DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Astráil, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Astráil

Má tá tú ag taisteal chun na hAstráile, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na hAstráile

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na hAstráile ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Dearbhú Paisinéara Digiteach nó Dearbhú Taistil Muirí a chomhlánú.

Ní mór maisc a chaitheamh ar eitleáin ag taisteal chun na hAstráile fós. Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go bhféadann riachtanais ar leith a bheith ag aerlínte, oibritheoirí árthaigh agus tíortha eile ar gá do thaistealaithe cloí leo.

Tá riachtanais ag gach stát agus críocha féin san Astráil ar gá do thaistealaithe cloí leo. Má tá sé de rún agat taisteal chun na hAstráile, ba cheart duit riachtanais an stáit nó na críocha chun a thaistealóidh tú a sheiceáil. D’fhéadfaí go gcuimseodh sé tástáil COVID-19 tar éis do theacht isteach san Astráil, nó riachtanais vacsaínithe chun cuairt a thabhairt ar ionaid áirithe nó chun obair a dhéanamh i roinnt gairmeacha.

Cinntigh gur deonaíodh do víosa roimh thaisteal chun na hAstráile. Chun riachtanais víosa na hAstráile a sheiceáil, féach: Roghanna víosa a iniúchadh

Chun sonraí iomlána faoi theacht isteach san Astráil a fháil, féach ar shuíomh gréasáin Roinn Gnóthaí Baile Rialtas na hAstráile.

Moltar do shaoránaigh Éireannacha san Astráil a gcuid sonraí a chlárú.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Tá Comhaontú Cómhalartach Sláinte i bhfeidhm idir rialtas na hÉireann agus rialtas na hAstráile. Cuirtear sa chomhaontú cúram éigeandála saor in aisce in ospidéal poiblí na hAstráile ar fáil do shaoránaigh Éireannacha. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gclúdaítear sa chomhaontú ach daoine a bhfuil san Astráil go dlíthiúil agus cineálacha víosaí ar leith acu (nach n-áirítear víosaí staidéir).

Clúdaítear sa chomhaontú cásanna éigeandála amháin agus ní hionann é sin agus árachas leighis. Ní chlúdaítear costais otharchairr, agus i bhfianaise méid na hAstráile agus cé chomh minic agus a úsáidtear aerárthaí othar, d’fhéadfadh sé a bheith suntasach. Ní chlúdaítear táillí oidis ach amháin dóibh siúd atá in ospidéal. Chomh maith céanna, ní chlúdaítear costais othair sheachtraigh maidir le hiarchúram (cóirithe, fisiteiripe, etc.).

Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú leighis go hÉirinn.

Léigh tuilleadh eolais faoin gComhaontú Cómhalartach um Chúram Sláinte idir Éire agus an Astráil.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol sceimhlitheoireachta ag ‘dóchúil’ faoi láthair san Astráil (féach ar an gcóras comhairle náisiúnta um bhaol sceimhlitheoireachta de chuid na hAstráile). D’fhéadfadh ionsaithe a bheith gan idirdhealú.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht san Astráil, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Astráil ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ní gá duit do phas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad faoi dhlí na hAstráile, mar sin fág in áit shábháilte é mura mbeidh géarghá leis, d’fhonn caillteanas, goid nó damáiste a sheachaint. Fág cóip den leathanach beathaisnéise (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Sábháilteacht phearsanta

Mar is amhlaidh le gach tír, tá áiteanna san Astráil, sna cathracha móra go minic, ar chóir duit a bheith thar a bheith cúramach iontu, nó iad a sheachaint amach is amach.  Faigh eolas áitiúil i gcónaí faoi áiteanna sábháilte le caidreamh sóisialta a dhéanamh. Má tá tú ag fanacht i gcóiríocht ar phraghas íseal, smaoinigh go mb’fhéidir go bhfuil an chóiríocht chomh saor sin mar go bhfuil sí lonnaithe in ndroch-áit. Bí cúramach i roinnt de na ‘ceantair cóisire’ i Sydney, Melbourne agus Perth agus déan réamhchúram ciallmhar.    

