Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Pribhléidí agus Díolúintí

Ceann de na gnéithe is sine agus is inghlactha den dlí idirnáisiúnta is ea an caidreamh foirmiúil idir stáit agus a n-ionadaithe oifigiúla. Chun iompar síochánta agus éifeachtach na gcaidreamh sin a éascú, tá pribhléidí agus díolúintí ar Leith ann faoin dlí idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht tugtha dóibh i nDlí na hÉireann.

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Vín um Chaidreamh Taidhleoireachta i 1961 agus Coinbhinsiún Vín um Chaidreamh Consalachta i 1963. Déanann an dá chonradh idirnáisiúnta seo códú ar cheann de na gnéithe is sine agus is inghlactha den dlí idirnáisiúnta, is é sin le rá, an caidreamh foirmiúil idir stáit agus a n-ionadaithe oifigiúla.  Faoi mar a dheirtear sa réamhrá do Choinbhinsiún Vín faoi Chaidreamh Taidhleoireachta, "thug daoine ó gach náisiún ón gcianaois i leith aitheantas do stádas gníomhairí taidhleoireachta". 

Aithníonn dhá Choinbhinsiún Vín an riachtanas feidhmiúil atá le pribhléidí agus díolúine taidhleoireachta agus consalachta chun an caidreamh idirnáisiúnta a stiúradh go síochánta éifeachtach.   Tugann na hAchtanna um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta 1967-2006 éifeacht do dhualgais na hÉireann faoi na Coinbhinsiúin seo. Tugann na hAchtanna pribhléidí and díolúintí do:

  • Na Náisiúin Aontaithe agus do ghníomhaireachtaí speisialaithe de chuid na Náisiún Aontaithe;
  • Comhairle na hEorpa
  • An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta;
  • An Chomhairle um Chomhar Custam.

Lena chois sin féadfaidh an Rialtas ordú a dhéanamh chun “dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta”, cosúil leo siúd atá i gCoinbhinsiún Vín um Chaidreamh Taidhleoireachta, a bhronnadh ar chomhlachtaí ainmnithe, nó ar a ngníomhairí.   Is iad na trí chatagóirí comhlachtaí ná:

  • eagraíocht idirnáisiúnta, pobal nó comhlacht a bhfuil an Rialtas ina bhall de nó a bhfuil sé ar intinn aige bheith ina bhall de;  
  • eagraíocht idirnáisiúnta, pobal nó comhlacht agus daoine a dtugtar díolúintí dóibh de thoradh comhaontaithe idirnáisiúnta a bhfuil an Rialtas ina pháirtí de nó a bhfuil sé ar intinn aige bheith ina pháirtí de; agus
  • eagraíocht bhreithiúnach idirnáisiúnta nó leathbhreithiúnach a bunaíodh faoi comhaontú a bhfuil an Rialtas ina pháirtí de nó a bhfuil sé ar intinn aige bheith ina pháirtí de.

Níl páirtí de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Díolúintí Dlínsiúla Stáit agus a gcuid Maoine í Éire.  Mar sin féin, tá Éire faoi cheangal ag rialacha an dlí idirnáisiúnta ghnách maidir le díolúine stáit.