DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Fhionlainn, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Fhionlainn

Má tá tú ag taisteal chun na Fionlainne, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Taisteal chun na Fionlainne 

Níl aon srian COVID-19 ann maidir le taisteal chun na Fionlainne ó Éirinn. Ní gá teastais vacsaínithe/tástála maidir le COVID-19 a thaispeáint.

Is féidir treoir ghinearálta maidir le taisteal chun na Fionlainne a fháil anseo.

Ní mór do thaistealaithe atá ag teacht isteach ó thíortha neamh-AE agus neamh-Schengen gnáthcháipéisí taistil, i.e. pas agus, más gá, víosa a bheith acu go fóill.

Is féidir treoracha cuimsitheacha maidir le taistealaithe a fháil ag an nasc thíos:

Treoirlínte do thaistealaithe | Garda Teorainn na Fionlainne

Ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar thaisteal chun na Fionlainne seiceáil a dhéanamh ar an eolas is déanaí ó na húdaráis áitiúla maidir le riachtanais do phaisinéirí idirnáisiúnta atá ag teacht isteach sa tír.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ár leideanna le haghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Ceannaigh árachas cuimsitheach taistil a chumhdaíonn gach gníomhaíocht atá i gceist agat a dhéanamh.
  • Faigh Cárta Árachais Sláinte Eorpach
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise le haghaidh na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Is gá pas bailí a bheith agat chun cuairt a thabhairt ar an bhFionlainn agus molaimid duit líon fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba cheart duit fótachóip de do phas a bheith agat i gcónaí le linn d’fhanachta. 

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála san Fhionlainn trí scairt a chur ar 112. Tá tuilleadh eolais teagmhála maidir le Póilíní na Fionlainne ar fáil anseo.

Cuireann an Ambasáid comhairle chonsalachta éigeandála ar fáil. Cuir glaoch ar an Ambasáid ar +35896824240.

Má chuirfear glaoch lasmuigh d’uaire oifige, iarrfar ort teachtaireacht a fhágáil. Déan taifead de do theachtaireacht, tar éis bhuile an toin, agus luaigh d’ainm, déan mionchur síos ar chúrsaí agus fág uimhir teagmhála. Cuirfidh an tOifigeach Dualgais glaoch ar ais ort.

Féadfaidh eolas breise maidir le COVID-19 san Fhionlainn a fháil trí na naisc seo a leanas:

Institiúid na Fionlainne maidir le Sláinte agus Leas

Rialtas na Fionlainne: Eolas agus Comhairle faoi Choróinvíreas

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Meastar go bhfuil leibhéal baoil sceimhlitheoireachta “ard” ann faoi láthair de réir Sheirbhís Intleachtachta Slándála na Fionlainne (SISF) (uimhir a dó ar scála ó a haon go ceathair; uimhir a haon ina uimhir íseal agus ceathair ina uimhir thromchúiseach). Tá riosca domhanda ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, rud a d’fhéadfaí a bheith dírithe ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh go minic.

Coireacht

Tá an leibhéal coireachta réasúnta íseal san Fhionlainn go fóill ach ba cheart duit réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas á iompar agat murar gá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú san Fhionlainn, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Heilsincí má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Tiomáint

Má bheartaíonn tú tiomáint san Fhionlainn, ba cheart duit a bheith cúramach, go háirithe i rith mhíonna an gheimhridh, nuair a bhíonn na bóithre contúirteach agus oighear orthu go rialta. Más mian leat tiomáint:

  • Bíodh do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán leat agus bí cinnte go bhfuil árachas imleor agus oiriúnach agat.
  • Tiomáin le ceannsoilse maolaithe i gcónaí.
  • Bí cinnte go bhfuil boinn gheimhridh/sneachta ar do ghluaisteán (boinn bhocóideacha agus boinn gan bocóid) ón 1 Nollaig go dtí an 31 Márta – is riachtanas dlíthiúil é seo.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar chineál urrúis. Má ligfear fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann dlíthe áitiúla leat agus tú i do chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara i gceist le húsáid agus le sealbhú drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Alcól

Tá cosc ar alcól a ól in áiteanna poiblí i limistéir faoi fhoirgnimh agus ar iompar poiblí san Fhionlainn. Tá sé de cheart ag na póilíní aon rud nó substaint a bhaint díot más rud contúirteach a bhféadfaí a bheith ann. D’fhéadfaí aon duine a bhriseann an dlí seo a chur in ionad díthocsainithe agus/nó fíneáil a ghearradh orthu.

Teorainn na Fionlainne-na Rúise

Níl cead an teorainn a thrasnú ón bhFionlainn isteach sa Rúis ach amháin ag seicphointí oifigiúla, áiteanna nár mhór d’fhormhór na dtaistealaithe ar a laghad víosa amháin a thaispeáint. Tugann fógraí foláirimh buí ilteangacha a bhíonn ag gach pointe eile feadh na teorann 1,340 km rabhadh do thaistealaithe gan trasnú laistigh den zón teorann. D’fhéadfaí cion teorann a ghearradh ar aon duine a dhéanann iarracht teacht isteach sa zón teorann nó a dhéanann iarracht an teorainn a thrasnú isteach sa Rúis go mídhleathach, rud a bhféadfaí fíneáil nó téarma príosúnachta a bheith bainteach leis.

