DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ísiltír, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ísiltír

Má tá tú ag taisteal chun na hÍsiltíre, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na hÍsiltíre

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na hÍsiltíre ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Má tá tú ag taisteal ó thír taobh amuigh an AE/limistéar Schengen ba cheart duit dul i gcomhairle leis an seicliosta seo roimh thaisteal chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le riachtanais atá i bhfeidhm do thaistealaithe idirnáisiúnta atá ag teacht isteach sa tír.

Taisteal tríd an Ísiltír

Ba cheart dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu taisteal a dhéanamh trí Schiphol ar a mbealach chuig a gceann scríbe deireanach seiceáil anseo chun eolas cuí a fháil. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i gcomhairle le d’aerlínte. 

Taisteal chuig Arúba

Taisteal chuig Saint Maarten

Taisteal chuig Curaçao

Taisteal chuig na hOileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib

Comhairle Taistil Ghinearálta

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála san Ísiltír ach scairt a chur ar 112.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Aerfort Schiphol (Amstardam)

D’fhéadfadh seiceálacha slándála breise a bheith i gceist le haghaidh paisinéirí a thagann chuig Aerfort Schiphol (Amstardam) i gcarr nó ar an traein. Ceadaigh leathuair an chloig am taistil breise, le do thoil.

Sceimhlitheoireacht

Tá leibhéal Bagartha Sceimhlitheoireachta an Ísiltír (de réir mar a shocraigh NCTV / An Comhordaitheoir Náisiúnta um Mheasúnú Bagairtí) fós suntasach ag 3 ar scála 5 i ndiaidh roinnt teagmhas le déanaí. Tá an leibhéal bagartha san Ísiltír ag 3 faoi láthair, rud a léiríonn go bhfuil seans maith ann go mbeadh ionsaí sceimhlitheoireachta sa tír, ach nach bhfuil comharthaí deimhneacha ag na húdaráis go bhfuil ceann á phleanáil. D’fhéadfadh go mbeadh ionsaithe gan idirdhealú ann, fiú áiteanna ina mbíonn easaoránaigh agus taistealaithe ó thíortha eile. Ba cheart a bheith airdeallach agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

I mí na Nollag 2019, leasaigh Rialtas na hÍsiltíre an leibhéal bagartha náisiúnta ó ‘substaintiúil’ chuig ‘suntasach’. Is é seo an tríú leibhéal as cúig leibhéal agus ciallaíonn sé go bhfuil sé ‘insamhlaithe’ go mbeadh ionsaí ann. Ba cheart duit a bheith airdeallach i gcónaí i spásanna poiblí agus aon ghníomhaíocht a mbeadh amhras ort faoi a thuairisciú do na póilíní.

Iompar poiblí

Bíonn an t-iompar poiblí éifeachtúil agus réasúnta saor. Is féidir an tiománaí a íoc le hairgead tirim de ghnáth, mar sin féin, is é cárta taistil (an OVChipkaart) an rogha is saoire agus is féidir ceann a cheannach ag aon stáisiún traenach. Cuimhnigh ar é a thadhall nuair a théann tú ar bord agus é a thadhall nuair a fhágann tú an traein, tram nó bus. Bíonn eolas beo maidir le gach traein, tram agus bus ar fáil ar www.9292.nl

Seiceálann baill na foirne slándála ticéid go rialta agus mura n-íocann tú do tháille seans go mbeadh fíneáil mhór mar thoradh air.

Coimeád do chuid bagáiste leat toisc nach rud as an ngnáth a bheadh i gceist le goid málaí nach bhfuil duine in éineacht leo.

Rothair agus móipéidí

Tá an rothaíocht ar cheann de na modhanna iompair is coitianta san Ísiltír. I gceantair uirbeacha agus tuaithe, tá líonra cuimsitheach de lánaí tiomnaithe (a bhíonn pábháilte le tíleanna dearga go minic), in aice le cosáin le haghaidh rothair agus móipéidí. Ná siúil sna lánaí rothaíochta.

