DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Poblacht na Seice, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Poblacht na Seice

Má tá tú ag taisteal go Poblacht na Seice, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chuig Poblacht na Seice

Faoi láthair níl srianta a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm ar theacht isteach i bPoblacht na Seice, pé tír óna taistealaíonn tú.  

Má bhíonn tástáil dheimhneach agat le haghaidh COVID-19 i bPoblacht na Seice tá dualgas ort cloí leis na nósanna imeachta áitiúla atá nuashonraithe agus atá ar fáil i mBéarla ar an Tairseach COVID-19 

Moltar go n-úsáidfí maisc aghaidhe in áiteanna poiblí, ach níl sé seo éigeantach a thuilleadh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar na suíomhanna idirlín seo a leanas:

Leathanach Idirlín Oifigiúil Phoblacht na Seice maidir le COVID-19

TAIRSEACH Covid Phoblacht na Seice do chomhairle praiticiúil 

Ionaid Tástála i bPoblacht na Seice

An Aireacht Gnóthaí Baile

Cathair Phrág  

Aerfort Phrág

Is féidir teacht ar eolas maidir le COVID-19 trí na naisc seo a leanas:

FSS

LFCS

An tIonad Eorpach um Chosc agus Smachtú Galar

An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i bPoblacht na Seice trí ghlaoch ar 112. I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith tá:

  • Na Póilíní: 158
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 150
  • An tOtharcharr: 155

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Bíodh agus gur beag an baol sceimhlitheoireachta i bPoblacht na Seice, tá riosca fós ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ar fud an domhain, a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh go minic.

Coireacht

Tá coireacht réasúnta íseal ann i bPoblacht na Seice go fóill ach ba cheart réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena chéile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  •  Is fadhbanna iad an mhionghoid agus an pheasghadaíocht, go háirithe i bPrág. Tá tábhacht ar leith le bheith airdeallach ag na príomháiteanna a mheallann turasóirí, ag aerfoirt, stáisiúin traenach, agus ar iompar poiblí, go háirithe ar na cúrsaí sin chuig Caisleán Phrág agus ionaid turasóireachta mhóra eile, agus iad siúd a fhágann na háiteanna sin.
  • Bain úsáid as seomraí cótaí má bhíonn siad ar fáil. Tuairiscíodh goid earraí ó sheomraí óstáin agus ó bhoscaí taisce i seomraí óstáin chomh maith. Camscéim gur cheart a bheith ar an eolas faoi ná go mbíonn peasghadaithe ag ligean orthu gur striapacha iad go minic.
  • Má thagann duine chugat ag rá gur póilín é, diúltaigh do chuid airgid a thaispeáint agus seachas sin ofráil dul leis nó léi chuig an stáisiún póilíní is giorra nó glaoigh ar 158 nó 112 chun a n-aitheantas a sheiceáil.
  • Thuairiscigh údaráis Phoblacht na Seice roinnt básanna agus tréimhsí ospidéil de thoradh biotáille camhraithe a ól. Ba cheart tuilleadh cúraim a dhéanamh nuair a bhíonn tú ag ól nó ag ceannach biotáille i bPoblacht na Seice toisc gur tuairiscíodh cásanna nimhiú meatánóil. Molaimid nach gceannaíonn tú alcól ach ó dhíoltóirí dlisteanacha agus go gcinntíonn tú nach mbíonn an séala timpeall ar an gcaipín nó ar an gcorc briste. 

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú i bPoblacht na Seice, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach ar an láthair, agus faigh tuairisc póilíní (‘policejní zpráva’) agus uimhir coir thuairisc na bpóilíní.

Is féidir é a thuairisciú chuig aon stáisiún póilíní, ach, tá an Ambasáid ar an eolas go bhfuil póilíní a labhraíonn Béarla ag na stáisiúin seo a leanas:

Vlašská 3

Praha 1

Malá Strana (an-ghar d’Ambasáid na hÉireann)

guthán 24 uair an chloig: +420 974 851 730

Můstek

Jungmannovo náměstí 9

Prague 1 (díreach le hais Chearnóg Wenceslas)

guthán 24 uair an chloig: +420 974 851 750

Is féidir tuairisc póilíní agus uimhir coir thuairisc na bpóilíní a fháil nuair a fhilleann tú ar Éirinn trí litir nó ríomhphost, ar féidir iad a scríobh i mBéarla, a dhéanann cur síos ar an méid a tharla, a sheoladh chuig na seoltaí seo a leanas:

Policejní prezidium – podatelna

Strojnická 27

170 89 Praha 7

Poblacht na Seice

Ríomhphost: epodatelna.policie@pcr.cz 

Tiomáint

Má bhíonn sé de phlean agat a bheith ag tiomáint i bPoblacht na Seice, ba cheart duit a bheith cúramach. Tá an líon timpistí agus básanna ar na bóithre réasúnta ard i gcomparáid le stáit eile de chuid an AE.  

