DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Rómáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Rómáin

Má tá tú ag taisteal chun na Rómáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tá An Roinn Gnóthaí Eachtracha ag déanamh dlúth-mhonatóireacht ar chúrsaí san Úcráin in éineacht lenár gcomhpháirtithe san EU agus ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.  Tá comhairle taistil reatha i dtaca leis na hÚcráine ar fáil anseo.

Taisteal chun na Rómáine

Cuireadh deireadh le srianta taistil COVID-19 do phaisinéirí atá ag teacht isteach sa Rómáin. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith san airdeall agus treoir áitiúil a leanúint.

Tá tuilleadh eolais faoi shrianta ar phaisinéirí ar theacht isteach an Rómáin, ó thíortha eile ach Éire san áireamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin Athoscailt AE agus ar shuíomh gréasáin Stiri Oficiale (an Rómáinis amháin).

Bíonn eolas ar shuíomhanna gréasáin na Ranna Rialtais ábhartha nuashonraithe go laethúil. Má tá aon imní ort maidir le do shláinte féin, nó tá tú ag léiriú siomptóim COVID-19, ba cheart duit scairt a chur ar an uimhir chúnaimh éigeandála náisiúnta – 112.

Roinn Sláinte na Rómáine (RO)
Roinn Gnóthaí Eachtracha na Rómáine (EN/RO) 
Roinn Gnóthaí Baile na Rómáine (RO) 
Cigireacht Ghinearálta na Rómáine um Chúrsaí Éigeandála (RO)

Ager Pres (Gníomhaireacht Phreasa an Rialtais) (RO/EN)

Nine O’Clock (EN)

Romania Insider (EN)

Comhairle Taistil Ghinearálta

Bíonn formhór na gcuairteanna chun na Rómáine gan aon fhadhb.  Ní bhíonn coireanna a bhaineann le turasóirí róchoitianta agus bíonn an chuid is mó acu gan tábhacht agus neamhfhoréigneach. Níl baol sceimhlitheoireachta ann a bhfuil eolas air. Mar sin féin, moltar do chuairteoirí chun na Rómáine réamhchúraimí pearsanta agus slándála a ghlacadh, san oíche go háirithe.

Níl víosaí de dhíth ar náisiúnaigh Éireannacha chun a bheith ar cuairt sa Rómáin. Ach, caithfidh siad siúd a bhfuil sé ar intinn acu fanacht níos faide ná 90 lá clárú le hÚdarás Inimirce na Rómáine.

Is é an RON an t-airgeadra oifigiúil sa Rómáin, a thugtar Lei air go minic. D’fhéadfadh sé a bheith deacair RON a fháil roimh thaisteal. Is féidir airgead a thógáil amach as Uathmheaisíní Bainc ar theacht isteach, áfach.

Spreagtar ar chuairteoirí Éireannacha chuig an Rómáin clárú le hAmbasáid na hÉireann i mBúcairist.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Rómáin ach scairt a chur ar 112.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Coireacht

Tuairiscíodh gur scanadh roinnt cártaí creidmheasa agus cártaí dochair nó gur goideadh iad agus gur úsáideadh iad go mídhleathach mar a dhéantar in áiteanna eile.  Go ginearálta, bíonn sé sábháilte UMBanna a úsáid ach ba cheart roinnt réamhchúram a chleachtadh, ar nós díreach na cinn i siopaí ilranna nó óstáin nó hallaí fáilte aerfoirt a úsáid.

Mar a bheifí ag súil le in áiteanna uirbeacha móra, bíonn tuairiscí maidir le peasghadaithe agus lucht sciobtha mála ag feidhmiú in áiteanna ina bhfuil sluaite uaireanta. Tuigtear go dtarlaíonn camscéimeanna muiníne ina dtagann gadaithe a ligeann orthu gur póilíní iad i dtreo turasóirí agus aitheantas a lorg uathu, agus ansin goidtear pasanna nó sparáin.  Go ginearálta, ní iarrann póilíní na Rómáine ar dhaoine cáipéisíocht a sholáthar gan cúis mhaith agus i gcás go bhfuil aon amhras ort ba cheart do chuairteoirí ofráil dul chuig an stáisiún póilíní is giorra dóibh.

Go hidéalach, san áit nach bhfuiltear ag súil le go mbeadh gá leo, ba cheart rudaí luachmhara agus rudaí eile ar nós seodra breise, pasanna, ceadúnais tiomána, cártaí creidmheasa/dochair agus airgead tirim breise a chuir i dtaisce i dtaisceadán óstáin. 

Uisce

Bíodh agus nach bhfuil a fhios an bhfuil soláthar uisce na Rómáine éillithe, moltar uisce scagtha nó uisce i mbuidéil a úsáid mar rogha níos sábháilte. 

Ainmhithe Fiáine

Bíodh agus gur fadhb é a bhfuil laghdú ag teacht air, tá líon suntasach madraí ar strae sa Rómáin.  Bíodh agus nach gnáth dóibh seo a bheith contúirteach moltar teagmháil leo a sheachaint toisc gur féidir leo a bheith ionsaitheach agus go bhféadfadh roinnt acu a bheith confach. 

Tá cáil ar Shléibhte Cairp na Rómáine dá bhfiántas agus dá n-áilleacht ach tá cónaí ar líon ard béar agus mac tíre ann chomh maith.  Bíodh agus go ndéanann siad iarracht daoine a sheachaint, moltar glacadh le sainchomhairle áitiúil agus taisteal i ngrúpaí agus cuairt á tabhairt ar áiteanna iargúlta.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Éilítear ar chuairteoirí cáipéis aitheantais fhótagrafach a iompar leo sa Rómáin; ba cheart go ndéanfadh fótachóip de phas nó ceadúnas tiomána an gnó chuige seo.