Sláinte

Sláinte

Cúram leighis

D’fhéadfaí go ngearrfar táille chaighdeánach ort ag ionaid sláinte ag brath ar an gcóir leighis a fhaightear agus cá bhfaightear an chóir leighis sin.

Tá muirear seasta laethúil ann do chóir leighis maidir le hothar cónaitheach chomh maith le cuairteanna seachtracha ag ospidéil phoiblí, rudaí ata neamh-in-aisíoctha. D’fhéadfaí go bhféadfá aisíoc páirteach a éileamh, áfach, ar chóir leighis phríobháideach ó dhochtúir nó ó ospidéal má sheolann tú admháil chuig oifig IASF (Institiúid Árachais Shóisialta na Fionlainne) áitiúil. Ní mór duit admhálacha a éileamh do chostais leighis laistigh de sé mhí ón mbuníocaíocht.

Drugaí ar Oideas

Is féidir leat drugaí ar oideas a fháil ó aon siopa poitigéara. Gearrfar an costas iomlán ort ach d’fhéadfaí go bhféadfá aisíoc a éileamh ó oifig IASF áitiúil. Féach na mionsonraí ag an nasc seo a leanas http://www.kela.fi/web/en/medicine-expenses?inheritRedirect=true

Féadtar go gcúiteofar thú as na cógais a cheannaigh tú tar éis duit an chéad bharrachas a bhaint amach, barrachas arb ionann 50 euro in aghaidh na bliana féilire.

Árachas Taistil

Ní féidir linn a íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó costais mar thoradh ar chás éigeandála pearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil cuí, clúdófar na costais seo, fad agus nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha sáraithe agat.

D’fhéadfaí go leor airgid a shábháil duit féin agus do do theaghlach má cheannófar árachas taistil cuimsitheach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfaighidh tú an cúram sláinte a bheidh de dhíth ort nuair a bhíonn sé de dhíth ort. Is féidir le billí ospidéil cnuasach go mear ina mílte Euro, agus is féidir na mílte Euro eile a bheith mar chostas ar aslonnú sláinte ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Árachas na hÉireann go gceannaíonn tú polasaí a sholáthraíonn íosmhéid €1 mhilliún clúdach sláinte.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdaíonn do pholasaí an méid seo a leanas:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó trí ghnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fhanachta níos faide gan choinne.
  • Do thuras ar fad, ó fhágann tú go dtí go bhfilleann tú. Cuimhnigh ar pholasaí ilthurais bliantúil má bhíonn níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat san aon bhliain amháin.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (ar eagla go gcuirfí cás cúirte i do choinne i dtaca le tú a bheith freagrach as gortú nó damáiste réadmhaoine a dhéanamh).
  • Sealúchais a cailleadh nó a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá de phlean agat a dhéanamh nach gcuimsítear i ngnáthpholasaithe (e.g. gníomhaíochtaí spórt uisce ar nós scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Ba cheart duit a bheith ar an eolas nach gclúdaíonn formhór polasaithe árachais tarluithe a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram leighis tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má thagann tinneas ort nó má ghortaítear thú agus tú ar fhanacht shealadach ansin. Cinntigh go bhfaigheann tú do Chárta Árachais Sláinte Eorpach (CÁSE) (an t-ainm nua don E111) nó go ndéantar é a athnuachan sula bhfágann tú, agus cuimhnigh, tá ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Is féidir iarratas a dhéanamh do do CÁSE agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Ní ionadaí é an CÁSE le haghaidh árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóir leighis atá ag ann go fóill nó cóir leighis nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí nach nglacfaidh roinnt ospidéil phríobháideacha leis an CÁSE, agus mar sin ba cheart duit seiceáil a dhéanamh leis an riarthóir ospidéil roimh ré.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Is gá pas bailí a bheith agat chun cuairt a thabhairt ar an bhFionlainn agus molaimid duit líon fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba cheart duit fótachóip de do phas a bheith leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Ní gá do shaoránaigh Éireannacha víosa a bheith acu don Fhionlainn. Má tá tú ag fanacht ar feadh níos mó ná trí mhí, áfach, moltar duit do shonraí a chlárú leis an Oifig Chlárúcháin Áitiúil.

Airgeadra

Is é an Euro airgeadra na Fionlainne.

Aeráid

Bíonn sé te i rith an tsamhraidh de ghnáth agus bíonn aimsir réasúnta séimh ann san earrach agus san fhómhar. Bíonn muiscítí ann go forleathan i rith aimsir te, go háirithe i dtuaisceart na tíre, agus mar sin beidh soláthar d’éarthach feithidí de dhíth ort.

D’fhéadfadh teochtaí geimhridh a bheith an-fhuar agus bíonn éadaí agus bróga teo riachtanach.

Caighdeán aeir

D’fhéadfadh an t-aer in Heilsincí a bheith ar dhroch-chaighdeán ag amanna áirithe na bliana, má bhíonn tú ag fulaingt le hailléirgí, d’fhéadfá fáil amach go bhfuil do shláinte ag dul in olcas sna hamanna sin.

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

Outside office hours, in case of a genuine consular emergency involving an Irish citizen in Finland, please call the Embassy's main phone number on +358 9 6824240
and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
Erottajankatu 7 A
00130 Helsinki
Finland

Tel: +358 9 682 4240
Fax: +358 9 646 022

Monday - Friday: 9:00 - 12:00 and 14:00 - 17:00

Contact us