Más mian leat tiomáint:

  • Beir leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas imleor agus cuí agat.
  • Chun tiomáint ar mhótarbhealaí Phoblacht na Seice caithfidh feithiclí fínéad digiteach bailí (dálniční známka) a thaispeáint, ar féidir a cheannach ar líne le haghaidh 1 bhliain, 30 lá nó 10 lá.
  • Coinnigh ar an eolas trí dul i gcomhairle leis an mbeolíne tiomána áitiúil, atá ar fáil i Seicis agus i mBéarla ar 1230 nó +420 1230.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligeann tú leo fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Coisithe

Bíonn cead slí ag tramanna, fiú amháin ag trasrianta coisithe. Bíonn roinnt timpistí a bhaineann le tramanna gach bliain agus is tábhachtach cúram ar leith a dhéanamh má bhíonn tú i ngiorracht ráillí tram.

Gearrann na póilíní Seiceacha fíneáil ar dhaoine a mbeirtear orthu ag iarraidh an bóthar nó ráillí tram a thrasnú laistigh de 50 méadar de thrasrian coisithe. Chomh maith leis sin gearrtar fíneálacha orthu siúd a thrasnaíonn ag trasrian coisithe nuair nach mbíonn an solas glas lasta le haghaidh coisithe ag trasnú.

Ba cheart cúram breise a dhéanamh ag trasrian coisithe toisc nach stopann tiománaithe i bPoblacht na Seice i gcónaí in ainneoin go bhfuil dualgas amhlaidh a dhéanamh de réir an dlí.

Iompar poiblí

Caithfear ticéid le haghaidh iompar poiblí a cheannach sula dtaistealaíonn tú agus iad a bhailiú ag tús do thurais ag na meaisíní buí, atá ag barr na staighrí/staighrí beo i stáisiúin metro nó ar na tramanna nó busanna. Is féidir ticéid a cheannach ar an bpointe ar thraenacha/bhusanna/thramanna uaireanta chomh maith. I roinnt cathracha is féidir ticéad a cheannach trí SMS.

Gearrtar fíneálacha ar an bpointe sa chás nach soláthraítear ticéad bailí. Mura féidir leat an fhíneáil a íoc, is minic a ghlaofaidh an cigire ticéad ar na póilíní agus d’fhéadfaí tú a ghabháil.

Tacsaithe

Ar chúiseanna sábháilteachta agus eacnamaíocha, molaimid úsáid a bhaint as mórchomhlachtaí tacsaithe, ar nós:

AAA (Guth: 14014 nó 222 333 222)

Profitaxi (Guth: 261 314 151) 

De ghnáth bíonn na comhlachtaí seo inniúil tú ar chur ar an eolas maidir le cineál uimhir agus dath an chairr a bheidh do do bhailiú roimh ré. Bí feasach maidir le hoibritheoirí níos lú nó neamhspleácha toisc gur minic a ghearrann siad praghas ró-ard ar eachtrannaigh.

Trácht

I gceantair uirbeacha ba cheart do choisithe an bóthar a thrasnú ag trasrian síogach nó ag soilse tráchta amháin.  Is féidir fíneáil a ghearradh ar choisithe má thrasnaíonn siad nuair nach mbíonn an solas glas lasta le haghaidh trasnú coisithe. Seachain tramanna – bíonn cead slí acu ag trasrian síogach agus níl dualgas orthu stopadh le haghaidh coisithe nó carranna.  

Tá ceadúnas tiomána Éireannach bailí i bPoblacht na Seice Teastaíonn árachas i dtaca le dliteanas tríú páirtí chun tiomáint i bPoblacht na Seice.  Seiceáil le d’árachóir maidir le bailíocht do pholasaí sula dtaistealaíonn tú chuig Poblacht na Seice le do thoil.  Gheobhaidh tú Rialacha Tráchta Bunúsacha i bPoblacht na Seice anseo. (Tabhair faoi deara nach cáipéis dlí é seo agus nach bhfuil ann ach nodanna bunúsacha).