Is dóchúil go gcuirfeadh iompar nó gníomhaíocht mhíchuí nó neamh-mhothálach os comhair an phobail isteach ar dhaoine eile agus beifear i mbaol ciontaithe nó aisfhreagra foréigneach dá bharr.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Faisnéis Bhreise

Iompar

Meitreo

Tá córas Meitreo maith ag Búcairist.  Freastalaíonn busanna, tramanna agus tacsaithe a bhfuil luach maith ar airgead leo, i gcomparáid le caighdeáin oirthear na hEorpa, ar Bhúcairist agus ar bhailte agus ar chathracha eile.  Tá líonra maith traenacha idirchathracha ag an Rómáin chomh maith.  Níl na mótarbhealaigh forleathan ann.   

Tiomáint

Tiomáineann roinnt Rómánaigh go taomach agus ag luais ró-arda agus ní i gcónaí a bhíonn na feithiclí ródacmhainneach go hiomlán.  Tarlaíonn timpistí bóthair dáiríre go rialta.  Ba cheart do chuairteoirí a bhíonn ag dul isteach sa Rómáin ar an mbóthar nó atá ag tiomáint ann a chinntiú go mbíonn clúdach árachais cuí acu.  Ba cheart dul i gcomhairle le comhlachtaí árachais nó le bróicéirí árachais roimh ré i dtaca leis seo, más gá.  Caithfidh tiománaithe sa Rómáin ceadúnas tiomána agus cáipéisíocht i dtaca le húinéireacht cairr a bheith ina seilbh acu.

Caithfidh gach feithicil dola bóithre a íoc (féach http://www.roviniete.ro/en).  Is féidir an ticéad “Roviniete” seo a cheannach ag pointí trasnaithe teorann agus ag formhór na stáisiún peitril ar fud na Rómáine, agus ba cheart é a thaispeáint go soiléir ar ghaothscáth na feithicle. 

Tuigtear go ngearrann na póilíní tráchta pionóis ar an bpointe le haghaidh sárú rialacháin tráchta, lena n-áirítear coimeád ceadúnais tiomána le haghaidh suas le trí mhí i gcásanna fíordháiríre.

Sa gheimhreadh, ba cheart do thiománaithe a chinntiú go mbíonn feithiclí ullamh le haghaidh coinníollacha adhaimsire, lena n-áirítear boinn gheimhridh éigeantacha a fheistiú. 

Féadfaidh droch-chaighdeán a bheith sna bóithre, drochshoilsiú a bheith orthu, poill a bheith iontu agus d’fhéadfadh gur ar éigean a bheadh na marcanna le feiceáil, agus áirítear bóithre príomha leis seo.  Ba cheart réamhchúraim chuí a dhéanamh, go háirithe istoíche. 

Ní ghlactar le tiomáint faoi thionchar an óil ar chor ar bith agus tá na cóimheasa fola/alcóil faoi bhun na gceann in Éirinn.

Bíonn tacsaithe réasúnta saor sa Rómáin.  Go ginearálta, moltar go gcuirtear tacsaithe in áirithint trí úsáid a bhaint as na modhanna éagsúla atá ar fáil, seachas ceann a ghlaoch ar an tsráid.  Is amhlaidh an cás go háirithe san áit nach mbíonn méadair i bhfeithiclí nó nach dtaispeántar na táillí.  Thuairiscigh roinnt cuairteoirí cásanna inar gearradh an iomarca orthu, go háirithe ó aerfoirt agus ó mórstáisiúin traenach – ofrálfaidh roinnt tiománaithe tacsaí praghas seasta chuig lár na cathrach a d’fhéadfadh cuma réasúnta a bheith air ach a d’fhéadfadh a bheith níos costasaí ná na gnáth-tháillí sa Rómáin.  Moltar do chuairteoirí atá ag teacht isteach chuig an aerfort diúltú d’aon tairiscint tacsaí a dhéantar sa limistéar eitiltí isteach agus seachas sin leas a bhaint as ceann de na seirbhísí ordaithe tacsaí uathoibríocha sa halla eitiltí isteach, atá éasca a úsáid.

Tubaistí Nádúrtha agus Aeráid

Bíonn ceithre shéasúr ar leith sa Rómáin.  Féadfaidh an teocht ardú thar ceann 40 céim i gcaitheamh an tsamhraidh san áit gur féidir leis na geimhrí a bheith an-fhuar agus teocht chomh híseal le lúide 20 a bheith ann go minic, le titim sneachta throm fhada uaireanta. 

Is limistéar é an Rómáin atá gníomhach go seismeach.  Tharla an crith talún dáiríre is déanaí, a raibh méid 5.5 ann, sa bhliain 2011.  Ní raibh aon taismeach nó dochar suntasach ann.  Ba sa bhliain 1977 a bhí an crith talún deireanach a raibh taismigh mar thoradh air agus bíodh agus nach eolaíocht chruinn atá ann meastar go bhféadfadh ceann eile a bheith le teacht sa deich mbliana le teacht.

Faisnéis Bhreise

Sláinte

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil ábhartha, cumhdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte 

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go ndéanann tú athnuachan ar do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil ceart arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

 

 

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

In case of a genuine consular emergency while the Embassy is closed, please leave a message with name, location and telephone number at +4021 310 2131 and the Duty Officer will call you back.

Embassy of Ireland
50-52 Buzesti St
3rd Floor, Sector 1
Bucharest
Romania

Tel: +40 21 3102131
Fax: +40 21 3102181

Monday to Friday 09:30 to 12:30; 14:00 to 17:00

Contact us