Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta

Is í an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ) sa Háig, ar a tugtar An Chúirt Dhomhanda freisin, príomhorgan breithiúnais na Náisiún Aontaithe. Thosaigh sí i mbun oibre i 1946, nuair a tháinig sí in áit na Buanchúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (PCIJ) a bhí i bhfeidhm ó 1922. Feidhmíonn sí faoi Reacht atá i gceangal le Cairt na Náisiún Aontaithe.

Peace-Palace-UN-Court-of-Justice-The-Hague

Tá dhá ról ag an ICJ: Díospóidí dlí a chuireann Stáit ar aghaidh chuici a shocrú de réir an dlí idirnáisiúnta, agus tuairimí comhairleacha a thabhairt ar cheisteanna dlí a chuireann orgain agus gníomhaireachtaí idirnáisiúnta údaraithe ar aghaidh chuici.

Tá díospóidí a shocrú go síochánta ar cheann de phríomhfheidhmeanna na Náisiún Aontaithe, mar a fheictear i dtagairtí do shocrú den chineál sin i gCairt na NA. Tá gach Ballstát de na Náisiúin Aontaithe ina Pháirtí go huathoibríoch i Reacht an ICJ, atá mar chuid lárnach de Chairt na NA. Chomh maith leis sin, féadfaidh Stáit dearbhú a dhéanamh faoi airteagal 36(2) de Reacht an ICJ, ag glacadh le dlínse na Cúirte mar éigeantach maidir le díospóidí dlí le Stáit eile a rinne dearbhú faoi airteagal 36(2) a réiteach. An 15 Nollaig 2011, dhearbhaigh Éire gur aithin sí mar éigeantach ipso facto agus gan comhaontú speisialta, i ndáil leis an oibleagáid chéanna á glacadh ag stát ar bith eile, dlínse na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta i ngach díospóid dlí mar a shonraítear in Airteagal 36, alt 2, ach amháin aon díospóid le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le Tuaisceart Éireann.

Cé nach mbíonn breithiúnais na Cúirte ceangailteach ach amháin ar na páirtithe i gcás ar leith, de bharr cháilíocht bhreithiúna na Cúirte agus an stádas atá aici mar phríomhorgan breithiúnais na NA, is minic a luaitear cinntí an ICJ mar fhianaise iontu féin ar an dlí idirnáisiúnta. Tá cinntí agus tuairimí tábhachtacha déanta ag an gCúirt ar ábhair mar dhlí na farraige, díospóidí ar theorainneacha, forneart a úsáid agus dlíthiúlacht bhagairt nó úsáid arm núicléach. Is féidir téacs de chinntí na Cúirte a fháil ar a láithreán gréasáin.

Aighneacht na hÉireann chuig an ICJ sa Chás Comhairleach maidir leis na hIarmhairtí Dlí a bhaineann le Balla a Thógáil i gCríocha na Palaistíne faoi Fhorghabháil.

Aighneacht na hÉireann chuig an ICJ sa Chás Comhairleach maidir le Dearbhú Aontaobhach Neamhspleáchais Fhorais Shealadacha Fhéinrialtais na Cosaive a bheith ag Teacht Leis an Dlí Idirnáisiúnta.