Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cairt Shóisialta na hEorpa

Meicníocht Comhghearáin Athbhreithnithe Chairt Shóisialta na hEorpa.

Leagtar amach roinnt cearta agus saoirsí i gCairt Shóisialta na hEorpa agus bunaítear leis, meicníocht mhaoirseachta a ráthaíonn go mbeidh meas ag Páirtithe na Stát orthu.  Rinneadh Cairt bhunaidh 1961 a athbhreithniú i 1996 agus tháinig Cairt Shóisialta athbhreithnithe na hEorpa sin i bhfeidhm i 1999.

Leis an gCairt Athbhreithnithe, ráthaítear cearta maidir le tithíocht, sláinte, oideachas, fostaíocht, cosaint dlí agus shóisialta, gluaiseacht daoine agus neamh-idirdhealú. Ba éard a bhí i gceist leis an bhearna a líonadh a bhí fágtha ag an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, nach gclúdaíonn go bunúsach ach cearta sibhialta agus polaitiúla.

Tá an nós imeachta monatóireachta bunaithe ar thuarascálacha náisiúnta a chur isteach. Scrúdaíonn an Coiste Eorpach um Chearta Sóisialta na tuarascálacha sin agus cinneann an dtagann nó nach dtagann dlí agus cleachtas náisiúnta sna Stáit ar Páirtithe iad leis an gCairt.

Faoi phrótacal a bhí ar oscailt lena shíniú in 1995, a tháinig i bhfeidhm i 1998, féadfar gearáin maidir le sáruithe ar Chairt Shóisialta na hEorpa a thaisceadh leis an gCoiste Eorpach um Chearta Sóisialta. Tá eagraíochtaí áirithe, mar eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn i dteideal gearáin a thaisceadh leis an gCoiste.

Cinntí maidir leis na fiúntais i gcásanna an Choiste Eorpaigh um Chearta Sóisialta a bhaineann le hÉireann faoin meicníocht chomhghearán    

Tabhair ar aird: is féidir téacs na mbreithiúnas sin, agus na mbreithiúnas eile uile a fháil ó láithreán gréasáin an Choiste Eorpaigh um Chearta Sóisialta

2004  World Organisation Against Torture (OMCT) v Éire                               

2007  International Federation of Human Rights Leagues (FIDH) v Éire

Is é ár Rannán Dlí Gníomhaire an Rialtais os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Ní thugaimid comhairle dlí maidir le comhghearán a thaisceadh leis an gCoiste Eorpach um Chearta Sóisialta. Is féidir tuilleadh eolais maidir le nós imeachta an chomhghearáin a fháil trí fhéachaint ar láithreán gréasáin an Choiste Eorpaigh um Chearta Sóisialta.