Is minic a cheadaítear do rothair agus do ghluaisrothair taisteal an dá threo ar bhóithre aontreo, agus tugtar tús áite dóibh ag neart acomhal. Tabhair aire agus tú ag trasnú bóithre agus bí ag faire amach le haghaidh gach cineál tráchta – tramanna, rothair, carranna agus móipéidí – agus, nuair a bhíonn tú ag tiomáint, bí ag faire amach le haghaidh rothaithe.

Tiomáint

Ar an iomlán tá rialacha an bhóthair san Ísiltír cosúil leo siúd in Éirinn, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus dea-bhail orthu. Tiomáintear ar dheis san Ísiltír agus tugtar tús áite don té ar dheis, murach go léirítear a mhalairt. Bí cúramach agus timpealláin á n-úsáid agat: bíonn cead slí ag an té atá orthu ar roinnt acu ach ar chinn eile caithfear cead slí a thabhairt d’fheithiclí atá ag teacht isteach ar an timpeallán.

Más mian leat tiomáint:

  • Beir leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus cuí agat.
  • Glac cúram breise i dtaobh trácht rothar a mbíonn tús áite acu de ghnáth (féach thuas).
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hÍsiltíre, amhail teorainneacha luais. Baintear úsáid fhorleathan as ceamaraí luais, as gaistí luais agus as feithiclí póilíní gan mharcáil go minic. 120kph an teorainn luais ar mhótarbhealaigh, seachas in áiteanna ina bhfógraítear teorainneacha níos ísle. 50kph an teorainn luais i gcathracha de ghnáth.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Coireacht

Is minic a dhírítear ar eachtrannaigh maidir le gadaíochta, peasghadaíocht agus sciobadh málaí. Bíonn peasghadaíocht coitianta timpeall ar phríomhláithreacha turasóireachta Amstardam, i mbialanna agus i lóistín turasóirí, ar iompar poiblí agus ag moil taistil. Glac cúram ar leith i lár Amstardam (go háirithe i Stáisiún Centraal), in Aerfort Schiphol (Amstardam), agus ar na traenacha idir Aerfort Schiphol agus cathair Amstardam.

Tuairiscíodh sciobadh málaí ar thraenacha agus ar thramanna, lena n-áirítear na cinn a fheidhmíonn trí Aerfort Schiphol (Amstardam). Feidhmíonn gadaithe i bpéirí uaireanta, duine acu ag iarraidh d’aird a tharraingt agus an duine eile ag goid do chuid giuirléidí. Dírítear ar dhaoine a bhíonn ag úsáid uathmheaisíní bainc (UMBanna) in aice le clubanna oíche agus beáir go minic.

Tá tuairiscí ann maidir le gadaithe ag ligean orthu gur póilíní i ngnáthéadaí iad. Iarrann na gadaithe scrúdú a dhéanamh ar airgeadra agus ar chártaí creidmheasa agus cinn bhréagacha á lorg acu. Goideadh ó thurasóirí a thug airgead dóibh.

  • Ná hiompar do phas agus tú amuigh murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin – fág do phas, airgead tirim spártha agus earraí luachmhara in áit shábháilte.
  • Tuairiscíodh roinnt cásanna de spíceáil deochanna. Ná glac le deochanna ó strainséirí agus ná fág deochanna gan súil a choimeád orthu.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú san Ísiltír, déan é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Bíonn Béarla labhartha an-mhaith ag formhór na bpóilíní san Ísiltír (“Politie” san Ísiltíris). Chomh maith leis sin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann sa Háig má bhíonn cabhair de dhíth ort.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Aitheantas

Faoi dhlí na hÍsiltíre tá dualgas ar gach duine thar 14 bliana d’aois aitheantas, ar nós pas bailí, ceadúnas tiomána, cárta aitheantais nó cárta cónaitheachta de chuid na hÍsiltíre, a bhreith leo i gcónaí. Is féidir le póilíní agus oifigigh forfheidhmithe dlí eile de chuid na hÍsiltíre iarraidh ort d’aitheantas a fheiceáil ag aon am. Is féidir fíneáil a ghearradh ort má theipeann ort aitheantas a thaispeáint nuair a iarrtar ort.

