DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Breoite nó gortaithe agus tú thar lear

Má éiríonn tú breoite nó caithfidh tú seal a chaitheamh san ospidéal agus tú thar lear, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Ambasáid nó Consalacht Éireannach áitiúil. Is féidir linn cabhrú leat aghaidh a thabhairt ar an gceist seo.

An méid gur féidir linn a dhéanamh

  • Is féidir linn teagmháil a dhéanamh le do theaghlach, cairde nó teagmhálaí éigeandáil ainmnithe in Éirinn.
  • Is féidir linn cabhrú leat teagmháil a dhéanamh le dochtúirí áitiúla a labhraíonn Béarla, chomh maith le háiseanna leighis, comhlachtaí aerárthaí othar agus aistritheoirí nó ateangairí Béarla.
  • Is féidir linn cumarsáid a dhéanamh le húdaráis ospidéil nó gairmithe leighis. Mar sin féin, ní chuirimid aistriúcháin ná ateangaireacht leighis ar fáil.
  • Is féidir linn airgead a aistriú chugat ó do theaghlach nó do chairde, más gá.

An méid nach féidir linn a dhéanamh

  • Do chuid billí ospidéil nó costais leighis eile a íoc.
  • Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit maidir leis na roghanna leighis ar chóir duit tabhairt fúthu.

Árachas Taistil

Is féidir leat árachas taistil cuimsitheach a cheannach chun go leor airgid a shábháil má théann cúrsaí in aimhréidh. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an chóir leighis a theastaíonn uait. Is féidir billí ospidéil méadú go dtí na mílte euro go han‑ghasta, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ag baint le haslonnú leighis go hÉirinn.

Ní hionann na polasaithe ar fad, agus d’fhéadfadh an ceann is saoire a bheith saor ar chúis faoi leith. Déan cinnte go gclúdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a chuireann clúdach íosta leighis de €1 milliún ar fáil.

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil trí na córais phoiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), anLimistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má bhíonn tú tinn nó má ghortaítear thú agus tú ag fanacht go sealadach ann. Beidh do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte báillí i gcomhair cúig bliana, ach bí cinnte nach bhfuil sé as dáta, agus bí aireach go mbíonn ceann ag teastáil uait i gcomhair gach aon duine i do ghrúpa. Ní féidir úsáid a bhaint as an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte chun costais aisdúichithe a íoc agus ní féidir é a úsáid in ionad polasaí árachais taistil.

Déan iarratas ar CEÁS agus faigh tuilleadh eolais.

Cógais

Moltar do shaoránaigh bileog eolais an phacáiste, a thagann leis an gcógas, a léamh i gcónaí agus aon imní a d’fhéadfadh a bheith orthu i dtaobh na gcógas a oideasaítear dóibh nó a n-úsáideann siad iad a phlé le gairmí cúram sláinte (m.sh. dochtúir, cógaiseoir nó altra).

Agus iad ag taisteal thar lear, ba cheart go ndéanfaidh saoránaigh cinnte de go bhfuil na sonraí ar fad a bhaineann lena gcógais rialta acu, chomh maith lena stair leighis, ailléirgí agus mothálachtaí drugaí, ionas gur féidir leo iad a phlé le gairmí cúraim sláinte, má theastaíonn cóir leighis.

Tá sonraí maidir leis na cógais a bhfuil údaraithe lena n‑úsáid in Éirinn ar fáil ar shuíomh gréasáin ÚRTS agus tá roinnt bileog treorach eisithe ag ÚRTS d’othair agus don phobal chun tacú le húsáid shábháilte chuí, atá ar fáil ar an suíomh gréasáin freisin.