Pas caillte nó goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas agus tú san Astráil, féadfaidh an Ambasáid i gCanberra nó an Chonsalacht i Sydney doiciméad taistil éigeandála nó pas sealadach a eisiúint, i gcás éigeandála.  Beidh ort iarratas comhlánaithe, fianaithe a chur ar aghaidh, chomh maith le gach doiciméad tacaíochta agus an táille chuí. Beidh cruthúnas ar chéannacht agus ar shaoránacht de dhíth, lena n-áirítear an leagan bunaidh nó deimhnithe den fhoirm fhada den teastas breithe, i ngach cás.  

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Astráil, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Má theastaíonn cúnamh consalachta uait, déan teagmháil linn ag an gConsalacht nó ag an Ambasáid. Tá roinnt línte cabhracha áitiúla atá liostaithe de réir stáit ag Victim Support Australia.

Ionsaí gnéasach a chur in iúl

Tá sainfhoirne ag Póilíní na hAstráile chun déileáil le hionsaithe gnéasacha agus tá sain-aonaid um ionsaí gnéasach ag go leor ospidéal. Tá seirbhís comhairleoireachta teileafóin 24 uair an chloig ann freisin do chásanna maidir le hionsaí gnéasach nó foréigean baile chomh maith – 1800 RESPECT (1800 737 732).   

Freagracht phearsanta

Chomh maith le tú féin a chosaint ó choiriúlacht agus tú san Astráil, tá freagracht ort a chinntiú go n-iompróidh tú tú féin le hord agus ómós agus nach dtarraingeoidh tú aird na bpóilíní ort féin.

Bíonn cur chuige thar a bheith dian ar dhlí agus ord ag na póilíní agus ag na cúirteanna san Astráil, d’ainneoin an cháil atá uirthi mar thír gan strus. Déantar na dlíthe ar ‘chionta sráide’ mar núis phoiblí, iompar meisciúil agus mí-oird agus mionionsaí, a fhorfheidhmiú go dian.  Ba chóir duit treoracha phóilíní na hAstráile a leanúint ar an bpointe, gan argóint.

Tagann líon suntasach Éireannach (go háirithe daoine idir 20 agus 30 bliain d’aois) os comhair chúirteanna na hAstráile gach bliain. Níor chóir dóibh a bheith ag súil go léireofar solúbthacht ná trócaire ar bith d’eachtrannaigh nach bhfuil dlí na hAstráile ar eolas acu.

Tiomáint

Timpistí bóthair an cúis báis nó díobhála tromchúisí is coitianta do chuairteoirí Éireannacha san Astráil, mar sin, má tá sé ar intinn agat a bheith ag tiomáint, cuimhnigh:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bíodh sé ar iompar agat - tá sin éigeantach do gach tiománaí san Astráil.
  • Bí cinnte go bhfuil árachas dóthanach agus iomchuí ar d’fheithicil, go háirithe más feithicil ar iasacht í. Bíonn aois-teorainneacha ag roinnt polasaithe árachais ‘oscailte’ san Astráil agus seans nach mbeidh ach tiománaithe áirithe clúdaithe.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort. Ná cuir tú féin i mbaol, mar shampla taisteal mar phaisinéir le tiománaí atá faoi thionchar an óil nó drugaí
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAstráile, mar shampla luasteorainneacha, atá níos ísle ná na cinn in Éirinn, de ghnáth. Déantar na dlíthe sin a fhorfheidhmiú go dian agus gearrtar fíneálacha ar an láthair maidir leo.
  • Caith crios sábháilte i gcónaí - tá siad riachtanach faoin dlí 
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Tiomáint sábháilte

Tá tuirse tiománaí ina cúis ollmhór báis ar bhóithre na hAstráile. Tabhair uisce leat i gcónaí agus glac sos ón tiomáint gach dhá uair an chloig ar aistir fhada.

Tá sé tábhachtach freisin ródacmhainneacht d’fheithicle a sheiceáil sula dtosaíonn tú amach ar aistir fhada in áiteanna iargúlta. Seans nach mbeidh mórán stáisiún peitril ar fáil agus ba chóir duit stór breise peitril a thabhairt leat.