Taisteal le Leanaí

Bíodh agus nach bhfuil aon dlí in aghaidh tuismitheoir nó caomhnóir amháin a bheith ag taisteal le mionaoiseach, tugadh faoi deara go dtugann údaráis rialaithe teorann aird ar leith ar mhionaoisigh a bhíonn ag taisteal faoi na coinníollacha seo. D’fhéadfaí iarraidh ort foirm ‘Cead Taistil’ atá comhlíonta ag an tuismitheoir nach bhfuil ag taisteal a thaispeáint, mar aon le cáipéisí eile. Lean an nasc seo le haghaidh tuilleadh eolais agus chun foirm ‘Cead Taistil’ a íoslódáil.

Cártaí Creidmheasa

Níl úsáid cártaí creidmheasa chomh forleathan san Ísiltír agus atá in Éirinn agus ba cheart duit seiceáil go nglacann siad le branda do chárta creidmheasa sula gceannaíonn tú rud éigin. Bíodh agus go nglactar le cártaí creidmheasa, d’fhéadfaí iarraidh ort aitheantas fótagrafach a sholáthar. 

Alcól

Tá leasú déanta ar an aois íosta dhlíthiúil i dtaca le halcól a ól san Ísiltír agus is 18 atá i gceist anois.

Drugaí mídhleathacha

In ainneoin an méid a chreidtear go forleathan, níl ‘drugaí boga’, mar a ghlaoitear orthu, dleathach san Ísiltír. Mar sin féin, ceadaítear ceannach agus úsáid pearsanta drugaí ar nós cannabais i láithreáin ainmnithe (“siopaí caifé” mar a ghlaoitear orthu) san Ísiltír. Tá sé mídhleathach drugaí a cheannach nó a úsáid lasmuigh de láithreáin ainmnithe agus d’fhéadfadh gabhail, fíneálacha troma agus/nó tréimhse príosúnachta a bheith mar thoradh air.

Sa bhliain 2012, thug Rialtas na hÍsiltíre dlí isteach a chur smachtbhanna ar dhaoine nach cónaithigh de chuid na hÍsiltíre iad cannabas a cheannach, fiú i láithreáin ainmnithe. Tá fás ag teacht ar líon na mbardas atá ag cur na reachtaíochta seo i bhfeidhm.

Cuimhnigh go laghdóidh drugaí an cumas a bheidh agat cinntí ciallmhara a dhéanamh agus go bhféadfadh go mbeadh dóchúlacht níos mó ann go mbeifeá mar íospartach foréigin, gadaíochta nó ionsaí gnéis.

Gabháil

Má ghabhtar tú san Ísiltír, cuirfear do chuid ceart in iúl duit. Ag an bpointe seo is féidir leat iarratas a dhéanamh labhairt le hoifigeach Consalachta ón Ambasáid. Is féidir leis an Ambasáid liosta dlíodóirí a labhraíonn Béarla a sholáthar duit, is féidir leo socrú a dhéanamh do neasghaol a chur ar an eolas faoi do choimeád agus is féidir leo cabhrú leat teagmháil a choimeád le do chairde agus le do theaghlach. Mar sin féin, ní féidir leis an Ambasáid comhairle dlí a chur ar fáil, an dlíodóir a íoc nó cur isteach ar imeachtaí dlíthiúla áitiúla.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Iontráil agus fágáil

Ní bhíonn víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach san Ísiltír, mar sin féin seans go dteastódh víosa ó shaoránaigh tíortha nach bhfuil san AE a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn le céile nó le ball teaghlaigh má bhíonn siad ag taisteal tríd an Ísiltír chun dul ar saoire thar lear. Seans go mbeadh víosa athiontrála de dhíth orthu chun filleadh ar Éirinn fiú má bhíonn cónaí dlíthiúil ort in Éirinn agus cárta GNIB bailí agat.   Déan teagmháil le hAmbasáid na hÍsiltíre i mBaile Átha Cliath ag +353 (0)1 269 3444 le haghaidh tuilleadh eolais maidir le víosaí Schengen má bhíonn tú ag taisteal chuig nó ag taisteal tríd an Ísiltír. 

