Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Mar a chaithimid do chuid airgid

Bíonn ár mbuiséad leithdháilte ar shraith clár, agus tagann siad sin lenár gcúig aidhm ardleibhéil. Tá na spriocanna sin leagtha amach i Ráiteas Straitéise na Roinne agus laistigh de gach clár, leithdháiltear maoiniú do mheascán costas cláir agus costas riaracháin.

I go leor cásanna, agus go háirithe inár n-ambasáidí agus inár gconsalachtaí, sanntar costais riaracháin, lena n-áirítear costais tuarastail, chun níos mó ná aon sprioc amháin a bhaint amach. Déanaimid iarracht dáileadh chostais den sórt sin a mheas feadh gach aon sprioc agus déantar é sin chomh cruinn agus is féidir ag brath ar imthosca agus ar thosaíochtaí.

Seo a leanas na cláir a fheidhmítear:

Leasanna eacnamaíocha na hÉireann a chur chun cinn san Eoraip agus go hidirnáisiúnta

Baintear leas as acmhainní iomlána na Roinne, ag an gceanncheathrú agus trínár líonra misin, chun leasanna eacnamaíocha agus trádála, próifíl cultúir agus cáil na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.

€59 milliún an leithdháileadh don chlár seo in 2013.

Seirbhísí consalachta agus pasanna a sholáthar do shaoránaigh na hÉireann agus naisc a choimeád le pobail na hÉireann thar lear

Soláthraítear seirbhísí pasanna agus consalachta, lena n-áirítear tacaíocht éigeandála tráth a mbíonn géarchéimeanna ollmhóra thar lear. Bímid i dteagmháil le pobail na hÉireann thar lear chun a naisc le hÉirinn a choimeád agus a threisiú.

€73 milliún an leithdháileadh don chlár seo in 2013.

Athmhuintearas agus comhoibriú ar an oileán seo a chur ar aghaidh

Cothaítear athmhuintearas agus treisítear comhoibriú eacnamaíoch ar oileán na hÉireann, feidhmítear Comhaontú Aoine an Chéasta agus baintear leas as poitéinseal iomlán an Chomhaontaithe sin.

€18 milliún an leithdháileadh don chlár seo in 2013.

Cuidiú le síocháin, slándáil agus cearta daonna go hidirnáisiúnta

Treisítear an méid oibre a dhéantar maidir le síocháin, slándáil agus cearta daonna go hidirnáisiúnta lena n-áirítear trí bhallraíocht na hÉireann san AE, sna Náisiúin Aontaithe agus i gCathaoirleacht an OSCE (An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip) in 2012.

€71 milliún an leithdháileadh don chlár seo agus 2013.

Tiomantais fhorbartha domhanda na hÉireann a sheachadadh, ag díriú ar bhochtaineacht agus ar ocras

Cuideoimid le laghdú a chur ar bhochtaineacht agus ar ocras sa domhan agus cuirfimid le deiseanna, agus díreofar go háirithe ar an Afraic Fho-Shahárach.

€498 milliún an leithdháileadh don chlár seo in 2013.

Sa bhreis ar chaiteachas chun tacú lenár gclár, faigheann an Roinn maoiniú freisin ó fhoinsí éagsúla. Is ionann an foinse maoinithe is mó atá ag an Roinn agus maoiniú a fhaightear ón tSeirbhís Pasanna. In 2012, b’ionann na fáltais iomlána sa Roinn (dár teideal Leithreasaí i gCabhair) agus €48 milliún.

Chun tuilleadh eolais a

Tá tuilleadh mionsonraí ar gach aon cheann de na cláir le fáil i Ráiteas Straitéise na Roinne 2011-2014 

Tá tuilleadh mionsonraí ar na haschuir agus ar spriocanna na n-aschur do gach clár le fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe do Sheirbhísí Poiblí, arna bhfoilsiú go bliantúil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.