidir le coróinvíreas mucúil.
Lean dea-chaighdeán sláinteachais, lena n-áirítear níochán lámha le gallúnach agus uisce tar éis teagmháil a dhéanamh le hainmhithe. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin an Ionaid Faireachais Cosanta Sláinte.
Embassy contact
Embassy Contact
If you are an Irish citizen and require emergency out of hours assistance you can contact the Duty Officer at +966 550 543 386.
If your call is not answered or you are unable to make a voice call please send a text message with your name, contact information for you and your sponsor and details of your emergency. The Duty Officer will respond to you as soon as possible.
Embassy of Ireland
Diplomatic Quarter
Riyadh
Saudi Arabia
Tel: +966 11 488 2300
Fax: + 966 11 488 0927
Sunday to Thursday 09:00-11:00
Honorary Consulate Contact
Dr. Mohammed Hasan Darwish
Honorary Consul of Ireland
Oman Commercial Centre (O.K. Center)
8th Floor
Suite No. 807
Ruwi
Sultanate of Oman
Postal address:
Honorary Consul of Ireland
P.O. Box 424
PC 100
Muscat
Sultanate of Oman
Tel: + 968 2 470 1282
Fax: + 968 2 470 1278
Email: Email us