DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Cholóim, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Cholóim

Má tá tú ag taisteal chun na Colóime, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

An Cholóim

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach 

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tá an cás slándála luaineach i neart ceantair sa tír, agus ba cheart duit aird ar leith a thabhairt ar rabhaidh a eisíonn na húdaráis Colómacha i gcónaí.

Taisteal chun na Colóime

Bíonn ar gach paisinéir a théann isteach sa Cholóim a gcuid sonraí a chlárú le haip CheckMig de chuid rialtas na Colóime laistigh de 72 uair ó théann siad ar bord eitilte isteach nó amach.

Caithfidh paisinéirí 18 mbliana d’aois agus níos sine atá ag teacht isteach sa Cholóim ón aer nó ar thalamh cruthúnas ar vacsaíniú iomlán a thaispeáint nuair a thiocfaidh siad isteach. Mura bhfuil paisinéir vacsaínithe go hiomlán, féadfaidh sé toradh diúltach ó thástáil PCR a thaispeáint a rinneadh laistigh de 72 uair an chloig de bheith ag dul ar bord nó toradh diúltach ó thástáil antaigine a rinneadh laistigh de 48 uair de bheith ag dul ar bord.

Tá na riachtanais iontrála agus fágála faoi réir athruithe. Ba cheart do gach saoránach dul i gcomhairle le hAireacht Sláinte na Colóime agus/nó lena nAmbasáid Cholómach áitiúil chun eolas atá suas chun dáta maidir le nuashonruithe i dtaca le riachtanais iontrála a fháil.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Cholóim ach scairt a chur ar 123.

I gcás éigeandála, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i mBogotá. Is féidir teacht ar shonraí teagmhála faoin táb “Teagmháil na hAmbasáide”. Má ghlaonn tú orainn taobh amuigh de na huaireanta oibre, fág teachtaireacht agus luaigh:

  • D’ainm
  • An chúis leis an nglaoch
  • An áit ina bhfuil tú faoi láthair
  • Do chuid sonraí teagmhála (uimhir fóin póca nó uimhir ghutháin don áit ina bhfuil tú ag fanacht)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí seo agus beidh duine dár mbaill foirne i dteagmháil leat.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Molaimid do shaoránaigh Éireannacha sa Cholóim a bheith ar an airdeall má bhíonn siad i ngiorracht cruinnithe móra agus súil a choimeád ar an nuacht áitiúil i gcónaí.

Tá limistéar teorainn na Colóime-Veiniséala luaineach faoi láthair. Molaimid go láidir gan a bheith ag taisteal chuig réigiúin la hais teorann na Colóime leis an Veiniséala go dtí go bhfógraítear a mhalairt. Níor cheart aon bhealach trasna ar thalamh idir an Cholóim-Veiniséala a úsáid.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitíochta

Tá fadhb thromchúiseach sa Cholóim le foréigean polaitíochta agus coiriúil. Tá ionsaithe, lena n-áirítear buamáil, fós ag tarlú.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Cholóim íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Fuadach

Tá líon na gcásanna fuadaigh sa Cholóim laghdaithe le blianta beaga anuas ach is fadhb thromchúiseach é fós agus is targaidí fuadaigh ionchais iad náisiúnaigh eachtracha. Bí cúramach, go háirithe agus tú ag taisteal asat féin, ag úsáid ATManna, nó ag taisteal i nó i ngar do ‘tugurios’ (plódcheantair).

Tá fadhb fós le ‘mear-fhuadach’, ina ndéantar íospartaigh a fhuadach agus cuirtear iallach orthu airgeadh a aistarraingt ó ATManna sula scaoiltear saor iad. I roinnt cásanna, gortaíodh íospartaigh go dona maraíodh iad, nuair nár comhlíonadh éilimh lucht déanta na coire.

Mianaigh talún

Tá mianaigh talún agus ordanáis neamhphléasctha sa Cholóim. Ní minic a mbíonn limistéir mhianach marcáilte agus dá bhrí sin bí eolach maidir leis an gcontúirt a d'fhéadfadh a bheith i gceist má thugann tú cuairt ar áiteanna iargúlta nó má imíonn tú de na príomhbhóithre

Coiriúlacht

Tá coiriúlacht go forleathan sa Cholóim agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tarlaíonn mionchoiriúlacht mar pheasghadaíocht agus goid málaí, sa Cholóim, lena n-áirítear ag an aerfort i mBogotá agus i ngar d’óstáin. Tabhair aire do do ghiuirléidí pearsanta agus seachain an iomarca saibhris a thaispeáint.

Coiriúlacht thromchúiseach

Robáladh agus rinneadh eachtrannaigh a ionsaí tar éis bia, deochanna, toitíní nó guma coganta spíceáilte a ghlacadh agus tar éis aerasóil le ceimiceáin éagumasaithe a spraeáil orthu.

Seachain cuairt neamhriachtanach a thabhairt ar cheantair dhíothacha i ngach cathair sa Cholóim. I mBogotá, ba chóir duit a bheith ar an airdeall i gceantair atá ó dheas de Candelaria agus siar ó bhóthar an aerfoirt, mar go bhfuil na codanna sin den chathair an-chontúirteach. Tá rátaí dúnbhásaithe i gcathair Cali an-ard go deo.