Ceisteanna Coitianta maidir le Pasanna agus Víosaí (athiontrála)

Is dóigh liom gur chaill mé mo phas! Cad ba cheart dom a dhéanamh?

  • Féach arís – iarr ar dhuine éigin eile féachaint trí do chuid giuirléidí agus léargas nua acu. Iarr ar chara do mhála, do phócaí, tarraiceáin, boscaí taisce, agus cásanna taistil a sheiceáil. Má tá tú sa bhaile, cinntigh go gcuardaíonn tú sna héadaí a bhí á gcaitheamh agat an uair deireanach a d’úsáid tú do pas. Nuair a thuairiscítear go bhfuil do phas caillte, ní féidir é a úsáid arís, fiú má aimsíonn tú é.
  • Glaoigh ar an Ambasáid – má bhíonn tú cinnte go bhfuil an pas imithe, déan teagmháil leis an Ambasáid ag 0031 70 306 7130. Inseoidh ball foirne duit na rudaí gur gá duit a dhéanamh chun cáipéis ionadaíoch a fháil. Ba cheart tuairisc a dhéanamh ag an stáisiún póilíní is gaire duit. Beidh tuairisc phóilíneachta de dhíth le haghaidh cáipéis taistil ionadaíoch agus chun éileamh a dhéanamh ó d’árachas taistil.
  • Má bhíonn tú ag taisteal chun na hÉireann nó chuig an RA is féidir linn cáipéis taistil éigeandála a eisiúint duit. Caithfidh tú teacht chun na hAmbasáide tú féin toisc nach féidir cáipéis taistil éigeandála a sheoladh chugat ar ríomhphost nó a sheachadadh chugat. Beidh gá le dhá ghrianghraf pas, tuairisc phóilíneachta, cruthúnas taistil agus aitheantas ionas gur féidir linn cáipéis nua a eisiúint. Beidh táille i gceist le haghaidh na cáipéise seo chomh maith.
  • Cuimhnigh nach bhfuil an Ambasáid in Amstardam, tá sí sa Háig, tuairim agus 1.5 uair an chloig ó Amstardam ar an traein, mar sin d’fhéadfadh go mbeadh gá duit athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid pleananna taistil chun teacht chuig an Ambasáid.
  • Ceadóidh roinnt aerlínte duit taisteal ar ais go hÉirinn má bhíonn aitheantas fótagrafach eile agus tuairisc ó na póilíní agat, mar sin seiceáil le d’aerlíne nó glaoigh ar an Ambasáid.
  • Má bhíonn tú ag taisteal chuig tíortha eile seachas Éirinn nó an RA, beidh gá agat le pas sealadach. Níl siad seo ar fáil san Ambasáid sa Háig faoi láthair. Beidh ort taisteal chuig ár nAmbasáid sa Bhruiséil. Cuirfidh ár mbaill foirne comhairle ort. Cuimhnigh nach gceadóidh roinnt tíortha duit teacht isteach le pas sealadach ar chúiseanna slándála.

 An féidir cáipéis taistil nua a sheoladh chugam ar ríomhphost nó a sheachadadh chugam?

Ní féidir. Caithfidh tú féin teacht chun na hAmbasáide agus dhá ghrianghraf pas (i gcomhair na cáipéise nua), tuairisc phóilíneachta, cruthúnas taistil. an táille agus aitheantas a bhreith leat. 

Beirim mo phas liom mar chruthúnas aoise ar oícheanta amach i gcónaí. An bhfuil sé sin ceart go leor?