Bí ag faire amach do chomharthaí a thugann rabhadh faoi fhiadhúlra áitiúil, a d’fhéadfadh a bheith ar an mbóthar agus a d’fhéadfadh díobháil mhór a dhéanamh i gcás timpiste. Bí thar a bheith cúramach ag breacadh an lae agus ag luí na gréine, nuair a bhíonn ainmhithe mar changarúnna amuigh.

D’fhéadfadh bóithre a bheith gan dromchla ceart agus doghabhála i ndiaidh mórbháistí. Ní féidir brath ar GPS amháin le turas a phleanáil. 

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil). Má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint ar bhóithre nach bhfuil séalaithe, beidh sé riachtanach go mbeidh clúdach dóthanach ag polasaí árachais d’fheithicle fruilithe.

Snámh sábháilte

Bíonn farraigí na hAstráile contúirteach uaireanta, le sruthanna cuilitheála láidre a bhíonn deacair do chách snámh iontu, snámhóirí maithe san áireamh. Níor chóir dul ag snámh ach amháin ar thránna a bhfuil garda tarrthála ar patról agus bí i snámh idir na bratacha i gcónaí. Léiríonn suíomh na mbratach an chuid den trá is sábháilte le dul ag snámh. Bogtar iad gach lá ag brath ar shruthanna cuilitheála agus guaiseacha eile. 

Is cuma cé chomh tarraingteach a bhíonn trá iargúlta gan mhaoirsiú, is dócha go bhfuil cúis mhaith ann nach bhfuil aon duine ag snámh ann. Chomh maith le sruthanna cuilitheála, bíonn baol ó ghathanna nó greamanna ó speicis mhara áitiúla, siorcanna san áireamh.

Ná téigh ag snámh i ndiaidh alcól a ól nó drugaí a thógáil agus ná téigh ag snámh leat féin.

Sábháilteacht in Iargúil na hAstráile

Is tír ollmhór í an Astráil agus bíonn achair an-fhada idir go leor de na príomhchathracha agus na mórionaid daonra. Mar a thugann an t-ainm le fios, bíonn roinnt de Iargúil thar a bheith iargúlta agus bíonn guaiseacha nach mbeifeá ag súil leo le fáil inti. Má tá sé beartaithe agat taisteal chuig na háiteanna sin, pleanáil do thuras go cúramach agus glac comhairle ó mhuintir na háite.

In áiteanna atá an-iargúlta, ba chóir duit na húdaráis turasóireachta áitiúla nó na póilíní a chur ar an eolas faoi do chuid amanna fágála agus fillte. Tá rabhcháin aimsiúcháin ag go leor páirceanna náisiúnta agus iarrann na húdaráis ar an lucht fánaíochta iad a thabhairt leo ionas gur féidir teacht orthu níos éasca i gcás éigeandála.  

Is minic nach mbíonn clúdach fóin phóca ar fáil in áiteanna iargúlta, cé go mbíonn sé go maith i mbailte agus i gcathracha. Ní féidir a bheith ag brath ar fhóin phóca nó ar mhapaí idirlín fíor-ama má tá tú ag taisteal san Iargúil nó i roinnt de na háiteanna tuaithe nach bhfuil mórán daoine ag cónaí iontu.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Forfheidhmiú an dlí

Déanann póilíní na hAstráile an dlí a fhorfheidhmiú go dian agus níor chóir duit a bheith ag súil le solúbthacht ar bith i ndáil le luasteorainneacha, srianta páirceála nó rialacháin maidir le hord poiblí.

D’fhéadfaí tuiscint a bhaint as “comhrá cairdiúil” mar a d’fhéachfaí air in Éirinn mar dhiúltú glacadh le horduithe ó phóilín san Astráil. 