In ainneoin feabhsuithe le blianta beaga anuas, is fadhb shuntasach é praghas ró-ard a ghearradh ag tiománaithe tacsaí, go háirithe i gcás turasóirí eachtrannacha. Seachain tacsaithe nach bhfuil comharthaíocht cheart orthu agus nach bhfuil ag ionad tacsaithe dleathach.  Bíonn méadair ag gach tacsaí agus bíonn orthu an cúrsa is giorra a leanúint chuig do cheann scríbe.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Aitheantas

Tá dualgas ar chuairteoirí agus ar náisiúnaigh Seiceacha foirm aitheantais a bhreith leo i gcónaí agus iad in áiteanna poiblí. D’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ar aon duine nach ndéanann amhlaidh nó iad a thabhairt chuig an stáisiún póilíní is giorra chun a n-aitheantas a dhearbhú. 

Tá dualgas ar thurasóirí a bpas a bhreith leo i gcónaí ar mhaithe le hiad a aithint. Ní dhéanfaidh ceadúnas tiomána nó fótachóip den phas cúis. Seans gur fiú cóipeanna de do phas a sheoladh chugat féin ar ríomhphost nó roinnt fótachóipeanna dó a bhreith leat.

Sláinte

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Vacsaínithe

Seiceáil le do dhochtúir ar a laghad ocht seachtaine sula dtaistealaíonn tú chun féachaint an bhfuil aon vacsaín de dhíth ort chun dul chuig Poblacht na Seice.

Ionaid leighis

Is féidir teacht ar dhochtúirí i bPoblacht na Seice a labhraíonn Béarla ag:

Policlinic Národní 9 - Dr Šašek or Dr Beneš

Prág 1 (Guth: 222 075 120, 222 075 119)

ag Ospidéal Motol a bhfuil Rannóg ann le haghaidh eachtrannaigh (Guth: 224 433 681 nó 224 431 111 lasc-chlár)

Is féidir leis an ambasáid tuilleadh sonraí maidir le hionaid leighis phríobháideacha agus phoiblí ina labhraítear Béarla a chur ar fáil.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

Is féidir le ceannach árachais shláinte chuimsithigh neart airgid a shábháil duit féin agus do do chlann má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas Éireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram sláinte thar lear, lena n-áirítear aslonnú ar aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá de phlean agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú CÁSE (ainm an E111) nó go ndéanann tú athnuachan air sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Is féidir cur isteach ar CÁSE agus tuilleadh eolais a fháil anseo.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú ar bhonn sláinte, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, seans nach nglacfadh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, mar sin ba cheart duit seiceáil leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Víosa/Pas

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shealbhóir pas Éireannach chun dul isteach i bPoblacht na Seice.

Má bhíonn sé d’intinn agat fanacht níos faide ná 30 lá nó lonnú go buan i bPoblacht na Seice is gá duit clárú le Póilíní Eachtracha na Seice.

Malartú airgeadra

Ná malartaigh airgead le díoltóirí ar na sráideanna riamh toisc gur minic gur airgead góchumtha é. Is féidir airgead a aistarraingt ó UMBanna nó a mhalartú ag banc nó ag oifig malartaithe airgeadra.

Agus oifig malartaithe airgeadra á húsáid, seiceáil an ráta a ofráiltear i gcónaí agus aontaigh an méid a gheofar don airgead a bheidh á thabhairt, sula dtugtar faoin idirbheart. Mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís nó leis an ráta a cuireadh ar fáil ag oifig malartaithe áirithe, is féidir leat tuairisc ghearráin a chur isteach (reklamační protokol) leis na póilíní áitiúla.

Aeráid

Tá Poblacht na Seice i limistéar aeráide measartha, agus bíonn ceithre shéasúr ar leith ann. Is féidir leis an ngeimhreadh a bheith fada agus fuar agus bíonn meánteocht laethúil i mí Eanáir (an mhí is fuaire sa gheimhreadh) timpeall ar -2°C. de ghnáth. Bíonn Poblacht na Seice ullmhaithe go maith le haghaidh na gcoinníollacha geimhridh is measa de ghnáth.

Sa samhradh, bíonn an mheánteocht timpeall ar 20°C  de ghnáth ach tuigtear go n-ardaíonn sé chuig breis agus 40°C go hannamh.

Tuilte

Bíonn tuilte séasúracha ann uaireanta, go háirithe san earrach, in áiteanna atá tugtha do thuilte i bPoblacht na Seice. Is féidir teacht ar eolas chun dáta maidir le rabhaidh tuilte ar shuíomh idirlín Aireacht Talmhaíochta Phoblacht na Seice.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
Velvyslanectvi
Tržiště 13
118 00 Praha 1
Czech Republic

Tel: +420 257 011 280

The Embassy can be contacted Monday to Friday, from 09:00 to 17:00.
Appointments are offered Monday to Friday, from 09:30 to 12:30 and 14:30 to 16:30.
If you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, please call the main Embassy number, (+420) 257 011 280, and leave your name, contact number and a brief description of the emergency. The duty officer will contact you.

Contact us