  • Cailleann an-chuid daoine a bpasanna nuair a thiteann sé amach as pócaí nó málaí. Is cáipéis thábhachtach é do phas agus ba cheart é a choimeád sábháilte i gcónaí. Ná beir leat é murach go bhfuil géarghá leis – más gá duit aitheantas pearsanta a bhreith leat tabhair fótachóip de do phas nó, níos fearr fós, cuir isteach ar Phaschárta le haghaidh taisteal laistigh den Eoraip – níl ach €15 air agus téann sé isteach i sparán, mar sin tá dóchúlacht níos lú ann go gcaillfí é.
  • Seol ríomhphost ina bhfuil grianghraf de do phas agus tabhair cóipeanna breise de do phas do dhuine éigin sa bhaile a bheidh ábalta iad a sheoladh chugat más gá.
  • Tá aitheantas eile ar nós cárta aoise na nGardaí ar fáil ar €10 ag www.agecard.ie

Tá mé tar éis a bheith ag taisteal an-chuid le blianta beaga anuas agus tá mo phas beagáinín seanchaite. An bhfuil sé sin ceart go leor?

  • Níor cheart go mbeadh fadhb le caitheamh agus cuimilt nó le tréigean na litreacha ar an gclúdach. Mar sin féin, má bhíonn aon damáiste nó comhartha gur cuireadh isteach air ar nós leathanaigh in easnamh, nó scoilteanna ar an leathanach grianghraif, seans go dtógfadh foireann imirce na hÍsiltíre do phas uait. Ní bheidh tú ábalta taisteal ar aghaidh agus beidh ort dul chuig Ambasáid na hÉireann sa Háig chun cáipéis ionadaíoch shealadach a fháil chun tú a thabhairt ar ais go hÉirinn nó chuig an RA.
  • Má bhíonn tú ag taisteal chuig áit eile beidh pas sealadach de dhíth ort. Níl siad seo ar fáil san Ambasáid sa Háig faoi láthair. Cuirfidh ár mbaill foirne comhairle ort. Beidh ort taisteal chuig ár nAmbasáid sa Bhruiséil.  Cuimhnigh nach nglacfaidh roinnt tíortha le pasanna sealadacha toisc nach mbíonn na sonraí slándála céanna orthu agus a bhíonn ar gháthphas.

Tá cónaí orm in Éirinn le mo chéile/ball teaghlaigh agus ní saoránach de chuid an AE mé agus beidh mé ag taisteal trí Amstardam chun dul ar saoire thar lear. An bhfuil víosa athiontrála de dhíth orm?

  • Tá, os rud é nach bhfuil Éire mar chuid de limistéar taistil Schengen, bheadh víosa fós de dhíth ar aon duine a mbeadh víosa de dhíth orthu (bunaithe ar a náisiúntacht) le haghaidh na hÍsiltíre nó limistéar Schengen.  Ní athraíonn cónaí dleathach in Éirinn an riachtanas seo.  Déan teagmháil le hAmbasáid na hÍsiltíre i mBaile Átha Cliath ag +353 (0)1 269 3444 le haghaidh tuilleadh eolais maidir le víosaí Schengen má bhíonn tú ag taisteal chuig nó ag taisteal tríd an Ísiltír. 
  • Tabhair faoi deara chomh maith, le do thoil, fiú má bhíonn cónaí dleathach ort in Éirinn agus cárta GNIB bailí agat, tá dualgas ort víosa athiontrála Éireannach a bheith agat má fhágann tú an Stát agus más mian leat filleadh (baineann sé seo leis na náisiúntachtaí sin a mbeadh víosa de dhíth orthu de ghnáth chun teacht isteach go hÉirinn agus leo siúd amháin).

Nodanna ar bith eile?

  • Pleanáil chun cinn agus seiceáil dáta éagtha do phas sula gcuireann tú do chuid saoire in áirithint. Seiceáil pasanna na bpáistí chomh maith toisc go n-éagann siadsan níos mire ná cinn na ndaoine fásta. 

 

Embassy contact

Embassy Contact

In the event of a genuine emergency, you can also contact the Embassy outside of office hours by telephoning +31(0)70.363.0993. You will be asked to leave a message on the answering machine. The answering machine is monitored regularly, and the Duty Officer at the Embassy will contact you as soon as possible. When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying). If necessary, contact the police also.

Embassy of Ireland
Scheveningseweg 112
2584 AE The Hague
Netherlands

Tel: +31 70 363 0993
Fax: +31 70 361 7604

Monday to Friday 10:00-12:30 and 14:30-17:00

Contact us