Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Meastóireacht agus Iniúchadh

Trí mheastóireacht agus iniúchadh cúramach a dhéanamh ar ár gcuid oibre, coinnímid cáilíocht na hoibre sin, faighimid amach cad atá le feabhsú againn agus cinntímid go mbíonn cuntas ar an airgead a chaithimid agus gur ionann é agus luach maith ar airgead an cháiníocóra.

Evaluation and audit

Feabhsú Cáilíochta

Táimid tiomanta do cháilíocht agus do chinntiú go mbeidh tionchar dearfach ag ár gcuid oibre agus go soláthraítear seirbhís ar ardchaighdeán don phobal. Agus athruithe ollmhóra ar acmhainní, teicneolaíocht agus na timpeallachtaí ina mbímid lonnaithe, ní mór dúinn ár gcuid oibre a mheas de shíor chun gur eol dúinn mar atá ag éirí linn agus mar is féidir feabhsúcháin a dhéanamh. Ar an tslí sin, féadfaimid ár ríomhchlárú, cleachtais ghnó agus beartais a oiriúnú dá réir sin.

Chun na críche sin, cuirimid an-bhéim ar neamhspleáchas an phróisis meastóireachta. Tugann meastóireacht breithmheas neamhchlaonta maidir le cé chomh maith agus a dhéanaimid ár gcuspóirí a bhaint amach. Agus baintear ceachtanna áisiúla as a bheidh mar threoir againn agus sinn ag pleanáil don todhchaí.  

Agus mar chuid dár dtiomantas i dtaobh cuntasachta agus trédhearcachta, cuirimid cinntí ar fáil agus foilsímid torthaí ár meastóireachtaí. Is féidir leat ár dtuarascálacha meastóireachta a aimsiú inár Rannán Foilseachán agus i Rannán Foilseachán Chúnamh Éireann.

Luach ar airgead a fháil

Sna cúinsí eacnamaíochta reatha, cuireann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe béim láidir ar an ngá go mbainfeadh seirbhísí poiblí luach ar airgead amach. Déanaimid measúnuithe speisialta ar chaiteachas, mar chuid de chlár an Rialtais um Athbhreithniú ar Luach ar Airgead agus Beartas. Déantar breithiúnas trí na measúnuithe seo ar ábharthacht an chaiteachais agus maidir le chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach is a úsáideadh an t-airgead.

Iniúchadh – sa tóir ar lorg an airgid

Táimid freagrach as líon mór cistí poiblí a bhainistiú. Áirithíonn an tAonad Meastóireachta agus Iniúchta go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh na Roinne láidir ionas gur féidir leis an bpobal a bheith cinnte go bhfuil cuntasacht chuí ann i leith na gcistí agus go mbaintear úsáid astu le haghaidh na gcuspóirí ar ceapadh iad.

Tugtar aon laigí tábhachtacha chun suntais in iniúchtaí agus cuirtear comhairle ar fáil maidir leis an gcaoi ar cheart na rialuithe sin a fheabhsú. Bíonn ár n-obair maidir le Meastóireacht agus Iniúchadh á maoirsiú ag Coiste Iniúchta neamhspleách, a fhoilsíonn tuarascáil gach bliain.

An dteastaíonn tuilleadh eolais uait?

Léigh faoin gCoiste Iniúchta Neamhspleách a mhaoirsíonn obair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.