Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Osclaíonn an Tánaiste 19ú Comhairle Aireachta na OSCE

Slándáil, Preas Ráiteas, An Eoraip, 2012

Osclóidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore T.D., inniu 19 ú Comhairle Aireachta na hEagraíochta um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip ag Láthair Chúirt Shíomóin i mBaile Átha Cliath.  Is é an Tánaiste Cathaoirleach in Oifig an OSCE, post a ghlac sé i mí Eanáir na bliana seo.  Is é an cruinniú an cruinniú is mó d'Airí Eachtracha a bhí ar siúl riamh in Éirinn agus é mar thoradh ar Chathaoirleacht bliana na hÉireann ar an Eagraíocht.
Freastalóidh toscaireachtaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar bhreis is 70 tír agus eagraíocht idirnáisiúnta ar an imeacht dhá lá, ina dtabharfar le chéile Airí Eachtracha ó bhreis is 50 Stát, lena n-áirítear Rúnaí Stáit na SA Hillary Clinton agus Aire Eachtrach na Rúise Sergey Lavrov.   Beidh Airí ag obair ar shraith moltaí atá dírithe ar shlándáil agus ar chearta shaoránaigh an OSCE a láidriú, an eagraíocht slándála réigiúnach is mó ar domhan.  
Ag cur fáilte roimh na hAirí, na hoifigigh shinsearacha, agus an 1,300 rannpháirtí eile in Éirinn, dúirt an Tánaiste:

"Le bliain anuas bhí Cathaoirleacht na hÉireann in ann dul chun cinn maith a dhéanamh ar phríomhshaincheisteanna.  Bhí sraith comhdhálacha againn freisin in Éirinn ar éirigh thar cionn leo, agus sa cheann ba thábhachtaí acu tugadh le chéile gach duine de na príomhrannpháirtithe ó Chomhaontú Aoine an Chéasta le léiriú a thabhairt dóibh sin atá ar thóir réitigh ar choimhlintí i réigiún an OSCE gur féidir cásanna a bhreathnaíonn achrannach a réiteach ar mhaithe le gach pobal.  Thugamar an taithí sin freisin ar aghaidh sna cainteanna a bhí á n-óstáil againn in Éirinn idir toscaireachtaí na Moldóive agus Transnistria chun an choimhlint fhada sin a réiteach."  

"Tugadh aghaidh sa Chomhdháil maidir le Saoirse ar an Idirlíon a d'eagraíomar i mí an Mheithimh, agus ina raibh sárthaispeántas de thábhacht mhéadaithe na hÉireann mar mhol do chomhlachtaí idirlín domhanda, ar na dúshláin a bhaineann le saoirse cainte agus saoirse na meán ar líne agus bhí deis againn díospóireacht a dhéanamh maidir le rialachas idirlín ar ábhar imní é anois níos mó ná riamh i mballstáit an OSCE."
"Ba onóir mhór d'Éirinn cuireadh a fháil a bheith i mbun na hEagraíochta seo ag tráth atá chomh tábhachtach sin i gcaidrimh idirnáisiúnta agus sin ar bhonn polaitiúil agus eacnamúil.  Is léiriú é den mhuinín agus den ómós a thaispeántar d'Éirinn go hidirnáisiúnta, agus a bhí le feiceáil go soiléir arís nuair a toghadh muid chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i mí na Samhna.
"Chuidigh ár gCathaoirleacht ar an OSCE doirse a oscailt agus deiseanna a chruthú ag am an-dúshlánach d'Éirinn agus tá sé mar bhunchloch daingean le haghaidh tús ár nUachtaránachta ar an AE i mí Eanáir."  
"Ag an gcruinniú seo oibreoidh Éire mar Chathaoirleach chun aidhmeanna roinnte ár nEagraíochta a chur chun cinn; pobal ina bhfuil luachanna roinnte.  Táim dóchasach go n-oibreoidh gach duine againn le chéile go bríomhar chun sraith chothrom cinntí a ghlacadh, lena n-áirítear cinn ar shaincheisteanna cearta daonna cosúil le saoirse na meán agus an Idirlín agus ciníochas agus seineafóibe a chomhrac, chomh maith le saincheisteanna ar dhea-rialachas agus comhar míleata."  

Ag tagairt do na moltaí a rinne ionadaithe na sochaí sibhialta a bhuail le chéile ag imeacht a bhí ar siúl ag an am céanna i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inné, dúirt an Tánaiste: 

"Tá aitheantas foirmiúil tugtha ag Stáit OSCE don ghá atá ann cosaint a thabhairt do chosantóirí cearta daonna, ach ní tharlaíonn sé sin i gcónaí agus is rud é nach mór aird phráinneach a thabhairt dó sna míonna agus sna blianta amach romhainn."