Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

OSCE

Is é Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE) an eagraíocht slándála réigiúnach is mó sa domhan. Tá sé comhdhéanta de 57 Stát rannpháirteacha ón Eoraip, ón Áise Láir agus ó Mheiriceá Thuaidh. Bhí Éire mar chathaoirleach ar an OSCE don chéad uair in 2012.

Cad é an OSCE?

Is eagraíocht slándála réigiúnach idir-rialtasach é an OSCE. Bhí Éire mar rannpháirtí bunaidh i 1973 den Chomhdháil ar Shlándáil agus Comhoibriú san Eoraip (CSCE), a rinneadh an OSCE de i 1994. Tá an OSCE comhdhéanta de 57 Stát rannpháirteacha ón Eoraip, ón Áise Láir agus ó Mheiriceá Thuaidh, chomh maith le 11 tír ar comhpháirtithe iad. Tá coincheap cuimsitheach agus comhoibríoch ag an Eagraíocht maidir le slándáil, agus tá cosaint chearta an duine agus rialachas geilleagrach agus comhshaoil chomh tábhachtach céanna le comhoibriú polaitiúil-míleata.

Déileálann an OSCE le raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear rialú arm, taidhleoireacht choisctheach, bearta tógála muiníne agus slándála, monatóireacht toghchán, cearta an duine agus slándáil gheilleagrach agus chomhshaoil. Tá líonra de 16 oibríocht allamuigh aige sna Balcáin, in Oirthear na hEorpa agus san Áise Láir.

Cathaoirleacht na hÉireann in 2012

Ghlac Éire Cathaoirleacht ar an OSCE don chéad uair in 2012. Agus é ina Chathaoirleach in Oifig, bhí an Tánaiste freagrach as gníomhú feidhmiúcháin agus comhordú ar ghníomhaíochtaí na hEagraíochta.   Ón tús, ba iad aidhmeanna na hÉireann cothromaíocht agus comhtháthú a chinntiú feadh trí phríomhréimse beartais an OSCE. Is iad sin na diminsin polaitiúil-mhíleata, geilleagrach agus comhshaoil agus daonna lena mbaineann, a chlúdaíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha.  

Ba é an sprioc uileghabhálach slándáil a neartú feadh na diminsean go léir agus cur le cumas na hEagraíochta a cuid aidhmeanna bunúsacha a chomhlíonadh. 

Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha

Laistigh den diminsean daonna (cearta an duine agus saoirsí bunúsacha) bhí  saoirse na meán ina thosaíocht ar leith, le béim ar mheáin dhigiteacha agus saoirse idirlín. Reáchtáladh comhdháil Cathaoirleachta ar Shaoirse idirlín i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ba éard a bhí mar aidhm leis an gcomhdháil, dul i dtreo tuiscint níos soiléire ar thiomantais OSCE a bhí ann cheana féin maidir le cearta ar shaoirse tuairimíochta agus saoirse na meán, agus a bhfeidhmiú sin i ndáil leis an Idirlíon.

  • Tá físeán den chomhdháil iomlán ar fáil le feiceáil
  • Cuireadh tuairimí agus ceisteanna in iúl do phainéalaithe tríd an gComhdháil trí fhotha beo Twitter: @NetFreedom2012 and #DCIF.

Réiteach coinbhleachta agus cosc

Sa diminsean polaitiúil-míleata, rinne Éire iarracht dul chun cinn a dhéanamh maidir le bearta tógála muiníne agus slándála a nuashonrú agus cur le cumas na heagraíochta i ndáil le cosc coinbhleachta. Ba thosaíocht a bhí ann freisin, tógáil ó shaineolas réiteach coinbhleachta na hÉireann chun iarrachtaí a éascú maidir le coinbhleachtaí fadtréimhseacha a réiteach. Reáchtáladh comhdháil lae an 27 Aibreán inar díríodh ar Thuaisceart Éireann mar chás-staidéar agus a raibh sé mar aidhm leis tógáil ó na comhthéamaí is infheidhme maidir le cásanna coinbhleachta i limistéar an OSCE.

Sa seisiún tosaigh, scrúdaíodh an próiseas polaitíochta ar lean Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 as agus na próisis agus institiúidí a bhfuil sé á chothabháil acu. Ba iad an Tánaiste Eamon Gilmore; Céad-Aire Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Peter Robinson; LeasChéad-Aire Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Martin McGuinness; agus Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Owen Paterson na cainteoirí ardleibhéil. Labhair Ard-Rúnaí an OSCE, Lamberto Zannier, chomh maith le linn an tseisiúin tosaigh.

Comhairle Aireachta an OSCE

Ba é Comhairle Aireachta an OSCE, buaic-imeacht bhliain na Cathaoirleachta, a d’óstáil an Tánaiste ag an RDS ón 6-7 Nollaig.  Ba é sin an cruinniú Aireachta ba mhó a tharla riamh in Éirinn.  D’fhreastail os cionn caoga Aire air, lena n-áirítear Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe ag an am, Hilary Clinton, Aire Eachtrach na Rúise, Sergei Lavrov, an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha William Hague agus Ard-ionadaí an AE, Catherine Ashton.

Is éacht ar leith de chuid Chomhairle Aireachta an OSCE gur thángthas ar chomhaontú maidir leis an bpróiseas Heilsincí +40.  As stuaim Chathaoirleacht na hÉireann, is treochlár straitéiseach é próiseas Heilsincí +40, atá comhaontaithe anois do phróiseas machnaimh ar obair an OSCE, atá le déanamh idir anois agus 2015.

Áiríodh ar chomhaontuithe móra eile ar thángthas orthu:

  • comhráiteas ar an bpróiseas maidir le lonnaíocht Transdniestria don chéad uair le deich mbliana
  • dearbhú maidir le dea-rialachas a neartú
  • cinneadh maidir le bagairtí trasnáisiúnta, a dhéanann obair le bliain anuas a  chomhdhlúthú

Tá Éire fós i dTriúracht an OSCE le haghaidh 2013, in éineacht leis an Úcráin, Cathaoirleach 2013 agus an Eilvéis, Cathaoirleach 2014