Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Dlí Idirnáisiúnta

"Glacann Éire le bunrialacha gnáth-admhaithe an dlí idirnáisiúnta le bheith ina dtreoir d’Éirinn ina caidreamh le Stáit eile". (Airteagal 29.3 den Bhunreacht)

International Law

Tá tiomantas do riail an dlí idirnáisiúnta cumhdaithe i mBunreacht na hÉireann agus is ceann de lárphrionsabail bheartas eachtrach na hÉireann é. Déanaimid idirbheartaíocht ar son na hÉireann ar chúrsaí dlíthiúla idirnáisiúnta agus ionadaíocht thar ceann na hÉireann in imeachtaí dlíthiúla idirnáisiúnta i bhfóraim idirnáisiúnta mar  

  • an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine
  • an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta
  • an Séú Coiste de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe,
  • an Tionól Stát-Pháirtithe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,
  • na comhlachtaí a bunaíodh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus
  • comhlachtaí ábhartha AE agus Chomhairle na hEorpa 

Táimid freagrach freisin as foilsiú agus clárú na gconarthaí ar pháirtí í Éire iontu. Tá mionsonraí na gconarthaí seo ar fáil i Sraith Chonarthaí na hÉireann.

Ní chuirimid comhairle dhlíthiúil ar fáil do dhaoine den phobal.