DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Iamáice, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Iamáice

Má tá tú ag taisteal go Iamáice, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal go hIamáice

Níl srianta taistil COVID-19 ar bith i bhfeidhm a thuilleadh in Iamáice. Níl sé riachtanach a thuilleadh do phaisinéirí chuig an oileán tástáil COVID-19 réamh-imeachta a dhéanamh.

 Má tá toradh deimhneach ar thástáil COVID-19 ag cuairteoirí agus iad in Iamáice, beidh leithlisiú ag teastáil uathu ag an óstán nó ag saoráid rialtais ar feadh suas le 10 lá. Chun críche imeacht ón oileán roimh dheireadh na tréimhse leithlisithe, d’fhéadfaí go scaoilfeadh oifigeach leighis cuairteoirí saor ón leithlisiú de réir rialacha a spriocthíre agus rialacha na n-aerlínte.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Seo iad a leanas na huimhreacha seirbhísí Éigeandála in Iamáice:

  • Póilíní: 119
  • Seirbhís Otharchairr: 110

Naisc úsáideacha thíos maidir le sonraí taistil in Iamáice.

Rialtas Iamáice

Roinn Sláinte agus Folláine Iamáice

Eolas Teagmhála um Imní COVID-19 ón Roinn Sláinte agus Folláine Iamáice 

Seirbhís Eolais Iamáice

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach in Iamáice, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an gConsalacht Onórach in Kingston nó ag Ambasáid na hÉireann in Ottawa, Ceanada má theastaíonn cabhair uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Is féidir le léirsithe ar an toirt tarlú i gceantair nach mbíonn turasóirí iontu i lár chathair  Kingston. Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí, a d’fhéadfadh a bheith achrannach uaireanta. Coinnigh tú féin ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú timpeall ort trí shúil a choinneáil ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le bainistíocht d’óstáin nó le d’ionadaí tionscnóra turas.

Coiriúlacht

Tá leibhéil arda coiriúlachta agus foréigin, lena n-áirítear fuadach, luaite le príomhchathair Iamáice, Kingston. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain West Kingston agus ceantair i lár na cathrach.
  • Is é an chúis go ndéantar ionsaithe ar thurasóirí go ginearálta ná chun iad a robáil. I gcásanna mar sin, níor chóir iad a throid.
  • Seachain ag siúl tríd an chathair san oíche, agus seachain ag siúl asat féin ag aon am.

Mionghadaíocht

Bí airdeallach faoi pheasghadaithe, mugálaithe agus daoine a ghoideann málaí, go speisialta in áiteanna ina gcruinníonn grúpaí móra daoine le chéile. Moltar duit fanacht in óstáin aitheanta amach as lár na cathrach.

Pas caillte / goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, ba chóir duit é a thuairisciú do na póilíní láithreach. Beidh sé níos éasca pas eile a fháil má tá tú in ann cóip den cheann a chaill tú nó a goideadh uait a chur ar fáil, mar sin coinnigh fótachóipeanna de do phas 

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Iamáice, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn in Ambasáid na hÉireann in Ottawa má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Iamáice, ba chóir duit a bheith cúramach mar gheall go bhfuil ráta ard timpistí bóthair ann. Coinníonn an trácht in Iamáice ar an taobh clé den bhóthar ar nós mar a dhéantar in Éirinn, ach tá go leor den ghréasán bóithre, go speisialta lasmuigh de na príomhchathracha, i ndroch staid. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Iamáice, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Tacsaithe

Seachain busanna poiblí agus ná húsáid ach tacsaithe atá rialaithe ag an Jamaica Union of Travellers Association agus a ordaíonn tú ó d’óstán le n-úsáid duit féin amháin.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Caitheann údaráis Iamáice go han-dáiríre le ceist na ndrugaí neamhdhleathacha, cuma cé mhéad de a bhíonn i gceist agus d’fhéadfaí téarma príosúin a ghearradh faoi lastas an-bheag fiú amháin, de shubstaint a bhfuil toirmeasc uirthi. Tá coinníollacha an-ghéar i bpríosúin Iamáice. Níl caitheamh marijuana in Iamáice dleathach.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Hairicín

Ba chóir do chuairteoirí chuig Iamáice a bheith ar an eolas go ritheann séasúr na hairicín sa Mhuir Chairib ó Mheitheamh go Samhain gach bliain, agus go mbíonn foláireamh faoi stoirmeacha móra go minic i rith an ama seo. Ba chóir duit súil a choinneáil ar an eolas is déanaí faoi réamhaisnéis na haimsire agus a bheith ar an eolas faoi céard is ceart a dhéanamh i gcás hairicín.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Jamaica, please contact Embassy of Ireland Canada.

If you need urgent assistance you can contact the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Suite 1105 (11th Floor)
130 Albert Street
Ottawa
Ontario K1P 5G4
Canada

Tel: +1 613 233 6281
Fax: +1 613 233 5835

Monday to Friday 10.00am to 12.00pm and 2.00pm to 4.00pm

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Brian J. Denning
Honorary Consulate of Ireland
Penthouse - Scotiabank Centre
Corner of Port Royal & Duke Streets
Kingston
Jamaica W.I.

Tel: 1-(876) 932-8423
Fax: 1-(876) 967-1949

Email: Email us