Ní ghlactar le teanga dhrochmheasúil ná le teagmháil fhisiciúil, go háirithe ó dhaoine faoi thionchar an óil.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

An Aeráid

Bíonn aeráid an-dian san Astráil uaireanta. Féadfaidh triomach a bheith i gcuid amháin den tír agus tuile i gcuid eile. Bíonn séasúr fliuch agus séasúr tirim i dtuaisceart na tíre agus is fásach nó talamh breacthur atá i gcuid mhór de lár na tíre. Cé gur aeráid mheasartha go ginearálta atá sna codanna thoir theas agus thiar theas, féadfaidh teas thar a bheith ard a bheith ann sa samhradh. 

Bíonn aimsir éagsúil i gcathracha éagsúla ag amanna áirithe den bhliain. Má tá sé ar intinn agat taisteal ar fud na hAstráile, coinnigh tú féin ar an eolas faoin aimsir i ngach áit atá beartaithe agat fanacht ann. Bíonn réamhaisnéise aimsire cothrom le dáta do gach ceantar den tír ar fáil ag www.bom.gov.au.

Sábháilteacht gréine

Tá baol ard dó gréine san Astráil sa samhradh agus sa gheimhreadh agus tá ráta ard ailse chraicinn sa tír. Ba chóir uachtar gréine ard-chosanta a chur ort go minic agus moltar duit hata a chaitheamh.

Dóiteáin mhongaigh

Ní mór a thabhairt ar aird gur féidir dóiteáin mhongaigh briseadh amach mar gheall ar na coinníollacha tirime i gcuid mhór áiteanna san Astráil. Bí ar an eolas faoi na comharthaí is gá a bheith ag faire amach dóibh agus cloígh le rabhaidh lánchoisc tine nuair a fhógraítear iad. Bíonn toradh tubaisteach ag dóiteáin mhongaigh agus gearrtar pionóis mhóra ar na rialacha maidir leo a shárú.

Tuile

Féadfaidh maidhmeanna tuile tarlú in go leor ceantar, ag brath ar an séasúr. Bhásaigh daoine agus bhí bailte agus pobail scoite go hiomlán mar thoradh ar thuilte le blianta beaga anuas - mar sin tabhair aird ar rabhaidh áitiúla. Tá sé dainséarach iarracht a dhéanamh srutháin ata nó uiscí tuile eile a thrasnú, mar d’fhéadfadh an t-uisce a bheith níos doimhne agus ag gluaiseacht níos tapúla ná mar a cheapfá.

Seans nach féidir taisteal ar roinnt bóithre nach bhfuil séalaithe (atá coitianta in áiteanna tuaithe), fiú má bhíonn tú i bhfeithicil 4x4. Tá sé tábhachtach gan a bheith ag brath ar GPS amháin agus bealach á phleanáil agat. Ba chóir comhairle a lorg ó mhuintir na háite agus cloígh léi.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Beidh víosa de dhíth ort roimh dhul isteach san Astráil. Caithfear cead a fháil roimh ré agus Údarú Taistil Leictreonach a eisiúint duit. Féadfaidh gníomhairí taistil, an Ambasáid is gaire duit de chuid na hAstráile nó láithreán gréasáin inimirce na hAstráile tuilleadh mionsonraí a thabhairt duit.

Cloígh le téarmaí do víosa i gcónaí. Is cion é fanacht thar thréimhse cheadaithe do víosa. Cuirfear smachtbhanna ort má dhéanfaidh tú sin, agus d’fhéadfadh cosc ar dhul isteach sa tír ar feadh suas le trí bliana a bheith san áireamh ann.

Cuirtear an dlí ó thaobh inimirce i bhfeidhm go han-dian – féadfaidh tú a bheith cinnte de sin.

Sláinte

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí. Féach an forléargas ar an leathanach comhairle taistil seo le tuilleadh eolais a fháil faoin gComhaontú Sláinte Cómhalartach maidir le cúram éigeandála agus sin amháin.

Galair arna n-iompar ag muiscítí

D’fhéadfadh cuairteoirí chuig Queensland, An Chríoch Thuaidh agus an chuid thuaidh den Astráil Thiar a bheith i mbaol galar mar fhiabhras deinge agus fiabhras Ross River.