Camscéimeanna turasóirí

Tá tuairiscí ann maidir le póilíní bréige ag teacht suas ag eachtrannaigh le cáipéisí nó airgeadra coigríche a scrúdú i mBogotá agus in áiteanna eile. Má thagann duine go dtí tú, níor chóir duit airgead ná cáipéisí a thabhairt dóibh, mura ndéanfar bagairt ort, agus déan iarracht fanacht i gceantair ghnóthacha.

Pas caillte nó goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, tá sé in ann suas le trí seachtaine ceann athsholáthair a fháil, mar gheall ar chúinsí ama agus achair. Dá bhrí sin, bí an-chúramach le do phas agus le cáipéisí pearsanta eile.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Cholóim, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag an Ambasáid i mBuenos Aires má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Cholóim, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Ní i gcónaí a bhíonn caighdeáin thiomána agus bhóithre go maith. Tá taisteal ar bhóthar lasmuigh de na príomhchathrach, iompar poiblí san áireamh, contúirteach. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Colóime, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Tacsaithe

Ba chóir duit stopadh tacsaithe ar an tsráid a sheachaint agus ba chóir duit iad a chur in áirithe trí óstáin nó trí ghlao ar chuideachta tacsaithe chreidiúnach.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Is coir thromchúiseach sa Cholóim é gáinneáil ar dhrugaí agus gearrtar dianphionóis ar smuigléirí drugaí, agus gearrtar téarma príosúnachta fada é de ghnáth. Ná láimhseáil drugaí sa Cholóim. Pacáil do mhálaí taistil tú féin agus coinnigh leat i gcónaí iad. Ná hiompair aon rud trí chustaim do dhuine ar bith.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Crith Talún

Tá an Cholóim i gcrios seismeach gníomhach, rud atá in ann a bheith contúirteach. Má tá tú ag taisteal chun na Colóime nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Bolcáin

Tarlaíonn gníomhaíocht bholcánach sa Cholóim freisin. Ardaíodh leibhéal gníomhaíochta an bholcáin Nevado Del Ruiz go leibhéal II, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an bolcán brúchtadh i gceann laethanta nó míonna -  ba chóir do thaistealaithe chuig an gceantar an-aird a thabhairt ar na foláirimh uile a thugtar agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Tharla brúchtadh in 2010 sa bholcán Galeras i Roinn Nariño agus moltar go láidir gan taisteal chuig roinn Nariño ná cathair Pasto agus La Florida. Mura nglacann tú leis an gcomhairle sin agus go bhfuil tú i ngar don bholcán, ba chóir duit an-aird a thabhairt ar na foláirimh uile a thugtar agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Tá comharthaí éagobhsaíochta atá ag éirí níos láidre le sonrú maidir le Cerro Machin, i Roinn Tolima (tuairim is 17km siar ó Ibague) ó 2008, agus tá cónaitheoirí ón gceantar máguaird aslonnaithe mar gheall air sin.

Tuilte

Is féidir le báisteach throm titim sa Cholóim, agus tá sé in ann tionchar a bheith aige ar chodanna móra den tír.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa uait le cuairt shealadach a thabhairt ar an gColóim. Ach, athraíonn riachtanais iontrála ó am go ham agus dá bhrí sin seiceáil na riachtanais sin leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Colóime. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Colóime.

Maláire

Tá an ráta maláire i gceantair ísle agus thrópaiceacha ard, go háirithe i Choco agus in iarthuaisceart Antioquia. Moltar duit comhairle liachta a fháil faoi leigheas frith-mhaláire sula dtéann tú ag taisteal, agus nuair a thiocfaidh tú chun na Colóime déan réamhchúram le muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid agus bróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Fiabhras Deinge

Tá fiabhras deinge eindéimeach i Meiriceá Laidineach agus sa Chairib agus is féidir leis tarlú i rith na bliana uile. Déan réamhchúram i gcoinne muiscítí a iompraíonn fiabhras Deinge, a bhíonn gníomhach ar feadh an lae uile.

Fiabhras buí

Má tá sé i gceist agat taisteal chuig tíortha comharsanachta i Meiriceá Laidineach ón gColóim, d'fhéadfadh nach ligfí duit é sin a dhéanamh gan Deimhniú Fiabhrais Bhuí a thaispeáint. Ba chóir duit a dheimhniú le húdaráis sa chéad áit eile a bhfuil tú le dul ann cibé an dteastaíonn deimhniú uait tar éis duit cuairt a thabhairt ar an gColóim.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency consular assistance. If you are in need of such assistance, you should dial (1) 657 6060 (from a Colombian landline), 601 657 6060 (from a Colombian mobile number), or +57 1 657 6060 (from an Irish phone number) and leave a message on the system. This system is checked regularly and a member of Embassy staff will contact you as soon as possible.

When leaving your message, remember to state your name, the nature of the problem, your current location, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying).

Alternatively, you may contact the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 (0)1 408 2000.

Embajada de Irlanda
Oficina 1605
Edificio Tierra Firme
Cra 9 #115-30
Bogotá DC

Consular services are provided by appointment only, from 9am to 12pm on weekdays: contact us to make an appointment.

Contact us