Tuairiscíodh cásanna Einceifilíteas Murray Valley (MVE), galar arna iompar ag muiscítí ar féidir bás a fháil mar thoradh air, sa Chríoch Thuaidh agus sa chuid thuaidh den Astráil Thiar. Tuairiscíodh corr-chás freisin in Queensland, san Astráil Láir agus sna réigiúin láir den Astráil Thiar.

Ag bogadh chun na hAstráile ar feadh tréimhse fada

Má tá tú ag smaoineamh ar bhogadh chun na hAstráile ar feadh tréimhse fada le do theaghlach, is é an rud is tábhachtaí le déanamh ná taighde ceart a dhéanamh ar an aicme víosa is mian leat taisteal faoi. Faigh amach cad iad na teidlíochtaí a bheidh agus nach mbeidh ar fáil duit féin agus do do theaghlach.

Tóg an t-am le taighde a dhéanamh ar an stát agus ar an gcathair ina mbeidh tú i do chónaí. Faigh amach faoi rudaí mar chúram leanaí agus táillí scoile sula dtéann tú ann.

Costas Maireachtála

Tá costas maireachtála ard san Astráil.  Bíonn sé deacair teacht ar chóiríocht mhaith sna cathracha móra uaireanta, agus bíonn sí an-chostasach i gcomparáid le hÉirinn. Is fíor sin i gcás Perth ach go háirithe áit a bhfuil ganntanas mór de chóiríocht oiriúnach, agus ina léiríonn costas cíosa an t-éileamh ard.

Scoileanna/cúram leanaí

D’fhéadfadh liostaí feithimh fada a bheith ann do scoileanna agus do chúram leanaí in áiteanna áirithe agus seans go mbeidh ort cur isteach ar áiteanna sula n-imíonn tú as Éirinn. Tabhair ar aird gur ag deireadh Eanáir/tús Feabhra a thosaíonn an scoilbhliain san Astráil, seachas i Meán Fómhair mar a bhíonn in Éirinn.

Tharlódh go mbeidh ar chónaitheoirí sealadacha táillí arda a íoc ar bhunscoileanna poiblí i roinnt stát, go háirithe i New South Wales, agus seans nach mbeidh siad i dteideal lacáistí cánacha na hAstráile ar chostas cúraim leanaí.

Cóireáil liachta

Tá cóireáil éigeandála san ospidéal d’Éireannaigh atá ag cónaí go dleathúil san Astráil clúdaithe ag an gComhaontú Sláinte Cómhalartach idir an dá thír. Ní chlúdaíonn sé costas otharcharr ná cúram leantach. De ghnáth ní bhíonn cónaitheoirí sealadacha i dteideal:

Medicare (córas lacáiste sláinte phoiblí na hAstráile) agus mar sin tharlódh go mbeidh orthu táillí iomlána a íoc ar vacsaíniú leanaí agus ar bhillí liachta eile. Ní bhíonn cónaitheoirí sealadacha i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh (Centrelink) de ghnáth. Córas éagsúil atá san Astráil agus mar sin b’fhéidir nach mbeidh tú i dteideal íocaíochtaí sochair linbh ar bith agus fiú má bhíonn tú i dteideal cárta liachta sa bhaile beidh ort íoc as coinní liachta agus seirbhísí gaolmhara san Astráil.  

Turasóirí Mála Droma (agus víosaí do shaoire oibre)

Léigh eolas agus nodanna áisiúla ar láithreán gréasáin Ambasáid na hÉireann san Astráil.

 

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +61 2 62140000 and follow the prompts.

If you call outside normal working hours at the weekend, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

Embassy of Ireland
20 Arkana Street
Yarralumla
ACT 2600
Australia

Tel: +61 2 6214 0000

Monday to Friday 9:30am – 12:30pm and 2pm – 4pm

Contact us

Consulate Contact

Consulate General of Ireland
Level 26
1 Market Street
Sydney
NSW 2000
Australia

Tel: +612 9264 9635

Monday to Friday 10.00 - 13.00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr Martin Kavanagh
Honorary Consul of Ireland
Kavanagh Lawyers WA
Level 3
165/580 Hay Street
Perth Western Australia 6004

Tel: +61 8 6557 5802